Top Banner
1 Is féidir scéalta a chur chuig [email protected] SAN EAGRÁN SEO: 1. Lá Mór na Gaeilge 2. Ceanneagraíochtaí Gaeilge 2. Seo Linn Seachtain na Gaeilge! 3. Nuacht Áitiúil 4. Teicneolaíocht na Teanga 4. Gaeilge na Cruinne 5. Seoladh Leabhar Luimnigh 5. Barrliosta na Leabhar 6. Cearta Anois Á nÉileamh 6. Gaelú an Oirthir Thiar 7. Nuachainteoirí 7. Turas na Teanga 8. Samhradh na hÓige 8. Athbheochan Dhoire 9. Comhdháil na nDeise 9. Ard-Fheis 2014 10. Liam Ag Rith! 10. Ionadaithe in Easnamh 11. Aighneachtaí 11. Cuir Deireadh Leis an Chosc 12. Is Leor Beirt 12. Comórtas na hAthbhliana Eagrán 9.1. 20 Feabhra 2014 R oghnaigh 10,000 duine todhchaí dár dteanga ag Lá Mór na Gaeilge i mBaile Átha Cliath ar 15 Feabhra 2014, áit ar bhailigh busanna ó cheithre chúige na hÉireann ag an nGairdín Cuimhneacháin ar Chearnóg Parnell le siúl go Dáil Éireann chun tacú le pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ag lorg chothrom na Féinne don Ghaeilge agus dá gcearta teanga. Ceiliúradh teaghlaigh agus mórshiúl ollmhór ar son cheart teanga a bhí ann, agus tharraing an mhórshiúl idir Ghaeilgeoirí agus Bhéarlóirí le dea-mhéin don teanga amach sna mílte lena dtacaíocht a léiriú don Ghaeilge. Bhain téama Dearg Le Fearg le Lá Mór na Gaeilge, áit ar chaith formhór an tslua bratacha agus éadaí dearga chun a bhfrustrachas agus a ndíomá leis an easpa tacaíochta don Ghaeilge ón dá Rialtas a léiriú ar bhealach feiceálach, físiúil Dé Sathairn. Arsa Donnchadh Ó hAodha, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: “Tá Conradh na Gaeilge fíorbhuíoch do na sluaite a tháinig amach sna mílte chun seasamh a ghlacadh ar son a gceart teanga, agus chun tacaíocht an mhórphobail don Ghaeilge a léiriú do na Rialtais thuaidh theas.” an dúshlán curtha againn ar na Rialtais thuaidh agus theas anois – an bhfuil siadsan sásta todhchaí a roghnú don Ghaeilge agus gníomhú ar ár n-éilimh? (Féach lch 6). Iarr ar do pholaiteoirí áitiúla todhchaí a roghnú don teanga agus gníomhú ar ár n-éileamh láithreach – buail isteach orthu, scríobh chucu, seol teachtaireacht Twitter chucu. Ní neart go cur le chéile! Lá Mór na Gaeilge
12

Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Feabhra 2014

Mar 13, 2016

Download

Documents

SAN EAGRÁN SEO: 1. Lá Mór na Gaeilge 2. Ceanneagraíochtaí Gaeilge 2. Seo Linn Seachtain na Gaeilge! 3. Nuacht Áitiúil 4. Teicneolaíocht na Teanga 4. Gaeilge na Cruinne 5. Seoladh Leabhar Luimnigh 5. Barrliosta na Leabhar 6. Cearta Anois Á nÉileamh 6. Gaelú an Oirthir Thiar 7. Nuachainteoirí 7. Turas na Teanga 8. Samhradh na hÓige 8. Athbheochan Dhoire 9. Comhdháil na nDeise 9. Ard-Fheis 2014 10. Liam Ag Rith! 10. Ionadaithe in Easnamh 11. Aighneachtaí 11. Cuir Deireadh Leis an Chosc 12. Is Leor Beirt 12. Comórtas na hAthbhliana
Welcome message from author
This document is posted to help you gain knowledge. Please leave a comment to let me know what you think about it! Share it to your friends and learn new things together.
Transcript
Page 1: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Feabhra 2014

1Is féidir s céalta a chur chuig [email protected]

SAN EAGRÁN SEO:

1. Lá Mór na Gaeilge2. Ceanneagraíochtaí Gaeilge2. Seo Linn Seachtain na Gaeilge!3. Nuacht Áitiúil4. Teicneolaíocht na Teanga4. Gaeilge na Cruinne5. Seoladh Leabhar Luimnigh5. Barrliosta na Leabhar6. Cearta Anois Á nÉileamh 6. Gaelú an Oirthir Thiar7. Nuachainteoirí7. Turas na Teanga8. Samhradh na hÓige8. Athbheochan Dhoire9. Comhdháil na nDeise9. Ard-Fheis 201410. Liam Ag Rith! 10. Ionadaithe in Easnamh11. Aighneachtaí11. Cuir Deireadh Leis an Chosc12. Is Leor Beirt12. Comórtas na hAthbhliana

E agrán 9.1. 20 Feabhra 2014

Ro g h n a i g h 10,000 duine

todhchaí dár dteanga ag Lá Mór na Gaeilge i mBaile Átha Cliath ar 15 Feabhra 2014, áit ar bhailigh busanna ó cheithre chúige na hÉireann ag an nGairdín Cuimhneacháin ar Chearnóg Parnell le siúl go Dáil Éireann chun tacú le pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ag lorg chothrom na Féinne don Ghaeilge agus dá gcearta teanga. Ceiliúradh teaghlaigh agus mórshiúl ollmhór ar son cheart teanga a bhí ann, agus tharraing an mhórshiúl idir Ghaeilgeoirí agus Bhéarlóirí le dea-mhéin don teanga amach sna mílte lena dtacaíocht a léiriú don Ghaeilge. Bhain téama Dearg Le Fearg le Lá Mór na Gaeilge, áit ar chaith formhór an tslua bratacha agus éadaí dearga chun a bhfrustrachas agus a ndíomá leis an easpa tacaíochta don Ghaeilge ón dá Rialtas a léiriú ar bhealach feiceálach,

físiúil Dé Sathairn. Arsa Donnchadh Ó hAodha, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: “Tá Conradh na Gaeilge fíorbhuíoch do na sluaite a tháinig amach sna mílte chun seasamh a ghlacadh ar son a gceart teanga, agus chun tacaíocht an mhórphobail don Ghaeilge a léiriú do na Rialtais thuaidh theas.” Tá an dúshlán curtha againn ar na Rialtais thuaidh agus theas anois – an bhfuil siadsan sásta todhchaí a roghnú don Ghaeilge agus gníomhú ar ár n-éilimh? (Féach lch 6). Iarr ar do pholaiteoirí áitiúla todhchaí a roghnú don teanga agus gníomhú ar ár n-éileamh láithreach – buail isteach orthu, scríobh chucu, seol teachtaireacht Twitter chucu. Ní neart go cur le chéile!

Lá Mór na Gaeilge

Page 2: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Feabhra 2014

Tá na himeachtaí cláraithe, tá feidhmchlár na bhfón réidh le

híoslódáil, agus tá Seachtain na Gaeilge ag teannadh orainn go gasta! Beidh féile na bliana seo ar siúl ó 1 – 17 Márta 2014 leis na mílte imeacht ar siúl in Éirinn agus thar lear chun an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach a cheiliúradh. Osclófar Seachtain na Gaeilge 2014 le féile sráide agus ceolchoirm in aisce le Seo Linn ar an tSráid Mhór i gCill Airne, Co. Chiarraí ó 2.30in ar an gcéad lá Márta, agus beidh clár iomlán na féile san iris Sult leis an Irish Daily Mail ar an Satharn céanna. Beidh ambasadóirí na féile ag freastal ar imeachtaí ar fud na hÉireann chun an Ghaeilge chun cinn le linn na

Seachtaine. Tá siad ar fad ag súil go mór leis an gceiliúradh agus dúirt Ciarán Kilkenny, peileadóir, go mbeidh lá

Gaeilge ar siúl ina chlub peile féin i gCaisleán Cnucha i mBaile Átha Cliath ar 1 Márta 2014, áit a bheidh cluiche á imirt leis an gclub lánGhaeilge Na Gaeil Óga CLG. Tá Lynette Fay, láithreoir, ag dúil go mór le Ceiliúradh Phobal Gaeilge Bhéal Feirste a chuirfidh críoch oifigiúil le Seachtain na Gaeilge i Halla na Cathrach ar Lá Fhéile Pádraig, fad agus atá Máire Treasa Ní Dhubhghaill, láithreoir, ag iarraidh ar dhaoine Seachtain na Gaeilge a

úsáid mar dheis chun níos mó Gaeilge a úsáid ó cheann ceann na tíre.Tuilleadh eolais: www.snag.ie

2 Cuir na s céalta chugainn roimh 14 Már ta 2014

Ceanneagraíochtaí GaeilgeFógraíodh le déanaí gurb

iad Gaelscoileanna, Conradh na Gaeilge, Gael Linn, Oireachtas na Gaeilge, Glór na nGael, agus Cumann na bhFiann na ceanneagraíochtaí a bheidh ag feidhmiú leis na mór-réimsí oibre seo a leanas a chur chun cinn ar fud an oileáin faoi Shamhail Nua-Mhaoinithe Fhoras na Gaeilge: Gaeloideachas/Tumoideachas agus Réamhscolaíocht Lán-Ghaeilge; Ardú Feasachta, Cosaint Teanga agus Ionadaíocht (thar ceann na teanga le

húdaráis stáit); oideachas in earnáil an Bhéarla agus d’aosaigh, agus deiseanna úsáide do dhaltaí scoile; deiseanna a thacaíonn le húsáid na Gaeilge agus le bunú gréasán; forbairt pobail agus

eacnamaíochta; agus forbairt deiseanna úsáidte Gaeilge agus gréasán do dhaoine óga faoi seach. Cuireadh tús leis an bpróiseas chun atheagar a dhéanamh ar na 19 n-eagraíocht Ghaeilge bhunmhaoinithe ar bhonn bliantúil ag Foras na Gaeilge i 2008.

Seo Linn Seachtain na Gaeilge!

Page 3: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Feabhra 2014

3Is féidir s céalta a chur chuig [email protected]

Nuacht ÁitiúilConamara

Beidh Slán Le Slán, arna eagrú ag pobal Chonamara, ar siúl Dé Domhnaigh, 23

Feabhra 2014, an lá deiridh do Sheán Ó Cuirreáin a bheith in oifig mar Choimisinéir Teanga. Tosóidh an mháirseáil agóide ag Oifig an Choimisinéara Teanga sa tSídheán, An Spidéal ar 2.00in, áit a thabharfar litir ar lámh dó, ag gabháil buíochais leis faoina chuid oibre le deich mbliana anuas. Máirseálfar soir chomh fada le Ceanncheathrú Roinn na Gaeltachta sna Forbacha ansin, áit a mbeidh litir don Aire Stáit, Dinny Mc Ginley á fágáil, ag cur míshástachta phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge in iúl dó agus ag iarraidh air agus ar an Rialtas deireadh a chur leis an gcur i gcéill, agus díriú ar na bacanna atá ag an státchóras freastal mar ba cheart ar lucht labhartha na Gaeilge, sa Ghaeltacht agus taobh amuigh den Ghaeltacht ina dteanga féin. Tá sé i gceist filleadh ar Tigh Phádhraicín in aice láimhe sna Forbacha ina dhiaidh sin, le haghaidh sólaistí agus seisiúin amhránaíochta. Tuilleadh eolais: Donncha Ó hÉallaithe [email protected]+353 (0)86 4048881 Béal Feirste

Sna sála ar na mílte ag teacht amach ar shráideanna Bhaile Átha Cliath chun

tacú leis an teanga ag mórshiúl Lá Mór na Gaeilge le déanaí, tá mórshiúl agus Lá Dearg beartaithe do Bhéal Feirste Dé Sathairn, 12 Aibreán 2014. Tuilleadh sonraí le teacht. Seasfaimid le chéile!

Áth Cliath Tá taispeántas dar teideal Aon amharc ar Éirinn: Clainne Gael agus a gcuid Lámhscríbhinní ar siúl sa leabharlann in Acadamh Ríoga na hÉireann ar 19 Sráid Dásain, Baile Átha Cliath 2 go dtí 28 Feabhra 2014. Bíonn an taispeántas ar oscailt Luan – Déardaoin ó 10.00rn – 5.30in agus Dé hAoine ó 10.00rn – 5.00in, agus

is lámhscríbhinní ag plé le filíocht, reacht, leigheas agus creideamh atá ar taispeáint, mar aon le scéalta faoi leabhair mhóra na hÉireann. Tá tuilleadh eolais ar fáil ar-líne ar http://ria.ie/Library.aspx nó is féidir teagmháil a dhéanamh leis an

Acadamh. Teagmháil: [email protected] Páras

Thosaigh cur chun cinn na Gaeilge in athuair sa Ghaeltacht-sur-Seine oíche

Mháirt, 28 Eanáir 2014, agus leanfar leis na hoícheanta Gaelacha The Quiet Man ag 5 rue des Haudriettes ó 8.00 – 9.00in ar an Máirt dheireanach den mhí. Beidh Oíche Mhór na nGearrscannán ar siúl ag cruinniú na míosa seo ar 25 Feabhra 2014 freisin. Bhí Fest Diez á reáchtáil freisin i Montparnasse ó 4.00 – 8.00in Dé Domhnaigh, 16 Feabhra 2014, áit a raibh céilí Briotánach, ceol binn agus damhsaí galánta ar siúl ag La Mission Bretonne, 22 rue Delambre, 75014 Páras. Gaeil na Fraince abú! Gach eolas: www.paris-gaelique.com

Page 4: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Feabhra 2014

4 Cuir na s céalta chugainn roimh 14 Már ta 2014

Ní hamháin gur féidir páistí a chlárú do ranganna

Gaeilge san ionad Éireannach i Nua Eabhrac trí ríomhphost a sheoladh chuig [email protected], ach bhí Lá Gaeilge á reáchtáil ag Glucksman Ireland House NYU Dé Sathairn, 8 Feabhra 2014. Bhí an lá dírithe ar fhoghlaimeoirí ar gach leibhéal, ní raibh aon chostas clárúcháin ag baint leis agus bhí sé á stiúradh ag Paul Ferris, Hilary Mhic Suibhne, Pádraig Ó Cearúill, agus Jonathan O’Neill. Is féidir tuilleadh eolais a fháil trí ríomhphost a sheoladh chuig [email protected] nó trí ghlaoch ar +1 212 9983950. Tá siompóisiam Gaeilge dar teideal Literature and Irish Language Broadcast Media á reáchtáil ag CUNY Lehman ar champas an choláiste ó 21 – 22 Feabhra 2014 freisin. Labhróidh an tOllamh Gearóid Denvir

ó Roinn na Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus Ciarán Ó Cofaigh ó ROSG leis na teachtaí agus beidh páipéir acadúla éagsúla (idir Ghaeilge agus Bhéarla) á bplé. Tá sí mar aidhm ag an gcomhdháil idir thaighdeoirí agus mhic léinn litríochta na Gaeilge ar spéis leo cúrsaí craolacháin na Gaeilge a thabhairt le chéile agus tá costas $50 ar an dá lá nó $30 do lá amháin ($35 nó $20 ar lascaine do dhaoine

cnagaosta agus scoláirí). Tá réimse leathan de chéimeanna agus ranganna Gaeilge á thairiscint ag an gcoláiste chomh maith (ar-líne agus aghaidh-ar-aghaidh), le rogha de mhodúil ar chúrsaí scannánaíochta Gaeilge, ar ghearrscéalta na Gaeilge, agus eile luaite leo.Tuilleadh eolais:[email protected]

Is iomaí áis idirlín atá ann anois le cabhrú leat comhrá a dhéanamh le

Gaeilgeoirí eile, is cuma cá háit ar domhan atá tú ag cur fút. Chuir The Irish Gift and Irish Language Learners tús le comhrá seachtainiúil in aisce ar-líne trí Google Hangout ó 9.00 – 10.00in in Am Caighdeánach Oirthearach (ACO nó EST sa Bhéarla) ar 13 Eanáir 2014. Tá an comhrá oscailte d’fhoghlaimeoirí Gaeilge ar gach leibhéal agus fáiltítear roimh bhaill uile ón nGlobal Gaeltachta. Más spéis leat

páirt a ghlacadh, seol teachtaireacht chuig [email protected] / [email protected].

Tá sí mar aidhm ag an suíomh Comhrá le Chéile cainteoirí na Gaeilge a tharraingt le chéile chun go mbeidh siad ábalta a gcuid Gaeilge a chleachtadh le cainteoirí eile ar-líne agus ar ghutháin chliste. Tá gach eolas faoi

sheisiúin éagsúla, na praghasanna, agus acmhainní eile ar fáil ar an suíomh.Gach eolas: www.ga.comhralecheile.net

Gaeilge na Cruinne

Teicenolaíocht na Teanga

Page 5: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Feabhra 2014

Is é Máirtín Ó Murchú, teangeolaí agus Ollamh Emeritus in Institiúid Ard-Léinn

Bhaile Átha Cliath, a sheol An Chuallacht Léannta: Ceiliúradh ar Íosánaigh agus Léann na Gaeilge in Áras Íde, 18 Sráid Thomáis, Luimneach ar Lá Fhéile Bríde, 1 Feabhra 2014. Cur síos ar éacht i Léann na Gaeilge a rinne triúir Íosánach agus a gcairde sa 19ú aois agus ag tús na 20ú

aoise atá sa saothar, agus áirítear ailt le hAlan Titley, Michelle O’Riordan, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú ann. An tAthair Frainc Mac Brádaigh SJ a bhí ina Fhear a’Tí ag an seoladh seo arna eagrú ag lucht na hirise An Timire le Foilseacháin Ábhair Spioradálta (FS) i gcomhar le Scoil Gheimhraidh Chumann Merriman, agus bhí grianghraif den gheimhreadh ó chomórtas grianghrafadóireachta ins An Timire ar taispeáint ag an seoladh. Bhí sladmhargaí ar fáil ar an iris féin agus ar shaothair eile de chuid FS ag an Scoil Gheimhridh, agus cuireadh sólaistí ar fáil ag an seoladh.Orduithe:www.spiorad.iewww.cnag.ie/siopa

Athbhliain faoi mhaise ó gach duine ins An Siopa Leabhar! Seo a leanas na leabhair is mó díolta go dtí seo sa Bhliain Úr:

Páistí agus Daoine Óga1. Uinseann Donn - Tadhg Mac

Dhonnagáin - Futa Fata - €9.952. Corgaillín - Liam Prút

- An Gúm - €6.503. An Bata Draíochta - Irene Ní

Mhuireagáin, An Gúm, €8.504. Vroom Town - Emer Conlon - €10.505. An Measín Ama - Máire Ní

Ghallchobhair - Leabhar Breac - €7.50

Daoine Fásta1. Leabhar Mór na nAmhrán

- Mícheál Ó Conghaile - CIC - €252. 1916 Seachtar Dearmadta

- Aindrias Ó Cathasaigh - €103. Punt Isló -

Maidhc Dainín Ó Sé - Coiscéim - €84. An Fuíoll Feá - Liam Ó Muirthile

- Cois Life - €205. Rocky Ros Muc - Rónán Mac Con

Iomaire - CIC - €15

Eolas & orduithe: [email protected] +353 (0)1 4783814 4785428 (facs) www.cnag.ie/siopa

5Is féidir s céalta a chur chuig [email protected]

Seoladh Leabhar Luimnigh

Barrliosta na Leabhar

Page 6: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Feabhra 2014

6 Cuir na s céalta chugainn roimh 14 Már ta 2014

Cearta Anois Á nÉileamhBunaithe ar

mholtaí Sheáin Uí Chuirreáin agus ó chruinnithe poiblí timpeall na tíre, seo na héilimh atá á lorg le cothrom na Féinne a chinntiú don teanga ón dá Rialtas: seirbhís stáit as Gaeilge a chinntiú do phobal na Gaeltachta, gan cheist, gan choinníoll faoi dheireadh 2016; seirbhísí Stáit a sholáthar as Gaeilge ar comhchaighdeán leis na seirbhísí as Béarla; Acht Gaeilge cuimsitheach ceart-bhunaithe a achtú

ó thuaidh; Acht na dTeangacha Oifigiúla a láidriú in 2014; deireadh a chur leis an maolú ar stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúil den Aontas Eorpach tar éis an 1 Eanáir 2017; agus an pobal Gaeilge agus Gaeltachta a aithint

mar gheallsealbhóirí i gcur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge ó dheas agus sa Straitéis don Ghaeilge ó thuaidh.Tuilleadh eolais:[email protected]

Tá Club Súgartha Ghráig na Muilte Iarainn ar ais don tríú bliain as

a chéile! Dar tús 18 Eanáir 2014, tá an club do leanaí ó Rang 2 – 6 ar siúl gach Satharn ó 1.00 – 3.00in ar feadh 10 seachtaine. Chomh maith le ceardlann Chroise Bríde le ceol agus scéalaíocht ag Cóisir Oíche na Féile Bríde i mBaile Locha Riach, tá Clinic Obair Bhaile ar siúl do pháistí agus do thuistí in ionad Ghaeilge Locha Riach gach Luan scoile ó 2.45 – 5.00in mar aon le Ciorcal Iarscoile Ardteistiméireachta ó 4.15 – 5.15in gach Céadaoin. Bhí Dianchúrsa Lae i nGaeilge don Ardteistiméireacht á reáchtáil ar 17 Feabhra 2014 agus tá Clubanna Gaeilge ar siúl arís i mBaile Locha Riach; Gort Inse Guaire; Órán Mór; Baile Átha an Rí; Béal Átha na Sluaighe;

agus Gráig na Muilte Iarainn. Is féidir clárú do théarma nua 10 seachtaine de ranganna Gaeilge ó 8.00 – 9.00in ar €75 an duine freisin, ach glaoch ar

+353 (0)91 870718. Ní mór do gach duine eolas ar imeachtaí do Sheachtain na Gaeilge 2014 a sheoladh isteach chuig [email protected] nó trí ghlaoch ar +353 (0)87 1953884 chun iad a chlárú in am le foilsiú i gclár oifigiúil Oirthear na Gaillimhe. Reáchtálfar féile

náisiúnta Ghaeilge na bliana seo ó 1 – 17 Márta 2014 agus beidh Mórshiúl Lá Fhéile Pádraig ar siúl i mBaile Locha Riach ar 1.00in Dé Luain, 17 Márta 2014.Tuilleadh eolais:www.LochaRiach.com+353 (0)91 870718

Gaelú an Oirthir Thiar

Page 7: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Feabhra 2014

7Is féidir s céalta a chur chuig [email protected]

NuachainteoiríNew Speakers in a Multilingual Europe

is teideal den ghrúpa taighde Eorpach atá faoi stiúir Dr. Bernadette O’Rourke, Éireannach agus léachtóir sinsearach in Ollscoil Heriot-Watt in Albain. Tá breis agus 15 ollscoil páirteach ann, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus Ollscoil Luimnigh ina measc. Tá an grúpa ag fiosrú na modhanna agus na láithreacha neamhthraidisiúnta ina bhfuil teangacha á sealbhú sa lá atá inniu ann. Chomh maith leis an nGaeilge agus an ról a d’fhéadfadh a bheith ag “nuachainteoirí” na Gaeilge i gcur chun cinn na teanga a fhiosrú, tá Gaeilge na hAlban, an Bhascais, an Chatalóinis agus an Ghailísis i measc na

dteangacha eile atá faoi chaibidil acu. Is ionann nuachainteoir mionteanga agus duine a d’fhoghlaim an teanga lasmuigh de chomhthéacs an bhaile ach atá tiomanta do labhairt na teanga go rialta.

Tá obair na gcapall ar siúl ag Linda Ervine agus ag Misean Bhéal Feirste

Thoir chun an Ghaeilge a chur cinn sa phobal Protastúnach ó thuaidh i láthair na huaire, agus bhí slua i láthair sa Seomra Gaelach le cluas a chur leis an méid a bhí le rá aici ag ócáid de chuid Éigse na Tríonóide le Cumann Gaelach TCD i mBaile Átha Cliath le déanaí. Is deirfiúr chéile í Linda le David Ervine, iar-cheannaire an Pháirtí Aontachtach Forásach (PUP), agus tá sí anois ina hOifigeach Forbartha Gaeilge san ionad Turas san fhoirgneamh Skainos nuathógtha ar Bhóthar Bhaile Nua na hArda i mBéal Feirste. Tá an chaint The Hidden History of Protestants and the Irish Language tugtha aici do bhreis agus 70 grúpa éagsúla le bliain anuas agus tá 10 rang Gaeilge a reáchtáil san

ionad teanga in oirthear Bhéal Feirste in aghaidh na seachtaine de bharr an éilimh mhóir. Deir sí go bhfuil an suim sa

Ghaeilge ag fás i measc na bProtastúnach de réir a chéile agus de réir mar a thuigeann siad gur cuid dá n-oidhreacht í an teanga chomh maith. Rinne sí féin taighde ar an gclann Ervine sa Daonáireamh 1911 agus tháinig sé chun solais go raibh idir Bhéarla agus Ghaeilge ag muintir a fir chéile,

in ainneoin gur Protastúnaigh agus Aontachtóirí go smior a bhí iontu. Rinne sí an pointe gur oidhreacht choitianta de chuid gach pobail i dTuaisceart Éireann atá sa Ghaeilge, gur chóir gur modh cumarsáide neodrach atá inti, agus gur bealach chun na síochána í.Tuilleadh eolais:www.ebm.org.uk

Turas na Teanga

Page 8: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Feabhra 2014

8 Cuir na s céalta chugainn roimh 14 Már ta 2014

Samhradh na hÓigeBeidh cúrsaí samhraidh

do dhéagóirí ó 12 - 16 á reáchtáil ag Ógras i mbliana! Tá 3 ionad éagsúla socraithe ag an eagras don spraoi agus an spórt trí Ghaeilge: beidh campa ar siúl i gCabán tSíle, Baile Átha Cliath 18, ó 23 Meitheamh - 4 Iúil 2014; i dTrá Lí, Co. Chiarraí ó 7 - 18 Iúil 2014; agus i mBiorra, Co. Uibh Fháilí ó 23 Meitheamh - 4 Iúil 2014. Tá €240 ar chúrsa coicíse le lascaine €10 má

chláraíonn tuilleadh páistí ón teaghlach céanna. Bíonn idir ranganna Gaeilge, cheardlanna drámaíochta, spórt, cheol, rince, amhránaíocht agus thuras lae ar siúl ag na daoine óga, ach ní mór clárú le héarlais €100 neamh-in-aisíoctha chuig Ógras, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2, faoin Aoine, 21 Feabhra 2014.

Áirithintí: [email protected]+353 (0)1 4751487

Tá nasc domhan le fada ag pobal an Chreagáin, Thaobh an Bhogaigh agus

Thobar an Fhíoruisce leis an Ghaeilge. Ag tús an 20ú chéid, bhí 5 chraobh de Chonradh na Gaeilge i nDoire agus sSna 1940í agus 1950í, bhí níos mó ná céad ball ag Craobh Sheáin Uí Dhubhláin agus, in ainneoin na ndeacrachtaí, chuireadar an Ghaeilge chun cinn ar bheagán acmhainní seachas a ngrá don teanga, obair chrua agus díograis. Sna 1980í, léirigh tuismitheoirí an cheantair a ndílseacht don Ghaeilge trína bpáistí a chur chuig naíolanna agus uathu siúd chuig Bunscoil Cholmcille, an chéad Ghaelscoil i nDoire. I 1985, bhunaigh Craobh Cholmcille de Chonradh na Gaeilge oifig i dTeach an Choilm. Faoi dheireadh, bhog an Chraobh chuig Mórshráid Shéamais agus d’fhás ina

heagras - An Gaeláras - atá lonnaithe anois i gCultúrlann Uí Chanáin agus é

bainte le bunú Ghaelscoil Éadain Mhóir i gcomhar le gníomhaithe pobail agus tuismitheoirí ón cheantar. Anois, tá Cultúrlann Uí Chanáin tar éis an tSeanEaglais Phreispitéireach ar Mhórshráid Shéamais i

nDoire a cheannach agus pleananna ag an eagras í a úsáid mar chuid dá straitéis do cheathrú leathnaithe cultúrtha sa chathair. Tabharfaidh ceannach na hEaglaise agus an Mhansa an deis don Chultúrlann níos mó cúrsaí teanga agus ranganna sna huirlisí ceoil, céilithe agus damhsa ar an sean-nós a chur ar fáil, clár Féilte a fhorbairt, agus spás a chruthú do cheoltóirí, d’ealaíontoirí agus do Chlub Óige Setanta i nDoire.Tuilleadh eolais:www.culturlann-doire.ie

Athbheochan Dhoire

Page 9: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Feabhra 2014

9Is féidir s céalta a chur chuig [email protected]

Comhdháil na nDeiseBeidh an tríú Comhdháil na

nDéise ar siúl in Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge (ITPL) ar 7 Meitheamh 2014. Beidh an Dr. Úna Nic Éinrí agus an Dr. Liam P. Ó Murchú againn ina n-aoi-léachtóirí ag an gcomhdháil lae seo agus is é Traidisiún na Lámhscríbhinní téama na Comhdhála i mbliana; feartar fáilte roimh pháipéar a bhaineann le téama na comhdhála a thairiscint. Is comhdháil lae í seo agus mar sin tá seans ann nach

nglacfar le gach tairiscint. Tabharfar tús áite do pháipéir a bhaineann leis na Déise ach cuirfear fáilte roimh pháipéir eile chomh maith. Iarrtar ar dhaoine a bhfuil spéis acu páipéar (15-20 nóiméad) a thabhairt ag an gcomhdháil seo teideal an pháipéir agus achoimre (c.250 focal) a chur chuig [email protected] roimh 1 Márta 2014.

Tuilleadh Eolais:[email protected]

Reáchtálfar Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge 2014 in Óstán na nArd, Cill

Airne, Co. Chiarraí ón Aoine, 28 Feabhra - Dé Domhnaigh, 2 Márta 2014. Is é Cearta agus Comhionannas: Gaeilge Sa Bhaile, Gaeilge San Eoraip téama na hArd-Fheise agus cé nach n-osclófar an Ard-Fheis go hoifigiúil go dtí 8.00in oíche Aoine le fáiltiú agus seimineár ar an téama úd, tá léacht dar teideal Lios a’Phúca ar ghnéithe den dúchas Gaelach le Seámas Ó Máille eagraithe ag an gcraobh áitiúil ar 9.00in Déardaoin mar aon le cuairteanna réamh-Ardfheise maidin Aoine dóibh siúd atá ann luath. An Canónach Tomás Ó Luanaigh a bheidh ina Aoi-Chainteoir Bricfeasta ar 8.30rn maidin Shathairn agus tosóidh Gnó na hArd-Fheise ar 9.30rn, áit a mbeidh plé ar na rúin agus na toghcháin don Uachtaránacht agus don Choiste Gnó,

sula gcuirfear an tUachtarán nua-thofa i láthair um lón. Reáchtálfar comórtas peile, siúl urraithe 5 chiliméadar do Ghaelscoil Faithleann agus ceardlanna

traenála um thráthnóna. Fógrófar tús le Seachtain na Gaeilge 2014 ar 4.00in agus beidh dinnéar agus ceol ar 8.30in i ndiaidh fáiltithe speisialta le hionadaí ó Chraobh na nAirne. Beidh idir Aifreann, cheol agus shiúlóidí éagsúla ann chun críoch a chur leis an Ard-Fheis Dé Domhnaigh. Tá praghas an-mhaith

faighte ar líon áirithe seomraí do theachtaí Ard-Fheise ar mhian leo fanacht in Óstán na nArd, ach ní mór duit Conradh na Gaeilge a luaigh agus seomra á chur in áirithint agat go díreach leis an óstán.Áirithintí:+353 (0)64 6631158 [email protected]

Ard-Fheis 2014

Page 10: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Feabhra 2014

Tá Liam Rushe, an t-iománaí

iomráiteach le foireann Átha Cliath, ar cheann d’ambasadóirí Rith 2014 i mbliana! Ollrith náisiúnta timpeall na hÉireann ar son na Gaeilge is é Rith 2014, ag tosú i mBaile Bhúirne, Co. Chorcaí, ar 7 Márta 2014 agus ag críochnú 700km agus 9 lá níos déanaí le féile phobail ollmhór i mBéal Feirste ar 15 Márta 2014. Beidh Rith 2014 ar cheann de phríomhimeachtaí Sheachtain

na Gaeilge 2014 agus beidh teachtaireacht dóchais rúnda ó Uachtarán na hÉireann laistigh den bhaitín sealaíochta a bheidh ag athrú láimhe idir scoileanna agus grúpaí éagsúla thar gach ciliméadar. Is cainteoir líofa Gaeilge é Liam agus tá súil aige go

spreagfaidh Rith 2014 daoine eile i dtreo na teanga. An mbeidh tusa ag rith? Ceannaigh ciliméadar inniu!Tuilleadh eolais:www.rith.ie

10 Cuir na s céalta chugainn roimh 14 Már ta 2014

Liam Ag Rith!

Cuireann Conradh na Gaeilge fáilte roimh fhógairt an Choimisinéara Teanga

nua, Rónán Ó Domhnaill, ach tá cáineadh láidir déanta ag an eagraíocht ar an Rialtas ó dheas toisc nach bhfuil aon rud déanta fós chun na moltaí a rinne An Coimisinéir Teanga reatha a chur i bhfeidhm. Níor fhógair an Rialtas go bhfuil moltaí Uí Chuirreáin á dtógáil ar bord acu fiú, gan trácht ar ghníomhú orthu láithreach. Mura gcuireann an Rialtas na teipeanna a chur Seán Ó Cuirreáin ar shúile an phobail ina gceart, tá baol ann nach mbeidh sa Choimisinéir Teanga nua ach Coimisinéir bacach a bheidh ag streachailt leis na deacrachtaí ceannann céanna a bhí ag Ó Cuirreáin chun a chuid oibre a chur i gcrích.

Scannal atá ann go raibh ar Ombudsman ceaptha ag Uachtarán na hÉireann éirí as a phost de bharr easpa tacaíochta

ón Rialtas ar an gcéad dul síos, agus tá sé fíorthábhachtach nach bhfágfaí Ó Domhnaill gan dóthain cumhachta ná na hacmhainní cuí. Ba scannalach an scéal é freisin nach raibh oiread agus ionadaí amháin ó Fhine Gael nó ó Pháirtí an Lucht Oibre i láthair ag an gcruinniú den

Fhochoiste Oireachtais faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, tráth a raibh Seán Ó Cuirreáin ag labhairt os comhair an Choiste. Léiríonn an easpa ionadaíochta ó pháirtithe an Rialtais ar an lá an easpa spéise atá léirithe ag an Rialtas i bhfeidhmiú na Straitéise go ginearálta agus is mór an chúis bhuairimh í.

Ionadaithe in Easnamh

Page 11: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Feabhra 2014

11Is féidir s céalta a chur chuig [email protected]

AighneachtaíIs ráiteas é beartas eachtrach

na hÉireann faoin gcineál dreama atá ionainn mar Éireannaigh, agus is é an bealach é a gcuirtear meon na tíre chun tosaigh agus ina bhféachtar le leas na tíre a thabhairt i gcrích thar lear. Tá athbhreithniú á dhéanamh air agus ar an gcaidreamh coigríche i láthair na huaire, agus fáiltítear roimh mholtaí ón bpobal. Seo deis le machnamh a dhéanamh faoi na bealaí inar féidir leanúint ag freastal

do leas mhuintir na hÉireann, cion tairbhe a dhéanamh dóibh maidir le slándáil, síocháin, rachmas eacnamaíochta agus maitheas, agus an meon sin a chur chun cinn trí chaidreamh gníomhach idirnáisiúnta. Ba chóir aighneachtaí a chur chuig [email protected]/ Athbhreithniú Beartais Eachtraigh, An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, 79 -

80 Faiche Stiabhna, Baile Átha Cliath 2.Tuilleadh eolais: www.dfat.ie

Fáiltíonn Conradh na Gaeilge agus Comhaltas Uladh roimh thuairisc

Chomhairle na hEorpa a nótálann nach féidir leis an Rialtas ó thuaidh údar a thabhairt don chosc ar úsáid na Gaeilge atá i bhfeidhm sna cúirteanna, agus iarrann ar Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann aisghairm a dhéanamh ar an Acht um Riar na Córa (Teanga) (Éire) 1737 - a chuireann cosc ar úsáid teanga ar bith eile seachas an Béarla in imeachtaí cúirte - agus chun cur chun cinn na Gaeilge a chur roimh an pholaitíocht le cearta teanga agus comhionannas a thabhairt do phobal na Gaeilge ó thuaidh. Ní mór reachtaíocht a achtú chun cearta teanga lucht labhartha na Gaeilge sna Sé Chontae a chosaint mar ábhar ollphráinne. Athbhreithniú ar mhionteangacha sa Ríocht Aontaithe atá sa tuairisc, áit

a luaitear go bhfuil cosc á chur le fás na Gaeilge i dTuaisceart Éireann mar thoradh ar dhearcadh naimhdeach

i leith na teanga i Stormont agus easpa thacaíochta dá húsáid sna cúirteanna agus san oideachas. I ndiaidh moilleanna agus iarrachtaí bac a chur le hiarratais ar ainmneacha sráide dátheangacha, leagann tuairisc Chomhairle na

hEorpa béim ar an fhéidearthacht gur sáraíodh Cairt na hEorpa do Theangacha Réigiúnda nó Mionlaigh. Éilíonn an tuairisc go nglacfaí céimeanna cinnte chun tosaigh le freastal ar an fhás san éileamh ar bhunoideachas trí Ghaeilge, go ndéanfaí bearta chun aistriúchán comhuaineach a cheadú san Fheidhmeannas, agus go gcuirfí deireadh leis an chosc ar úsáid na Gaeilge sna cúirteanna ó thuaidh.

Cuir Deireadh Leis an Chosc

Page 12: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Feabhra 2014

12 Cuir na s céalta chugainn roimh 14 Már ta 2014

Is Leor BeirtNíl slua i gcónaí de dhíth le

daoine a chur ag labhairt i nGaeilge i ngach cearn den tír - is leor beirt! Tá ábhar an leathanaigh seo dírithe ar chabhrú leat ciorcal comhrá neamhfhoirmeálta a

reáchtáil i d’áit oibre féin nó i mbialann áitiúil. Cuir fáilte roimh Ghaeilgeoirí nua tríd na ceisteanna seo a leanas a ghearradh amach agus lig do gach duine ceist a roghnú nuair a éiríonn an comhrá gann.

• An Phictiúrlann

• An dtéann tú chuig an bpictiúrlann go minic?• An bhféachann tú ar scannáin ar-líne?• Cén seánra scannánaíochta is fearr leat?• Cad é an scannán is fearr leat? Cén fáth?• Cad é an scannán deireanach a chonaic tú?• Cé hé / Cé hí an stiúrthóir scannáin is ansa leat?• An mbreathnaíonn tú ar na Gradaim Oscar gach bliain?• Cén úrscéal ar mhaith leat a fheiceáil ar an scáileán mór?• Cé hé / Cé hí an t-aisteoir Éireannach is cumasaí dar leat?• Ar spreag aon scannán tú le dul ag taisteal chuig tír ar leith?• An maith leat grán rósta a ithe agus tú ag amharc ar scannán?• An dóigh leat go bhfuil Éire ina láthair mhaith le scannán a thaifead?• An dóigh leat go bhfuil costas ró-ard ag baint le freastal ar an bpictiúrlann?• An dtaitníonn ceoldrámaí leat, nó an gcuireann na hamhráin ar fad isteach ort?• An bhfuil dúil agat sna scannáin a rinneadh de dhúrúin dhúnmharaithe Agatha

Christie?

Seánraí scannánaíochta: ficsean eolaíochta; scéal grá / rómáns; scannán grinn / coiméideach; geandrámaíocht; ceoldráma; dráma seanré; sága stairiúil; scéinséir; scannán uafáis; scannán aicsin; scannán eachtraíochta; scannán fantaisíochta; scéinséir spiaireachta; scéinséir dlíthiúil; scannán beochana; scéinséir polaitíochta; dúrún dúnmharaithe; scannán mistéire.