Ar an Satharn 13 Meán Fómhair 2014 cuireadh dianchúrsaí Gaeilge saor in aisce ar fáil ar fud fad an Tuaiscirt le maoiniú ón Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta. I nDoire, chuir Cultúrlann Uí Chanáin Lá Mór Dianchúrsaí ar siúl le tacaíocht ó Chomhairle Cathrach Dhoire agus maoiniú ó scéim na Roinne agus d‟fhreastail 68 duine ar chúrsaí Gaeilge ag leibhéil éagsúla, ó bhunleibhéal go hardleibhéal. Bronnadh 36 fáinne ar fhoghlaimeoirí ag deireadh Lá na nDianchúrsaí: 5 fháinne óir san áireamh. Ceiliúrtar Breithlá Líofa gach Meán Fómhair agus i mbliana socraíodh go gcuirfí Lá Mór Dianchúrsaí ar fáil i gceantracha éagsúla le deis a thabhairt do dhaoine teacht ar chúrsaí Gaeilge ar chostas ar bith agus le feasacht an phobail ar an fheachtas, a bhfuil sé mar chuspóir aige daoine ó réimse cúlraí a spreagadh chun Gaeilge a fhoghlaim agus chun líofacht a bhaint amach faoin bhliain 2015 a spreagadh. Má tá suim ag aon duine clárú le feachtas Líofa 2015 is féidir gach eolas a fháil mar aon le hacmhainní foghlama ar shuíomh idirlín Líofa: www.liofa.eu áit a bhfuil eolas ar chúrsaí i do cheantar féin. Lean leat go líofacht! Ráchairt mhór ar Dhianchúrsaí Líofa i nDoire Eagrán 22 Iúil- M. Fómhair 2014 ...scáthán Nuachtlitir Ghaeilge Chomhairle Cathrach Dhoire Líofa 2015 Polasaí Gaeilge Rath ar Ghaelscoil Éadain Mhóir Comórtas Lá na dTeangacha Claisceadal Ag lorg do shinsir Oifigeach Gaeilge @foramphobal www.facebook.com/foramphobalnagaeilge Tuilleadh grianghraf i lár an eagráin seo
This document is posted to help you gain knowledge. Please leave a comment to let me know what you think about it! Share it to your friends and learn new things together.
Transcript
Ar an Satharn 13 Meán Fómhair 2014 cuireadh dianchúrsaí Gaeilge saor in aisce
ar fáil ar fud fad an Tuaiscirt le maoiniú ón Roinn Cultúir, Ealaíon agus
Fóillíochta. I nDoire, chuir Cultúrlann Uí Chanáin Lá Mór Dianchúrsaí ar siúl le
tacaíocht ó Chomhairle Cathrach Dhoire agus maoiniú ó scéim na Roinne agus
d‟fhreastail 68 duine ar chúrsaí Gaeilge ag leibhéil éagsúla, ó bhunleibhéal go
hardleibhéal. Bronnadh 36 fáinne ar fhoghlaimeoirí ag deireadh Lá na
nDianchúrsaí: 5 fháinne óir san áireamh. Ceiliúrtar Breithlá Líofa gach Meán
Fómhair agus i mbliana socraíodh go gcuirfí Lá Mór Dianchúrsaí ar fáil i
gceantracha éagsúla le deis a thabhairt do dhaoine teacht ar chúrsaí Gaeilge ar
chostas ar bith agus le feasacht an phobail ar an fheachtas, a bhfuil sé mar
chuspóir aige daoine ó réimse cúlraí a spreagadh chun Gaeilge a fhoghlaim agus
chun líofacht a bhaint amach faoin bhliain 2015 a spreagadh. Má tá suim ag aon
duine clárú le feachtas Líofa 2015 is féidir gach eolas a fháil mar aon le
hacmhainní foghlama ar shuíomh idirlín Líofa: www.liofa.eu áit a bhfuil eolas ar
chúrsaí i do cheantar féin. Lean leat go líofacht!
Treoir do dhaoine ar mhaith leo a shinsir as Doire a rianú
Ceardlanna Amhránaíochta
Cuirfear tús le Claisceadal Cois Feabhail ag Cultúrlann Uí Chanáin ag tosú ar an Luan 29 Meán Fómhair ag 7:30in.
Ní cór atá i gceist ach grúpa daoine a bhfuil spéis acu in amhránaíocht na Gaeilge agus a thagann le chéile le foghlaim faoin ghné sin dár n-oidhreacht cheoil, le eolas a chur ar na hamhráin, a gcúlra agus scéalta a bhaineann leo, agus, ar ndóigh, na hamhráin féin a fhoghlaim. Baintear úsáid as Gaeilge agus Béarla sa chomhphlé.
Tosaíonn an Claisceadal ar 7.30 p.m. maireann sé uair go leith agus £2 /€2 an táille atá ar gach seisiún.
Saorchead isteach ag mic léinn go dtí an Nollaig agus £1 / €1 an seisiún ina dhiaidh sin).
Brian Mullen le Pól Ó Frighil - Oifigeach Gaeilge agus Margaret Edwards, Oifigeach Oideachais
Déardaoin 23 Deireadh Fómhair 2014
The Irish in Scotland: The Songs of Robert Tannahill
Dr Fred Freeman, Ollscoil Dhún Éidinn
Lón 12:30, Léacht 1:00-2:00
Déardaoin 23 Samhain 2014
Divided by History, United by Music
Eibhlín Ní Dhochartaigh agus Derek Moore
Lón 12:00, Léacht 12:30-2:00
Agus deireadh ag teacht le Comhairle Cathrach Dhoire agus Comhairle
Ceantair an tSratha Báin mar atá aithne ar an dá chomhairle seo faoi láthair
agus Ollchomhairle nua le bunú i mí Aibreáin 2015, tá polasaí nua Gaeilge
dréachtaithe le freastal a dhéanamh ar phobal na Gaeilge i gceantar na
hOllchomhairle nua.
Tá an dréachtpholasaí seo bunaithe ar dheachleachtas bheartas reatha
Chomhairle Cathrach Dhoire agus cé go gcreidtear go bhfuil an beartas seo
sásúil agus muid ag dul chun tosaigh, beidh deis ag an phobal an beartas a
mhúnlú mar beidh an polasaí curtha faoi athbhreithniú bliantúil.
Cuireadh an dréachtpholasaí nua Gaeilge faoi bhráid
na gComhairleoirí de chuid na scáthchomhairle nua ag tús mhí
Mheán Fómhair agus faomhadh é ag an chruinniú sin.
Tiocfaidh an beartas nua isteach i bhfeidhm i mí Aibreáin 2015.
Polasaí nua Gaeilge do cheantar na hOllchomhairle nua
GAEILGE & FÁILTE Tá fáilte romhat do ghnó a
dhéanamh le Comhairle Cathrach Dhoire trí
Ghaeilge. Tabhair cuairt ar leathanach Gaeilge na
Comhairle Cathrach le heolas a fháil ar an liosta
seirbhísí agus le foirmeacha agus iarratais
choitianta a fháil as Gaeilge, nó bain triail as ár líne
thiomanta Ghaeilge: T: 028 71 376 579
www.derrycity.gov.uk/gaeilge
Maoiniú agus Deiseanna Lch 7
Maoiniú: Colmcille Deis do Cheoltóirí Óga
Tá scéim deontas Cholmcille oscailte d‟iarratais le haghaidh tionscadail a chuireann aidhmeanna Cholmcille chun cinn. Tá go dtí an 20ú Deireadh Fómhair ag iarratasóirí le hiarratas a chur isteach agus baineann na babhta seo le hiarratasóirí atá lonnaithe in Éirinn. Táthar ag súil leis go mbeidh babhta eile den scéim deontas oscailte in Earrach 2015. Tá gach eolas maidir leis an scéim ar fáil ar shuíomh idirlín Colmcille www.colmcille.net nó is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Forbartha: Maolcholaim Scott, Foras na Gaeilge, Teach na Gheata Thiar, Béal Feirste BT1 6ED, T: 028 90 890 983, [email protected]
Tá iarratais á lorg ag an Chomhairle Ealaíon ó Thuaidh i gcomhar le BBC Thuaisceart Éireann ó na ceoltóirí óga is fearr le cúig dheontas £5,000 a bhaint. Is féidir le hionstraimithe óga idir 18 agus 26 cur isteach agus amhránaithe idir 18-29 bliana. Ní mór d‟iarratais bheith curtha isteach fán 2ú Deireadh Fómhair 2014: www.artscouncil-ni.org/funding/scheme/young-musicians-platform-award
FÁILTE roimh thuairimí agus mholtaí ar a bhfuil sa nuachtlitir seo. Má tá
seirbhís uait i nGaeilge nach bhfuil ar fáil faoi láthair tabhair le fios dúinn.
Má tá foirm uait i nGaeilge téigh chuig www.derrycity.gov.uk/gaeilge áit a
bhfuil foirmeacha coitianta na Comhairle Cathrach ar fáil i nGaeilge. Má tá
eolas uait ar aon seirbhísí eile sa Chomhairle Chathrach déan teagmháil linn.
Má tá formáid eile den nuachtlitir ag teastáil uait, bí i dteagmháil linn.
Seachtain na Gaeilge 2015
Feachtas nua do Sheachtain na Gaeilge 2015 seolta
Tá grúpaí Gaeilge ar fud fad oileán na hÉireann ag díriú a gcuid aigne ar phleanáil fá choinne Seachtain na Gaeilge a bheas ar siúl ón 1 - 17 Márta 2015. Tá lógó nua ag Seachtain na Gaeilge chomh maith le mana nua, Bain Triail Aisti - Surprise Yourself! Leis an mhana seo, tá súil ag lucht eagrúcháin na féile go meallfaidh an feachtas foghlaimeoirí nua, daoine nár bhain úsáid as Gaeilge le fada an lá chomh maith le cainteoirí Líofa Gaeilge leis an Ghaeilge a úsáid i slite nua agus difriúla le linn na féile. Beidh foireann Sheachtain na Gaeilge sásta cruinnithe áitiúla a reáchtáil fosta: Más suim leat imeacht do Sheachtain na Gaeilge i do cheantar a fhorbairt in 2015, déan teagmháil le foireann Sheachtain na Gaeilge le cruinniú áitiúil a eagrú agus a reáchtáil i do cheantar. Ná bíodh leisce ort teagmháil a dhéanamh le Brenda [email protected] nó le Seán ag [email protected].
Fóram Phobal na Gaeilge—Doire
Tagann Fóram Phobal na Gaeilge le chéile gach ráithe faoi stiúir Chomhairle Cathrach Dhoire. Tá an fóram comhdhéanta de ghrúpaí Gaeilge, Gaelscoileanna agus Gaeilgeoirí aonair ó cheantar na Comhairle Cathrach ar suim leo theacht le chéile le cúrsaí forbartha teanga sa cheantar a phlé. Le bheith mar ball den fhóram cuir r-phost chuig an Oifigeach Gaeilge ag [email protected]