Mount St. Lawrence cemetery Mount St Lawrence cemetery is 16 acres in size. Originally, it formed part of the larger medieval parish of St Lawrence in the South Liberties of Limerick. The Parish also included a leper hospital on grounds granted by King John, which later reverted to Limerick Corporation. Some of this land was then leased by Limerick Corporation to Limerick Diocese for use as a burial ground. Tá reilig Chnocán San Labhrás 16 acra ar méid. Bhí sí ina cuid den pharóiste meánaoiseach ní ba mhó, paróiste San Labhrás, sna Líbeartaí Theas i Luimneach ó thús. Bhíodh ospidéal lobhar sa pharóiste, leis, ar thailte a bhronn Seon Rí Shasana. Ghlac Bardas Luimnigh seilbh air seo níos faide anonn. Ina dhiaidh seo, lig Bardas Luimnigh cuid den talamh seo ar léas le Paróiste Luimnigh le haghaidh reilige. Following the 1830’s cholera epidemics and the Great Famine in the 1840’s new burial grounds were needed in Limerick. Mount St Lawrence Cemetery was officially opened on 29 March 1849 in a ceremony presided over by Dr John Ryan, Bishop of Limerick. Tar éis na n-aicídí forleata calair sna 1830idí agus an Ghorta Mhóir sna 1840idí, bhí gá le reilig nua i Luimneach. Osclaíodh Reilig Chnocán San Labhrás go hoifigiúil an 29 Márta 1849 i rith searmanais a raibh an Dr John Ryan, Easpag Luimnigh, i gceannas air. Mount St Lawrence graveyard was the primary place of burial in Limerick City for all strata of society since its opening in 1849 from the wealthy and influential to those who died in the Lunatic Asylum and the workhouse. An extension to Mount St Lawrence was opened in 1960 and a new burial ground, Mount St Oliver, was opened in 1978. Ba í reilig Chnocán San Labhrás príomhreilig Chathair Luimnigh do chách sa phobal ó osclaíodh í sa bhliain 1849, idir dhaoine shaibhre, dhaoine mór le rá agus daoine a fuair bás sa Ghealtlann agus i dteach na mbocht. Osclaíodh síneadh le reilig Chnocán San Labhrás i 1960, agus osclaíodh reilig nua, Cnocán San Oilibhéar, i 1978. The burial records begin in March 1855. Few burials seem to have taken place in the early years possibly because people were reluctant to bury the deceased so far from the existing city graveyards. The Burial Register now records that over 70,000 individuals have been interred in Mount St Lawrence between 1855 and 2009. However, the actual number is believed to be much higher. Cuireadh tús le taifead na n-adhlacthaí i mí an Mhárta 1855. Tá an chuma ar an scéal nár cuireadh mórán daoine i dtús báire; b’fhéidir nach raibh daoine ag iarraidh go gcuirfí na mairbh i bhfad ó reiligí na cathrach a bhí ann cheana féin. Tugann Clár na nAdhlacthaí le fios gur cuireadh níos mó ná 70,000 duine i reilig Chnocán San Labhrás idir 1855 agus 2009. Meastar gur cuireadh i bhfad níos mó ná sin ann, áfach. The Republican Plot contains the graves of over twenty men and women who were involved in the struggle for political independence and with the republican tradition, including former Mayors of Limerick Michael O’Callaghan and George Clancy, who were both killed by British security forces on 7 March 1921. Sean South was buried in this plot in 1957 and Kate O’ Callaghan, who had been elected to the Dáil in 1922- 1923, was buried here with her husband in 1961. Tá de bhreis ar scór fear agus ban curtha i Láthair Uaighe na bPoblachtach a ghlac páirt i gcoimhlint na saoirse polaitiúla nó a raibh tuairimí poblachtacha acu, lena n-áirítear iar- Mhéaraí Luimnigh, Michael O’Callaghan agus George Clancy; mharaigh fórsaí slándála na Breataine an bheirt fhear seo an 7 Márta 1921. Cuireadh Seán South sa láthair uaighe seo i 1957, agus cuireadh Kate O’Callaghan, a toghadh don Dáil i 1922-1923, anseo i gcuideachta a fir chéile i 1961 The neo-Gothic Church c.1855 was designed as a mortuary chapel by local architects M and S Hennessy, who also designed the spire of St. John’s Cathedral. It was designed in Celtic and Gothic Revival styles with an Arts and Crafts influenced interior. Dhear na hailtirí áitiúla, M agus S Hennessy, an Séipéal Nua-Ghotach (c. 1855) mar shéipéal na marbh. Dhear an bheirt seo spuaic Ardeaglais Eoin, leis. Dearadh é de réir stíl athnuachana Ceiltí agus Gotaí. Tá tionchar na nEalaíon agus na Ceardaíochta le sonrú sa taobh istigh. The first records are that of - Ellen Sharkey aged 53, buried on the 14 March 1855, at location 90 Ra - Agnes Moore of North Strand, aged 4 years 10 months buried on 26 March 1855 at location 101 Sa - Ellen Delaney aged 1,of Wellesley Place - Ellen Mathews aged 22, of North Strand - Mary Enright aged 60, Address - Lunatic Asylum Seo a leanas siad siúd atá liostaithe sna céadtaifid: - Ellen Sharkey, 53 bliain d’aois, curtha an 14 Márta 1855 in 90 Ra - Agnes Moore ón Trá Thuaidh, 4 bliana agus 10 mí d’aois, curtha an 26 Márta 1855 in 101 Sa - Ellen Delaney, 1 bhliain d’aois ó Phlás Wellesley - Ellen Mathews, 22 bliain d’aois ón Trá Thuaidh - Mary Enright, 60 bliain d’aois, Seoladh – An Ghealtlann Reilig Chnocán San Labhrás