Top Banner
1 Is féidir scéalta a chur chuig [email protected] SAN EAGRÁN SEO: 1. Ár dTeanga, Do Rogha! 2. Tionól Gaeltachta 2012 2. An Ghaelscolaíocht Abú! 3. Nuacht Áitiúil 4. Teicneolaíocht na Teanga 4. Gaeilge na Cruinne 5. Comórtas Litríochta 5. Barrliosta na Leabhar 6. Gradam an Phiarsaigh 6. Comhchoiste Comhpháirtíochta 7. Comhdháil Uile-Oileánda 7. Gàidhlig na nGael 8. Cúrsaí Átha Cliath 8. Snámh 2012 9. Cairt Euro 2012 9. Gradaim Oireachtais 10. Scríobh Leabhar 10. Creat Straitéiseach 11. Campaí Samhraidh 12. Is Leor Beirt 12. Saor-Chomhairle Dlí Eagrán 7.8 15 Meitheamh 2012 R eáchtálfaidh Aontas Phobal na Gaeilge (APG) ceardlanna feasachta spreagúla le cinnirí agus scoláirí choláistí samhraidh ar fud na tíre arís an samhradh seo. Beidh na daoine óga á misniú agus á gcumasú chun an Ghaeilge a roghnú, a úsáid agus a lorg ó ranna stáit, ó chomhlachtaí poiblí agus ó institiúidí Eorpacha mar chuid den fheachtas Ár dTeanga, Do Rogha, i gcomhpháirt le Comhar na Múinteoirí Gaeilge (CNMG) agus Aontas na Mac Léinn in Éirinn (AMLÉ) agus le tacaíocht ón Roinn Gnóthaí Eachtracha. Thug an seó bóthair cuairt ar 50 cúrsa Gaeilge thar thréimhse 3 mhí an samhradh seo caite amháin, áit gur labhair an fhoireann le níos mó ná 12,000 daoine óga maidir lena gcearta teanga. Cuirtear in iúl dóibh gur féidir leo aoischárta, ceadúnas tiomána agus pas a fháil i nGaeilge; leagan Gaeilge n-ainm a úsáid; agus cáin ghluaisteáin agus dolaí a íoc ar-líne trí Ghaeilge, mar shampla. Cuireann Ár dTeanga, Do Rogha na scoláirí samhraidh ar an eolas faoi na háiseanna agus faoi na bealaí spraíúla gur féidir leo leas a bhaint as a gcuid Gaeilge lasmuigh den seomra ranga freisin. Dáileadh 30,000 Gaelchárta ar dhaoine óga ó thosaigh an seó bóthair an samhradh seo caite, cárta lascaine a chinntíonn go mbíonn praghas níos lú á íoc ag Gaeilgeoirí as an mbéile a cheannaíonn siad i gCaptain Americas i measc lascainí spreagúla eile. Roghnaigh an Ghaeilge inniu! Teagmháil: [email protected] / +353 (0)86 3102691 Ár dTeanga, Do Rogha!
12

Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Meitheamh 2012

Mar 24, 2016

Download

Documents

SAN EAGRÁN SEO: 1. Ár dTeanga, Do Rogha! 2. Tionól Gaeltachta 2012 2. An Ghaelscolaíocht Abú! 3. Nuacht Áitiúil 4. Teicneolaíocht na Teanga 4. Gaeilge na Cruinne 5. Comórtas Litríochta 5. Barrliosta na Leabhar 6. Gradam an Phiarsaigh 6. Comhchoiste Comhpháirtíochta 7. Comhdháil Uile-Oileánda 7. Gàidhlig na nGael 8. Cúrsaí Átha Cliath 8. Snámh 2012 9. Cairt Euro 2012 9. Gradaim Oireachtais 10. Scríobh Leabhar 10. Creat Straitéiseach 11. Campaí Samhraidh 12. Is Leor Beirt 12. Saor-Chomhairle Dlí
Welcome message from author
This document is posted to help you gain knowledge. Please leave a comment to let me know what you think about it! Share it to your friends and learn new things together.
Transcript
Page 1: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Meitheamh 2012

1Is féidir s céalta a chur chuig [email protected]

SAN EAGRÁN SEO:

1. Ár dTeanga, Do Rogha!2. Tionól Gaeltachta 20122. An Ghaelscolaíocht Abú!3. Nuacht Áitiúil4. Teicneolaíocht na Teanga4. Gaeilge na Cruinne5. Comórtas Litríochta5. Barrliosta na Leabhar6. Gradam an Phiarsaigh6. Comhchoiste Comhpháirtíochta7. Comhdháil Uile-Oileánda7. Gàidhlig na nGael8. Cúrsaí Átha Cliath8. Snámh 20129. Cairt Euro 20129. Gradaim Oireachtais10. Scríobh Leabhar10. Creat Straitéiseach11. Campaí Samhraidh12. Is Leor Beirt12. Saor-Chomhairle Dlí

E agrán 7.8 15 Meitheamh 2012

Reáchtálfaidh Aontas Phobal na Gaeilge (APG)

ceardlanna feasachta s p r e a g ú l a le cinnirí agus scoláirí c h o l á i s t í s amhra idh ar fud na tíre arís an s a m h r a d h seo. Beidh na daoine óga á misniú agus á gcumasú chun an Ghaeilge a roghnú, a úsáid agus a lorg ó ranna stáit, ó chomhlachtaí poiblí agus ó institiúidí Eorpacha mar chuid den fheachtas Ár dTeanga, Do Rogha, i gcomhpháirt le Comhar na Múinteoirí Gaeilge (CNMG) agus Aontas na Mac Léinn in Éirinn (AMLÉ) agus le tacaíocht ón Roinn Gnóthaí Eachtracha. Thug an seó bóthair cuairt ar 50 cúrsa Gaeilge thar thréimhse 3 mhí an samhradh seo caite amháin, áit gur labhair an fhoireann le níos mó ná 12,000 daoine óga maidir lena gcearta teanga. Cuirtear in iúl dóibh gur

féidir leo aoischárta, ceadúnas tiomána agus pas a fháil i nGaeilge; leagan

G a e i l g e dá n-ainm a úsáid; agus cáin ghluaisteáin agus dolaí a íoc ar-líne trí Ghaeilge,

mar shampla. Cuireann Ár dTeanga, Do Rogha na scoláirí samhraidh ar an eolas faoi na háiseanna agus faoi na bealaí spraíúla gur féidir leo leas a bhaint as a gcuid Gaeilge lasmuigh den seomra ranga freisin. Dáileadh 30,000 Gaelchárta ar dhaoine óga ó thosaigh an seó bóthair an samhradh seo caite, cárta lascaine a chinntíonn go mbíonn praghas níos lú á íoc ag Gaeilgeoirí as an mbéile a cheannaíonn siad i gCaptain Americas i measc lascainí spreagúla eile. Roghnaigh an Ghaeilge inniu! Teagmháil: [email protected] / +353 (0)86 3102691

Ár dTeanga, Do Rogha!

Page 2: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Meitheamh 2012

2 Cuir na s céalta chugainn roimh 09 Meitheamh 2012

Tionól Gaeltachta 2012Tá na sluaite

ag ullmhú do laethanta saoire an tsamhraidh i nGaeltacht aoibhinn Chiarraí an mhí seo chugainn! Reáchtálfar Tionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge i gCorca Dhuibhne ón 05 - 08 Iúil 2012 agus tá fáilte roimh fhoghlaimeoirí agus chainteoirí líofa araon freastal air. Tá pacáiste speisialta ar phraghas €230 ar fáil a chlúdaíonn 3 oíche leaba&bricfeasta in Óstán Cheann Sibéal, béilí tráthnóna, siúlóid stairiúil go Dún an Óir, drámaíocht le

hAisteoirí Bhréanainn, seisiúin cheoil agus go leor eile. Clúdaíonn an pacáiste ar €180 lóistín 2 oíche (Aoine - Domhnach) móide béilí agus cead isteach ar imeachtaí an Tionóil. Beidh rogha de thuras lae Dé hAoine san áireamh sa phraghas

freisin, mar aon le Seimineár an Tionóil: Raidió na Gaeltachta 1972 - 2012. Áirithintí & tuilleadh eolais: [email protected] / www.cnag.ie/siopa

Chuir An Foras Pátrúnachta agus Gaelscoileanna Teo. an-fháilte roimh

an bhfógra go mbeidh Gaelscoileanna nua ag oscailt sa Chéim agus i dTamhlacht i mBaile Átha Cliath i mí Mheán Fómhair 2013, agus An Foras Pátrúnachta atá roghnaithe mar phátrún na scoileanna nua seo. Tá cruinnithe eolais á reáchtáil ag an dá eagras do thuismitheoirí a bhfuil spéis acu a gcuid páistí a chur chuig na Gaelscoileanna nua atá beartaithe. Beidh deis ag tuismitheoirí a bpáistí a chlárú sna scoileanna ag na cruinnithe poiblí seo, agus beidh foireann na n-eagras i láthair le bualadh le tuismitheoirí agus le ceisteanna a fhreagairt. Cuirfear eolas ar fáil maidir leis na Gaelscoileanna nua, buntáistí na Gaelscolaíochta agus conas is féidir le tuismitheoirí páirt a ghlacadh i mbunú agus i gcur chun cinn

na scoileanna. Feartar fáilte ar leith freisin roimh éinne eile ar mian leo cabhrú leis na Gaelscoileanna a chur

chun cinn. Tionólfar na cruinnithe ag 8.00in in Óstán Bewley’s, Baile na Lobhar, Baile Átha Cliath 18 ar 26 Meitheamh 2012, agus in Óstán Maldron, Tamhlacht, Baile Átha Cliath 24, ar 27 Meitheamh 2012. Chomh maith leis sin,

tá aitheantas buan bronnta ag an Roinn Oideachais ar Ghaelcholáiste Chill Dara le déanaí, cinneadh a thugann aitheantas don éileamh ollmhór atá ann fud fad na tíre d’oideachas lánGhaeilge. Tá Meánscoil Gharman agus Gaelcholaiste Phort Láirge, dhá mheánscoil de chuid an Forais Phátrúnachta, fós ag feitheamh ar an dea-scéal céanna. Tuilleadh eolais: www.foras.ie / www.gaelscoileanna.ie

An Ghaelscolaíocht Abú!

Page 3: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Meitheamh 2012

3Is féidir s céalta a chur chuig [email protected]

Nuacht ÁitiúilÁth Cliath

Tá fáilte roimh steipeadóirí chuig féasta damhsa, céilí agus ceol sa Grand

Social, 35 Sráid na Life Uachtarach sa phríomhchathair ar an 20 Meitheamh 2012 ag 8.00in. I mbun an cheoil beidh an banna TAC nó Traditional Arts Collective, meascán de cheoltóirí a sheinneadh le bannaí mór le rá agus eile. Cé go gcasfaidh siad ceol in oiriúint do dhamhsaí céilí traidisiúnta agus seit, bí ag súil le stíl cheoil nua-aimseartha freisin! Beidh an damhsóir sean-nóis Sibéal Davitt ag bualadh steip air agus is é Jerry O’Reilly fear a’ tí. Míle fáilte roimh thosaitheoirí agus scoth na ndamhsóirí araon. €8 ag an doras. Tuilleadh eolais: Jonny Tennant +353 (0)86 338 5402

Baile Locha Riach

Is in Oirthear na Gaillimhe atá an Ghaeilge faoi bhláth an samhradh seo! Tosófar ar

Chlub Scrabble Gaeilge ar an Luan deiridh den mhí go luath; tá turas Gaeltachta go Conamara beartaithe d’fhoghlaimeoirí Gaeilge; tá comórtas léitheoireachta á reáchtáil do leanaí bunscoile le Kindle Amazon le buachan, agus Campa Samhraidh Locha Riach ar siúl ón 7 - 17 Lúnasa 2012. Chomh maith le Ciorcal na hArdteiste agus Ciorcal na nDéagóirí, tá Ciorcal na gCúpla Focal ar siúl mar aon le Ciorcal Caifé is Tae do dhaoine gan focal Gaeilge - go fóill! Fógrófar imeachtaí Sheachtain Oidhreachta 2012 go luath freisin. Gach eolas: +353 (0)91 870718 / www.lochariach.com

Inis Oírr

Beidh an t-ionad ealaíona ar Inis Oírr, Co. na Gaillimhe, beo le Spraoi le Branar agus

na Gombeens Dé Sathairn, 23 Meitheamh 2012! Léiriúchán dátheangach i nGaeilge agus sa Chatalóinis atá i gceist leis agus baineann an scéal le beirt bhuachaillí nach

mór dóibh na constaicí a shárú a tharraingíonn cúrsaí teanga agus cultúir idir an bheirt acu. Jonathan Gunning agus Miquel Barceló atá ag aisteoireacht ann faoi stiúir Mharc Mhic Lochlainn. Rachaidh Mairéad Ní Mhaonaigh agus Manus Lunny chun stáitse in Áras Éanna chun dul i mbun ceoil

fhidle agus amhránaíochta le tionlacan giotáir níos déanaí an oíche sin freisin. Tuilleadh eolais: +353 (0)99 75150 / www.araseanna.ie

Laimbé

Tá an Ghaeilge 75 bliain beo i Laimbé i mbliana! D’aistrigh 13 theaghlach

as Conamara go Laimbé, Cill Bhríde, Áth Throim, Co. na Mí sa bhliain 1937, dhá bhliain i ndiaidh do mhuintir Ráth Chairn teacht aniar mar nach raibh na tithe tógtha dóibh go dtí sin. Mar cheiliúradh air seo, reáchtáladh deireadh seachtaine speisialta sa cheantar le déanaí agus bhí am den scoth ag cách. Bhí idir bhéile, bbq, Aifreann i nGaeilge, cheol agus chraic mar chuid den Cheiliúradh 75 Bliain agus bhronn John Mannion as Ros Muc pictiúr den Siléar ar John Jeainín Ó Conaire a bhí i measc an tslua a tháinig go Laimbé i 1937 ón áit chéanna. Tuilleadh eolais: +353 (0)46 9432381 / 9432068 / [email protected]

Page 4: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Meitheamh 2012

4 Cuir na s céalta chugainn roimh 09 Meitheamh 2012

Gaeilge na CruinneBunaíodh Craobh

Phádraig Mhic Piarais i nGlaschú na hAlban i 1895, an chéad chraobh lasmuigh d’Éirinn. Bhí tráth ann agus bhí 14 chraobh de Chonradh na Gaeilge sa chathair; cé nach bhfuil ann ach do chraobh amháin sa lá atá inniu ann, tá Conradh na Gaeilge Glaschú faoi bhláth agus ag cur an Ghaeilge agus cultúr na hÉireann chun cinn i nGlaschú go fóill. Bealach amháin go ndéantar é seo ná le Féile na Gaeilge, atá faoi lánseol sa chathair an mhí seo! Is ceiliúradh ar chultúr Gaelach na hÉireann atá i gceist leis an bhféile seo, idir chultúr nua-aimseartha agus traidisiúnta, trí mheán na filíochta, na scannánaíochta, an cheoil agus an damhsa ón 9 - 29 Meitheamh 2012. Tar éis do Chiorcal Scríbhneoireachta Ghaoth Dobhair cuairt a thabhairt ar Albain le

chéile don chéad uair le déanaí, reáchtáladh Oíche na Scríbhneoirí mar chuid den fhéile agus beidh ceolchoirm le Doimnic Mac Giolla Bhríde agus Griogair Labhruidh ar siúl i Halla Langside, Ascaill Langside, G41 2QR Dé Sathairn, 16 Meitheamh 2012. Casfaidh an

ceoltóir óg Niamh Farrell as Sligeach agus Ceoltóirí Chonradh na Gaeilge as Glaschú ar an oíche chomh maith. Léireofar an scannán Kings in aisce ins CCA, 350 Sráid Sauciehall ag 7.30in oíche Mháirt agus is san Ivory Hotel a bheidh Tráth na gCeist dátheangach bliantúil na craoibhe á reáchtáil ar 29 Meitheamh 2012. Teagmháil: www.cnag-glaschu.co.uk / + 44 (0) 78 66453708 / [email protected]

Is ar an suíomh Nascanna.com atá an

nuacht is déanaí maidir le teicneolaíocht na Gaeilge ar fáil agus is iomaí áis ríomhaireachta gur féidir teacht air i nGaeilge, agus go minic go hiomlán in aisce, tríd an suíomh freisin. Tá SumatraPDF ar fáil anois i nGaeilge mar shampla; is léitheoir comhaid PDF beag, gasta é a chuireann ar do chumas comhad PDF ar bith a oscailt, a fheiceáil agus a

chlóbhualadh. Is féidir an clár seo a íosluchtú agus is féidir leis comhaid PDF a oscailt laistigh de na líonléitheoirí a leanas leis: Mozilla Firefox, Opera agus Chrome. Más mian leat comhaid PDF a chruthú tú féin, is féidir é sin a dhéanamh le PDFCreator atá ar fáil i nGaeilge tríd an suíomh

anois freisin. Gach eolas: www.nascanna.com

Teicneolaíocht na Teanga

Page 5: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Meitheamh 2012

Tá comórtas scríbhneoireachta á reáchtáil ag Cló Iar-Chonnacht do

scríbhneoirí Gaeilge i mbliana. Fáilteofar roimh phrós cruthaitheach nuascríofa, nár foilsíodh cheana, de gach cineál ó úrscéalta go nóibhillí agus cnuasaigh ghearrscéalta, idir shaothair do dhaoine fásta agus shaothair do dhaoine óga. Duaischiste de €10,000 atá le dáileadh ar

na buaiteoirí agus tá sé i gceist go roinnfí an pota idir triúr buaiteoirí: €5,000 ar an té a bhainfidh an chéad áit amach, €3,000 don dara háit agus €2,000 don tríú háit. Is mar chuid d’iarrachtaí leanúnacha Chló Iar-Chonnacht spreagadh a thabhairt do scríbhneoirí na Gaeilge atá an comórtas seo á reáchtáil, agus tá sé á reáchtáil le tacaíocht ón gComhairle Ealaíon. Cuirtear fáilte roimh scríbhneoirí ar foilsíodh saothar leo cheana agus roimh scríbhneoirí nua cur isteach ar an gcomórtas. Déanfar iarracht freisin aird speisialta a thabhairt ar scríbhneoirí nua chun iad a spreagadh chun pinn. Spriocdháta iontrála: Dé Luain, 3 Meán Fómhair 2012. Rialacha, treoir bhreise & foirmeacha iarratais: www.cic.ie

Seo na leabhair is mó díolta i Siopa Leabhar Chonradh na Gaeilge le mí anuas:

Déagóirí agus Daoine Óga1. Timpeall an Tí - Treasa Ní Ailpín,

An Gúm, €4.502. An Garbhán - Julia Donaldson,

An Gúm, €7.953. Seo Agat Beacha - An Gúm, €5.504. Seachain: Ná himigh chuig

an Antartach le Shackleton! - Futa Fata, €7.95

5. Seachain: Ná heitil chuig an ngealach ar an Apollo 13! - Futa Fata, €7.95

Daoine Fásta1. Our Fada - Rossa Ó Snodaigh

& Mícheál Ó Domhnaill, Coiscéim, €10

2. An Hobad - JRR Tolkien, aistrithe ag Nicholas Williams & Alan Titley, Evertype, €39.95

3. An Gaeilgeoir Grámhar - Alan Desmond, Comhar, €10

4. Leabhar Foinn - Kíla, Coiscéim, €30

5. Thógamar Le Gaeilge Iad - Brian Ó Broin, Coiscéim, €10

Eolas & orduithe: [email protected] / +353 (0)1 4783814 / 4785428 (facs) / www.cnag.ie/siopa

5Is féidir s céalta a chur chuig [email protected]

Comórtas Litríochta Barrliosta na Leabhar

Page 6: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Meitheamh 2012

6 Cuir na s céalta chugainn roimh 09 Meitheamh 2012

Gradam an PhiarsaighIs ar Threasa Ní Ailpín

a bronnadh Gradam an Phiarsaigh 2012 ag ócáid speisialta i gCultúrlann na hÉireann le déanaí. Rugadh Treasa i Ros a ‘Mhíl, Conamara agus tá a saol oibre caite aici mar Stiúrthóir i Naíonra Lorcáin agus mar bhunmhúinteoir sna Gaelscoileanna Scoil Bhríde agus Scoil Chualann. Glacann sí páirt ghníomhach in oiliúint stiúrthóirí na naíonraí agus aithnítear a ceannaireacht

agus a cumas ó thaobh an staidéir eolaíoch aici ar shealbhú teanga, úsáid phraiticiúil an eolais sin i múineadh na Gaeilge, agus leathnú úsáid na Gaeilge ón naíonra go dtí an scoil agus isteach sa teaghlach. Mheas moltóirí an Ghradaim go

raibh idéil an Phiarsaigh á gcur chun cinn aici san obair chiúin spreagthach atá á déanamh aici ar son shealbhú na Gaeilge mar chuid d’fhorbairt an pháiste.

Fáiltíonn Conradh na Gaeilge roimh an moladh go mba cheart bunmhaoiniú a

thabhairt do na heagrais c h o m h p h á i r t í o c h t a Ghaeilge faoin tSamhail Nua Mhaoinithe de chuid Fhoras na Gaeilge, de réir na tuarascála a d’eisigh an Comhchoiste Oireachtais um Chomhshaol, Iompar, Cultúr agus Gaeltacht níos luaithe an mhí seo. Molann an tuarascáil freisin nár cheart go mbeadh scéimeanna faoi réir tairisceana iomaíche; gur cheart go bhfreastalódh an tsamhail nua ar riachtanais ar leith earnáil agus phobal na Gaeilge; agus gur cheart d’Fhoras na Gaeilge plean straitéiseach a ullmhú ina leagfaí amach conas a chuirfear leis An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus leis an Straitéis don Ghaeilge i dTuaisceart Éireann. Moltar gur cheart go mbeadh straitéis an Fhorais bunaithe ar phrionsabail phleanála teanga agus

go dtabharfadh sé aird ar riachtanais na hearnála deonaí. Tagann an tuarascáil

seo sna sála ar chur i láthair a rinne Conradh na Gaeilge, Guth na Gaeltachta agus Aontas Phobal na Gaeilge don Chomhchoiste; d’imigh Foras na Gaeilge agus Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge os comhair an Chomhchoiste freisin. Tá moladh ag dul leis

an gComhchoiste as éisteacht chóir a thabhairt d’ionadaithe na n-eagraíochtaí, agus as na haighneachtaí a seoladh isteach chucu a scrúdú go mion, chun moltaí fiúntacha, tábhachtacha a dhéanamh go díreach don Rialtas maidir leis an athstruchtúrú ar mhaoiniú earnáil na Gaeilge. Is dul chun cinn ríthábhacht é tuarascáil an Chomhchoiste don phróiseas comhairliúcháin maidir le maoiniú na hearnála Gaeilge, ó tá tacaíocht traspháirtí aige.

Comhchoiste Comhpháirtíochta

Page 7: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Meitheamh 2012

7Is féidir s céalta a chur chuig [email protected]

Comhdháil Uile-OileándaEagrófar an chéad

chomhdháil uile-oileánda ar Fhorbairt na Ceannasaíochta sna Bunscoileanna LánGhaeilge i mBéal Feirste ar an 22 - 23 Lúnasa 2012. Is comhthionscadal í an chomhdháil seo idir An Coiste Seasta Thuaidh Theas ar an nGaeloideachas agus An tIonad Réigiúnach Oiliúna agus An tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí. Tá an chomhdháil dírithe ar phríomhoidí/leasphríomhoidí ó gach bunscoil lánGhaeilge ar bhonn 32 contae, Gaeltacht san áireamh, mar

aon le príomhoidí agus comhordaitheoirí na nAonad (bunleibhéal). Beidh costas lóistín amháin i gceist do rannpháirtithe agus cuirfear sólaistí agus lón ar fáil le linn na comhdhála; tá lóistín ar fáil ar an gcampas.

Beidh tarmligean dualgas, forbairt na meán-cheannasaíochta, féinmheasúnú, comhoibriú idir scoileanna, agus cur chuige an tumoideachais i measc ábhair an chláir. Clárúchán & tuilleadh eolais: www.rtuni.org

Tá Feis na nGael ag tacú le 2 chúrsa Gàidhlig in Albain i mbliana agus

beidh deontas ar fáil ó Cholmcille dóibh siúd gur mian leo freastal ar na cúrsaí seo. Reáchtálfar an chéad chúrsa ag Rubha an Fhèich, Na Lochan in Oileán Leodhais ón 7 - 14 Iúil 2012, áit go bhfanfar i dtithe na ndaoine áitiúla a bhfuil Gàidhlig acu chun tú féin a thumadh sa teanga. Múinfear an Ghàidhlig ag baint úsáid as Módh Ulpan; beidh ranganna ar siúl ar maidin agus meascán d’imeachtaí ar siúl um thráthnóna, bualadh le muintir ha háite ina dtithe cónaithe, casadh ar ghrúpaí staire le Gàidhlig, cuairteanna ar áiteanna stairiúla, amhránaíocht agus mórán eile ina measc. Beidh an Fhéile Hebridean Celt ar siúl ar an Oileán agus an cúrsa

ar siúl, mar sin is cinnte go mbeidh ceol, craic agus an-atmaisféar ann!

Beidh an dara chúrsa ar siúl sa choláiste tríú leibhéal Sabhal Mòr Ostaig san Oileán Sgiathánach ón 16 - 20 Iúil 2012 agus fanfaidh lucht freastail an chúrsa i seomraí sa Choláiste. Beidh rang Gàidhlig ar maidin agus turais staire agus nádúir, ceol agus eile um thráthnóna chomh maith. Beidh sé de rogha ag daoine

freastal ar chúrsaí amhránaíochta seachas an Gàidhlig, nó an rang amhránaíochta a mheascadh leis an rang Gàidhlig fiú. Freisin beidh rang á reáchtáil ag an am céanna do dhaoine gan Gaeilge - má tá cara/céile gan Gaeilge, beidh deis acu siúd teacht leat. Gach eolas: www.smo.uhi.ac.uk/index_gd.htm

Gàidhlig na nGael

Page 8: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Meitheamh 2012

8 Cuir na s céalta chugainn roimh 09 Meitheamh 2012

Cúrsaí Átha CliathLe mic léinn ón bPeiriú,

ón mBrasaíl, ón Spáinn, ón nGearmáin, ón Iodáil, ón Ísiltír, ón Ungáir, agus fiú ó Éirinn ag foghlaim a gcéad chúpla focal ag ranganna Chonradh na Gaeilge, beidh corr ilchultúrtha sna dianchúrsaí teanga i mBaile Átha Cliath an samhradh seo! Maireann gach rang 3 uair 2 oíche in aghaidh na seachtaine: Dé Máirt agus Déardaoin ó 6.30 - 9.30in. Reáchtálfar na ranganna ag 6 Sráid Fhearchair ón 10 - 26 Iúil agus ón 7 - 23 Lúnasa 2012 agus

freastalóidh na dianchúrsaí ar fhoghlaimeoirí fásta de gach leibhéal. Cloíonn cúrsaí Chonradh na Gaeilge le siollabais Theastas Eorpach na Gaeilge (TEG) agus níl ach €160 ar an gcúrsa, nó €140 d’iarscoláirí, do mhic léinn,

do dhaoine dífhostaithe agus scothaosta ar phinsean. Cláraigh ar-líne inniu! Áirithintí & tuilleadh eolais: www.cnag.ie/courses / +353 (0)1 4757401 / [email protected]

Is beag duine atá in ann a rá gur shnámhadar timpeall ar Éirinn, ach

tá sé i gceist ag dream Gaeilgeoirí tabhairt faoin dúshlán seo ar mhaithe le forbairt na Gaelscolaíochta fud fad na hÉireann ón 22 - 23 Meán Fómhair 2012! Eagrófar an Snámh faoi bhrat TACA atá ag feidhmiú sna Sé Chontae agus AITHEANTAS atá ag feidhmiú sna 26 chontae. Tabharfar faoi snámh 5 nóiméad amach ó gach contae sa tír a bhfuil cósta aige, 17 gcontae ar an iomlán: Co. na Mí, Co. Lú, Co. an Dúin, Co. Aontroma, Co. Dhoire, Co. Dhún na nGall, Co. Shligigh, Co. Liatroma, Co. Mhaigh Eo, Co. na Gaillimhe, Co. an Chláir, Co. Chiarraí, Co. Chorcaí, Co. Phort Láirge, Co. Loch Garman, Co. Chill Mhantáin agus Co. Átha Cliath. Íocfar as costas leaba agus lóistín thar 2 oíche agus

as costas bus do gach duine a ghlacann páirt. Bronnfar cártaí urraíochta ar na

rannpháirtithe agus beifear ag súil go n-éireoidh le gach duine €300 a bhailiú do chúis na Gaelscolaíochta, thuaidh agus theas. Baileofar gach duine le chéile in Óstán Leopardstown i mBaile Átha Cliath tráthnóna Aoine 21 Meán Fómhair 2012 agus tosnófar ar an

snámh maidin Shathairn. Stopfar thar oíche i gCill Álla i Maigh Eo an oíche chéanna agus cuirfear tús arís leis an snámh maidin Domhnaigh. Déanfar an snámh deireanach sa phríomhchathair tráthnóna Domhnaigh. Teagmháil: [email protected] / +44 (0)28 90323237 / [email protected] / +353 (0)86 1719755

Snámh 2012

Page 9: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Meitheamh 2012

9Is féidir s céalta a chur chuig [email protected]

Cairt Euro 2012B’fhéidir nárbh fhiú

do mhuintir na hÉireann amharc ar chluiche deiridh na tíre i gcraobh na hEorpa 2012 agus iad ag imirt i gcoinne na hIodáile ar 18 Meitheamh 2012. Ach má tá sé de mhisneach agat breathnú air, beidh sé á léiriú beo ar an scáileán mór i gClub Chonradh na Gaeilge in Uimhir 6 Sráid Fhearchair i mBaile Átha Cliath agus beidh pionta in

aisce do chách nuair a / má aimsíonn Poblacht na hÉireann a céad chúl! Más spéis leat an chuid eile den Euro 2012, fiú in uireasa na hÉireann, tá cairt bhalla deartha ag Aodhán Ó Deá le sonraí uile an chomórtais air i

nGaeilge. Tá an Pleanálaí Euro 2012 á chur ar fáil ag an gClub in aisce tríd an suíomh ag www.anclub.ie.

Bronnadh Gradam Saoil ar Chathal Póirtéir ag searmanas bliantúil

Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais in Óstán Chuan na Gaillimhe ar 18 Bealtaine 2012. Tá Cathal ag craoladh i nGaeilge agus i mBéarla ar RTÉ agus ar RTÉ Raidió na Gaeltachta le breis agus 30 bliain anuas, agus tá MA sa Bhéaloideas ó UCD aige. Déanann na Gradaim Chumarsáide ceiliúradh ar na láithreoirí teilifíse agus raidió, aisteoirí, iriseoirí agus lucht déanta chlár raidió agus chlár teilifíse a bhfuil cion thar na bearta déanta acu in earnáil na meán cumarsáide Gaeilge le bliain anuas. Ba é an léitheoir nuachta Aengus Mac Grianna a bhí ina Fhear an Tí don oíche agus ba é an tAire Stáit Donnchadh Mac Fhionnlaoich, TD, a bhronn na

gradaim. Fógraíodh Orla Bradshaw, Foinse ina Cló-Iriseoir na Bliana; Conall

Ó Móráin, Gaelscéal ina Cholúnaí na Bliana; Gearóid Mac Donncha agus Adhmhaidin, RTÉ Raidió na Gaeltachta, ina Chraoltóir Raidió na Bliana agus ina Sraith Raidió na Bliana faoi seach; Brídín Nic Dhonncha, Ros na Rún do TG4 ina hAisteoir na Bliana; agus Páidí Ó Lionáird, 7 Lá do TG4 ina Chraoltóir Teilifíse na Bliana ag an ócáid. Ba é Ciarán Ó Cofaigh

a ghnóthaigh an gradam do Shraith Teilifíse na Bliana as Scéal na Gaeilge, léirithe ag Rosg do TG4 agus curtha i láthair ag Alan Titley. Bhí 40 bliain de Raidió na Gaeltachta agus 50 bliain de theilifís RTÉ á gceiliúradh ag searmanas na bliana seo freisin.

Gradaim Oireachtais

Page 10: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Meitheamh 2012

Spreagadh na mílte dalta bunscoile ar fud oileán na

hÉireann le leas a bhaint as a gcuid cruthaitheachta chun leabhar Gaeilge dá gcuid féin a cheapadh, a leagan amach agus a fhoilsiú mar chuid den tionscadal Scríobh Leabhar a eagraíonn Foras na Gaeilge gach bliain. Reáchtáladh ócáidí bronnta ar fud na tíre chun ceiliúradh a dhéanamh ar bhuaiteoirí na bliana seo; bhí Tadhg Mac Dhonnagáin, údar leabhair

pháistí, i láthair ag ceann acu seo in Ionad Fóillíochta An Watershed, Cill Chainnigh chun boinn agus teastais a bhronnadh ar na daltaí ó Thiobraid Árann, Chill Chainnigh agus Chill Dara a bhuaigh duaiseanna. Tá páirt glactha ag níos mó ná 25,000 dalta sa tionscadal Scríobh Leabhar ó cuireadh ar bun é sa scoilbhliain

2006/2007. Comhghairdeas leo ar fad! Tuilleadh eolais: www.gaeilge.ie

10 Cuir na s céalta chugainn roimh 09 Meitheamh 2012

Scríobh Leabhar

D’fhoilsigh an scátheagras abhcóideachta POBAL críochmholtaí

Ghrúpa Oibre POBAL ar Chreat Straitéiseach don Ghaeilge le déanaí. Cuimsíonn an Grúpa Oibre ionadaithe ó Ollscoil na Banríona, ó Ollscoil Uladh, ó Choláiste Mhuire agus bhí 2 fho-ghrúpa ann chomh maith. Rinne an Grúpa Oibre eolas agus taighde a bhailiú agus d’eagraigh POBAL sraith d’imeachtaí le cuidiú le hullmhú líon beag de dhréachtmholtaí maidir leis an Straitéis Gaeilge ó thuaidh. Tá 58 moladh sa cháipéis, faoi theidil a chuimsíonn Oideachas, na Meáin, Reachtaíocht, Comharthaíocht, Ealaíon agus an Earnáil Dheonach. Cuireadh na dréachtmholtaí féin amach ar fud an phobail agus chuig réimse leathan de ghrúpaí, mar shampla, chuig scoileanna, agus chuig Comhairle na Gaelscolaíochta, Iontaobhas na Gaelscolaíochta, An tÁisaonad, An

Coiste Áiseanna, Tacaíochta, Oiliúna agus Curaclaim (CATOC), chuig

stiúrthóirí sealadacha ÚSO, chuig na Ranna Stáit, chuig eagraíochtaí poiblí, an Coimisiún Um Chearta an Duine, an Coimisiún um Chomhionannais agus an Coiste Um Riar na Córa, An Chomhairle Ealaíon, Foras na Gaeilge, agus chuig comhairlí áitiúla.

Chomh maith leis sin, reáchtáil POBAL sraith de chruinnithe comhairliúcháin le grúpaí éagsúla agus i gceantair éagsúla, i mBéal Feirste, ar An Chorr Chríochach, in Iúr Chinn Trá, agus i nDoire. Táthar ag súil go mbeidh na moltaí atá ullmhuithe acu mar chuid lárnach de na moltaí atá á n-ullmhú ag an tAire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta féin, Carál Ní Chuilín, faoi láthair le cur os comhair phobal Thuaisceart Éireann. Tuilleadh eolais: www.pobal.org

Creat Straitéiseach

Page 11: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Meitheamh 2012

11Is féidir s céalta a chur chuig [email protected]

Campaí SamhraidhIs iomaí imeacht spraíúil atá beartaithe

ag Ógras sna Campaí Samhraidh Lae a bhíonn ar siúl acu ar fud na tíre i mí Iúil agus Lúnasa gach bliain. Beidh campaí Chúige Laighean ar siúl i mBaile Átha Cliath ins An Chúlóg; Baile na Manach; Tamhlacht; Raghnallach; agus i gCill Dara i Nás na Ríogh; Cill Daingin; agus Léim an Bhradáin, chomh maith le Campa Inistíog, Co. Chill Chainnigh agus i mBiorra, Co. Uíbh Fhailí. Ins An Gleann, Baile an Sceilig i gCiarraí a bheidh an campa i gCúige Mumhan ar siúl móide campa in Oileán Ciarraí; in Ionad Pobail Bhaile Uí Thaidhg; agus i gCumann Íosaef, Trá Lí. Beidh campa Chúige Uladh á rith i mBaile Dhún na nGall agus i mBéal Átha Seanaidh, Co. Dhún na nGall freisin. I nGaelscoil Mhic Amhláigh agus sna Forbacha, Co. na Gaillimhe a bheidh campaí Chúige Chonnacht ar siúl agus ar an mBáinmhór sa chontae céanna a reáchtálfar campa deiridh an tsamhraidh de chuid Ógras ón 20 - 24 Lúnasa 2012. Tá tuilleadh eolais agus foirm iarratais ar fáil ó www.ogras.ie. Tá gach eolas ar champaí samhradh arna eagrú ag Togra Mhaigh Eo de Chonradh na Gaeilge ar fud an chontae i mí Iúil agus Lúnasa ar fáil ó +353 (0)87 9781166 nó ó [email protected]; tá costas €50 in aghaidh na seachtaine ar na campaí samhraidh seo agus

freastalóidh siad ar pháistí idir 4-12 bliain d’aois. Eagraíonn coiste Campaí Samhraidh Iorrais campaí le cluichí boird, bbq, amhránaíocht agus damhsa trí mheán na Gaeilge ar fud an cheantair i Maigh Eo freisin, dírithe ar pháistí ó 6 - 12 bliain d’aois. Ag brath ar éileamh, reáchtálfar na campaí seo i mBéal an Mhuirthead; Gleann an Chaisil; Ceathrú

Thaidhg; Barr na Trá; agus san Eachléim. Eagrófar tuilleadh campaí le freastal ar pháistí san aoisghrúpa 3 - 6 bliana d’aois i nGleann na Muaidhe agus san Eachléim i mbliana freisin. Beidh spórt, ceardaíocht, d r á m a í o c h t , cócaireacht agus

ealaín go leor á sholáthar do na páistí idir 6 - 12 bliain d’aois a fhreastalaíonn ar an gCampa Samhraidh Spórt is Spraoi i nGaelscoil Phádraig, Baile Breac, Baile Átha Cliath i mí Iúil freisin. Tá costas €80 ar an gcampa lae le gach eolas ar fáil ó Lucilita +353 (0)86 8674542 / [email protected]. Tá Coláiste Shliabh gCuilinn ag reáchtáil cúrsaí samhraidh do pháistí idir 7 - 12 bliana d’aois in Ard Mhacha ó 2004 i leith, agus beidh campa eile ar siúl ar costas £50 an páiste ón 23 Iúil - 3 Lúnasa i mbliana. Tá turas lae san áireamh agus tá gach eolas ar fáil ó Chiara McCoy ag [email protected] nó ón suíomh ag www.colaisteshliabhgcuilinn.weebly.com.

Page 12: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Meitheamh 2012

12 Cuir na s céalta chugainn roimh 09 Meitheamh 2012

Is Leor BeirtNíl slua i gcónaí de dhíth le

daoine a chur ag labhairt i nGaeilge i ngach cearn den tír - is leor beirt! Tá ábhar an leathanaigh seo dírithe ar chabhrú leat ciorcal comhrá neamhfhoirmeálta a

reáchtáil i d’áit oibre féin nó i mbialann áitiúil. Cuir fáilte roimh Ghaeilgeoirí nua tríd na ceisteanna seo a leanas a ghearradh amach agus lig do gach duine ceist a roghnú nuair a éiríonn an comhrá gann.

Sa Bhanc:

• An bhfuil leabhar seice agat?• An bhfuil cuntas reatha / coigilte agat sa bhanc?• An mbíonn tú ag plé le seirbhísí custaiméara sa bhanc

go minic?• An ndéantar do phá a lóisteáil i do chuntas go

huathoibríoch gach mí?• An fearr leat cárta dochair, cárta creidmheasa nó airgead tirim a úsáid sna siopaí?• An mbaineann tú úsáid as rogha na Gaeilge ar na huathmheaisíní bainc?• An fearr leat nuair atá airgeadra ar leith ag tír ina bhfuil tú ag dul ar saoire chuici?• An dóigh leat go bhfuil rátaí maithe úis le fáil ar mhorgáiste faoi láthair?• An íocann tú do chuid billí trí dhochar díreach?• Ar labhair tú Gaeilge le háiritheoir ag an gcúntóir riamh?• Ar chóir go mbeadh an banc ar oscailt um dheireadh seachtaine?• An dóigh leat go bhfuil sé deacair iasacht airgid a fháil na laethanta seo?

Brainse bainc: iasacht, airgead tirim, lóisteáil airgid, airgeadra eachtrach, seirbhísí custaiméara, áiritheoir, uathmheaisín bainc (UMB), cárta UMB, uathchárta bainc, cárta dochair, cárta creidmheasa, morgáiste, leabhar seice / seicleabhar, buanordú, dochar díreach / dírdhochar