-
Is iad príomhthéamaí an aonaid seo:- is cuid thábhachtach dár
bhféiniúlacht iad ár n-ainmneacha;- tá tionchar tábhachtach ag na
daoine is cóngaraí dúinn ar
ár bhféinmheas agus ar ár muinín;- bíonn an duine istigh ionainn
ag gníomhú agus bíonn
smaointe, aislingí agus pleananna aige nach bhfuil ar eolas ag
daoine eile; agus
- is fearr a fhoghlaimímid nuair a thuigimid an chiall ata leis
an fhéinmheas.
Forbairt Phearsanta agus Comhthuiscint: Eochairchéim 1, Bliain
4Snáithe 1: Tuiscint Phearsanta agus SláinteAonad 1: Mise, Mé
FéinAonaid Chomhlántacha: Fás agus Athrú Cairdis Tá Mé… Tá Tú… Thig
Linn…
-
Gairdín an tSeomra RangaAbair leis na páistí
bláthanna/luibheanna/torthaí agus glasraí a chur ar thalamh na
scoile. Is mór an spraoi agus an pléisiúr a bhainfidh siad as an
éispeireas seo.
Mura bhfuil rochtain agat ar thalamh na scoile, úsáid gabhdáin
phlaisteacha le bia a fhás iontu agus a thabhairt ar ais chuig an
seomra ranga.
Tabhair isteach duine fásta díograiseach ó phobal na scoile nó
ón ionad gairdín áitiúil le féidearthachtaí a mholadh do na
hacmhainní atá ar fáil duit.
Bealaí le Féinmheas a Chur Chun Cinn- Aimsigh bealaí le
d’fhéinmheas féin a chothú.- Léirigh go gcuireann tú luach ar gach
uile pháiste ar
bhonn cothrom trí na focail agus an chomharthaíocht choirp a
úsáideann tú.
- Bí cothrom.- Cuir béim ar na dea-phointí a bhaineann le gach
aon
duine agus bí discréideach agus íogair maidir leis na pointí
nach bhfuil chomh maith sin.
- Fan suaimhneach socair agus tú i ngleic le deacrachtaí.- Úsáid
teanga achainíoch.- Spreag na páistí le ráitis a thosaíonn le, “Ní
thig liom ...” a
athrú go ráitis níos dearfaí a thosaíonn le, “Níor fhoghlaim mé
... go fóill.”
Taighde GníomhachDea-iompar a MholadhMoltar dea-iompar mar a
mholtar obair mhaith acadúil trí na frásaí seo a leanas a rá:
- Is maith liom an dóigh a …
- Thug mé faoi deara cad é mar a …
- Tá tú ag tosú a …- Tá tú iontach maith ag …- Chuir tú cuid
mhór le …- D’oibrigh an fhoireann
s’agatsa go maith cionn is go ndearna tusa …
- Tá do scileanna éisteachta níos fearr agus anois …
Tugann taighde a dhéantar ar mhionscála sa seomra ranga deis
duit cleachtas sa seomra ranga a scrúdú agus machnamh a dhéanamh
air ar bhealach córasach eagraithe. Cuireann sé ar fáil sonraí a
d’imreodh tionchar ar athrú.
- fadhb nó rud éigin ar mhaith leat é a fheabhsú a shainaithint.
(Ní mór é a bheith spéisiúil nó tábhachtach duit.)
- Dírigh d’fhócas isteach ar cheist shimplí.
- Sainaithnigh moladh ar léigh tú faoi nó ar chuala tú faoi ag
cúrsa ar a raibh tú.
- Sainaithnigh plean gníomhaíochta agus tabhair isteach é ar
bhealach córasach.
- Tabhair daoine eile isteach le bheith páirteach más féidir
leat le cros-seiceáil nó le breathnaithe a dhéanamh.
-
Iad féin agus a mbuanna pearsanta:- fiosraíonn siad cé hiad
féin;- aithníonn siad na rudaí is féidir leo a dhéanamh;-
sainaithníonn siad na rudaí is fearr leo;- aithníonn siad cad é a
dhéanann speisialta iad; agus- faigheann siad spreagadh le meon
dearfach a fhorbairt ar an fhoghlaim.
Ag tógáil ar an Bhonnchéim
Ag obair ag Eochairchéim 1
Féinmheas agusFéinmhuinín:- mothaíonn siad dearfach iontu féin
agus forbraíonn siad tuiscint ar a
bhféinmheas agus ar a bhféinmhuinín;- éiríonn siad eolach ar a
gcuid láidreachtaí, ábaltachtaí, tréithe, éachtaí,
roghanna pearsanta agus cuspóirí; agus- aithníonn siad go
ndéanann gach duine meancóga, agus gur féidir go
dteipeann ar iarrachtaí uaireanta agus go mbíonn torthaí
meallacacha leo ach gur cuid den fhoghlaim é seo atá nádúrtha agus
ina chuidiú.
Ag dul i dtreo Eochairchéim 2
Féinmheas, Féinmhuinín agus an dóigha bhforbraíonn siad mar
dhaoine aonair:- forbraíonn siad féinfheasacht agus féinmheas;-
sainaithníonn siad na láidreachtaí agus na laigí ata acu faoi
láthair;- forbraíonn siad léirthuiscint ar a n-acmhainneacht agus
ar a n-ábaltachtaí; agus- déanann siad straitéisí foghlama
éifeachtacha foghlama a shainaithint agus a
chleachtadh.
Tá mé ag glacadh le freagracht asam féin.Is eol dom sloinne mo
theaghlaigh.Thig liom a mhíniú cad chuige a sílim go gcuireann
duine fásta speisialta luach orm.Thig liom labhairt ar rudaí atá
tábhachtach dom.Thig liom foinsí éagsúla eolais faoi shloinne mo
theaghlaigh a aithint, a aimsiú agus a roghnú.Tá mé ag tosú a
thuiscint cad iad na roghanna atá agam faoin fhoghlaim.Thig liom a
insint duit cad iad na dóigheanna a bhfuil feabhsú déanta agam.Tá
mé ag forbairt feasachta agus measa ar mholtaí faoi cad é mar a
thiocfadh liom mo chuid oibre a fheabhsú.Thig liom cur síos a
dhéanamh ar cad é mar a dhéanaim iarracht mo chuid cuspóirí a
bhaint amach.Tá mé ag éirí níos fearr ag déanamh iarrachta cuspóirí
an ranga a leanúint.Bainim sult as bheith ag obair le daoine eile
agus i m’aonar chomh maith.Thig liom a insint duit cad iad na rudaí
a bhfuil mé maith acu.Thig liom a mhíniú duit cad iad mo chuspóirí
pearsanta agus cad chuige ar roghnaigh mé iad.Thig liom a mhíniú do
na daoine atá tábhachtach dom cad é mar ba mhaith liom go n-athródh
siad.
-
38
Eochairchéim 1, Bliain 4 Snáithe 1: Tuiscint Phearsanta agus
Sláinte Mise, Mé Féin
Athbhreithniú/Machnamh/Amharc SiarCeisteanna le cur le plé a
spreagadh:
- Cad é atá foghlamtha againn go dtí seo?- Cad é atá ar eolas
againn anois nach raibh
ar eolas againn ag an tús?- Cad é air a bhfuil tuiscint againn
anois nach
raibh tuiscint againn air ag an tús?- Cad é a bhí ann a chuidigh
linn foghlaim?- Cad iad na dóigheanna is fearr a
bhfoghlaimímid? (Bheith ag obair leis an rang ar fad/bheith ag
obair i ngrúpaí/bheith ag obair i mbeirteanna/bheith ag obair inár
n-aonar?)
- Cad iad na scileanna pearsanta is fearr atá againn? (Bheith ag
éisteacht/ag cur rudaí de ghlanmheabhair/ag breacadh nótaí/ag cur
smaointe i gcomparáid le smaointe daoine eile/ag breathnú?)
An uathúlacht a aithint agus luach a chur ar bhuanna agus ar
ábaltachtaí pearsanta.
Cuspóir foghlama:
Nuair atá páistí rannpháirteach sa phróiseas athbhreithnithe
tosaíonn siad a thuiscint cad é mar is féidir cur go cuiditheach
lena gcuid foghlama agus tosaíonn siad a dhearcadh orthu féin mar
rannpháirtithe gníomhacha sa phróiseas.
2
-
3
Cinneadh ar cad é a chaithfear a dhéanamh i ngrúpa agus
freagracht a ghlacadh as gnéithe éagsúla den obair;
Léiriú gur féidir foghlaim ó ghníomhaíochtaí roinnte agus
múnlaithe;
Iompar agus teanga a chur in oiriúint do shuímh éagsúla;
Cothrom na Féinne a thabhairt do dhaoine eile; agus
Mothúcháin agus smaointe daoine eile a aithint agus meas a
léiriú orthu.
FéinbhainistiúCinntiú go bhfuil siad a gcuspóirí á ngnóthú i
gcrích trí labhairt faoin rud atá siad a fhoghlaim , faoin obair a
rinneadh agus faoi ghné éigin arbh fhéidir í a fheabhsú;
Dul siar ar a gcuid oibre de nós le beachtas agus cruinneas na
hoibre a chinntiú;
Cloí le tascanna go gcuirfear críoch chuí leo, le spreagadh ón
mhúinteoir;
Cuidiú a iarraidh ar dhaoine eile;
Oibriú i dtreo cuspóirí pearsanta a d’aimsigh an múinteoir;
agus
Cur lena bhfeasacht ar na rudaí a mbaineann siad sult astu, na
rudaí a thugann deacrachtaí dóibh, a gcuid láidreachtaí agus laigí
pearsanta.
Bainistiú eolaisCeisteanna níos dírithe a chur faoin tasc; an
cuspóir agus cad é ba chóir a dhéanamh a shoiléiriú;
Comhchosúlachtaí a aithint le tascanna a rinneadh roimhe;
Úsáid a bhaint as gcuid smaointe féin agus smaointe daoine eile
le foinsí éagsúla eolais a aithint, a aimsiú agus a roghnú;
Spriocanna a chur lena gcuid oibre, codanna níos lú a dhéanamh
de thascanna agus na chéad chéimeanna a phleanáil;
Fáisnéis a chlárú i bhformáidí éagsúla; agus
Tosú ar spriocghrúpa agus cuspóir a aithint sa chumarsáid.
Smaointeoireacht, fadhbréiteach agus cinnteoireachtTuiscint a
léiriú trína gcumas eagraíochta agus athchoimrithe;
Eolas a sheicheamhú, a chur in ord agus a réimniú de réir mar is
cuí;
Cosúlachtaí agus éagsúlachtaí a aithint trí rudai a chur i
gcomparáid agus a nascadh;
Tosú ar thuartha a thástáil agus fianaise a chuardach;
Cinntí a dhéanamh agus roghanna a sholáthar;
Réitigh fhéideartha ar fhadhbanna a mholadh;
Bheith córasach agus oibriú trí na céimeanna i dtascanna;
Modhanna agus barúlacha a mhíniú, agus an fáth atá le roghanna
agus gníomhartha a mhíniú; agus
An difear a aithint idir na ceisteanna; cad chuige, cad é, cá
háit agus cad é mar.
Bheith cruthaitheachFiosracht a léiriú agus tús á chur le
tascanna agus dúshláin úra;
Taithí a bheith acu ar na céadfaí uilig a úsáid;
Éisteacht le smaointe agus eispéiris agus iad a roinnt;
A oiread smaointe agus is féidir a ghiniúint trí bheith ag
tógáil agus ag comhcheangal smaointe;
Am a ghlacadh agus samhlaíocht a úsáid, sult a bhaint as an rud
nach bhfuil súil leis, an rud neamhghnách agus iontach; agus
Fíorchúrsaí an tsaoil a thástáil agus a fhiosrú.
Ag obair le daoine eileTuilleadh cleachtaithe a fháil ar an
fhoghlaim i gcomhpháirt;
Dul i dtaithi ar an tsealaíocht, roinnt agus chomhoibriú agus
iad ag obair ina ngrúpaí nó ina bhfoirne;
-
Na hEalaíona
Méadaíonn féinmheas agus muinín nuair a chaithimid am le duine
speisialta agus nuair a dhéantar taifead ar ár smaointe agus nuair
a éistear leo agus nuair a chuirtear luach orthu
Cuid thábhachtach dár
bhféiniúlacht is iad ainmneacha
agus tá siad le ceiliúradh
An mise taobh istigh ionam a aithint tríd an
scríbhneoireacht
Teanga agus Litearthacht
4
-
Gníomhaíocht 1Ainmneacha a cheiliúradh Tuiscint ar an tábhacht a
bhaineann lenár sloinnte teaghlaigh mar chuid dár
bhféiniúlacht.
Gníomhaíocht 2Mé féin agus duine fásta speisialta Ceiliúradh ar
an tábhacht a bhaineann le daoine speisialta a bheith againn inár
saol, daoine a chaitheann am linn agus a shíleann a mhór dínn.
Gníomhaíocht 3Dánta fúm féinAithint gurbh fhéidir nach ionann an
dóigh a bhfeiceann daoine sinn agus an dóigh a bhfuilimid istigh
ionainn féin.
Gníomhaíocht 4Cothromaíocht a bhaint amachBéim a chur ar an
tionchar is féidir a bheith ag múinteoirí ar ár bhféinmheas agus ár
muinín ón dóigh a bhfreagraíonn siad dár scileanna agus dár mbuanna
neamhacadúla.
5
-
CRITÉIR RATHA MHOLTA
Beannóimid do dhaoine lena n-ainm.Ceiliúrfaimid ár sloinnte
teaghlaigh.Foghlaimeoimid níos mó faoina chéile.
CROÍ-CHOINCHEAP
Nuair a mhothaímid go gcuirtear luach orainn agus nuair atáimid
ag obair i dtimpeallacht ina bhfuil cothroime, forbraímid muinín le
sult a bhaint as dúshláin úra, le tráchtaireacht chriticiúil a
bhfuil bonn léi, agus le bheith ag obair go maith le daoine eile.
Dóigh amháin a mothaíonn daoine go bhfuil luach orthu is ea a
n-ainm féin a úsáid agus éisteacht lena dtuairimí.
GNÉITHE LE SONRÚÓ tharla go bpléann an ghníomhaíocht foghlama
seo le sloinnte teaghlaigh, molaimid duit an Litir chuig
Tuismitheoir(í)/Cúramóir(í) a chur abhaile sula dtosaítear ar na
ceachtanna.
Má tá páistí ar bith i do rang atá ar altramas nó atá uchtaithe,
is fiú smaoineamh ar bhualadh leis an/na
tuismitheoir(í)/cúramóir(í) ar dtús leis na gníomhaíochtaí a bheidh
tú a dhéanamh a mhíniú agus le bheith ag obair le chéile ar an
dóigh is fearr do gach tuismitheoir/cúramóir le cuidiú lena
bpáiste.
Thig le gach duine na gníomhaíochtaí seo a dhéanamh ach is
féidir go mbeidh mínithe éagsúla de dhíth de réir cúinsí faoi
leith. Seachnaítear na ceisteanna seo nó déantar neamhaird díobh ar
uaire ach, nuair a láimhseáiltear go mothálach iad, ní gá go
mothóidh páistí atá ar altramas nó atá uchtaithe go bhfuil siad
fágtha amach.
Bí aireach gurbh fhéidir nach n-úsáideann páistí áirithe sloinne
a n-athar agus nach n-úsáideann páistí eile an sloinne atá ar a
dteastas breithe. Is é atá sa ghníomhaíocht seo ná an sloinne a
úsáideann an páiste a cheiliúradh, agus is féidir é a mhíniú trí
rud éigin cosúil lena leanas a rá, ‘Is é do shloinne teaghlaigh ná
an t-ainm a úsáideann tú i ndiaidh do chéad ainm. Mar shampla, is é
m’ainmse ná (ainm agus sloinne). Úsáideann cuid agaibh sloinne
d’athar, cuid agaibh sloinne do mháthar, agus cuid agaibh sloinne
eile. Níl mé ag iarraidh a fháil amach cad é an chúis nó cad chuige
a bhfuil do shloinne teaghlaigh agat. Tá mé ag iarraidh go mbeidh a
fhios agat go bhfuil an t-ainm a úsáideann tú speisialta duitse,
agus is cuid díot féin é.’
DE DHÍTH- Litir chuig Tuismitheoir(í)/Cúramóir(í) (Áis A)-
Sloinnte Teaghlaigh (Áis B)- Réimse ábhar ealaíne agus deartha
amhail seacainí, gealra, lása, cleití, pinn dhaite, pastail agus
páipéar
LE DÉANAMH- Tá Mé Anseo!- Ag Fáil Níos Mó Eolais Fút- Sloinnte
Teaghlaigh- Féiniúlacht
6
-
Tá Mé Anseo!
Tabhair píosa páip
éir a bhfuil cruth tíle
air do
na páistí agus iarr o
rthu dearadh a chr
uthú
don ainm is rogha
leo. Lig dóibh bheith
in ann
réimse leathan me
án agus ábhar a ús
áid lena
ndearadh a mhaisi
ú. Abair leo é a lann
ú nuair a
bheidh sé críochna
ithe.
Cuir gabhdán ar fá
il mar is féidir na
hainmneacha a chu
r ag deireadh an la
e agus
spás inar féidir leo
a n-ainmneacha a
chur (balla
ainmneacha a thóg
áil, b’fhéidir) ag tús g
ach lae.
Triail na patrúin éag
súla tíleanna is féidi
r leo a
dhéanamh agus an
balla á thógáil acu
.
Déan míreanna mearaí críochnaithe as píosaí lannaithe cárta agus
greamaigh é de bhalla. Abair leis na páistí dearadh a chruthú faoi
choinne a n-ainm ar phíosa cárta a rachaidh isteach sna míreanna
mearaí. De réir mar a thagann na páistí isteach gach maidin, abair
leo a n-ainm a thógáil as gabhdán agus é a chur sna míreanna
mearaí. Is féidir míreanna mearaí fóirsteanach a fháil ar
leathanach 35 de Primary Values (faoi choinne tagairt iomlán féach
na háiseanna molta san aonad seo.)
Abair leis na páistí grianghraif dhigiteacha a ghlacadh dá
chéile agus iad a chur timpeall an tseomra. Ansin abair leis na
páistí ainmchárta a dhearadh agus a dhéanamh
le cur faoi gach grianghraf. Agus na páistí ag teacht isteach
gach maidin, abair leo a n-ainm a thógáil as gabhdán agus a chur
faoina ngrianghraf.Bíod
h liosta ainmneach
a priontáilte amach
le colún faoi choinne
gach lá den tseach
tain.
Abair leis na páistí s
íniú isteach gach m
aidin.
7
Lean ar aghaidh le gníomhaíochtaí a bhaineann le féinchlárú i do
scoil trí cheann ar bith de na moltaí seo a leanas a úsáid:
-
D’fhéadfadh sé bheith úsáideach do pháistí a n-ainmneacha a
bheith acu faoi dhearaí éagsúla. Chomh maith leis na moltaí thuas,
abair leis na páistí suaitheantas beag a dhearadh lena n-ainm air
agus biorán dúnta ar an chúl ionas go dtig leo é a cheangal lena
ngeansaithe.Má dhéantar na moltaí thuas:- beidh na páistí in ann
freagracht a ghlacadh
as féinchlárú;- feiceann na páistí iad féin mar chuid de
ghrúpa;- feiceann múinteoirí agus páistí go gasta cé atá
as láthair;- tráchtann múinteoirí agus páistí ar dhaoine atá
as láthair agus beidh a fhios acu mura bhfuil siad ar scoil go
gcronóidh an rang iad agus go mbeidh siad ag smaoineamh orthu;
agus
- cuirfidh na páistí na hainmneacha ar a ndeascanna nuair a
bhíonn múinteoirí ionaid nó aoichainteoirí leis an rang.
Ag Fáil Níos Mó Eolais Fút
Roinn na páistí agus daoine fásta ar bith atá sa seomra ranga in
dhá ghrúpa ar cóimhéid - Grúpa 1 agus Grúpa 2. Iarr ar ghrúpa 1
seasamh i gciorcal ag amharc isteach. Iarr ar Ghrúpa 2 seasamh i
gciorcal taobh istigh de chiorcal Grúpa 1 ionas go bhfuil gach
duine acu ag amharc ar dhuine ó Ghrúpa 1. Iarr ar gach duine “Dia
duit a (ainm an duine os a gcomhair amach)” a rá. Má tá páistí ó
thíortha eile i do rang, mol do gach beirt beannú dá chéile i
dteanga bhaile an duine lena bhfuil siad ag caint.
Abair le gach duine go bhfuil tú ag iarraidh go labhróidh gach
beirt ar rud éigin ar bhain siad sult mór as a bheith á dhéanamh ar
scoil le linn na seachtaine a chuaigh thart. Beidh dhá bhomaite acu
le labhairt ar an rud ar bhain siad sult as. Mínigh dóibh go mbeidh
tú ag ardú do láimhe má tá tú ag iarraidh a n-airde, seachas bheith
ag glaoch amach thar thorann na ndaoine ag caint. Nuair a fheicfidh
siad do lámh san aer caithfidh siad a rá lena bpáirtí agus
caithfidh an bheirt acu stad de bheith ag caint láithreach. De réir
a chéile stopfaidh gach duine sa seomra. I ndiaidh tuairim is
bomaite, ardaigh do lámh. Nuair atá gach duine ciúin, gabh
leithscéal as briseadh isteach agus abair go bhfuil tú ag iarraidh
a sheiceáil go raibh seans ag an dara duine labhairt. I ndiaidh
tuairim is bomaite eile ardaigh do lámh arís agus iarr ar gach
duine ‘Go raibh maith agat a (ainm) a rá.’
8
-
Sloinnte Teaghlaigh
Abair leis na páistí réimse áiseanna traidisiúnta agus
digiteacha a úsáid le taighde a dhéanamh ar eolas faoina sloinne
teaghlaigh. Tá an suíomh idirlín seo a leanas úsáideach
www.searchforancestors.com
Cuir Áis B: Sloinnte Teaghlaigh abhaile mar ghníomhaíocht
foghlama bhaile. Spreag na páistí le fiafraí de thuismitheoirí,
garthuismitheoirí, deartháireacha agus deirfiúracha, col ceathracha
agus gaolta eile cad é atá ar eolas acu faoina sloinne teaghlaigh.
Iarr ar na páistí a fháil amach faoi shloinne a máthar roimh
phósadh di, agus faoi aon sloinne eile a chuireann lena
bhféiniúlacht.
Tabhair stiall fhada chaol páipéir do gach páiste agus cuir
réimse leathan ábhar deartha agus ealaíne ar fáil dóibh. Iarr orthu
a sloinne teaghlaigh a scríobh ar an phíosa páipéir agus na
litreacha faoi leith a mhaisiú. Thíos faoi iarr orthu abairt nó dhó
a scríobh le cur síos achomair a thabhairt ar ar fhoghlaim siad
faoina sloinne teaghlaigh, mar aon le scéalta nó grianghraif ar
bith is mian leo a chur ann. Úsáid cárta le taispeáint dóibh an
dóigh lena sloinne a fhrámú agus lena mhaisiú le siombailí a
sheasann do rudaí a mbaineann baill an teaghlaigh sult as bheith a
dhéanamh, ina n-aonar agus le chéile. De rogha air sin, abair leis
na páistí an meirge ar Áis B a mhaisiú: Sloinnte Teaghlaigh.
Tabhair práta, líomóid, banana, práta milis nó toradh nó glasra
fóirsteanach eile (mar shampla, tabhair práta do gach páiste). Iarr
orthu é a scrúdú go cúramach ar feadh cúpla bomaite agus sonrú a
chur in aon mharc, cnapán, smál nó comharthaí aitheantais ar bith
eile. Mínigh go mbeidh tú ag bailiú na dtorthaí/nglasraí i gceann
cú-pla bomaite, agus ansin go n-iar-rfaidh tú ar gach páiste a
cheann féin a phiocadh amach as carn.
Cuir na torthaí/glasraí go léir i lár an tseomra agus déan
cinnte de go bhfuil siad measctha go maith. Ansin lig do na páistí
teacht chun cinn ina nduine agus ina nduine agus a gceann féin a
phiocadh amach. Mura bhfuil páiste éigin cinnte, iarr air/uirthi
seasamh ar leataobh agus am a ghlacadh le seiceáil. Beidh an chuid
is mó de na páistí in ann a dtoradh/nglasra féin a aithint. Mínigh
dóibh, cé gurb as an teaghlach céanna torthaí nó glasraí iad, go
bhfuil gach uile cheann acu éagsúil. Cé go roinnimid sloinne
teaghlaigh, is daoine éagsúla ionainn féin sinn fosta.
Féiniúlacht
9
Iarr ar na daoine i nGrúpa 1 (an ciorcal taobh amuigh) bogadh
dhá áit ar chlé. Iarr ar gach péire nua ‘Dia duit a (ainm)’ a rá
agus labhairt mar a rinneadh roimhe. De réir mar a théann an
ghníomhaíocht ar aghaidh, thig leat:- an t-ábhar a phléann gach
beirt a athrú;- líon na n-áiteanna a bhogann
an ciorcal amuigh a athrú; agus/nó
- ceol a úsáid le cur in iúl cá huair a chaithfidh beirteanna
labhairt, stad de bheith ag labhairt agus bogadh ar aghaidh chuig
páirtí nua.
Seo a leanas moltaí faoi choinne ábhar cainte:- rudaí a
thaitníonn liom faoi
m’ainm;- rudaí nach dtaitníonn liom faoi
m’ainm;- duine ar bhreá liom bualadh
leis/léi;- dá mbeinn in ann rud ar bith
ar domhan a roghnú, ba mhaith liom bheith i mo ...;
- dá dtiocfadh liom rud nua amháin a fhoghlaim, d’fhoghlaimeoinn
...; agus
- dá dtiocfadh liom dul áit ar bith ar domhan, rachainn ...;
-
CROÍ-CHOINCHEAP
Is ó na daoine thart orainn agus lena gcaithimid an chuid is mó
den am a fhorbraímid ár bhféinmheas. Uaireanta bíonn sé deacair
dúinn a insint do dhaoine eile faoi cé chomh buíoch is atáimid as a
ndéanann siad dúinn. I gcaidreamh comhshásúil ar bith méadaíonn ár
bhféinmheas agus ár muinín nuair a chluinimid faoi chomh buíoch is
atá daoine eile as a ndéanaimid.
GNÉITHE LE SONRÚSa ghníomhaíocht seo cruthaíonn na páistí
leabhrán. Tá teimpléad agus treoracha faoi choinne an leabhar a
dhéanamh san áireamh in Áis C: An Leabhrán S’Agam, Mé Féin agus
Mo... Déan leabhrán faoi leith do gach páiste sula dtosaítear ar an
ghníomhaíocht seo.
Is féidir an chuid is mó den ghníomhaíocht seo a chur i gcrích
mar ghníomhaíocht foghlama bhaile.
Má tá Gníomhaíocht foghlama 1: Ainmneacha a Cheiliúradh an
aonaid seo críochnaithe agaibh, beidh na páistí in ann dlúthchara
níos sine nó ball teaghlaigh a ainmniú ar mhian leo é/í a
cheiliúradh trí leabhrán ar gach a ndéanann siad le chéile a
chruthú.
I gcásanna áirithe d’fhéadfadh sé nach bhfuil baill teaghlaigh
ina gcónaí cóngarach nó d’fhéadfadh siad bheith ina gcónaí i dtír
eile fiú. Dá bhrí sin d’fhéadfadh sé gur mhaith le páistí áirithe
leabhrán a chruthú faoi chara
níos sine, mar shampla cúramóir, oibrí sóisialta, comharsana nó
duine sa phobal áitiúil. D’fhéadfá féin fiú a bheith ann, nó ball
eile d’fhoireann na scoile.
DE DHÍTH- An Leabhrán S’Agam, Mé Féin
agus Mo... (Áis C)- Réimse ábhar ealaíne agus
deartha amhail seacainí, gealra, lása, cleití, pinn dhaite,
pastail agus páipéar
LE DÉANAMH- Mé Féin agus Duine Fásta
Speisialta- An Clúdach- Leathanaigh 1 agus 2- Leathanaigh 3 agus
4- Leathanaigh 5 agus 6- Leathanaigh 7 agus 8- Leathanaigh 9 agus
10- Ciorcal Ceiliúrtha
CRITÉIR RATHA MHOLTA
Roghnóimid duine atá tábhachtach dúinn agus cruthóimid leabhrán
faoin duine seo.Aithneoimid na rudaí a thaitníonn linn nuair
atáimid leis an duine a roghnaigh muid mar dhuine speisialta
againn.Foghlaimeoimid an dóigh le rá le duine go bhfuil siad
speisialta dúinn.
10
-
Mé Féin agus Duine Fásta Speisialta
Mínigh do na páistí go bhfuil siad ag dul a cheiliúradh duine a
mbaineann siad sult mór as am a chaitheamh ina c(h)uideachta. Is é
ba chóir bheith i gceist ná:- duine níos sine;- duine a thugann
aire dóibh ó am go ham;- duine a léiríonn spéis iontu;- duine a
bhfuil sé sultmhar bheith ina c(h)uideachta;
agus- duine nach tuismitheoir leo é/í.
Tabhair am do na páistí le socrú cé a bheidh acu mar dhuine
fásta speisialta agus cad chuige a bhfuil siad speisialta.
An ClúdachCuir Áis C: An Leabhrán S’Agam, Mé Féin agus Mo... in
oiriúint do riachtanais do ranga agus tabhair cóip do gach páiste.
Iarr orthu tús a chur lena leabhrán lena leanas; ‘Seo leabhar faoi
mo ...................... agus mise.’ Ansin abair leo seo a
scríobh; ‘Le .............’ agus ‘Dáta .......’ Abair leo go
n-iarrfaidh tú orthu an clúdach a mhaisiú nuair a bheas an leabhrán
críochnaithe acu agus é a thabhairt don duine fásta speisialta acu
nuair a bheidh ceiliúradh ranga ann.
Leathanaigh 1 agus 2Abair leis na páistí tiontú go leathanaigh 1
agus 2 in Áis C: An Leabhrán S’Agam, Mé Féin agus Mo ....... Abair
leo an chéad leathanach a úsáid le heolas faoin duine speisialta a
thaifeadadh agus an dara leathanach a úsáid le eolas fúthu féin a
thaifeadadh.Sa spás i ndiaidh Mo ar leathanach 1, abair leis na
páistí a scríobh cad é an caidreamh atá acu leis an duine a
roghnaigh siad. Mar shampla, d’fhéadfadh siad duine acu seo a
leanas a scríobh; cara, Mamó, Daideo, Aintín nó gaol eile. Mínigh
dóibh go dtiocfadh le daoine níos sine bheith leochaileach faoina
n-aois agus gurbh fhéidir nár mhaith leo ach ‘os cionn 21’ a bheith
scríofa maidir lena n-aois.
11
-
Leathanaigh 3 agus 4Abair leis na páistí tiontú go leathanaigh 3
agus 4 in Áis C: An Leabhrán S’Agam, Mé Féin agus Mo.... Sna
leathanaigh seo tarraingeoidh na páistí agus an duine a roghnaigh
siad pictiúr dá chéile sna boscaí. Ansin úsáidfidh siad na boscaí
le dhá rud is maith leo a dhéanamh le chéile a thaifeadadh. Cuir in
iúl do na páistí gur féidir leo siombailí, líníocht, grianghraf nó
focail a úsáid le cur síos ar na gníomhaíochtaí. Thiocfadh leis na
páistí na leathanaigh a mhaisiú le greamáin nó lena ndearaí
féin.
Leathanaigh 5 agus 6Abair leis na páistí tiontú go leathanaigh 5
agus 6 in Áis C: An Leabhrán S’Agam, Mé Féin agus Mo.... Abair leo
iarraidh ar an duine fásta speisialta an liosta de rudaí is maith
leis/léi a dhéanamh leo a scríobh ar leathanach 5. Ansin iarr ar na
páistí leathanach 6 a dhéanamh, agus na sonraí ar an dá leathanach
a úsáid leis na gníomhaíochtaí deiridh ag bun leathanach 5 agus
leathanach 6 a dhéanamh. Ba chóir dóibh na leathanaigh a mhaisiú le
greamáin nó le líníochtaí beaga de na gníomhaíochtaí sa liosta.
Leathanaigh 7 agus 8Abair leis na páistí tiontú go leathanaigh 7
agus 8 in Áis C: An Leabhrán S’Agam, Mé Féin agus Mo.... Abair leo
agallamh a chur ar an duine a roghnaigh siad leis na ceisteanna atá
molta ar leathanach 7. Ansin caithfidh siad iarraidh ar an duine a
roghnaigh siad agallamh a chur orthusan leis na ceisteanna ar
leathanach 8.
Leathanaigh 9 agus 10Abair leis na páistí tiontú go leathanaigh
9 agus 10 in Áis C: An Leabhrán S’Agam, Mé Féin agus Mo ... Ansin
iarr orthu bualadh leis an duine a roghnaigh siad. Thig leo na
codanna ábhartha de leathanaigh 9 agus 10 a chomhlánú le chéile nó
ina n-aonar. Iarr ar gach páiste litir a scríobh chuig an duine a
roghnaigh sé/sí. Má fhiafraíonn siad cad é a scríobhfaidh siad faoi
thig leat a mholadh go scríobhfaidh siad rud éigin atá deacair
dóibh a rá leis an duine os ard, ach is cóir buíochas a bheith le
mothú tríd an litir. Ar deireadh, iarr orthu clúdach a leabhráin a
mhaisiú.
12
-
Ciorcal Ceiliúrtha
Nuair a bheidh a leabhair críochnaithe ag na páistí cuir iad i
gciorcal. Iarr orthu a leabhair a chur i láthair a chéile, ag rá cé
dó a bhfuil siad scríofa agus cad chuige. Iarr ar gach duine a
machnamh a dhéanamh ar a bhfuil foghlamtha acu ó na gníomhaíochtaí.
Úsáid na ceisteanna seo a leanas le plé a spreagadh nó cuir in
oiriúint iad de réir mar is gá:- Cad é mar a mhothaigh tú nuair a
bhí tú ag
déanamh do leabhair?- An raibh sé níos fusa é a dhéanamh leis an
duine a
roghnaigh tú nó sibh beirt in bhur n-aonar?- An raibh mothúcháin
éagsúla agaibh nuair a bhí
sibh ag obair le chéile?- Cad é a d’fhoghlaim tú faoin duine a
roghnaigh tú
nach raibh a fhios agat roimhe?- Cad é a d’fhoghlaim tú fút
féin?- Cad é mar a mhothóidh tú nuair a thabharfas tú do
leabhar don duine speisialta a roghnaigh tú?- Cad é mar a
d’fhéadfadh sé seo cuidiú leat labhairt
leo siúd atá iontach tábhachtach duit?
Obair Shínte
Smaoinigh ar thionól speisialta a eagrú.
Iarr ar na
daoine go léir a roghnaíodh agus abair
leis na
páistí a leabhráin a bhronnadh orthu.
13
-
CROÍ-CHOINCHEAP
Nuair atá ardmheas againn orainn féin táimid muiníneach agus
pléimid go maith le daoine eile. Dearcaimid ar theipeanna agus ar
mheancóga go réadúil tomhaiste agus ní chuirimid ‘aghaidh fidil’
orainn féin. Tá sé níos fusa bheith mar atáimid go fíor.
GNÉITHE LE SONRÚNascann na dánta a úsáidtear sa chuid seo leis
an obair a bhaineann leis an inchinn in Aonad Oráiste 3: Is ionann
Fás agus Athrú: Gníomhaíocht foghlama 2: Lárionad stiúrtha.
DE DHÍTH- An Duine Istigh Ionam Féin
(Áis D)- Mise? Is Duine Aonair Mé! (Áis E)- Réimse leathan ábhar
colláise
amhail cineálacha éagsúla éadaigh le huigeachtaí difriúla,
seacainí (scaoilte agus nasctha i slabhraí) cleití, cnaipí, páipéar
de dhathanna éagsúla, uigeachtaí agus cineálacha (páipéar stiallta
san áireamh).
LE DÉANAMH- An Duine Istigh Ionam Féin- Mise? Is Duine Aonair
Mé!- Síleann Siadsan Ach Ba Mhaith
Liomsa
An Duine Istigh Ionam Féin
CRITÉIR RATHA MHOLTA
Táimid muiníneach agus pléimid go maith le daoine
eile.Dearcaimid ar theipeanna agus ar mheancóga go réadúil
tomhaiste.
Agus na páistí ina suí i gciorcal, léigh Áis D: An Duine Istigh
Ionam Féin. Abair leis na páistí go dtig leo a súile a dhruidim más
mian leo ionas go mbeidh siad in ann díriú go maith ar a bhfuil á
rá ag an fhile. Ansin iarr orthu:
- a insint duitse aon fhocail nó frásaí a úsáidtear faoin ‘duine
istigh ionam féin’, mar shampla, ar leith, taobh istigh ionam, agus
feiceann sé na rudaí a fheicim; agus
- déan liosta de na focail a dhéanann an ‘duine istigh ionam
féin’ (briathra/gníomhartha) mar shampla, cónaíonn, smaoiníonn,
déanann brionglóidí, déanann pleananna, agus lonraíonn.
14
-
15
Scríobh na focail seo ar an chlár.
Mínigh gur gnáthrud é go mbíonn na heispéiris seo ag daoine agus
go mbíonn smaointe, aislingí, pleananna agus mothúcháin inmheánacha
ag gach duine uaireanta. Abair leis na páistí smaoineamh ar
smaointe inmheánacha nó rúnda ar bith atá acu agus ar mhaith leo
iad a roinnt le gach duine sa chiorcal, ag aithint nach mbeidh siad
inmheánach ná rúnda níos mó a luaithe is a roinnfear iad. De rogha
air sin, fiafraigh, ‘Cén sórt smaointe inmheánacha a d’fhéadfadh
bheith ag duine?’ Cuir an cheist seo arís ach luaigh aislingí,
pleananna agus mothúcháin. Cuir béim ar an difear idir brionglóidí
a bhíonn ann agus duine ina chodladh agus aislingí faoinar mhaith
leo tarlú amach anseo. Iarr ar na páistí smaoineamh ar cad é mar a
d’fhéadfadh na scileanna atá siad a fhoghlaim cuidiú leo a
n-aislingí a fhíorú.
Iarr ar gach páiste trí fhocal a scríobh síos ar mhaith leo go
samhlódh daoine eile leo, mar shampla ionraic, maith agus/nó
cineálta. Ansin iarr samplaí d’fhocail arbh fhéidir iad a úsáid le
cur síos ar an duine a dhéanann an ‘rud ceart’. D’fhéadfá bheith ag
dréim le focail amhail smaointeach, grámhar, cineálta nó iontaofa.
Scríobh na focail
seo ar an chlár. Ansin, iarr ar na páistí na trí fhocal a
scríobh siad a insint duit. Cuir a bhfocail i gcomparáid leis na
focail a chuireann síos ar dhuine a dhéanann an ‘rud ceart’. Spreag
na páistí le tuiscint go dtig leo féin an ‘rud ceart’ a dhéanamh
fosta.
Iarr ar na páistí ábhair ealaíne agus deartha a úsáid lena
léiriú cad é mar is léir do dhaoine eile iad agus/nó iad féin mar
atá siad go fíor istigh iontu féin. Mar shampla, d’fhéadfá iarraidh
ar na páistí ceann amhain de na rudaí seo thíos a dhearadh agus a
chruthú:- dhá aghaidh chré;- dhá aghaidh papier- mâché;- dhá
aghaidh (tarraingthe ar dhá
phíosa cárta nó plátaí páipéir agus greamaithe le chéile le
cipín líreacáin idir an dá smig ionas gur féidir an dá aghaidh a
thiontú ó cheann go céile);
- masc leis an duine istigh ionam féin a léiriú (masc a
chlúdaíonn an aghaidh iomlán nó go díreach na súile); nó
- hata.
Os a choinne sin, thiocfadh leis na páistí foirm ealaíne eile a
úsáid, mar shampla ceol lena léiriú cad é mar is léir do dhaoine
eile iad agus/nó mar atá siad go fíor istigh iontu féin.
Glacfaidh an ghníomhaíocht seo roinnt ama le pleanáil agus le
cur i gcrích, mar sin cuir ar leataobh an líon cuí de cheachtanna
le cur chuige smaointeach a chinntiú. Iarr ar gach duine an rud a
chruthaigh siad a roinnt leis an chuid eile den rang agus agus a
mhíniú cad chuige a bhfuil sé déanta mar atá. Lig do dhaoine eile
ceisteanna a chur.
-
Mise? Is Duine Aonair Mé!
Cuir na páistí i gciorcal agus léigh Áis E: Mise? Is Duine
Aonair Mé! os ard cúpla uair. Fiafraigh de na páistí ar mhaith leo
a súile a dhruidim ionas go mbeidh siad in ann díriú go maith ar a
bhfuil á rá ag an fhile. Úsáid an deis a thugann an dán le calóga
sneachta, ribí féir, duilleoga nó bláthanna den chineál chéanna a
scrúdú faoi mhicreascóp.
Má tá Gníomhaíocht foghlama 1: Ainmneacha a cheiliúradh den
aonad seo déanta agat, cuir an ghníomhaíocht a rinneadh le torthaí
nó glasraí agus a bhain le féiniúlacht i gcuimhne do na páistí.
Léiríonn an ghníomhaíocht seo nach ionann bheith comhchosúil agus
comhionann agus go mbíonn roinnt difear idir gach aon duine, fiú
cúpla, tríríní agus ceathrairíní atá comhionann.
Cuir na páistí i mbeirteanna. Abair leo go mbeidh siad ag
scríobh dáin fúthu féin sa ghníomhaíocht seo. Ar dtús iarr orthu
trí fhocal a scríobh a chuireann síos ar a bpáirtí. Ansin iarr
orthu trí fhocal a scríobh a chuireann síos ar ghnéithe fisiceacha
an ‘duine taobh istigh’ iontu (fuil agus orgáin). Ansin, iarr ar
gach duine trí fhocal a scríobh le cur síos ar an ‘duine taobh
istigh’ ina n-inchinn, mar shampla a smaointe, aislingí, pleananna
agus mothúcháin. Ar deireadh, iarr ar gach duine a (h)ainm a
scríobh agus faoi sin ar thrí líne ar leith na focail seo a leanas
a scríobh:- na trí fhocal a d’úsáid a bpáirtí le
cur síos orthu:- na trí fhocal a chuireann síos ar an
‘duine taobh istigh’ iontu féin; agus- na trí fhocal a chuireann
síos ar
smaointe, aislingí, pleananna agus mothúcháin an ‘duine taobh
istigh’ iontu féin.
Ansin iarr ar na páistí a ndán a léamh agus an líne dheireanach
a scríobh lena chríochnú.
Abair leis na páistí réimse leathan meán agus ábhar a úsáid leis
na rudaí seo a leanas a chruthú/léiriú:- cuach bláthanna (gach
ceann
déanta ag ball den rang);- calóga sneachta (ceann
amháin do gach ball den rang);- duilleoga (ceann amháin do
gach ball den rang); agus/nó- páistí an domhain.
16
-
Síleann Siadsan ach Ba Mhaith Liomsa
Obair Shínte
Abair leis na páistí a ndánta a thabhairt abhaile leo le roinnt
leis na gaolta/cairde atá i gceist. Níl a fhios acu dáiríre cad é a
shíleann na daoine seo go dtí go bhfiafróidh siad díobh. Tugann seo
deis le míthuairim ar bith a phlé nó le míniú cad é mar ba mhaith
leo cúinsí a athrú, ag méadú mar sin ar an chomhthuiscint agus ar
an fhorbairt phearsanta. Más cuí, iarr orthu a ndán a athscríobh
lena gcomhrá a léiriú.
17
Iarr ar na páistí dán dar teideal, Síleann siadsan ach ba mhaith
liomsa a scríobh. Cuir i gcuimhne dóibh faoin phlé go léir faoin
Duine Istigh Ionam Féin agus Mise? Is Duine Aonair Mé! Iarr orthu
liosta daoine a mholadh atá páirteach ina saol. Agus aischothú á
ghlacadh agat, liostaigh na moltaí ar an chlár. D’fhéadfá bheith ag
dúil le focail amhail Mamaí, Daidí, Mamó/Móraí, Daideo, deartháir,
deirfiúr, múinteoir, príomhoide, traenálaí snámha nó ceannaire
gasóg. Iarr ar gach páiste cúigear duine éagsúil atá páirteach ina
saol agus sna himeachtaí a mbíonn siad ag baint leo. Mol dóibh an
dán a struchtúrú trí scríobh ar dtús faoi cad é a shíleann gach
duine de na daoine a roghnaigh siad fúthu, agus ina dhiaidh sin,
faoi cad é ba mhaith leo go sílfeadh siad fúthu. Mar shampla:-
Síleann mo dheirfiúr bheag gur mise a cara speisialta agus gur
chóir
dom mo chuid ama a chaitheamh ag súgradh léi, ach ba mhaith
liomsa go ...
- Síleann mo Mhamaí ... ach ba mhaith liomsa go ...
Nuair a bheidh na páistí réidh lena ndánta a scríobh iarr orthu
iad a léamh amach os ard don chuid eile den rang. Cuir iad ar
taispeáint sa seomra ranga.
-
CROÍ-CHOINCHEAPNuair atá an bhéim sa saol ar an rath acadúil,
thig le páistí fás aníos ag creidiúint gurb é an rathúlacht is
tábhachtaí sa saol. Cuidigh leo a thuiscint go gcuirtear luach
orthu mar dhaoine de réir mar a chaitheann siad a saol.
GNÉITHE LE SONRÚMar a chomhairlíonn Denis Lawrence, údar
Enhancing Self-Esteem In The Classroom (1996), ní hé an teip rath a
bhaint amach is cúis le féinmheas lag, ach an dóigh a nglacann
daoine tábhachtacha i saol an pháiste leis an teip.
Ciallaíonn sé seo go bhfuil na teachtaireachtaí briathartha agus
neamhbhriathartha a thugaimid do pháistí tábhachtach ní amháin do
mhothúcháin an pháiste faoi/fúithi féin ach do na dóigheanna a
nglacann páistí eile leis an pháiste sin chomh maith.
I nGníomhaíochtaí foghlama an aonaid seo, spreagaimid páistí le
ceisteanna a chur, saincheisteanna a iniúchadh
agus naisc a dhéanamh idir a bhfuil á fhoghlaim acu agus a saol
a chaitheann siad gach lá. Ceist thábhachtach le smaoineamh uirthi
is ea, ‘An bhfuil a fhios acu go gcuirimid luach orthu mar dhaoine
aonair agus de réir mar atá siad go fíor?’
DE DHÍTH- Dialanna nó cóipleabhair fhoghlama
LE DÉANAMH- Am Caite go Maith- Cad é Atá a Fhios Agat Faoi do
Pháistí?- Páistí a Spreagadh Leis an Stiúir a
Ghlacadh
Am Caite go Maith
Tá sé tábhachtach go bhfuil a fhios ag na páistí agus go
dtuigeann siad gur mór leat iad agus go gcuireann tú luach orthu
mar dhaoine aonair.Thig leat seo a chur in iúl trí:
CRITÉIR RATHA MHOLTA Labhróimid ar rudaí atá tábhachtach
dúinn.Pléifimid na dóigheanna ar féidir linn freagracht a ghlacadh
as ár gcuid foghlama taobh istigh agus taobh amuigh den seomra
ranga.
18
-
Cad é Atá ar Eolas Agat Faoi do Pháistí?Cé chomh maith is atá an
aithne atá agat ar na páistí i do rang?Déan machnamh ar na
ceisteanna seo a leanas:- Cad iad na caithimh aimsire atá acu?- Cad
iad na cineálacha leabhar/alt is mian leo a
léamh?- Cad é mar a mheasann siad iad féin?- Cad é a fheiceann
páistí faoi leith mar éachtaí
s’acu?- Cad is dóigh leo a chuireann siad leis an rang?- Cé
chomh maith is a mheascann siad le páistí
eile i ngrúpaí/sa chlós/roimh agus i ndiaidh am scoile?
- Cad é an dóigh is fearr leo am a chaitheamh ar scoil?
- Cad é an rud is lú orthu sa lá scoile?- Cad iad na fadhbanna,
más ann dóibh, a láimh-
seálann siad taobh amuigh den scoil?- Cén spóirt/imeachtaí
iarscoile a bhfuil siad
páirteach iontu?- Cad is eol duit faoina gcultúr?- An féidir
leat cúpla focal a rá ina dteanga?- Cad is eol faoin chineál tí
agus faoin mhórchean-
tar áitiúil ina gcónaíonn siad?- Cad iad na hábhair dóchais agus
eagla atá acu?
- nóta ar leith a scríobh chuig gach duine i rang na bliana seo
chugainn ag rá go bhfuil tú Ag Dúil le Tú a Bheith i Mo Rang;
- nótaí buíochais a scríobh as bronntanais agus bia a
fhaightear;
- cártaí a scríobh chuig páistí a bhíonn tinn ar feadh níos mó
ná seachtain;
- cuairt a thabhairt ar bhaile an pháiste nuair a fhaigheann
duine cóngarach dó/di bás;
- fáilte agus beannú pearsanta a thabhairt do gach páiste agus
iad ag teacht isteach sa rang ar maidin;
- a rá le daoine faoi leith, ‘thug mé faoi deara a ndóigh a
ndearna tú ...’ ag deireadh gach lae (déan amhlaidh le gach páiste
sa tseachtain chéanna);
- fiosrú ciúin a dhéanamh nuair is eol duit go bhfuil ábhar
buairimh ag páiste;
- focal ciúin comhghairdis a rá nuair is eol duit gur fhéach
páiste go crua le deacracht a shárú; agus
- nóta comhghairdis a chur chuig tuismitheoir(í)/cúramóir(í) ag
trácht ar ghníomh cineálta.
Páistí a Spreagadh Leisan Stiúir a GhlacadhSpreag na páistí le
luach a chur orthu féin mar dhaoine fiúntacha, lena mbuanna agus a
n-ábaltachtaí a aithint agus le dul i ngleic leis an phróiseas
foghlama. Cuideoidh sé seo leo luachanna agus dearcadh dearfacha a
fhorbairt i leith na foghlama. Nuair atá cothroime idir cuspóirí
sóisialta agus acadúla tosóidh siad a chur luacha ar an dá chineál
seo mar rudaí a chuireann lena bhforbairt foghlama.
Lig do na páistí bheith páirteach in aithint a gcuspóirí.
Tosóidh siad a dhearcadh orthu féin mar dhaoine a bhfuil smacht acu
ar a gcuid foghlama. Ag tús na seachtaine scoile, roinn leis an
rang na cuspóirí don tseachtain atá le teacht. Ansin iarr ar na
páistí a rá cad iad a gcuspóirí pearsanta féin. Tugann seo tuiscint
ar cad é is cuspóir dóibh ina gcuid oibre. Cuir na moltaí seo a
leanas in oiriúint do na páistí le taifeadadh ina ndialanna nó ina
gcóipleabhair fhoghlama.
19
-
Seachtain dar tús:
Cuspóirí foghlama don rang:1. Neamhchuraclam
2. Curaclam
Cuspóirí foghlama pearsanta dom féin:1. Neamhchuraclam
2. Curaclam
20
-
Measúnú ar an tseachtain:
An tseachtain seo d’fhoghlaim mé ...
An méid a chuir mise le cuspóir neamhchuraclaim an ranga:
An méid a chuir mise le cuspóir curaclaim an ranga:
Rinne mé seo gan chuidiú; ...
Bhain mé sult mór as ...
Ar scoil ghlac mé freagracht as ...
Tá mé go fóill ag obair go crua ar ...
Is mian liom seo a rá faoi mo chuspóirí pearsanta ...
Chomhoibrigh mé le ...
Chomhoibrigh mé nuair ...
21
-
Forbairt Phearsanta agus Comhthuiscint Aonad Dearg
Litir chuig Tuismitheoir(í) /Cúramóir(í)
22
-
Dáta
A Thuismitheoir(í)/Chúramóir(í)
Táimid ag cur tús leis an chlár Maireachtáil.Foghlaim.Le Chéile.
ar scoil. Is cuid den réimse foghlama Forbairt Phearsanta agus
Comhthuiscint sa churaclam é an clár seo. Is í aidhm an aonaid seo
ná cuidiú le do pháiste féinmheas, féinaithne agus féinmhuinín a
fhorbairt. Beidh cruinniú againn sa scoil le cur síos a dhéanamh ar
na gníomhaíochtaí éagsúla a bheidh ar siúl againn agus beidh faill
agat ceisteanna a chur nó buaireamh ar bith a phlé.
Bheadh sé ina chuidiú mór dá labhrófá le do pháiste faoi dhá
cheann de na gníomhaíochtaí a bheidh ar siúl againn ar scoil. Sa
chéad ghníomhaíocht beimid ag amharc ar shloinnte teaghlaigh. Tá a
fhios againn go bhfuil páistí ann a úsáideann sloinne an athar,
páistí a úsáideann sloinne na máthar agus go bhfuil roinnt páistí
ann nach n-úsáideann an sloinne atá ar a dteastas breithe. Baineann
an ghníomhaíocht seo le sloinne an pháiste a cheiliúradh. Níor
mhaith linn fios a bheith againn cad chuige a n-úsáideann do
pháiste a rogha sloinne. Níor mhaith linn ach go mbeidh a fhios ag
bhur bpáistí go bhfuil an t-ainm a úsáideann siad an-tábhachtach
agus gur cuid an-speisialta dóibh féin mar dhaoine é an t-ainm
s’acu. Sa dara gníomhaíocht, roghnóidh gach páiste duine nach
tuismitheoir s’acu féin é ach duine atá tábhachtach dóibh mar
gheall ar an am a chaitheann siad le do pháiste agus an tsuim a
léiríonn siad ann/inti. D’fhéadfadh sé gur seantuismitheoir,
comharsa nó cara níos sine a bheadh ann. Nuair a labhraíonn do
pháiste leat faoin ghníomhaíocht seo, cuidigh leis/léi duine
fóirsteanach a aimsiú agus am a shocrú le bualadh leis an duine sin
leis na gníomhaíochtaí éagsúla a chomhlánú.
Pléifimid agus scríobhfaimd dánta faoin dóigh a mothaímid inár
gcroí istigh agus le deireadh a chur leis, aimseoimid dóigheanna le
bheith freagrach as ár gcuid foghlama féin trí na spriocanna
pearsanta atá againn féin a leagan síos.
Beidh teagmháil rialta agam leat maidir leis na gnéithe éagsúla
den fhoghlaim seo.Tá cóip de na háiseanna atá in úsáid ar fáil más
mian leat breathnú orthu. Má bhíonn ceisteanna ar bith agat, ná
bíodh aon mhoill ort teagmháil a dhéanamh liom.
Le gach dea-ghuí
Múinteoir Ranga
Cuir isteach lógó nó ceann litreach na scoile
23
Date
Dear Parent(s)/Carer(s)
We are beginning our Living.Learning.Together. programme in
school. This programme is part of the Personal Development and
Mutual Understanding area of learning in the curriculum. The focus
in this unit is on helping your child develop self-esteem,
self-awareness and confidence. We will be having a meeting in
school to explain the type of activities we will be doing and this
will give you an opportunity to ask questions or to voice any
concerns.
It would be very helpful if you could talk to your child about
two activities that we will be exploring in school. In the first
activity, we will look at family names. We know that some children
use their father’s name, some use their mother’s name and some do
not use the name that is on their birth certificate. This activity
is about celebrating the name the child uses. We do not want to
know how or why your child uses the name he/she does. We just want
your children to know that the name they use is special to them and
it is part of what makes them the person they are. In the second
activity, each child will choose someone who is not their parent
but who is special to them because of the time and interest they
give to your child. This person could be a grandparent, neighbour
or older friend. When your child tells you about this activity,
please help her/him to identify a suitable person and to arrange
for them to meet to complete the various activities.
We will go on to discuss and write poems about how we really
feel inside and we will finish by finding ways to take some
responsibility for our own learning by setting our own personal
goals. It would be helpful if you could support your child by
asking to see their goals for the week and talking to them about
how they are getting along and moving towards their goals.
I will keep in touch with you about the various aspects of this
learning. A copy of the materials being used is available in
school. Please feel free to contact me at any time to discuss the
materials or to talk to me about any concerns you may have.
Best wishes
Class Teacher
Insert school logo or letter head
-
Forbairt Phearsanta agus Comhthuiscint Aonad Dearg
Sloinnte TeaghlaighLabhair le do pháiste faoi shloinnte
teaghlaigh a bhfuil baint acu leis an sloinne a úsáideann do
pháiste. Mar shampla, b’fhéidir gurb é Ó Néill an sloinne a
úsáideann do pháiste féin ach go bhfuil baint aige/aici le sloinnte
eile mar Mac Suibhne, Ó Muirí, Mac Cana, de Faoite mar gheall ar
bhaill eile teaghlaigh. D’fhéadfá an bhaint seo idir sloinnte a
mhíniú do do pháiste trí chrann teaghlaigh a tharraingt nó trí
chomhrá a bheith agaibh.
24
-
Má tá teacht agat ar an idirlíon, d’fhéadfá suímh mar
www.searchforancestors.com a chuardach lena fhiosrú cá has ar
tháinig an sloinne agus an chiall atá leis. Chomh maith leis sin,
tá an t-eolas céanna le fáil i leabhair sa leabharlann.
Nuair atá comhrá déanta agaibh faoi shloinne teaghlaigh do
pháiste, cuidigh leis/léi an bhratach thíos a líonadh, maisigh í
agus cuir isteach dhá phíosa eolais.
25
-
Forbairt Phearsanta agus Comhthuiscint Aonad Dearg
An LeabhránS’Agam,Mé Féin agus Mo …
Treoracha leis an leabhrán a dhéanamh Ar dtús, priontáil na
leathanaigh don chlúdach cúil agus tosaigh. Ar chúl an leathanaigh
seo, priontáil na leathanaigh 1 agus 10. Cuir ar chlár cothrom iad
leis an chlúdach cúil agus tosaigh béal fúthu agus fill ar an líne
chothrománach a dhéanann leathanaigh 1 agus 10 a dheighilt.
Ansin priontáil na leathanaigh do 9 agus 2. Ar chúl an
leathanaigh seo, priontáil leathanaigh 3 agus 8. Cuir ar chlár
cothrom iad le leathanaigh 9 agus 2 béal fúthu agus fill ar an líne
chothrománach a dhéanann leathanaigh 3 agus 8 a dheighilt.
Ansin priontáil leathanaigh 7 agus 4. Ar chúl an leathanaigh
seo, priontáil leathanaigh 5 agus 6. Cuir ar chlár cothrom iad le
leathanaigh 7 agus 4 béal fúthu agus fill ar an líne chothrománach
a dhéanann leathanaigh 5 agus 6 a dheighilt.
Cuir na leathanaigh le chéile mar a leanas:- Cuir an clúdach
cúil agus tosaigh béal fúthu ar chlár cothrom (leathanaigh 1 agus
10 aghaidh in airde)- Cuir leathanaigh 9 agus 2 béal fúthu (ba
chóir leathanaigh 3 agus 8 a bheith aghaidh in airde) ar bharr. -
Cuir leathanaigh 4 agus 7 béal fúthu ar bharr an charnáin (ba chóir
leathanaigh 5 agus 6 a bheith aghaidh in airde).- Staplaigh an
leabhrán le chéile ar an líne chothrománach a dhéanann leathanaigh
5 agus 6 a dheighilt.- Fill na leathanigh uilig leis an leabhrán a
dhéanamh.
Tá do leabhrán réidh!
26
-
Clúdach tosaighClúdach cúil
27
-
an t-ainm atá ar
mo
Cónaíonn sé/sí ag
Tá sé/sí bliain d’aois.
Tá breithlá s’aige/s’aici ar
Seo cur síos ar an chuma atá air/uirthi:
Duine speisialta atá i mo
mar:
Rudaí a dhéanaim do
Cluichí a imrímid istigh:
Trí mhian atá agam do
28
-
Rudaí a dhéanann dom:
Cluichí a imrímid amuigh:
Trí mhian atá ag dom:
an t-ainm atá orm.
Cónaím ag
Tá mé bliain d’aois.
Tá mo bhreithlá ar
Seo cur síos ar an chuma atá orm:
Is duine speisialta mé mar:
29
-
Seo pictiúr a tharraing mé de
Seo mar is fearr linn am a chaitheamh le chéile:
Sular bhuail mé leat inniu bhí mé
Rugadh mé i
Tá mé ag fás aníos i
Is í an bhunscoil a bhfuil
mé ag freastal uirthi.
Nuair a fhásaim aníos ba mhaith liom bheith i mo
Is é an rud is
tábhachtaí ar an domhan dom.
Is é an rud is fearr liom fúm féin ná:
30
-
Cad é a bhí ar bun agat sular bhuail mé leat inniu?
Cá háit ar rugadh thú?
Cá háit ar fhás tú aníos?
Cad é an tslí bheatha a bhí tú ag iarraidh a bheith agat agus tú
ar scoil?
Is é an rud is
tábhachtaí ar an domhan dom.
Is é an rud is fearr liom fúm féin ná:
Cén bhunscoil a raibh tú ag freastal uirthi?
Seo pictiúr a tharraing díom féin:
Seo dóigh eile a gcaithimid am le chéile:
31
-
Seo na rudaí a roghnaigh an bheirt againn:
Seo liosta de na rudaí is maith le a dhéanamh liom:
Agus na rudaí seo fosta:
Seo é an liosta s’agamsa de na rudaí is maith liom a dhéanamh
le
32
-
33
-
Forbairt Phearsanta agus Comhthuiscint Aonad Dearg
An Duine Istigh Ionam Féin
34
-
Tá rud ar leith ar eolas agamsa nach bhfuil ag duine ar bith
eile…..
Tá duine a chónaíonn taobh istigh ionam!In amanna, cónaíonn sé i
mo cheann.Nó i mo chroí. Nó sa dá áit!
Smaoiníonn an duine taobh istigh ionam na smaointe s’agam.
Tugann sé orm rudaí a phleanáil agus a dhéanamh…
Feiceann sé gach a bhfeicim féin, bíonn na brionglóidí céanna
againn…
Agus mothaíonn sé mo chuid mothúchán fosta!Nuair a dhéanaim na
cinntí cearta, lonraíonn an duine taobh istigh ionam.
Mar go bhfuil rud ar leith ar eolas agamsa nach bhfuil ag duine
ar bith
eile…Is Mise an duine taobh istigh ionam féin!An duine ar leith
a roghnaím dom féin!Ciara Mahon
35
-
Forbairt Phearsanta agus Comhthuiscint Aonad Dearg
Mise?Is Duine Aonair Mé!
36
-
Mise? Is Duine Mé!
Tá na milliúin bláth agus d
uilleog sa domhan
ach ní hionann beirt ar b
ith acu.
Calóga sneachta agus m
éarloirg…speisialta agus
éagsúil araon.
Agus tá na milliúin páiste
sa domhan ach níl
duine ar bith eile ann atá
díreach cosúil
LIOMSA.Is duine ar le
ith mé, an dtuigeann tú?
Is duine mé,
Mise, mé féin
Is duine iontach mé
Speisialta, éagsúil, ar leith
,
Ealaíonta agus aoibhinn
An bhfeiceann tú….Mise?
Is duine mé! Agus tá sin
go breá.
Ciara Mahon
37
-
38
-
39
-
Curtis, J.L. I’m Gonna Like Me (2003 HarperCollins) 978
0002005364
Dorfman, C. I Knew You Could! (2003 Grosset and Dunlap) 978
0448427788
McNamara, M. How Many Seeds In A Pumpkin? (2007 Random House
Children’s Books) 978 0375840142
Parr, T. I Like Being Me (2006 L,B Kids) 978 0316057141
Richmond, M. Hooray For You! (2003 Marianne Richmond Studios
Inc) 978 0974146539
Weiner, M.Bakur and Neimark, J. I Want Your Moo!: A Story For
Children About Self Esteem (1994 Magination Press) 978
0945354659
Cocca-Leffler, M. Jack’s Talents (2007 Farrar, Straus and
Giroux) 978 0374336813
Whybrow, I. Bella Gets her Skates On (2007 Macmillan Children’s
Books) 978 1405089261
Dubner, S. The Boy With Two Belly Buttons (2007 HarperCollins)
978 0061134029
Krauss R. The Carrot Seed (1989 HarperCollins) 978
0064432108
Lalli, J. I Like Being Me (1997 Free Spirit Publishing) 978
1575420257
Baumont, K. I Like Myself (2004 Harcourt Children’s Books)
0152020136
Hoog, M.E. Your Song (2007 Growing Fields Books) 978
0977039128
Myers, C. Wings (2000 Scholastic Press) 978 0590033
Payne, L.M. Just Because I Am (1994 Free Spirit Publishing) 978
0915793600
Jones, J.L. Princess Poppy: A True Princess (2007 Young Corgi)
978 0552555944
Schwarz, V. Timothy and The Strong Pyjamas (2007 Alison Green
Books) 978 0439944403
Ross, T. Lazy Jack (2002 Andersen Press) 978 1842701665
Wilson, J. Mr Cool (2004 Kingfisher Books Ltd) 978
0753410363
Robertson, M.P. The Egg (2001 Frances Lincoln Publishers) 978
0711215252
Bedard, M. Sitting Ducks (2001 Putnam Juvenile) 978
0698118973
Griffiths, N. Shaun the Shy Shark (2008 Red Robin Books) 978
1905434206
Interactive Sarah and the Whammi (2008 CCEA) Available from
www.nicurriculum.org.uk Follow links from Personal Development and
Mutual Understanding
You can access the full Sarah and the Whammi series on the LNI
websitehttps://learningni.net/Follow ‘video’ links
Edible Gardens in Schoolswww.ediblegardens.org.uk
Circle Time Resourceswww.circle-time.co.uk
Montgomery, A and Birthislle, U. Primary Values (2008 CCEA) 185
8853370
Weir, L. Keep Going Brenda Wise Up and Th!nk series (2007
CCEA)
Lawrence D. Enhancing Self-Esteem In The Classroom (2006 Paul
Chapman Publishing)978 1412921114
Corrie, C. Becoming Emotionally Intelligent (2003 Network
Educational Press Ltd.) 978 1855390690
Goleman, D. Emotional Intelligence(HarperCollins 1995)
CCEA and ELBs Learning Through Play at Key Stage 1 (2008
CCEA)
Sykes, R. Edible Gardens in Schools: A Growing Guide For
Teachers (2006 Southgate Publishers) 978 1857411065
Marlo Thomas and Friends DVD Free To Be... You and Me (2001)
B00005OKQT