1 Fáilte Tá fáilte romhaibh chuig eagrán Mhí na Nollag de Nuachtlitir Scoil Uí Ghramhnaigh. Tá súil againn go mbainfidh sibh taitneamh as. Is iontach an rud é go bhfuil muid uilig ar ais ar scoil buíochas le Dia. Tá srianta nua i bhfeidhm ach tá muid tagtha i gcleachtadh orthu anois agus glacann muid leo. Ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghlacadh le chuile dhuine as ucht an tacaíocht iontach atá an scoil ag fáil le haghaidh muid ar fad a choinneáil slán sábháilte, idir an fhoireann ar fad, na tuismitheoirí agus páistí na scoile. Tá súil agam go mbeidh Nollaig álainn ag chuile dhuine agus go mbeidh 2021 iontach i ndán dúinn ar fad. Daidí na Nollag. Bhí cuairteoir an-speisialta againn ar an Aoine 11ú Nollaig 2020. Daidí na Nollag! Bhí sé ag tabhairt scíthe do na réinfhianna ar fad agus tháinig sé ina tharracóir John Deere. Is breá le paistí Scoil Uí Ghramhnaigh tarracóirí. Mar sin bhíodar breá sásta Daidí na Nollag agus an tarracóir a fheiceáil i gclós na scoile! D’fhág se bronntanas do chuile pháiste sa seomra ranga. Bhí chuile dhuine ar mhuin na muice sa scoil. Dúirt sé leis na páistí go mbeadh sé thart arís ar Oíche Nollag agus cinnte a dhéanamh de a bheith sa leaba go luath. Rinne Rang 5 damhsa do Dhaidí na Nollag agus bhain sé an-taitneamh as. Bhí Naíonáin Shóisearacha an-sásta leis an duais a d’fhág sé acu. Bhí Rang 1 an-ríméadach ar fad! Nuachtlitir Scoil Uí Ghramhnaigh Ráth Chairn [email protected]www.bunscoilrathchairn.ie 046-9432837 Lean muid @Scoil Ui Ghr Lean muid ar Instagram @scoiluighramhnaigh Nollaig 2020
This document is posted to help you gain knowledge. Please leave a comment to let me know what you think about it! Share it to your friends and learn new things together.
Transcript
1
Fáilte
Tá fáilte romhaibh chuig eagrán Mhí na Nollag de
Nuachtlitir Scoil Uí Ghramhnaigh. Tá súil againn go
mbainfidh sibh taitneamh as. Is iontach an rud é go
bhfuil muid uilig ar ais ar scoil buíochas le Dia. Tá
srianta nua i bhfeidhm ach tá muid tagtha i
gcleachtadh orthu anois agus glacann muid leo. Ba
mhaith liom buíochas ó chroí a ghlacadh le chuile
dhuine as ucht an tacaíocht iontach atá an scoil ag
fáil le haghaidh muid ar fad a choinneáil slán
sábháilte, idir an fhoireann ar fad, na tuismitheoirí
agus páistí na scoile. Tá súil agam go mbeidh Nollaig
álainn ag chuile dhuine agus go mbeidh 2021 iontach
i ndán dúinn ar fad.
Daidí na Nollag.
Bhí cuairteoir an-speisialta againn ar an Aoine 11ú
Nollaig 2020. Daidí na Nollag! Bhí sé ag tabhairt
scíthe do na réinfhianna ar fad agus tháinig sé ina
tharracóir John Deere. Is breá le paistí Scoil Uí
Ghramhnaigh tarracóirí. Mar sin bhíodar breá sásta
Daidí na Nollag agus an tarracóir a fheiceáil i gclós
na scoile! D’fhág se bronntanas do chuile pháiste sa
seomra ranga. Bhí chuile dhuine ar mhuin na muice
sa scoil. Dúirt sé leis na páistí go mbeadh sé thart
arís ar Oíche Nollag agus cinnte a dhéanamh de a
bheith sa leaba go luath.
Rinne Rang 5 damhsa do Dhaidí na Nollag agus bhain
sé an-taitneamh as.
Bhí Naíonáin Shóisearacha an-sásta leis an duais a