POBAL CHRÍOST RÍ GORT A’ CHOIRCE An tAth. Seán Ó Gallchóir (074) 9135214 nó 087-2237729 12ú Eanáir 2020: Baisteadh an Tiarna Dé Domhnaigh 9.00 11.00 Dé Luain 7.00 Dé Máirt 10.00 Dé Céadaoine 7.00 Déardaoin 10.00 Dé hAoine 7.00 Dé Sathairn 11.00 7.00 http://www.raphoeparishes.com/page5/ www.parishpress.net www.mcnmedia.tv LOTTO NA PARÓISTE Joe Ó Gallchóir, Srath na Corcra. €100. 10-14-18-23 €1,650. CRUINNIÚ AIRGID Tógadh €1,700. Buíochas mór don Phobal. BINGO Achan oíche Mháirt. 8.30 i.n. Fáilte roimh achan duine. FAOISTIN: Gach Satharn 10.30 / 6.30. Gach Domhnach 8.30 / 10.30 AN PAIDRÍN : Gach Domhnach 7.00 i.n. PAIDRÍN (CHAPLET) THRÓCAIRE DÉ Gach Máirt 6.15 i.n. ADHRADH NA NAOMHSHACRAIMINTE Gach Máirt 10.20-7.00 i.n. CUMANN N. UINSIONN DE PÓL Fáilte roimh bhaill úra. Cruinniú - an Déardaoin deireannach den mhí - 7.30 i.n. Bígí fial leis an bhosca sa phoirse. Iarrataisí ar chuidiú chuig: 087 3566924. TACAÍOCHT / COMHAIRLEOIREACHT Má tá tacaíocht nó cúram de dhíth ort féin nó ar dhuine eigin ar d’eolas maidir le cosaint pháistí nó le mí-úsáid pháistí i gcás dhuine de lucht oibre na hEaglaise téigh i dteangmháil leis an Phearsa Chúraim Thréadaigh-(OLP) Margaret Northage 0862183011 Seirbhís Cosaint Pháistí Ráth Bhoth. Narcotics Anonymous Cruinniú san Ionad Tréadach, Leitir Ceanainn (Cearnóg na hArdEaglaise). Gach Sathairn 8.00 i.n. 087 4045030 NARCOTICS ANON ULADH 00447810172991 AA (Alcoholics Anonymous) Cruinnithe in Árus Bheaglaoich, An Fál Carrach. Dé Domhnaigh agus Dé Luain 8.30 087 6273596 AL ANON An bhfuil imní ort fá ólachán dhuine eigin ? Scairt ar: 018732699. [email protected] 10 r.n. – 10 i.n. Gach lá den bhliain. Siopa Chumann Naomh Uinsionn de Pól, Doirí Beaga : 087-3304681 BAISTEADH AN TIARNA St Paul 81 Salm 28 AN CHÉAD LÉACHT Sliocht as leabhar Ísáia fáidh. 42:1-4, 6-7. Seo mar a deir an Tiarna: Seo é mo shearbhónta a bhfuil mé ag seasamh leis, mo rogha a bhfuil mo chroí istigh ann. Chuir mé mo spiorad féin ann le breithiúnas ceart a thabhairt ar na náisiúin. Glaoch ná gáir ní chuireann sé as, ná ní chluintear a ghlór ar an t-sráid amuigh. Ní bhriseann sé an sifín brúite ná ní mhúchann an lasair phreabach. Bhéarfaidh sé breithiúnas ionraice; ní bheidh sé gruama ná goraigeach go mbuana sé an ceart ar talamh; nó tá na hoileáin ag tnúth lena reacht. Mise an Tiarna agus ghlaoigh mé ort chun fónamh don cheart, thug mé liom ar ghreim láimhe thú, mhúnlaigh mé thú agus thug mar bhanna do na daoine thú, agus mar sholas do na náisiúin, ionas go bhfosclófá súile na ndall agus go bhfuasclófá na príosúnaigh ó gheibheann, agus lucht an dorchadais a shaoradh ó dhaoirse. FREAGRA AN tSAILM: Beannóidh an Tiarna a phobal le síocháin. AN DARA LÉACHT Sliocht as Gníomhartha na nAspal. 10:34-38. Labhair Peadar le Coirnéilias agus a theaghlach: ‘Tchím féin anois comh fíor is atá sé nach ndéan Dia leithcheal ar aon duine, ach gur taitneamhach leis gach duine de chine ar bith a mbíonn eagla Dé air agus a ní an ceart.’ ‘Is fíor gur chuir Dia a bhriathar chuig pobal Isráél, agus is daofa a tugadh an dea-scéala trí Íosa Críost; ach tá Íosa Críost ina Thiarna ag an t-saol mhór. Is cinnte gur chuala sibh na nithe a tharla i dtír na nIúdach le gairid; gur thoisigh Íosa as Nazareth sa Ghaililí, taréis d’Eoin bheith ag fógairt an bhaiste. Rinne Dia á ungadh leis an Spiorad Naomh agus le cumhacht; agus ó bhí Diá leis, bhí sé ag dul thart ag déanamh na maitheasa agus ag leigheas na ndaoine a raibh an diabhal iontu.’ CUIMHNEACHÁIN BÁIS Bás le Gairid Pádraig Ó Briain, Mín a’ Chladaigh Caitlín Ní Bhreisleáin, An Bhealtaine *(Aifreann Dé Sathairn 18/1 @ 11.00) Sarah Nic Eachmharcaigh, Glais a’ Chú Aodh Mac Laifeartaigh, Baile na Creige Charlie O hEarcáin, Glaschú/Fána Bhuí Michael Carr, Filadelfia/An Caiseal Noel Moore, Baile Átha Cliath Sarah Ní Chuireáin, Coitín Cuimhneacháin Mary/Mánus Ó Canainn Dé Domhnaigh Mín na Craoibhe 9.00 r.n. Mícheál a’ Dálaigh Dé Domhnaigh Caiseal na gCorr 11.00 r.n. Brid Ní Mhaoilchiaráin Dé Domhnaigh 19/1 An Fál Carrach 9.00 r.n. Rosie Rodgers Dé Domhaigh 19/1 An Ardaí Bheag 11.00 r.n. Suaimhneas Síoraí dá nAnamacha Uilig AN CÓINEARTÚ Dé Domhnaigh 26ú Eanáir 2020 @ 11.00 r.n. Cleachtadh dona páistí agus cairde as Críost Dé hAoine 24/1/20 @ 8.00 Na páistí agus a dtuismitheoirí le bheith ag an Aifreann Oíche Shathairn 18ú Eanáir @ 7.00 i.n. Beidh cleachtaithe agus ullmhúcháin eile sna scoltacha agus i dTeach a’ Phobail.