Léigh seo go cúramach: 1. Ná hoscail an leabhrán seo go n-iarrtar ort. 2. Is teist ilrogha é seo. 3. Thig leat obair gharbh a dhéanamh ar an leathanach breise. 4. Scríobh d’fhreagraí ar an leathanach freagraí, ná scríobh na freagraí ar an teist seo. 5. Marcáil d’fhreagra sa cholún a bhfuil an uimhir chéanna aige is atá sa cheist teiste trí líne dhubh a tharraingt tríd an litir. 6. Má dhéanann tú meancóg, scrios amach é go hiomlán agus cuir d’fhreagra nua isteach. Ná marcáil ach freagra amháin do gach ceist. 7. Bí cinnte go gcoinníonn tú d’áit ar an leathanach freagraí. 8. Oibrigh chomh cúramach agus chomh gasta agus is féidir leat. Muna dtig leat ceist a dhéanamh, ná cuir d’am amú léi ach gabh ar aghaidh chuig an chéad cheist eile. Muna bhfuil tú cinnte den fhreagra, roghnaigh an freagra a shíleann tú atá ceart. 9. Tá 60 ceist sa teist agus tá 50 bomaite agat leis an teist a dhéanamh.
17
Embed
Marcáil d’fhreagra sa cholún a bhfuil an uimhir chéanna ... · A. Cáisc B. Lá Fhéile Pádraig C. Samhradh D. Oíche Shamhna E. Nollaig Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach
This document is posted to help you gain knowledge. Please leave a comment to let me know what you think about it! Share it to your friends and learn new things together.
Transcript
0
Léigh seo go cúramach:
1. Ná hoscail an leabhrán seo go n-iarrtar ort.
2. Is teist ilrogha é seo.
3. Thig leat obair gharbh a dhéanamh ar an leathanach breise.
4. Scríobh d’fhreagraí ar an leathanach freagraí, ná scríobh na freagraí ar an teist seo.
5. Marcáil d’fhreagra sa cholún a bhfuil an uimhir chéanna aige is atá sa cheist teiste
trí líne dhubh a tharraingt tríd an litir.
6. Má dhéanann tú meancóg, scrios amach é go hiomlán agus cuir d’fhreagra nua
isteach. Ná marcáil ach freagra amháin do gach ceist.
7. Bí cinnte go gcoinníonn tú d’áit ar an leathanach freagraí.
8. Oibrigh chomh cúramach agus chomh gasta agus is féidir leat. Muna dtig leat
ceist a dhéanamh, ná cuir d’am amú léi ach gabh ar aghaidh chuig an chéad cheist
eile. Muna bhfuil tú cinnte den fhreagra, roghnaigh an freagra a shíleann tú atá
ceart.
9. Tá 60 ceist sa teist agus tá 50 bomaite agat leis an teist a dhéanamh.
1
Tá roinnt scéalta sa leabhrán seo. Tá sleachta as cineálacha éagsúla leabhar ann. Tá
súil againn go mbeidh siad suimiúil agus sultmhar agat. Beidh ceisteanna ann ar na
sleachta iad féin agus ar úsáid leabhar go ginearálta.
Agus tú ag obair tríd an leabhrán seo, bain úsáid as ‘Gluais’ agus ‘Clár’ nuair is mian
leat.
CLÁR
Lch.
Scoil na mBraithre 2
An Bhóín Dé 4
Mo Chéad Lá sa Mheánscoil 5
Litir 6
An Scadán 9
Ceisteanna Ginearálta 12
Gluais 13
Innéacs 13
2
Léigh an sliocht thíos, ansin freagair na ceisteanna ar na leathanaigh a thagann
ina dhiaidh sin. Má tá focail ar bith ann nach dtuigeann tú, b’fhéidir go bhfuil
siad sa Ghluais ar leathanach 13.
Freagair na ceisteanna thíos. (Amharc siar ar an sliocht más gá.) Ba chóir duit
an freagra is fearr a roghnú gach uair agus an litir cheart a mharcáil ar do
leathanach freagraí.
1. Cén t-ainm atá ar an scoil?
A. Gaelscoil Inis
B. Scoil na mBraithre
C. Naomh Muire
D. Coláiste na mBraithre
E. Coláiste Mhuire
2. Cén rang a bheidh ag déanamh na scrúduithe?
A. Rang 3
B. Rang 4
C. Rang 5
D. Rang 6
E. Rang 7
3. Cén lá a mbeidh an scrúdú Eolaíochta ann?
A. Dé Luain
B. Dé Máirt
C. Dé Céadaoin
D. Déardaoin
E. Dé hAoine
Scoil na mBraithre, Inis
Scrúduithe na Nollag, Rang 6
Beidh scrúduithe ann Dé Luain, Dé Máirt agus Dé Céadaoin. Beidh dhá
scrúdú ann gach lá, ceann amháin idir 10.00 agus 12.00 agus ceann eile
idir 1.00 agus 3.00.
Dé Luain beidh Gaeilge le dhéanamh ar maidin agus Mata tráthnóna.
Dé Máirt beidh Stair ann i ndiaidh Béarla.
Dé Céadaoin beidh Creideamh ann ar dtús agus ansin Eolaíocht.
Beidh na scrúduithe seo a leanas sa Halla: Mata, Béarla agus Creideamh.
Beidh na scrúduithe seo a leanas sa Leabharlann: Gaeilge, Stair agus
Eolaíocht.
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
3
4. Cén t-am a dtosóidh an scrúdú Béarla?
A. 10.00am
B. 11.00am
C. 12.00pm
D. 1.00pm
E. 2.00pm
5. Cén t-am den bhliain a bhfuil na scrúduithe seo le bheith ann?
A. Samhain
B. Nollaig
C. an Cháisc
D. an t-earrach
E. an samhradh
6. Cén áit a mbeidh an scrúdú Gaeilge ann?
A. Halla
B. Seomra Ranga
C. Oifig
D. Bialann
E. Leabharlann
7. Cad é an scrúdú deireanach a bheidh ann?
A. Mata
B. Gaeilge
C. Stair
D. Creideamh
E. Eolaíocht
8. Cá fhad a mhaireann gach scrúdú?
A. leathuair
B. uair
C. uair go leith
D. dhá uair
E. dhá uair go leith
9. Cá mhéad scrúdú atá ann gach lá?
A. 2 B. 3 C. 4 D. 5 E. 6
10. Cá mhéad scrúdú san iomlán atá ann?
A. 2 B. 3 C. 4 D. 5 E. 6
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
4
Scríobh duine míchúramach an sliocht thíos. Caithfidh tusa na meancóga a
aimsiú. Ar chuid de na línte tá meancóg amháin. Ar línte eile níl meancóg ar bith
ann. Aimsigh an grúpa focal a bhfuil an mheancóg ann agus marcáil an litir
cheart ar do leathanach freagraí. Mura bhfuil meancóg ar bith ann, marcáil N.
Ar dtús, cuardaigh meancóga litrithe.
An Bhóín Dé
11. Beireann an bhóín Dé a huibheacha ar phlanda atá clúdaithe le cuileoga glassa.
12. Briseann na huibheacha agus tagann na larbhaí amacht. Tá sé chos ag gach ceann
13. agus itheann siad na cuileoga glasa. Itheann siad agus itheann siad gabh dtí go
14. mbriseann siad tríd an chraiceann s’acu. Tá siad liathghorm anois agus tosaíonn
15. siad ag ithe arís. Crochann siad bunoscionn, is crisilidí iad anois. Sachtain ina
16. dhiaidh sin briseann siad amach, is bóíní Dé lánfhásta iad anois. Eitleán siad leo
17. chun bia a fháil, tá ocras orthu mar nír ith siad ar feadh seachtaine anuas.
18. Má dhéanann ainmhí eile iarracht an bhóín Dé a oíche, scaoileann sé leacht bhuí
19. ina shúile le rabhadh a thabhairt don chreachóir. Sa gheimhrú, faigheann sé
20. scoilt i gcrann agus téann sé a chodlú ann. Músclaíonn sé san earrach.
A B
C
D
A B C D
A
B
C D
A B C D
A B C D
A B C D
A
B
C
D
A B C
D
A
B
C D
A B C D
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
5
Anois, cuardaigh meancóga poncaíochta.
Mo Chéad Lá sa Mheánscoil
21. Bhain mé sult mór as mo chéad lá i gColáiste Chaitríona Ba mhór an cuidiú a
22. thug na múinteoirí do na páistí a bhí caillte ach Ní dheachaigh mise ar strae,
23. buíochas mór le Dia. Bhuail muid le séamas an chéad rud ar maidin. Beidh sé mar
24. mhúinteoir Gaeilge againn go dtí go mbeimid 14 bliain daois. Ina dhiaidh sin,
25. fuair muid amach cén rang ina mbeimid. Buíochas mór le dia beidh mé féin sa
26. rang céanna le mo chairde Bhí sos 10 bomaite againn agus ansin fuair muid ár
27. leabhair don bhliain. níor chreid mé cá mhéad leabhar a fuair muid don bhliain.
28. Roimh dheireadh an lae labhair mé le cailín ó Ard Mhacha. Bhí sí iontach cairdiúil
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
A B C D
A B C D
A B C D
A B C D
A B C D
A B C D
A B C D
A B C D
6
Léigh an sliocht thíos, ansin freagair na ceisteanna ar na leathanaigh a thagann
ina dhiaidh sin. Má tá focail ar bith ann nach dtuigeann tú, b’fhéidir go bhfuil
siad sa Ghluais ar leathanach 13.
1. 5 Sráid na Trá
An Baile Dubh
10/01/18
A Áine, a chara,
5. Cad é mar atá sibh uilig? Nach bhfuil sé millteanach go bhfuil na
laethanta saoire thart chéanna féin! Cén cineál Nollag a bhí agaibh? An
bhfuair tú bronntanas deas?
Ní chreidfidh tú cad é a tharla anseo! Oíche Nollag chuaigh muid a luí
thart faoin deich a chlog. Thart faoin dó dhéag chuala mé trup éigin
10. thíos staighre. Bhí mé ag déanamh gur mamaí a bhí ann (nó déanann sí
cupán tae dithe féin go minic ag an am sin). Ach an chéad rud eile
chuala mé gloine á briseadh agus ansin…ciúnas.
Bhí eagla orm gur thit sí i laige agus rith mé síos staighre. Bhí an
seomra suite faoi dhorchadas ach thiocfadh liom an crann agus cuid den
15. troscán a dhéanamh amach. Ach bhí na bronntanais uilig stróicthe agus
nuair a las mé an solas chonaic mé go raibh páipéar ina luí gach áit agus
go raibh buidéal briste.
Ansin thug mé faoi deara go raibh rud éigin ag bogadh taobh thiar den
teilifís. Bhí mo chroí i mo bhéal le heagla ach is duine cróga mé agus
20. thóg mé mo chamán agus bhuail mé é. Lig an ‘rud’ glam mhillteanach
mhillteanach as. Cé a bhí ann ach Hóbó! Tá an madadh sin ag éirí níos
measa. Faoin am seo bhí mamaí sa seomra fosta. Chuir sí Hóbó sa
chistin agus thosaigh mise ag glanadh. Bhí giota de bhosca seacláidí,
gan seacláidí ar bith fágtha ann ar ndóigh, taobh thiar den teilifís.
25. (Sea,an bronntanas a fuair tú dom.)
Go raibh míle ar scor ar bith. Deir Hóbó go raibh siad galánta! Beidh
mé ag caint leat ag deireadh na seachtaine.
Le grá,
Máire
Freagair na ceisteanna thíos. (Amharc ar an sliocht arís más gá.)
Ba chóir duit an freagra is fearr a roghnú agus an litir a mharcáil ar do
leathanach freagraí.
29. Cén t-am den bhliain a bhí ann?
A. Cáisc B. Lá Fhéile Pádraig C. Samhradh D. Oíche Shamhna E. Nollaig
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
7
30. Cad é mar a mhothaigh Máire nuair a chonaic sí rud éigin taobh thiar den teilifís?
A. Bhí díomá uirthi.
B. Bhí brón uirthi.
C. Bhí áthas uirthi.
D. Bhí eagla uirthi.
E. Bhí fearg uirthi.
31. Cad é a tharla do na seacláidí?
A. D’ith mamaí iad.
B. D’ith daidí iad.
C. D’ith Máire iad.
D. D’ith Áine iad.
E. D’ith an madadh iad.
32. Cén t-am a chuaigh Máire a luí oíche Nollag?
A. 9.00pm
B. 10.00pm
C. 11.00pm
D. 12.00am
E. 1.00am
33. Cén mhí inar scríobhadh an litir?
A. Nollaig B. Eanáir C. Feabhra D. Márta E. Samhain
34. Cé ar scríobh Máire an litir di?
A. mamaí B. daidí C. Hóbó D. Seán E. Áine
35. Cén t-am a chuala Máire an trup?
A. 9.00pm
B. 10.00pm
C. 11.00pm
D. 12.00am
E. 1.00am
36. Cad é ar bhuail Máire an madadh leis?
A. scuab
B. cos
C. bata
D. bróg
E. camán
37. Cad é an t-ainm atá ar an mhadadh?
A. Póló
B. Cócó
C. Dódó
D. Hóbó
E. Zoro
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
8
38. Cén chiall atá leis an fhrása ‘thiocfadh liom an crann agus cuid den troscán a
dhéanamh amach? (líne 14)
A. ní raibh mé ábalta rud ar bith a fheiceáil
B. bhí an crann agus an troscán bunoscionn
C. ní raibh mé ábalta an crann a thógáil den troscán
D. bhí mé ábalta an crann agus cuid den troscán a fheiceáil
E. chuir mé an crann agus cuid den troscán sa ghairdín
39. Tá an focal ‘deas’ in úsáid sa litir seo mar: (líne 7)
A. ainmfhocal
B. aidiacht
C. briathar
D. réamhfhocal
E. cónasc
40. Tá an focal ‘madadh’ in úsáid sa litir seo mar: (líne 20)
A. ainmfhocal
B. aidiacht
C. briathar
D. réamhfhocal
E. cónasc
41. Tá an focal ‘chuala’ in úsáid sa litir seo mar: (líne 12)
A. ainmfhocal
B. aidiacht
C. briathar
D. réamhfhocal
E. cónasc
42. Tá an focal ‘millteanach’ in úsáid sa litir seo mar: (líne 5)
A. ainmfhocal
B. aidiacht
C. briathar
D. réamhfhocal
E. cónasc
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
9
Léigh an sliocht thíos, ansin freagair na ceisteanna ar na leathanaigh a thagann
ina dhiaidh. Má tá focail ar bith ann nach dtuigeann tú, b’fhéidir go bhfuil siad
sa Ghluais ar leathanach 13.
AN SCADÁN (Arna chur in oiriúint ó Fisher, M. (1996) An Iascaireacht ar Chósta na hÉireann)
1. Iascaire is ea Pádraig Ó Cnáimhsí. Tá cónaí air in Ailt an Chorráin
agus tá trálaer breá nua aige. Tá na háiseanna nua-aimseartha go léir
uirthi. Sa seanam bíodh ar na hiascairí bheith cliste le teacht ar éisc.
Cuireann na scadáin, mar shampla, dath corcra ar bharr an uisce. Nuair
5. a bhí an dath corcra seo ar bharr an uisce bhí a fhios ag na hiascairí go
raibh scoil scadán in aice leo. Chomh maith leis sin, áit ar bith a bhfaca
siad ealtaí móra éan farraige bhí a fhios acu go raibh siad ar thóir na n-
éisc agus gur mhaith an áit iascaireachta an áit ina raibh siad.
Is é an fómhar an séasúr is fearr a thaitníonn le Pádraig mar is ansin a
10. bhíonn na scadáin ar chósta thiar na hÉireann. Snámhann an scadán in
aice le huachtar an uisce. Itheann sé planctón i rith an lae mar ní féidir
leis an bia seo a fheiceáil san oíche. I rith an gheimhridh is beag a
itheann sé agus is beag a fhásann sé. Sceitheann an scadán in aice leis
an chósta ag amanna éagsúla idir Meán Fómhair agus Feabhra.
Freagair na ceisteanna thíos. (Amharc siar ar an sliocht más gá.) Ba chóir duit
an freagra is fearr a roghnú gach uair agus an litir cheart a mharcáil ar do
leathanach freagraí.
43. Cé acu abairt thíos atá fíor?
A. Éiríonn an scadán mór ramhar sa gheimhreadh.
B. Is maith leis an scadán planctón.
C. Is é an samhradh an séasúr is fearr le Pádraig.
D. Feirmeoir is ea Pádraig.
E. Cuireann na scadáin dath geal ar an uisce.
44. Cad é an chiall atá le ‘ar thóir’? (líne 7)
A. ag tabhairt bia do
B. ag dul i ndiaidh
C. ag ithe
D. ag marú
E. ag snámh
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
10
45. Cad é an dath a bhíonn ar an uisce nuair a bhíonn scadáin ann?
A. buí
B. dearg
C. donn
D. corcra
E. gorm
46. Cá bhfuil Pádraig Ó Cnaimhsí ina chónaí?
A. Bun Beag
B. Loch an Iúir
C. Machaire Rabhartaigh
D. Gort an Choirce
E. Ailt an Chorrain
47. Cad é an rud a d’fhoghlaim iascairí nuair a chonaic siad ealtaí móra éan farraige?
A. go raibh míolta móra ann
B. go raibh siorcanna ann
C. go raibh éisc ann
D. go raibh ochtapais ann
E. go raibh smugairlí róin ann
48. Cén t-am den bhliain a bhíonn na scadáin ar chósta na hÉireann?
A. an t-earrach
B. an samhradh
C. an fómhar
D. an geimhreadh
E. an Nollaig
49. Cén cósta a mbíonn na scadáin ann ag an am seo den bhliain?
A. cósta thoir
B. cósta thiar
C. cósta theas
D. cósta thuaidh
E. cósta thiar thuaidh
50. Cad chuige nach n-itheann scadáin planctón san oíche?
A. mar bíonn na scadáin ina gcodladh
B. mar bíonn an planctón ina chodladh
C. mar bíonn na hiascairí ann
D. mar bíonn na héin ann
E. mar ní thig leo planctón a fheiceáil san oíche
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
11
51. Cad é an rud é ‘trálaer’? (líne 2)
A. carr
B. bus
C. traein
D. eitleán
E. bád
52. Cén chiall atá leis an fhrása ‘scoil scadán’? (líne 6)
A. grúpa scadán
B. scadáin óga
C. seanscadáin
D. scadán amháin
E. scadáin chliste
53. Cén chiall atá leis an fhrása ‘is beag a itheann sé’? (líne 12)
A. ní itheann sé cuid ar bith
B. itheann sé éisc bheaga
C. itheann sé cuid mhór
D. ní itheann sé cuid mhór
E. itheann sé planctóin bheaga
54. Cén focal thíos nach bhfuil litrithe mar is ceart?
A. an fómhar
B. an samhreadh
C. an t-earrach
D. an geimhreadh
55. Cad leis a mbaineann an sliocht seo go príomha?
A. mamaigh
B. éin
C. amfaibigh
D. éisc
E. reiptílí
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
12
Ceisteanna Ginearálta
Leis na ceisteanna seo a fhreagairt, caithfidh tú smaoineamh ar na sleachta atá
léite agat. Amharc siar, más mian leat, agus amharc ar an Innéacs agus ar an
Ghluais ar leathanach 13.
56. Cad é an t-ainm atá ar an údar a scríobh an sliocht ‘Scadáin’?
A. C. Ó Conaire
B. P. Ó Cnaimhsí
C. M. Fisher
D. S. Cadán
57. Cad é an t-ainm atá ar a leabhar óna dtagann an sliocht ‘Scadáin’?
A. Cleasanna na nIascairí
B. Ag Iascaireacht le Pádraig Ó Cnáimhsí
C. Iascaireacht mar Chaitheamh Aimsire
D. An Iascaireacht ar Chósta na hÉireann
58. Cé a scríobh an litir?
A. Bríd
B. Pól
C. Seán
D. Máire
59. Cad é an t-eolas a thugann ‘clár’ duit?
A. le cur in iúl don léitheoir cé a scríobh an leabhar
B. le cur in iúl don léitheoir cé a d’fhoilsigh an leabhar
C. le cur in iúl don léitheoir faoi na caibidle den leabhar
D. le cur in iúl don léitheoir faoi leabhair eile a scríobh an t-údar
60. Cad chuige a mbainimid úsáid as ‘innéacs’?
A. le treoir a thabhairt don léitheoir chuig codanna ar leith sa leabhar
B. le hinsint don léitheoir faoi leabhair eile a bhaineann leis an ábhar céanna
C. le focail aisteacha nó focail nua a mhíniú
D. le liosta a thabhairt de na focail dheacra sa leabhar
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
13
Gluais
crisilid an tríú céim i saolré an fhéileacáin, an chéim idir bolb
agus féileacán
glam scairt nó scread
planctón rud beo an-bheag ar fad chónaíonn in uisce