Is tionscnamh de chuid Rialtas na hÉireann é seo
Is tionscnamh de chuid Rialtas na hÉireann é seo
2
Clár Ábhair
RÉAMHFHOCAL LEIS AN TAOISEACH .......................................................................5
RÉAMHFHOCAL LEIS AN AIRE ....................................................................................6
FORBHREATHNÚ AR AN BPLEAN GNÍOMHAÍOCHTA ...............................................8
An fáth go bhfuil gá againn le Plean Gníomhaíochta um Thithíocht agus Easpa Dídine ........... 8
Cuspóirí Lárnacha an Phlean ................................................................................................................... 8
Príomhréimsí Gnímh .................................................................................................................................. 10
Cúig Phríomhcholún an Phlean ............................................................................................................. 12
Pathfinders .................................................................................................................................................. 13
Conclúid...................................................................................................................................................... 16
COMHTHÉACS DON PHLEAN GNÍOMHAÍOCHTA SEO UM THITHÍOCHT
AGUS EASPA DÍDINE ................................................................................................19
Tithíocht agus Beartas Poiblí Forleathan ............................................................................................... 19
Dúshláin Tithíochta .................................................................................................................................... 20
Riachtanais Soláthair Tithíochta ............................................................................................................. 29
COLÚN 1: AG DUL I NGLEIC LE HEASPA DÍDINE .....................................................33
Déileáil le heaspa dídine ......................................................................................................................... 33
Teaghlaigh gan dídean ............................................................................................................. 34
Teaghlaigh a bhogadh amach ó óstáin ................................................................................ 34
Tithíocht Mhear-thogála............................................................................................................. 35
Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta do theaghlaigh gan dídean .............................................. 35
Tacaí do theaghlaigh a bhfuil páistí acu................................................................................ 35
Daoine gan dídean agus Housing First ................................................................................... 36
Brúnna éigeandála ..................................................................................................................... 37
Easpa dídine a chosc - daoine a choimeád ina dtithe féin ............................................................ 38
Daoine óga ag imeacht ó chúram an Stáit .......................................................................... 38
Easpa dídine a chosc um dhreamanna leochaileacha eile ............................................. 38
Coimeád tionóntachta .............................................................................................................. 38
Forlíonadh Cíosa/Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta .................................................................. 38
Riaráistí morgáiste ........................................................................................................................ 39
Seirbhís Réitigh um Riaráistí Morgáiste ..................................................................................... 39
Feachtas eolais náisiúnta ........................................................................................................... 40
Dréachtreachtaíocht a ullmhú ................................................................................................. 40
Cód Iompair maidir le Riaráistí Morgáiste ............................................................................... 40
Morgáiste chuig Cíos .................................................................................................................. 41
3
COLÚN 2: DLÚS A CHUR FAOI THITHÍOCHT SHÓISIALTA ........................................43
Soláthar Tithíochta Sóisialta a Mhéadú agus a Bhrostú .................................................................... 44
Ár gcuid Clár .............................................................................................................................................. 46
Cur i bhfeidhm Brostaithe an Scéim um Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta (ÍCT) .................................... 48
Meicníochtaí Nua Soláthair ..................................................................................................................... 49
Ciste Tithíochta an NTMA/na hEarnála Príobháidí ................................................................ 49
Éadálacha Ghníomhaireachtaí Tithíochta ............................................................................ 50
Soláthar Cuid V ............................................................................................................................ 50
Forbairtí tionóntachta measctha ar thailte Stáit agus thailte eile ..................................... 50
An Tionscnamh um Dheisiú agus Léasú Tithe Foilmhe.......................................................... 51
Gnéithe nuálacha chun soláthar a fheabhsú, a thacú agus a bhrostú........................................ 51
An Oifig um Sholáthar Tithíochta .............................................................................................. 51
An tAonad um Sholáthar Tithíochta ........................................................................................ 51
Próisis fhaofa um thithíocht shóisialta a bhrostú .................................................................... 51
Próisis phleanála Cuid 8 a shruthlíniú um thionscadail tithíochta ÚÁ
agus CTF ........................................................................................................................................ 52
Cabhrú le Comhlachtaí Tithíochta Faofa tithíocht a sholáthar ......................................... 52
Tithíocht le haghaidh dreamanna sonracha ...................................................................................... 53
Daoine breacaosta..................................................................................................................... 53
Daoine faoi mhíchumas ............................................................................................................. 54
Cóiríocht shonrach don lucht taistil ......................................................................................... 55
An Clár Éireannach um Chosaint Dídeanaithe ..................................................................... 55
COLÚN 3: TUILLEACH TITHE A THÓGÁIL ..................................................................57
Bainistiú Soláthair Talún ............................................................................................................................ 58
Tacú le hInfheistíocht i mBonneagar ..................................................................................................... 59
Ciste um Bonneagar Áitiúil chun Tithíocht a Ghníomhachtú (LIHAF) ............................... 60
Maoiniú GBCN do bhonneagar mórscála - Ag tacú le hInfheistíocht
i mBonneagar Tithíochta ............................................................................................................ 61
Leasuithe Pleanála.................................................................................................................................... 61
Na próisis phleanála le haghaidh forbairtí móra de tithíocht príobháideach
a shimpliú ...................................................................................................................................... 62
Infheistiú chun forbairtí tráchtála uirbeacha a athúsáid nó a athrú................................. 63
Leasuithe pleanála níos leithne ................................................................................................ 63
Creat Náisiúnta Pleanála ........................................................................................................................ 63
Costais a bhaineann le soláthar Tithe Nua .......................................................................................... 64
Costais talún ................................................................................................................................. 65
Costais tógála .............................................................................................................................. 65
Cumas agus Scileanna na hEarnála Tógála ....................................................................................... 66
4
COLÚN 4: AN EARNÁIL CHÍOSA A FHEABHSÚ .......................................................69
Straitéis Cíosa ............................................................................................................................................. 70
Gníomhartha Luatha Reachtaíochta ................................................................................................... 71
Caighdeáin i gCóiríocht ar Cíos............................................................................................................. 71
Ról an Bhoird um Thionóntachtaí Cónaithe ........................................................................................ 72
Spreagadh a thabhairt don earnáil a thógann lena ligean ar cíos ............................................... 72
Cíos Inacmhainne ..................................................................................................................................... 73
Cóiríocht do Mhic Léinn ........................................................................................................................... 73
COLÚN 5: TITHÍOCHT REATHA A ÚSÁID ...................................................................77
Soláthar Tithíochta Sóisialta ..................................................................................................................... 78
An soláthar tithíochta sóisialta a bhainistiú níos fearr ........................................................... 78
Ligean bunaithe ar rogha .......................................................................................................... 79
Athbhreithniú ar Scéim Cheannaigh (Incrimintigh) ag Tionóntaí ...................................... 79
Stoc Tithíochta na hEarnála Príobháidí ................................................................................................. 80
Tionscnamh na Gníomhaireachta Tithíochta chun Tithíocht Fholamh
a Cheannach ............................................................................................................................... 80
Tionscnamh um Dheisiú agus Léasú Tithe Folmha ................................................................ 80
Bacainní rialála a bhaint maidir le hathúsáid ........................................................................ 81
Athghiniúint uirbeach ................................................................................................................. 81
Tionscnamh na Cathrach Beo .................................................................................................. 82
Athnuachan sráidbhailte agus na tuaithe ............................................................................. 82
Eastáit nár Críochnaíodh ........................................................................................................... 83
GLUAIS TÉARMAÍ ......................................................................................................84
AGUISÍN 1: TÁBLA GNÍOMHAÍOCHTAÍ ...................................................................86
AGUISÍN 2: FREAGRA AR PHRÍOMHMHOLTAÍ AN CHOISTE OIREACHTAIS UM
THITHÍOCHT AGUS EASPA DÍDINE ......................................................106
AGUISÍN 3: ACHOIMRE AR NA ATHRUITHE REACHTAÍOCHTA ATÁ
BEARTAITHE .........................................................................................111
AGUISÍN 4: AN CREAT NÁISIÚNTA PLEANÁLA ......................................................113
5
Réamhfhocal leis an Taoiseach
Agus an Rialtas reatha á bhunú agam, bhí sé de rún agam déileáil go hiomlán leis an dúshlán tithíochta agus sin an fáth go raibh sé mar chuspóir lárnach sa Chlár um Rialtas Comhpháirtíochta.
Agus an Plean Gníomhaíochta seo ar Thithíocht agus Easpa Dídine, taobh istigh den amfhráma de 100 lá atá leagtha amach sa Chlár Rialtais, tugtar tacaíocht dár ngealltanas chun deireadh a chur leis an nganntanas tithíochta agus dul i ngleic le heaspa dídine.
Tá taithí ar Éirinn ar an ngá le tithíocht ardchaighdeáin a chur ar fáil chun freastal ar riachtanais ár ndaoine. Roimhe seo, chruthaigh muid go raibh muid in ann tabhairt faoin dúshlán agus tá mé geallta chun déanamh cinnte go ndéanfaidh muid amhlaidh arís, ar bhealach a bhainfidh amach pobail láidre, inbhuanaithe.
Sa Phlean seo leagtar amach treochlár soiléir chun cuspóirí an Rialtais a bhaint amach mar atá soláthar aonad tithíochta sóisialta a mhéadú agus a bhrostú go mór, borradh a chur faoi thógáil tithíochta príobháidí, feabhas a chur ar an margadh cíosa, agus an gealltanas chun go méadófaí an soláthar tithíochta, ar an iomlán, go thart ar 25,000 teach nua in aghaidh na bliana faoi 2020.
Tosaíochtaí lárnacha atá ag croílár an Phlean ná deireadh a chur le codladh amuigh agus le húsáid cóiríochta éigeandála fadtéarmaí nach bhfuil oiriúnach, óstáin agus tithe leaba is bricfeasta san áireamh, um theaghlaigh gan dídean.
Tá an raon gníomhartha atá leagtha amach sa Phlean uaillmhianach, ó thaobh mhéid na hinfheistíochta mar atá tuairim is €5.5 milliún i dtithíocht shóisialta agus i mbonneagar tithíochta sóisialta, ach freisin ó thaobh leasú cuí a lorg, aitheantas a thabhairt don ghá le smaoineamh as an nua chun an saghas tithíochta a theastaíonn ó dhaoine a sholáthar, sna háiteanna cearta agus ar bhealach a bheidh inacmhainne dóibh.
Ar an gcaoi chéanna gur próiseas comhoibritheach a bhí i gceist le dréachtú an Phlean Gníomhaíochta agus réimse páirtithe leasmhara i gceist, freisin beidh cur i bhfeidhm an phlean ag brath ar gach páirtí leasmhar, ranna Rialtais, údaráis áitiúla, gníomhaireachtaí tithíochta, comhlachtaí deonacha agus an earnáil tógála san áireamh, chun a cuid cuspóirí uaillmhianacha a bhaint amach.
Chun bheith cinnte go n-éireoidh leis, déanfaidh an Chomh-aireacht athbhreithniú rialta ar phríomhspriocanna an Phlean Gníomhaíochta seo. Déanfaidh an Coiste Comh-aireachta ar Thithíocht, a bhfuil mé i mo chathaoirleach air, maoirseacht ar a chur i bhfeidhm.
Is plean tras-Rialtais é seo, a shíneann isteach freisin sna hearnálacha rialtais áitiúil agus deonacha. Tá mé geallta chun déanamh cinnte gurb é an toradh a bheidh air ná go bhfaighidh muid ár mian náisiúnta mar atá déanamh cinnte go mbeidh teacht ag gach duine sa tír ar thithíocht ardchaighdeáin agus inacmhainne, trína gcuid iarrachtaí féin nó le tacaíocht ón Stát.
An Taoiseach, Enda Kenny, T.D. Iúil 2016
6
Réamhfhocal leis an Aire
Ceapadh mar Aire mé ar a bhfuil freagracht shonrach as Tithíocht, Pleanáil, Pobal agus Rialtas Áitiúil chun díriú go dian ar an dúshlán a bhaineann le déileáil leis an ngéarchéim tithíochta.
Is é misean an Rialtais ná déanamh cinnte go mbeadh teacht ag gach duine ar theacht, ina n-aonar, nó le tacaíocht ón Stát. Táim leagtha ar dhéileáil leis an tearcsholáthar millteanach tithíochta agus leis na fadhbanna a chruthaíonn sé do theaghlaigh agus phobail.
Tá tuairisc tugtha agam ar na fadhbanna a dtugann muintir na tíre aghaidh orthu, in ár gcuid ionad uirbeach ach go háirithe, mar staid éigeandála. Níl éinne nach dtéann drochbhail na ndaoine atá gan dídean, go háirithe teaghlaigh agus leanaí a bhfuil cónaí orthu in óstáin, agus daoine a chaitheann na hoícheanta ar an tsráid, i bhfeidhm orainn.
Samplaí iad sin dár n-earnáil tithíochta bhriste atá an-éasca a fheiceáil, ach dúshláin atá díreach chomh práinneach leo siúd ná na dúshláin a bhfuil teaghlaigh ag tabhairt aghaidhe orthu áit go bhfuil cailliúint an tí a bhfuil cónaí orthu ann i ndán dóibh, nó saol curtha ar fionraí agus daoine ag iarraidh rochtain a fháil ar an margadh tithíochta agus cíosa.
Tá Atógáíl Éireann, Plean Gníomhaíochta maidir le Tithíocht agus Easpa Dídine, déanta suas de chúig cholún de ghníomhartha comhpháirteach ar fud an Rialtais – dul i ngleic le heaspa dídine, tithíocht shóisialta a bhrostú, níos mó tithe a thógáil, an earnáil cíosa a fheabhsú agus úsáid a bhaint as tithe atá ann cheana féin.
Tosaíocht lárnach ná déileáil leis an líon do-ghlactha de theaghlaigh gan dídean agus de dhaoine atá gan dídean go fadtéarmach agus atá lonnaithe i gcóiríocht éigeandála, trí thithíocht mear-sheachadta a chur ar fáil, chomh maith le bearta chun tacú leo siúd a bhfuil baol ann go gcaillfidh siad a dtithe.
Bainfear amach clár fíor-uaillmhianach tithíochta sóisialta trína gcuirfear 47,000 aonad ar fáil suas go 2021 agus úsáid á baint as maoiniú €5.35 billiún.
Freisin tá Ciste Bonneagair de €200m curtha i bhfeidhm againn chun láithreáin mhóra a oscailt áit a dteastaíonn tithe agus a bhfuiltear chun tithe a thógáil iontu anois.
Ina theannta sin, tá méadú déanta againn ar leibhéal an Fhorlíonadh Cíosa agus an Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta, chun níos mó slándála a thabhairt do na daoine is mó a bhfuil gá acu léi chun gur féidir leo fanacht ina dtithe.
Méadófar an t-aschur tithíochta príobháidí, trí hinmharthanacht na tógála a fheabhsú, le leibhéal críochnaithe tithe breise a fheabhsú i gcaitheamh na gceithre bliana atá romhainn chun na 25,000 teach a theastaíonn uainn gach bliain a chur ar fáil nó méid níos mó más gá.
Forbróidh muid straitéis um earnáil chíosa inmharthana, inbhuanaithe agus inacmhainne, agus gníomhartha reachtúla glactha go luath go tionóntaí agus tiarnaí talún a chosaint.
Déanfaidh muid cinnte freisin go mbainfear a mhó úsáide agus is féidir as na tithe atá ar fáil cheana féin.
Nuair a bhainfear amach na spriocanna sin déanfar Atógáíl Éireann ar bhealach a mbeidh tionchar aige ar gach gné dár saol. Bíonn tithíocht mhaith mar chuid sheasmhach de phobail láidre, de gheilleagar feidhmíochta agus de thimpeallacht ardchaighdeáin.
7
Stiúrfaidh an Plean seo an Rialtas ar bhealach a bheidh infheicthe, inbhraite agus dírithe go
hiomlán ar thorthaí ar an talamh – níos mó tithe, ar phraghas inacmhainne, sna háiteanna
ina bhfuil gá leo agus laghdú ar líon na ndaoine gan dídean in óstáin agus i gcóiríocht
éigeandála.
Níl i gceist le foilsiú an Phlean ach an tús agus tá cur i bhfeidhm tosaithe cheana féin. Tá mé
chun Oifig Soláthair Tithíochta, oifig speisialta, a bhunú i mo Roinn agus beidh ról lárnach aici
i gcur i bhfeidhm an Phlean seo. Freisin bunófar Aonad Soláthair Tithíochta sa
Ghníomhaireacht Tithíochta agus beidh ról ríthábhachtach ag údaráis áitiúla agus
Comhlachtaí Tithíochta Faofa. Ionas go mbeidh cur i bhfeidhm an Phlean bunaithe sa saol
réadúil, tá mé chun Fóram Páirtithe Leasmhar a bhunú a bheidh mar uirlis um aiseolas
leanúnach ar thaithí phraiticiúil an chur i bhfeidhm.
Leis an bPlean seo comhlíontar gealltanas láidir a rinneadh sa Chlár um Rialtas
Comhpháirtíochta, is é sin ná plean gníomhaíochta do thithíocht a sholáthar sna céad
100 lá. Agus mé ag obair le mo chomhghleacaí Damien English T.D., an tAire Stáit um
Thithíocht agus Athnuachan Uirbeach, bhí Tuarascáil Choiste an Oireachtais ar Thithíocht
agus Easpa Dídine a foilsíodh an mhí seo caite agus plé fairsing le páirtithe leasmhara
lárnacha, ach go háirithe, mar bhonn eolais dá ullmhú. Is mian liom a thaifeadadh go bhfuil
mé buíoch dóibh siúd go léir a chuir a gcuid smaointe in iúl do mo Roinn agus dom féin go
díreach agus freisin is mian liom buíochas a ghabháil le mo chomhghleacaithe sa Rialtas as
a dtacaíocht ríthábhachtach agus an Plean Gníomhaíochta seo á chur le chéile.
Clár forleathan agus uaillmhianach atá in Atógáíl Éireann. Trí hoibriú as lámh a chéile go
gníomhach agus ar bhealach cuiditheach, brostóidh muid soláthar agus déanfaimid athrú
ó bhonn ar thithíocht ar bhealach a mbeidh tionchar aige ar gach pobal in Éirinn. Tá sé de
rún agam go bhfeicfear fianaise shoiléir d‟éifeachtacht an Phlean seo ar fud na tíre le linn na
míonna agus na mblianta amach romhainn.
Simon Coveney, T.D.
An tAire Tithíochta, Pleanála, Pobail agus Rialtais Áitiúil
Iúil 2016
8
Forbhreathnú ar an bPlean Gníomhaíochta An fáth go bhfuil gá againn le Plean Gníomhaíochta um Thithíocht agus Easpa Dídine
Is riachtanas bunúsach daonna agus sóisialta é tithíocht.
Bíonn tithíocht mhaith mar chuid sheasmhach de phobail láidre, de gheilleagar feidhmíochta agus de thimpeallacht ardchaighdeáin.
Ó tharla cliseadh an gheilleagair i 2008, níor tógadh mórán tithe, go háirithe sna príomhchathracha agus sna príomhcheantair uirbeacha ina bhfuil gá leo fós.
Tharla téarnamh geilleagair go tapa agus mar gheall ar méadú ar an daonra agus ar fhostaíocht tá gá le méadú mór ar thithe nua um gheilleagar méadaitheach agus feidhmeach, agus déileáil leis an riachtanas mór tithíochta sóisialta.
Tá tearcsholáthar tithíochta, toisc nach bhfuil dóthain tithe nua á dtógáil nó nach bhfuil leas iomlán á bhaint as tithe atá ann cheana féin, ar cheann de thorthaí móra deireanacha an chúlú geilleagair nach mór déileáil leis. Cé go bhfuil an-bhéim á cur ar an Rialtas air le cúig bliana anuas, is léir anois maidir leis na gníomhartha a glacadh, cé gur céimeanna tábhachtacha iad astu féin, nárbh leor iad chun freagairt a thabhairt a bhí mór go leor nó tapa go leor.
I Foirgníocht 2020 - Straitéis le haghaidh Earnála Foirgníochta Inathnuaite agus sa Straitéis Tithíochta Sóisialta 2020, ar foilsíodh an dá cheann acu i 2014, tá bearta chun déileáil le fadhbanna agus srianta sna hearnálacha tógála agus forbartha agus chun réimse torthaí a bhaint amach um thithíocht shóisialta, faoi seach. Tá tionchar dearfach ag na pacáistí gníomhartha atá á soláthar tríd na Straitéisí sin, ach níl sé tapa go leor le freastal ar bhrú a bhraitear faoi láthair ná ar éilimh faoi chois.
Tosaíocht lárnach don Rialtas ná soláthar tithíochta le haghaidh na n-earnálacha príobháideacha, sóisialta agus cíosa a bhrostú. Ceann de na dúshláin is mó a bhfuil an tír ag tabhairt aghaidhe air faoi láthair ná déanamh cinnte go gcuirtear ar fáil dóthain tithe ar bhealach seasmhach agus inbhuanaithe, agus iad inacmhainne, sna háiteanna cearta, ag freastal ar riachtanais éagsúla agus d‟ardchaighdeán. Tá réitigh éagsúla ann don dúshlán seo agus teastaíonn roinnt gníomhartha láithreacha, meántéarmacha agus fadtéarmacha chun soláthar a mhéadú agus chun déileáil le fadhbanna struchtúracha bunúsacha, a bhí suas go dtí seo, ina mbacainn roimh margadh tithíochta níos cobhsaí agus inbhuanaithe a chruthú.
Ní mór go mbeadh an freagra ar dhúshláin tithíochta reatha mór go leor le héileamh faoi chois mar gheall ar na blianta fada de tearcsholáthar tithe nua agus riachtanais mheasta na mblianta atá romhainn.
Cé nach é an Plean Gníomhaíochta seo an chéad iarracht ag an Stát le blianta beaga anuas chun déileáil le dúshláin tithíochta, is ionann é agus céim mhór ar aghaidh chun soláthar aonad tithíochta sna háiteanna cearta agus chun soláthar inbhuanaithe san fhadtéarma a éascú.
Cuspóirí Lárnacha an Phlean
Is í aidhm uileghabhálacha an Phlean seo ná soláthar tithíochta a mhéadú ó thearcsholáthar ar fud gach tionóntachta chun cabhrú le daoine aonair agus teaghlaigh freastal ar a gcuid riachtanas tithíochta agus cabhrú leo siúd a bhfuil tithe acu faoi láthair fanacht ina dtithe nó roghanna cóiríochta malartaí a chur ar fáil dóibh, go háirithe do na teaghlaigh siúd atá i gcóiríocht éigeandála.
Sa Phlean seo leagtar amach spriocanna uaillmhianacha chun méid na dtithe cónaithe a thógtar gach bliain a mhéadú go 25,000 teach agus 47,000 aonad de thithíocht shóisialta a chur ar fáil sa tréimhse go dtí 2021, agus ag an am céanna an leas is fearr a bhaint as an stoc tithe atá ann cheana féin agus an bhunchloch a leagan d‟earnáil cíosa phríobháidigh
9
atá níos bríomhaire agus freagrúla. Nuair a bhaintear amach aidhm an tsoláthair bhrostaithe cuirfear leis na cuspóirí lárnacha seo a leanas:
Déileáil leis an leibhéal doghlactha teaghlach, clanna ach go háirithe, atá i gcóiríocht éigeandála;
Boilsciú cíosa agus praghsanna ceannaigh a mhaolú, i gceantair uirbeacha ach go háirithe;
Déileáil le bearna inacmhainneachta atá ag dul i méid do go leor teaghlach ar mian leo a gcuid tithe féin a cheannach;
An earnáil chíosa a dhéanamh aibí ionas go measfaidh tionóntaí go gcuirtear slándáil, cáilíocht agus rogha tionachta sna háiteanna cearta ar fáil inti agus go measfaidh soláthraithe gur féidir leo infheistíocht shlán a dhéanamh inti;
Déanamh cinnte go bhfuil ról na tithíochta sa gheilleagar náisiúnta seasta agus go dtacaítear le fás eacnamaíoch inbhuanaithe; agus
Tithe a chur ar fáil ar bhealach a fhreastalaíonn ar riachtanais reatha agus a chuireann le baint amach cuspóirí leithne ar nós an ghá tacú le forbairt inbhuanaithe uirbeach agus tuaithe agus ról na timpeallachta tógtha i ndéileáil le hathrú aeráide a dhéanamh chomh mór agus is féidir.
Chun na cuspóirí sin a bhaint amach agus freastal ar ionchas bailí na sochaí maidir leis na céimeanna ar cheart don Stát a ghlacadh chun déileáil le hearnáil tithíochta nach bhfuil ag feidhmiú i gceart agus nach bhfuil ag déanamh chomh maith agus ba cheart di, beidh orainn leas a bhaint as an meascán ceart d‟acmhainní agus de ghníomhartha cearta chun aschur tithíocht a mhéadú, go háirithe ar phraghsanna níos inacmhainne, soláthar níos mó roghanna agus roghanna níos fearr um chíos a spreagadh, daoine a choimeád ina dtithe agus úsáid iomlán a bhaint arís as aonaid réadmhaoine atá folamh nó nach mbaintear dóthain úsáide astu.
Tá forbairt an Phlean Ghníomhaíochta ina ghné lárnach den Chlár um Rialtas Comhpháirtíochta agus bhí Tuarascáil Choiste an Oireachtais ar Thithíocht agus Easpa Dídine (Meitheamh 2016) agus plé fairsing le páirtithe leasmhara lárnacha ach go háirithe mar bhonn eolais dó. Beidh plé comhoibritheach leantach mar shaintréith den chéim chur i bhfeidhm chun déanamh cinnte go mbainfear amach go hiomlán mian an Phlean Gníomhaíochta. Bunófar fóram sonrach um plé le páirtithe leasmhara don chéim chur i bhfeidhm agus déanfar cathaoirleacht air ar leibhéal Aire.
Bunaíodh Coiste Caibinéid ar Thithíocht, agus an Taoiseach ina chathaoirleach air, chun féachaint thar fhorbairt agus mhaoirseacht an Phlean Gníomhaíochta seo. Foilseofar tuairiscí míosúla ar ghníomhaíocht tithíochta agus foilseofar tuarascálacha foriomlán ar dhul chun cinn i leith an Phlean gach ráithe.
Tá Oifig ardleibhéil um Sholáthar Tithíochta á bunú sa Roinn Tithíochta, Pleanála, Pobail agus Rialtais Áitiúil (DHPCLG) chun tacú le húdaráis áitiúla, le Comhlachtaí Tithíochta Faofa (CTFanna) agus gach páirtí leasmhar a bhfuil ról acu i soláthar tionscadal tithíochta agus chun soláthar cuid de ghnéithe uaillmhianacha an Phlean Gníomhaíochta seo a spreagadh, maidir le tithíocht phríobháideach agus shóisialta. Oibreoidh foireann na hOifige seo, idir saineolaithe bainistíochta tionscadal, soláthair agus teicniúla, agus iad ag tuairisciú go díreach don Ard-Rúnaí, ar fud an raon páirtithe leasmhara chun soláthar tithíochta, idir tithíocht phríobháideach agus shóisialta a bhrostú, ar láithreáin lárnacha, meicníochtaí eile a aithint chun soláthar a bhrostú, agus tacú le cur i bhfeidhm thionscadail casta tógála, a chuimseoidh bacainní roimh sholáthar a aithint agus teacht tharstu.
Bunófar Aonad um Sholáthar Tithíochta sa Ghníomhaireacht Tithíochta chun ionad feabhais agus comhairle um sholáthar a chur ar fáil mar thacaíocht d‟údaráis áitiúla agus CTFanna agus iad ag brostú sholáthar a gcuid clár um thithíocht shóisialta. Oibreoidh an tAonad nua seo le húdaráis áitiúla agus CTFanna chun cur lena n-acmhainn agus a saineolas chun déileáil le méid agus castacht an cláir uaillmhianaigh um sholáthar sa Phlean Gníomhaíochta seo. Beidh sé ar fáil chun comhordú a dhéanamh ar fhorbairt tionscadal agus choimrí tionscadal i gceantair údaráis áitiúil, agus freisin beidh sé ar chumas aige na próisis deartha agus tairisceana agus CTFanna a bhainistiú, de réir mar a theastaíonn, lena n-áirítear comhairleoirí agus conraitheoirí a sholáthar.
10
San fhíor seo a leanas tugtar achoimre ar na socruithe rialála agus maoirseachta um
sholáthar an Phlean seo.
Fíor 1: Forbhreathnú rialála ar an bPlean Gníomhaíochta
Príomhréimsí Gnímh
Cuirtear tithe ar fáil mar thoradh ar idirghníomhú casta ó thaobh sholáthar talún, maoiniú
forbartha, inmharthanacht an mhargaidh, acmhainn tionscail, córais rialála éagsúla agus
thar aon rud eile, riachtanais cheannaitheoirí tí agus tionóntaí. Ní mór aird a thabhairt ar na
réimsí sin go léir chun earnáil tithíochta nach bhfuil ag feidhmiú go maith ná ag déanamh
chomh maith agus a d‟fhéadfadh a bheith a athstruchtúrú. Leagtar béim sa Phlean seo, mar
sin, ar ghníomh agus glacfar é thar roinnt phríomhréimsí athraithe agus leasaithe:
11
Tábla 1: Príomhréimsí Gnímh
Réimse gnímh Samplaí de thionscnaimh
Maoiniú / Inmharthanacht
Maoiniú €5.35 billiún i gcaitheamh na tréimhse chun tacú le soláthar 47,000 aonaid de thithíocht shóisialta faoi dheireadh 2021, lena n-áirítear tionscnaimh nua chun tithe a sholáthar do theaghlaigh atá i gcóiríocht éigeandála faoi láthair.
Ciste Gníomhachtaithe Tithíochta um Bonneagar ar luach €200m, chun bonneagar cumasaithe a chur ar fáil a osclóidh láithreáin mhóra um fhorbairt luath ag soláthraithe tithíochta, rud a d‟fhéadfadh 15,000-20,000 teach nua a fhorbairt
In éineacht leis sin ciste maoinithe forbartha ag an NTMA um oibreacha ag forbróirí ag an láithreán.
Soláthar talún a oscailt agus tailte Stáit ar chostas íseal a chur ar fáil
Maoiniú teorannacha méadaithe don fhorlíonadh cíosa agus don Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta ón 1 Iúil 2016 ar aghaidh
Scéim cíosa inacmhainne a thabhairt isteach
Bearta chun tacú le níos mó cóiríochta a sholáthar do mhic léinn
Leasú Rialála An próiseas pleanála a bhrostú trí:
o Cead a thabhairt iarratais mhóra ar thithíocht a chur faoi bhráid an Bhoird Phleanála go díreach
o Nósanna imeachta “Cuid 8” a shruthlíniú um thograí tithíochta ag údaráis áitiúla agus comhlachtaí tithíochta faofa
o Deireadh a chur le bacainní roimh aonaid réadmhaoine foilmhe a athúsáid
Straitéis don earnáil chíosa a thabhairt chun cinn faoi dheireadh 2016
An Creat Náisiúnta Pleanála a chur ar bhonn reachtúil
An deis bearta reachtúla breise a scrúdú maidir le riaráistí morgáiste
Soláthar Spreagfaidh Oifig nua um Sholáthar Tithíochta sa DHPCLG soláthar ar thailte lárnacha (tionscadail „pathfinder‟ san áireamh) agus beidh an Ghníomhaireacht Tithíochta ar thús cadhnaíochta in ionad feabhais nua um sholáthar, beidh mar ionad ilfhreastail don earnáil CTF, agus déanfaidh sé aonaid a sholáthar go díreach ón earnáil phríobháideach
Soláthar 20,000 tí nua ag NAMA
An Clár um Thithíocht Mearthógála a mhéadú agus a bhrostú chun 1,500 aonad tithíochta sóisialta a sholáthar
Uirlis nua Sainchuspóra ag an NTMA chun tithe sóisialta breise a sholáthar mar chuid d‟fhorbairtí tionóntachta measctha
Leasú ó bhonn ar na nósanna imeachta um dhearadh, fhaomhadh agus sholáthar tithe sóisialta chun déanamh cinnte go ndéantar cinntí níos tapúla agus go seachnaítear moill nach gá.
Méadú faoi thrí ar an sprioc um thionóntachtaí le cur ar fáil ag foirne Housing First i mBaile Átha Cliath agus an cur chuige a chur i bhfeidhm i gceantair uirbeacha eile freisin.
Soláthar brostaithe HAP
Cabhrú le níos mó teaghlach maidir le Morgáiste-chuig-Cíos
Acmhainní a chur ar fáil don Bhord Pleanála agus d‟údaráis áitiúla
chun déanamh cinnte go mbaineann siad amach a gcuid
spriocdhátaí reachtúla
12
Réimse gnímh Samplaí de thionscnaimh
Bearta tacaíochta
Tacaí feabhsaithe do theaghlaigh gan dídean ina bhfuil páistí
Tacaí feabhsaithe do dhaoine gan dídean a bhfuil fadhbanna meabhairshláinte agus andúile acu
Tionscnamh nua chun rochtain a chur ar fáil ar shainchomhairle neamhspleách airgeadais agus dlí do dhaoine atá ag déileáil le riaráistí móra morgáiste
Bearta chun tacú le nuáil agus scileanna tógála
Bainistíocht níos fearr ar an stoc tithíochta sóisialta trí haonaid fhoilmhe a ligean ar cíos arís go tapa agus Ligean Bunaithe ar Rogha a thabhairt isteach
Sa Chlár um Rialtas Comhpháirtíochta aithníodh go mbíonn deacrachtaí ag ceannaitheoirí
céad uaire maidir le rochtain a fháil ar iasacht morgáiste agus an brú atá ar an margadh
cíosa mar gheall air sin. D‟fhéadfadh go mbeadh sé sin faoi seach ag teacht salach ar
théarnamh earnáil na tógála cónaithí. Chun cur leis na gníomhartha struchtúracha atá
leagtha amach sa Phlean seo, tá an Rialtas ag obair as lámh a chéile leis an mBanc Ceannais,
mar chuid dá athbhreithniú ar theorannacha um iasachtaí morgáiste, chun scéim nua
“Cabhair le Ceannach” a fhorbairt chun déanamh cinnte go mbeidh iasacht morgáiste nó
árachas morgáiste inacmhainne ar fáil do cheannaitheoirí céad uaire de réir mar a bheidh
tithe nua ar fáil. Tá obair ar dhearadh na scéime sin ar siúl i gcomhthéacs Bhuiséad 2017.
Cúig Phríomhcholún an Phlean
Tacóidh na gníomhartha ardleibhéil sin le raon gníomhartha thar chúig phríomhcholún an
Phlean Gníomhaíochta, atá léirithe i bhFíor 2;
Fíor 2: Cúig Cholún an Phlean Gníomhaíochta
13
Is féidir achoimre a dhéanamh mar seo a leanas ar na gníomhartha atá beartaithe faoi gach ceann de na cúig cholún sin:
Colún 1 – Ag dul i ngleic le hEaspa Dídine
Réitigh luatha a chur ar fáil chun déileáil leis an líon doghlactha teaghlach atá i gcóiríocht éigeandála; tacaí idirghníomhaireachta a chur ar fáil do dhaoine atá gan dídean faoi láthair, agus béim faoi leith ar chodladh amuigh a íoslaghdú, agus feabhas a chur ar thacaí Stáit chun daoine a choimeád ina dtithe féin.
Colún 2 – Dlús a chur faoi Thithíocht Shóisialta
Méid agus luas sholáthar na tithíochta sóisialta agus na tithíochta eile atá urraithe ag an Stát a dhéanamh níos mó.
Colún 3 – Tuilleach Tithe a Thógáil
Aschur na tithíochta príobháidí a mhéadú chun freastal ar éileamh ar phraghsanna inacmhainne.
Colún 4 – An Earnáil Chíosa a Fheabhsú
Aghaidh a thabhairt ar na bacainní roimh sholáthar níos mó tithíochta ar cíos san earnáil phríobháideach, chun soláthar aonad ar chíosanna inacmhainne a fheabhsú.
Colún 5 – Tithíocht Reatha a Úsáid
Déanamh cinnte go mbaintear an oiread úsáide agus is féidir as tithe atá ann cheana féin - agus díriú ar bhearta chun stoc folamh a úsáid le ceantair uirbeacha agus tuaithe a athnuachan
Tá go leor de na gníomhartha sin idirghaolmhar agus idirspleách. Agus na gníomhartha sin á leagan amach, tá spriocanna agus spriocdhátaí lárnacha sa Phlean Gníomhaíochta seo um sholáthar ag roinnt Ranna Rialtais, údarás áitiúil agus comhlachtaí agus beidh siad sin faoi réir athbhreithnithe rialta ag an gCoiste Comh-aireachta.
Pathfinders
Is é an toradh is mó atá ag teastáil ó dhaoine ó thaobh an Phlean Gníomhaíochta seo ná níos mó tithe a sholáthar ar an talamh. Chun é sin a chur i bhfeidhm beidh sé riachtanach na gníomhartha go léir a chur i bhfeidhm atá leagtha amach sa Phlean. Chun fianaise infheicthe a chur ar fáil de chumas an Phlean cur le soláthar tithe a theastaíonn ó dhaoine, sna háiteanna a bhfuil siad ag teastáil uathu, áfach, tabharfar aird faoi leith ar shraith de Thionscadail Pathfinder chun éifeachtacht an Phlean Gníomhaíochta a thástáil agus a léiriú.
Ag Déileáil le hEaspa Dídine
Faoi lár 2017, ní bhainfear úsáid as cóiríocht éigeandála in óstáin agus B&B le haghaidh teaghlach ach ar chúinsí teoranta agus beidh buanchóiríocht oiriúnach do theaghlaigh imithe ina hionad trí mheán réitigh bhreise tithíochta a chur ar fáil lena n-áirítear trí Chlár méadaithe um Thithíocht Mearthógála;
Méadófar faoi thrí na spriocanna um thionóntachtaí le cur ar fáil ag foirne Housing First i mBaile Átha Cliath agus cuirfear an cur chuige dírithe ar thithíocht i bhfeidhm i gceantair uirbeacha eile freisin; agus
Cuirfear tacaí breise ar fáil chun déileáil le riachtanais chasta na ndaoine gan dídean; lena n-áirítear sna réimsí meabhairshláinte agus andúile.
Tithíocht Shóisialta a Sholáthar
Roghnófar cúig thionscadal léirithe ar fud an earnáil údaráis áitiúil mar eiseamláirí don chuid eile den earnáil ar bhaint amach comhtháite na bpríomhchuspóirí go léir sa Phlean Gníomhaíochta seo, agus béim á cur ar sholáthar éifeachtúil, dearadh costéifeachtach agus freagrúil, meascán de chineálacha agus de thionachtaí, agus athúsáid stoic reatha agus/nó talamh athfhorbraíochta a dhéanann athnuachan ar cheantair uirbeacha.
14
Tar éis go dtabharfar na tionscadail sin chun críche reáchtálfar comórtas débhliantúil
Gradam um Sholáthar Tithíochta Sóisialta, i dteannta leis an bpríomhúdarás áitiúil, an
tionónta, gairmeacha tithíochta agus timpeallachta tógtha, chun béim a leagan ar
fheabhas sa réimse soláthair agus é a chur chun cinn.
Nuáil i Soláthar Tithíochta Sóisialta Measctha agus Inacmhainne
Cuirfidh Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin chun cinn forbairt tionachta
measctha de 150 aonad chun críocha tithíochta sóisialta agus inacmhainne ar cíos ar
bhonn comhfhiontair in éineacht le Comhlacht Tithíochta Faofa, agus úsáid á baint as
láithreán atá réidh le húsáid.
Tithe Foilmhe a Fháil um Thithíocht Shóisialta
Cuirfidh an Ghníomhaireacht Tithíochta tús láithreach le 1,600 teach folamh a fháil
ó phunanna infheistíochta nó iasachta banc agus institiúidí airgeadais eile i gcaitheamh
na tréimhse go dtí 2020, ionas gur féidir iad a chur le stoc na tithíochta sóisialta.
Cíos Inacmhainne
Tabharfar Scéim Cíosa Inacmhainne chun críche chun feabhas a chur ar acmhainn
tithe ar cíos san earnáil phríobháideach le cóiríocht ardchaighdeáin agus inacmhainne
a chur ar fáil do theaghlaigh atá ag íoc an iomarca dá n-ioncam indiúscartha ar chíos.
Tá go leor dul chun cinn déanta ar fhorbairt na Scéime agus tabharfar chun críche
é faoi dheireadh R3 2016, chun gur féidir le soláthraithe féideartha tithíochta í a chur
i bhfeidhm ina dhiaidh sin.
Faoi réir an Scéim a thabhairt chun críche ag an Rialtas, agus glacadh léi ag an
margadh ina dhiaidh sin bainfear leas as gealltanas an Rialtais um maoiniú bliantúil de
€10m chun 2,000 aonad réadmhaoine ar a laghad a sholáthar thar réimse tionscadal
faoi 2018, agus tarraingeofar tionscadail „pathfinder‟ astu siúd.
Deireadh a chur le Baic Bhonneagair
Cuirfear láithreáin tí neamhghníomhacha a bhfuil cead pleanála ar fáil dóibh
i ngníomh ó 2017 ar aghaidh trí €200m de mhaoiniú chúnamh airgeadais tionscnaimh
faoin gCiste Gníomhachtaithe Tithíochta um Bonneagar Áitiúil (LIHAF).
I dteannta le LIHAF, tacóidh an clár méadaithe um thithíocht shóisialta le soláthar ag
údaráis áitiúla ag CTFanna ar na láithreáin sin agus ag an am céanna cuirfear chun
cinn infheistíocht ghaolmhar i mbonneagar uisce ag Uisce Éireann, i mbonneagar
iompair ag Transport Infrastructure Ireland agus i soláthar scoileanna i dteannta leis an
Roinn Oideachais agus Scileanna.
Faoi dheireadh 2016, beidh 15-20 láithreán aitheanta inar féidir 15,000-20,000 teach nua
ar a laghad a chur ar fáil i gcaitheamh na dtrí bliana atá romhainn, mar eiseamláirí um
chomhordú agus sholáthar fhorbairt tithíochta atá stiúrtha ag pleananna.
Tailte an Stáit a Scaoileadh
Oibreoidh DHPCLG as lámh a chéile le húdaráis áitiúla chun trí láithreán lárnach faoi
úinéireacht údaráis áitiúil a roghnú agus a chur chun cinn um máistirphleanáil agus
chun 3,000 teach nua ar a laghad a sholáthar i gcaitheamh na tréimhse 2017-2021
i mBaile Átha Cliath agus i bpríomhchathracha réigiúnacha eile.
Cuirfear clár i bhfeidhm faoi Ghrúpa Bainistíochta um Thailte Stáit chun níos mó
láithreán a aithint agus a scaoileadh ó úinéireacht comhlachtaí poiblí i gcomhair
máistirphleanála agus iad a chur ar fáil d‟fhorbróirí de scálaí éagsúla ar féidir 500 teach
ar a laghad a chur ar fáil i dtosach i 2017 agus méadú incriminteach a dhéanamh ina
dhiaidh sin go hacmhainn fhéideartha de sholáthar suas go 1,000 teach nua faoi 2021.
Tithe a Chur ar Fáil go Costéifeachtach
Reáchtálfar comórtas chun dearadh dea-chleachtais, éifeachtúil agus
costéifeachtach a chur chun cinn le gur féidir tithe ardchaighdeáin a chur ar fáil
15
i bpobail inbhuanaithe ar leibhéal inacmhainne. Tá an tionscnamh seo atá ceaptha
chun dearadh agus tógáil ardchaighdeáin, inacmhainne agus éifeachtúil a léiriú,
dírithe ar dhúshlán a chur faoi dhearthóirí agus sholáthraithe tí teacht suas le dearadh
nuálach agus ardchaighdeáin agus cur chuige i dtreo soláthair atá go hiomlán
comhlíontach ó thaobh chaighdeáin agus rialacháin tógála. Ní mór go mbeifí in ann
tithe nua a chur ar fáil faoin dearadh nua ar chostas níos lú ná €200,000 (costas
soláthair “iomlán” glan ó chostas láithreáin) agus ina dhiaidh sin cuirfear láithreáin Stáit
oiriúnach ar fáil chun na tithe a sholáthar laistigh de 18 mí.
Pleanáil i gcomhair Thithe Tosaigh
Leagfar cúram ar údaráis áitiúla, trína gcuid Straitéisí Tithíochta, as tionscadail léirithe a
fhorbairt ar láithreáin faoi úinéireacht phríobháideach le tithe tosaigh a chur ar fáil,
agus iad ag léiriú cur chuige níos forásaí i dtreo na straitéisí sin atá éilithe faoi Chuid
V de na hAchtanna Pleanála agus Forbartha.
Níos Mó Cóiríochta do Mhic Léinn
Forbrófar 500 áit chóiríochta nua do mhic léinn i gcampas nua Institiúid Teicneolaíochta
Bhaile Átha Cliath i nGráinseach Ghormáin i mBaile Átha Cliath chun samhail um
maoiniú a bhunú a chuirfear i bhfeidhm in ionaid eile.
Freastal ar Riachtanais Tithíochta Daoine Breacaosta
Cuirfidh Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath togra sonrach isteach um thionscadal
mór (50-60 teach) chun cóiríocht a chur ar fáil do dhaoine breacaosta faoi dheireadh
2016 mar thionscadal léirithe ag an am céanna le tograí cosúla i gceantair údaráis
áitiúil eile.
Reáchtálfar comórtas agus béim á cur ar thrí réimse ar leithligh agus é mar aidhm na
réitigh a mbíonn an bua acu a chur i bhfeidhm i dtionscadal tithe nua/iarfheistithe.
o Teicneolaíochtaí cliste i dtithe do dhaoine breacaosta;
o Tithe atá ann cheana féin a chur in oiriúint do riachtanais daoine breacaosta;
agus
o Pobail fadsaoil.
Athnuachan Bruachbhaile agus Tuaithe
Bainfear úsáid as an gClár um Chaiteachas Reatha ar Thithíocht Shóisialta (CCRTS)
chun samhlacha agus réitigh deartha nua a fhorbairt faoi Thionscnamh nua um Dheisiú
agus Léasú (TDL) le hathúsáid a bhaint as áitribh fhoilmhe i láir chathrach agus bhaile le
haghaidh cuspóirí cónaithe agus le ligean ar cíos.
Oibreoidh DHPCLG agus an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe
agus Gaeltachta (DAHRRGA) as lámh a chéile chun maoiniú a chur ar fáil um réimse
tionscadal léirithe ar fud na tíre mar chuid de thionscnamh €30m um Athnuachan Bailte
agus Sráidbhailte le cabhrú le húdaráis áitiúla daoine a thógáil ar ais chuig na láir
bhaile agus sráidbhaile.
Tithíocht do Dhaoine faoi Mhíchumas
Chun gur féidir leanúint ar aghaidh ag cabhrú leis an Roinn Sláinte (DoH) agus le
Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus clár ar siúl acu chun daoine a aistriú ó
láithreacha comhchónaithe go cónaí sa phobal, trí sholáthar imfhálaithe caipitil
tithíochta, tá ciste €10m curtha i leataobh ag DHPCLG don chuspóir sin i 2016 agus
eisíodh glao um thograí chuig an earnáil. Cuirfear tuilleadh mhaoiniú caipitil ar fáil
i 2017/2018 le haghaidh an chláir sin, má theastaíonn.
16
Cuireadh tús le tionscadal píolótach i Laois/Uíbh Fhailí i 2015, agus 15 dhuine
rannpháirteach ann, mar chuid de thionscnamh chun tacú le haistriú daoine a bhfuil
riachtanais ísle agus mheasartha tacaíochta acu ó shaoráidí meabhairshláinte an FSS
go socruithe níos oiriúnaí atá bunaithe sa phobal. Cuimsíonn an tionscadal, atá á
mhaoiniú i bpáirt ag DHPCLG agus an FSS ar bhonn 50/50, samhail nua tacaíochta
agus Oifigeach Meabhairshláinte um Choimeád Tionóntachta mar chuid de. Tá
measúnú cuimsitheach ar an tionscadal píolótach sin á thabhairt chun críche ag an
nGníomhaireacht Tithíochta faoi láthair agus déanfaidh DHPCLG, DoH agus an FSS
breithniú air, chun bonn eolais a chur faoi bheartais agus bhearta amach anseo le
tacú le socruithe cónaithe sa phobal do dhaoine a bhfuil fadhbanna
meabhairshláinte acu.
Conclúid
Mar gheall ar chastacht agus éagsúlacht na bhfadhbanna san earnáil tithíochta faoi láthair,
a ndéanfar scrúdú sonrach orthu sa chéad chuid eile, i dTábla 2 leagtar amach na
tosaíochtaí uileghabhálacha a ndíreofar orthu sa Phlean Gníomhaíochta seo. Tugtar míniú
níos sonraí orthu siúd i ngach ceann de na Colúin a thiocfaidh ina ndiaidh, tá gníomhartha
sonracha leagtha amach in Aguisín 1, agus tá achoimre ar an gcaoi a bhfreagraíonn siad
siúd do phríomh-mholtaí Choiste an Oireachtais ar Thithíocht agus Easpa Dídine leagtha
amach in Aguisín 2. Ina theannta sin, tugtar achoimre in Aguisín 3 ar na príomhghnéithe
a mbeidh bonn reachtaíochta ag teastáil dóibh, agus in Aguisín 4 tugtar achoimre ghairid ar
an gCreat Náisiúnta Pleanála, atá á fhorbairt faoi láthair.
17
Tábla 2: Príomhghníomhartha le baint amach faoin bPlean Gníomhaíochta
Cuspóir colúin Príomhghníomhartha
Réitigh luatha a
chur ar fáil chun
déileáil leis an líon
doghlactha
teaghlach atá i
gcóiríocht
éigeandála; tacaí
idirghníomhaireach
ta a chur ar fáil do
dhaoine atá gan
dídean faoi láthair,
agus béim faoi leith
ar chodladh
amuigh a
íoslaghdú, agus
feabhas a chur ar
thacaí Stáit chun
daoine a
choimeád ina
dtithe féin.
Déanamh cinnte faoi lár 2017, nach mbeidh úsáid á baint as
óstáin mar chóiríocht éigeandála do theaghlaigh, ach ar
chúinsí teoranta, trí fhreastal ar riachtanais tithíochta tríd an
Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta agus trí leithdháiltí ginearálta tí,
agus trí sholáthar nua a chur ar fáil a bhainfear amach trí -
o Clár méadaithe um Thithíocht Mearthógála [1,500 aonad]
o Tionscnamh ag an nGníomhaireacht Tithíochta chun
tithe foilmhe a fháil [1,600 aonad]
Méadú faoi thrí a dhéanamh ar na spriocanna um
thionóntachtaí le cur ar fáil ag foirne Housing First i mBaile Átha
Cliath agus an cur chuige dírithe ar thithíocht a leathnú go
ceantair uirbeacha eile
Feabhas a chur ar thacaí do theaghlaigh gan dídean ina bhfuil
páistí
Feabhas a chur ar thacaí do dhaoine gan dídean a bhfuil
fadhbanna meabhairshláinte agus andúile acu
Déanamh cinnte go bhfuil dóthain
cóiríochta éigeandála ar fáil ar fud na tíre
Bearta um choimeád tionóntachta a leathnú ar fud na tíre
Méadú ar na teorannacha don Fhorlíonadh Cíosa agus don ÍCT
Tionscnamh nua chun rochtain a chur ar fáil ar shainchomhairle
neamhspleách airgeadais agus dlí do dhaoine atá ag déileáil
le riaráistí móra morgáiste
An deis bearta reachtúla breise a scrúdú maidir le riaráistí
morgáiste
Cabhrú le níos mó teaghlach maidir le Morgáiste-chuig-Cíos
Méid agus luas
sholáthar na
tithíochta sóisialta
agus na tithíochta
eile atá urraithe
ag an Stát a
dhéanamh níos
mó.
47,000 aonad tithíochta sóisialta curtha ar fáil faoi 2021,
agus iad tacaithe ag infheistíocht de €5.35 billiún
Soláthar brostaithe an Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta (ÍCT)
Ciste Tithíochta ag an NTMA/Earnáil Phríobháideach chun
soláthar tithe a mhéadú
Forbairtí tionóntachta measctha ar thailte Stáit agus thailte eile
Oifig Soláthair Tithíochta agus Aonad Soláthair
Tithíochta a bhunú
Tacaí fairsinge um Údaráis Áitiúla agus Chomhlachtaí
Tithíochta Faofa
Próisis sruthlínithe um fhaomhadh
Tithíocht le haghaidh dreamanna sonracha: freastal
ar riachtanais daoine leochaileacha
18
Cuspóir colúin Príomhghníomhartha
Aschur na tithíochta
príobháidí a
mhéadú chun
freastal ar éileamh
ar phraghsanna
inacmhainne.
Aschur a dhúbailt chun os cionn 25,000 aonaid ar an meán
a chur ar fáil gach bliain i gcaitheamh thréimhse an Phlean
[2017-2021], agus na gnéithe seo a leanas ag cabhrú leis sin:
o Soláthar talún a oscailt agus tailte Stáit ar chostas íseal a chur
ar fáil
o An Ciste Gníomhachtaithe Tithíochta um Bonneagar Áitiúil
o Maoiniú bonneagair mórscála “ar an láthair” ag NTMA
o Leasuithe pleanála
o Creat Náisiúnta Pleanála agus gníomhartha
bainistíochta talún a chur i bhfeidhm
o Modhanna éifeachtúla deartha agus soláthair chun
costais soláthair tí a dhéanamh níos ísle
o Bearta chun tacú le nuáil agus scileanna tógála
Aghaidh a thabhairt
ar na bacainní roimh
sholáthar níos mó
tithíochta ar cíos
san earnáil
phríobháideach,
chun soláthar aonad
ar chíosanna
inacmhainne
a fheabhsú.
Straitéis a fhorbairt um earnáil chíosa atá inmharthana agus
inbhuanaithe
Reachtaíocht a thabhairt isteach faoi shocruithe cothroma
chun críoch a chur le tionóntachtaí
Athbhreithniú a dhéanamh ar na caighdeáin um chóiríocht
ar cíos
Ról an Bhoird um Thionóntachtaí a Fheabhsú
Scéim Cíosa Inacmhainne a thabhairt isteach
“Tógáil-chuig-cíos” a mholadh
Tacú le níos mó cóiríochta a sholáthar do mhic léinn
Déanamh cinnte go
mbaintear an
oiread úsáide agus
is féidir as tithe atá
ann cheana féin -
agus díriú ar
bhearta chun stoc
folamh a úsáid le
ceantair uirbeacha
agus tuaithe a
athnuachan
Bainistíocht níos fearr ar thithíocht shóisialta trí haonaid fhoilmhe
(Folúis) a ligean ar cíos arís go tapa agus Ligean Bunaithe ar
Rogha a thabhairt isteach
Athbhreithniú ar an Scéim Cheannaigh ag Tionóntaí
(Incriminteach)
Ceannach tithe foilmhe atá i seilbh banc agus institiúidí
airgeadais ag an nGníomhaireacht Tithíochta
An Tionscnamh um Dheisiú agus Léasú Tithe Foilmhe
Deireadh a chur le bacainní rialála roimh aonaid réadmhaoine
foilmhe a athúsáid
Athnuachan uirbeach, Tionscnamh na Cathrach Beo san
áireamh
Tionscnaimh um athnuachan bruachbhaile agus tuaithe
Leanúint ar aghaidh le hobair chun eastáit nach bhfuil
críochnaithe a chur i gceart
19
Comhthéacs Don Phlean Gníomhaíochta Seo Um
Thithíocht agus Easpa Dídine Le roinnt blianta anuas, tá beartas an Rialtais i leith tithíochta in Éirinn dírithe ar dhéanamh cinnte, an oiread is féidir, gur féidir le gach teaghlach rochtain a fháil ar thithíocht shlán, deachaighdeáin agus inacmhainne atá oiriúnach dá chuid riachtanas agus suite i bpobail inbhuanaithe.
Tá soláthar tithíochta ardchaighdeáin sna háiteanna cearta mar bhonn do dhul chun cinn eacnamaíoch agus sóisialta ar bhonn náisiúnta agus réigiúnach, go háirithe trí dhéanamh cinnte go mbíonn ár gcuid cathracha, bailte agus sráidbhailte rathúil agus tarraingteach mar áiteanna um chónaí agus obair.
Tá tithíocht ar cheann de na réimsí is mó de chaiteachas teaghlaigh. Níor cheart go mbeadh an costas as tithíocht le haghaidh gach teaghlaigh, cibé acu go bhfuil sí á tógáil ar cíos nó go bhfuil siad ina n-úinéirí uirthi, iomarcach. Mar sin ní mór go mbeadh inacmhainneacht ina gné lárnach de gach beartas i leith tithíochta agus gach beartas gaolmhar agus é mar aidhm déanamh cinnte go mbíonn costais tithíochta cóir agus go seachnaítear luaineacht praghsanna, mar a chonacthas san am atá thart. Cuspóir eile atá tábhachtach, áfach, ná cáilíocht. Ní mór go mbeadh teach deartha go maith, marthanach agus inoiriúnaithe do riachtanais athraitheacha agus tíosach ar fhuinneamh. Infheistíocht mhór atá i dteach atá dea-thógtha.
Tithíocht agus Beartas Poiblí Forleathan
Tá sé tábhachtach go dtabharfaí aghaidh ar thithíocht i mbeartas an Rialtais sna réimsí sochaí, geilleagar agus comhshaol mar:
Riachtanas bunúsach don duine atá i dtithíocht, ach mura gcuirfí isteach ná amach ar an margadh ní dhéanfaí cinnte go gcuirfí tithíocht oiriúnach ar fáil do gach teaghlach nó go deimhin go dtabharfaí tithíocht dóibh ar chor ar bith, agus is é sin an príomhfháth le clár tithíochta sóisialta;
Chun aidhmeanna forleithne i leith pleanála agus comhshaoil a bhaint, ní mór go mbeadh dea-chaighdeáin sa soláthar tithíochta a chinntiú ina gné lárnach, i ngach ceantar, idir ceantair uirbeacha agus tuaithe;
Earnáil lárnach den gheilleagar atá i dtithíocht, agus naisc thábhachtacha aige le fostaíocht agus baincéireacht. Tá sé tábhachtach a admháil go raibh na naisc idir an earnáil airgeadais agus tithíocht ina gcúis le cuid mhór luaineachta sa gheilleagar le blianta beaga anuas;
Cuireann boilsciú i margaí cíosa agus ceannaigh le méadú ar phá, rud a laghdaíonn iomaíochas agus inacmhainneacht mar sin, agus a chuireann brú ar bhuiséid teaghlaigh;
Bíonn tionchair déimeagrafacha ach ag costais iomarcacha tithíochta, lena n-áirítear claonadh ag teaghlaigh i dtreo roghanna tábhachtacha sa saolré a chur ar athló chun tús áite a thabhairt do cheannaigh tí;
Bíonn cíosanna ardaitheacha freagrach as easpa dídine mar go ndíbrítear teaghlaigh a bhfuil ioncam íseal acu ón margadh, agus nach mbíonn an dara rogha acu ach teacht ar thithíocht shóisialta a lorg. Nuair a théann cíosanna in airde freisin is féidir leis tarlú go mbíonn an chuid is mó de theaghlaigh ar ioncam íseal lonnaithe i gceantair áirithe.
Réimse beartais atá sa tithíocht freisin áit a bhfeictear leasanna iomaíocha agus uaireanta leasanna contrátha. Mar shampla, nuair a théann praghsanna tí in airde d‟fhéadfadh go mbeadh níos mó airgid ag roinnt teaghlach ach freisin d‟fhéadfadh go dtiocfadh méadú ar chostais na dteaghlach nach bhfuil chomh saibhir sin. Mar sin tá ról tábhachtach ag an Stát i maoirseacht, rialáil agus bainistíocht a dhéanamh ar an earnáil tithíochta chun torthaí cothroma a bhaint amach a chomhlíonann cuspóirí sóisialta, eacnamaíocha agus comhshaoil agus a thacaíonn leo.
20
Dúshláin Tithíochta
Mar ghné lárnach d‟ullmhú an Phlean Gníomhaíochta seo, rinneadh breithniú ar roinnt
dúshlán práinneach a bhaineann le próifíl reatha na hearnála tithíochta in Éirinn.
An Earnáil Tithíochta
Le idir 20 agus 30 bliain anuas, mar a chomharthaítear i dTábla 3 thíos, tá athrú tagtha ar
shamhail na tithíochta; bhíodh sé amhlaidh go mbíodh soláthar bliantúil foriomlán na
tithíochta déanta suas den chuid is mó de sholáthar díreach ag tithíocht de chuid údarás
áitiúil go príomha, agus í sin curtha ar fáil i scéimeanna móra poiblí tithíochta, agus an chuid
eile curtha ar fáil ag an margadh príobháideach tithíochta, thar raon de chineálacha
tithíochta, ach anois is amhlaidh go gcuirtear tithe ar fáil ag an margadh príobháideach den
chuid is mó, agus tithíocht shóisialta curtha ar fáil ina dhiaidh sin trí scéimeanna éagsúla san
earnáil chíosa.
Tábla 3: Soláthar Tithíochta sa Mhargadh agus Lasmuigh den Mhargadh, 1975 - 2015
Bliain Margadh % Lasmuigh den
mhargadh %
1975 18,098 67 8,794 33
2005 75,398 93 5,559 7
2014 10,501 95 515 5
Foinse: An tOllamh P.J. Drudy, Tuarascáil Choiste an Oireachtais ar Thithíocht agus Easpa Dídine,
Meitheamh 2016
Tithíocht Shóisialta
Léiríonn Graf 1 agus 2 a mhó is a dhéantar freastal ar an éileamh ar thithíocht shóisialta ag
tiarnaí talún príobháideacha trí roinnt scéimeanna arna riar ag Údaráis Áitiúla thar ceann an
Rialtais, ar nós an Scéim Cóiríochta Cíosa (SCC), an Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta (ÍCT) agus
an Clár um Chaiteachas Reatha ar Thithíocht Shóisialta (SHCEP).
Ceann na tairbhí a bhaineann leis an aistriú sin sna meicníochtaí um sholáthar tithíochta
sóisialta ná go gcuirtear meascán níos fearr de thithíocht phríobháideach agus shóisialta ar
fáil, seachas bheith ag brath ar thionscadail mhóra monathionachta um thionscadail phoiblí
a bhí ina sainghné d‟infheistíocht i dtithíocht sna 1960í agus 1970í, agus arbh ghá cuid mhór
díobh a athnuachan le blianta beaga anuas.
21
Graf 1: Críochnú agus Soláthar Tithíochta Sóisialta, 2004-2015
Foinse: Staitisticí DHPCLG (2016) Tuarascáil Choiste an Oireachtais ar Thithíocht agus Easpa Dídine,
Meitheamh 2016
Graf 2: Speictream Sholáthar na Tithíochta Sóisialta, 2004-20151
Foinse: Staitisticí DHPCLG (2016) Tuarascáil Choiste an Oireachtais ar Thithíocht agus Easpa Dídine,
Meitheamh 2016
Laghdú ar Chríochnú Tithe
Mar gheall ar an meascán de chríochnú tithíochta poiblí agus de shamhlacha cíosa
tithíochta sóisialta cuireadh ar fáil líon mór tithe measctha de chineál pobail suas go dtí thart
ar 2008 nuair a cuireadh 11,000 aonad ar fáil. Mar gheall ar an gcrapadh geilleagair a
thosaigh i 2008 tháinig laghdú mór ar líon na dtithe a críochnaíodh sna hearnálacha
príobháideacha agus sóisialta mar atá curtha i láthair i nGraf 3.
1Ní chuimsíonn an figiúr um sholáthar tithíochta sóisialta le haghaidh 2015 atá sonraithe sa ghraf seo an figiúr de
2,696 um „folúis‟ a cuimsíodh sa tuarascáil ar Aschur Tithíochta Sóisialta i 2015.
10000
9000
8000
7000
6000
5000
4000
3000
2000
1000
0
2004 2005 2006 2007 2008 2009 2010 2011 2012 2013 2014 2015
Tithíocht Údaráis Áitiúil Tithíocht Dheonach & Comharthithíocht Éadálacha
14,000
12,000
10,000
8,000
6,000
4,000
2,000
0
2004 2005 2006 2007 2008 2009 2010 2011 2012 2013 2014 2015
Tithe ÚÁ críochnaithe
Tithíocht Dheonach & Comharthithíocht críochnaithe
ÍCT
Éadálacha
SCC aistrithe nua
CCRTS
22
Graf 3: Tithe Críochnaithe de réir Earnála, 2004-2014
Foinse: Tuarascáil Choiste an Oireachtais ar Thithíocht agus Easpa Dídine, Meitheamh 2016
Tá dúshláin chasta roimh an earnáil tithíochta faoi láthair, agus iad déanta níos mó mar
gheall ar éifeachtaí oidhreachta an chrapadh geilleagair tar éis 2008, a raibh tionchair
mhóra aige sa chomhthéacs idirnáisiúnta.
Nuair a thit an margadh réadmhaoine a bhí bunaithe ar chreidmheas as a chéile scriosadh
an tionscal forbartha agus cuireadh isteach go mór ar an earnáil bhaincéireachta. “Obair
idir lámha” fós é an t-athrú go samhail mhaoinithe il-sraithe um maoiniú tí, agus cuireann sé le
linn le leibhéal íseal infheistíochta fós i soláthar na tithíochta i gcoitinne.
Tearcsholáthar Buan
Is i gceantair uirbeacha is mó a fheictear tearcsholáthar, i mBaile Átha Cliath ach go háirithe
ach i gCorcaigh chomh maith le cathracha agus bailte móra réigiúnacha eile freisin.
I dtaighde an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (ESRI), a foilsíodh i 2014,
measadh riachtanas bliantúil de 25,000 aonad um thithe nua, agus é sin stiúrtha ag athrú
déimeagrafach, bunú teaghlaigh agus dífheidhmeacht an stoic atá ann cheana féin.
I dtaighde an ESRI freisin tugadh cuntas ar chásanna féideartha eile maidir le fás
eacnamaíoch, bunú teaghlaigh agus pátrúin inimirce, a bheadh freagrach as riachtanas
bliantúil de níos mó ná 25,000 aonad. Mar gheall ar neart an téarnaimh gheilleagair atá ar
siúl i roinnt ceantar le blianta beaga anuas, d‟fhéadfadh gurbh amhlaidh go mbeadh
cásanna den sórt sin níos oiriúnaí do na cúinsí reatha.
Soláthraíonn Tascfhórsa Bhaile Átha Cliath um Sholáthar Tithíochta, a bunaíodh faoi Straitéis
Foirgníocht 2020, sonraí faoi fhorbairtí tithíochta a bhfuil cead pleanála faighte acu agus iad
siúd ina bhfuil tógáil ar siúl sna ceithre cheantar údaráis áitiúil i mBaile Átha Cliath. Sonraítear
an méid seo a leanas sna sonraí le haghaidh R1 2016:
Tá 115 láithreán tí gníomhach i Réigiún Bhaile Átha Cliath, ina bhfuil 10 dteach nó níos
mó á dtógáil,
Tá cead pleanála i bhfeidhm le haghaidh 26,886 tí ach níl ach 4,809 nó 18% de na
haonaid fhéideartha sin á dtógáil faoi láthair,
Níl tús curtha le tógáil ar chor ar bith i gcás 22,077 teach féideartha nó 82% díobh
i mBaile Átha Cliath.
100000
N U:
u: n
m i
b t
e s
r
90000
80000
70000
60000
50000
40000
30000
20000
10000
0
Príobháideach
Sóisialta
2004 2005 2006 2007 2008 2009 2010 2011 2012 2013 2014
23
Ó bhí 2009 ann, mar gheall ar thearcsholáthar buan, i mBaile Átha Cliath ach go háirithe, is
cosúil go sáraíonn an t-easnamh sa soláthar tithíochta faoi láthair 50,000 teach (féach ar Ghraf
4 thíos), rud a thugann le tuiscint gurb é an cuspóir a d‟fhéadfadh a bheith ag teastáil chun
déileáil le tearcsholáthar carnach agus freastal ar riachtanais na todhchaí ná leibhéil soláthair
de níos mó ná 25,000 aonad in aghaidh na bliana. Is í an chéad chéim, áfach, ná bogadh
ó na leibhéil reatha (12,666 i 2015) i dtreo 25,000 in aghaidh na bliana chomh tapa agus is féidir
– agus is é an t-aistriú sin, i dteannta le méadú agus brostú suntasach ar sholáthar tithíochta
sóisialta, atá mar phríomhréimse béime an Phlean seo, agus chun é a bhaint amach beidh gá
le hathruithe ó bhonn ar fud tithíochta sóisialta, príobháidí agus tithíocht ar cíos.
Graf 4: Críochnú Tithe agus Easnamh Carnach sna Ceithre hÚdarás Áitiúil i mBaile Átha
Cliath, 2009-2015
Foinse: DHPCLG
Ina theannta sin, tá geilleagar na hÉireann ag fás go tapa, agus an téarnamh sin ar siúl i mBaile Átha Cliath agus i gceantair mhóra uirbeacha eile ach go háirithe, agus méaduithe bainteacha ag teacht ar bhunú teaghlaigh, ioncaim agus ar éileamh ar thithe nua. Is é an toradh a bhí air sin ná boilsciú praghsanna, go háirithe i margaí cíosa uirbeacha le dhá bhliain anuas. Cuirfidh meastacháin eacnamaíocha reatha um fhás inbhuanaithe agus méadú ar leibhéil fhostaíochta le níos mó méaduithe ar éileamh i gceantair uirbeacha, rud a chiallaíonn go mbeidh torthaí marthanacha ó thaobh an gheilleagair agus na sochaí ag na deich mbliana deireanacha de thearcsholáthar i mBaile Átha Cliath mura ndéileáiltear leis. Fós féin, tá acmhainn na hearnála tithíochta freastal ar éileamh méadaithe teoranta faoi láthair.
Ní bhaineann dúshlán na tithíochta díreach le níos mó tithe a sholáthar, áfach, - baineann sé freisin le bogadh amach ó thimthrialla de luaineacht ó thaobh soláthair agus inacmhainneachta. Is gá d‟Éirinn bogadh i dtreo samhla um sholáthar tithíochta atá níos cobhsaí, níos costéifeachtaí agus níos inacmhainne agus a sholáthraíonn an méid ceart tithe, sna háiteanna cearta agus ag an am ceart.
Oibreoidh DHPCLG i ndlúthpháirt leis an ESRI agus leis an nGníomhaireacht Tithíochta chun an tuiscint ar choinníollacha sna margaí tithíochta ar fud na tíre a fheabhsú agus mar sin chun bonn eolais níos fearr a chur faoi chur i bhfeidhm agus dhearadh bhearta beartais faoi láthair agus amach anseo. Is é a bheidh i gceist leis an obair sin ná miondealuithe geografacha náisiúnta agus fo-náisiúnta a dhéanamh ar sholáthar agus éileamh iarbhír agus measta, ar fud chineálacha tionachta, bunaithe ar fhorbairtí déimeagrafacha agus macra-eacnamaíocha. Freisin beidh deis taighde a dhéanamh a bheidh dírithe ar théamaí sonracha maidir le tithíocht.
Críochnú Tithe agus Easnamh Carnach i mBaile Átha Cliath 2009 go 2015
60000
40000
Críochnú Bliantúil Tithe
20000 Easnamh Carnach
0
2009 2010 2011 2012 2013 2014
2015
24
Comhdhéanamh
Tá athrú ag teacht freisin ar struchtúr na hearnála tithíochta ó thaobh tionachta agus
tógadh é sin san áireamh agus an Plean Gníomhaíochta seo á ullmhú. I measc na
bpríomhthreochtaí tá:
Laghdú ar na leibhéil d‟úinéireacht tí go díreach faoi bhun 70% i 2014.
Méadú comhfhreagrach ar líon na dteaghlach a bhfuil tithe ar cíos acu. Ó R1 2016 ar
aghaidh, chláraigh an Bord um Thionóntachtaí Cónaithe 323,758 tionóntacht.
Comhchruinniú earnáil na dtithe ar cíos i gceantair uirbeacha agus cuid mhór de
theaghlaigh a bhfuil tithe ar cíos acu ag brath ar thacaí tithíochta sóisialta.
Ciallaíonn laghdú ar mhéideanna teaghlaigh go raibh an meánmhéid laghdaithe go
2.7 duine i 2015.
Leibhéal buan, cé go bhfuil siad ag dul chun feabhais, na dteaghlach a bhfuil riaráistí
morgáiste acu; amhail R1 2016, bhí 85,989, nó 11% den mhéid iomlán i riaráiste.
Daonra ag dul in aois, a bheidh ina dhúshlán mór déimeagrafach agus sochaí agus
a bhfuil impleachtaí aige um dhearadh, athchóiriú agus shuíomh tithíochta.
Ionad agus Soláthar Talún
I dteannta le scála an soláthar tithíochta, tá tithíocht a chur ar fáil san áit cheart
ríthábhachtach chun deachaighdeán maireachtála a chumasú agus chun cáilíocht
bheatha a fheabhsú. Nuair a bhíonn tithe suite san áit cheart bíonn deis ag líonraí leathana
teaghlaigh agus sóisialta déanamh go maith, méadaítear rochtain ar dheiseanna
fostaíochta agus ar sheirbhísí mar oideachas, iompar poiblí, sláinte agus fóntais, agus freisin
comhlíontar cuspóirí inbhuanaitheachta i ndáil le cur ar fáil seirbhísí agus soláthar
infheistíochta.
Léirítear na treochtaí maidir le athrú daonra in Éirinn idir 2006-2016 i Léarscáil 1.
Comharthaíonn an léarscáil seo gurb amhlaidh le deich mbliana anuas, gurb iad na
háiteanna is imeallaí den tír ina bhfuil an laghdú is mó ag teacht ar dhaonra na hÉireann
agus gurb iad ceantair lasmuigh de na príomhcheantair chathrach is mó atá ag fás
ó thaobh daonra. Ina theannta sin, léiríonn an léarscáil go bhfuil laghdú ar an daonra
an-fhorleathan sna ceantair lárnacha dár gcuid cathrach, áit is mó a bhfuil fás láidir ar
dhaonra ag teastáil. Saincheist mhór a bhfuil sé mar aidhm ag an bPlean Gníomhaíochta
seo déileáil léi ná borradh a chur faoi cheantair lárnacha agus cheantair atá ag dul i léig
i gcathracha.
Ceann de na pátrúin ón am atá thart nach mór a sheachaint amach anseo ná an
claonadh fadtéarmach san earnáil fhorbartha, mura ndéantar bainistíocht uirthi, soláthar
tithíochta i láithreáin imeallacha nó ghlasbháin ar imill ceantar uirbeach a roghnú in ionad
deiseanna athfhorbraíochta ar bhealach díréireach agus neamh-inmhianaithe. Cruthaíonn
sé sin éileamh ar bhonneagar breise iompair agus ar bhonneagar eile agus is féidir leis cur le
bheith scoite ó phobail agus sheirbhísí.
Is iad na teaghlaigh aonair agus an tsochaí ina hiomlán a íocann an costas as na patrúin
fhorbartha sin. Ní féidir leanúint ar aghaidh ag brath an iomarca ar fhorbairt ghlasbháin agus
gan dóthain forbartha a dhéanamh ar thalamh uirbeach nó talamh athfhorbraíochta nach
bhfuil dóthain úsáide á bhaint as. Cuireann sé bac ar iomaíochas agus ar inbhuanaitheacht
eacnamaíoch cathracha agus bailte agus baineann sé ó bhríomhaireacht agus rath
comharsanachtaí agus pobal atá ann cheana féin. Freisin nuair a dhéantar forbairt
imeallach is lú an seans go gcuirfear i gcoinne boilsciú i gcíos agus praghsanna ceannaigh
uirbeacha i gcomharsanachtaí atá ann cheana féin.
Léarscáil 1: Athrú ar Dhaonra na hÉireann, 2006-2016
Foinse: All Island Research Observatory (AIRO), OÉ Mhaigh Nuad.
25
26
Cé gur féidir le beartais phleanála daingne ról tábhachtach a ghlacadh sna patrúin sin a athrú agus torthaí tithíochta níos fearr a bhaint amach, tá sé tábhachtach freisin go n-éireodh le beartas poiblí déanamh cinnte go ndéanfaí bainistíocht níos comhtháite ar phunanna talún faoi úinéireacht phoiblí tionchar a imirt ar na háiteanna agus na bealaí ina gcuirtear tithíochta ar fáil. Is gá bainistíocht a dhéanamh ar thailte go léir an Stáit, talamh údaráis áitiúil ach go háirithe ach freisin talamh faoi úinéireacht comhlachtaí Stáit eile, chun déanamh cinnte go bhfuil soláthar leordhóthanach agus inacmhainne talún atá oiriúnach ag an am ceart agus san áit cheart chun an t-aschur tithíochta is gá a bhaint amach.
Tá úsáid éifeachtach talamh faoi úinéireacht phoiblí atá criosaithe mar thalamh cónaithe ach nach bhfuil forbairt déanta uirthi chomh maith le bainistíocht agus athnuachan na talún sin ag croílár an bhainistíocht ghníomhacha talún. Ar an mbealach sin, is féidir linn déanamh cinnte go bhfuil láithreáin réidh le húsáid ar fáil agus cabhraíonn sé sin faoi seach leis an soláthar tithe do thithíocht shóisialta, do cheannach nó don mhargadh cíosa ar phraghsanna inacmhainne.
Inacmhainneacht
Dúshlán mór eile ata roimh thithíocht ná inacmhainneacht. Is é an chaoi a bhfuil ioncaim i go leor teaghlach ná nach cosúil go mbainfidh siad amach an aidhm atá acu mar atá bheith ina n-úinéirí tí sna pobail as a dtagann siad agus ina bhfuil siad ag obair: is amhlaidh sin d‟ainneoin go raibh gach seans go gceannaíodh teaghlaigh a bhfuil a chuid cúinsí eacnamaíocha mar an gcéanna tithe sna pobail sin le blianta beaga anuas. Leanann na rátaí úinéireachta tí ar aghaidh ag dul i laghad agus beidh impleachtaí tábhachtacha aige sin do bheartais tithíochta agus ghaolmhara a bhfuil cur síos níos sonraí tugtha orthu níos deireanaí sa Phlean seo.
Fadhb í inacmhainneacht do go leor teaghlach a bhfuil teach á thógáil ar cíos, nuair a thógtar san áireamh an boilsciú praghsanna atá leagtha amach i nGraf 5. I go leor ceantar, tá boilsciú phraghsanna cíosa i bhfad níos airde ná fás ioncaim. Cé go bhféadfadh gurb iad na teaghlaigh nach bhfuil ach teacht isteach teoranta acu is mó a gcuireann cíosanna ardaitheacha isteach orthu, ní hiad teaghlaigh ar ioncam íseal amháin atá ag tabhairt aghaidhe ar dhúshlán. De réir mar a théann praghsanna cíosa in airde, tá líon mór teaghlach ag íoc níos mó dá chuid ioncam ar chóiríocht agus bíonn tionchair soiléire aige sin ar a gcáilíocht bheatha agus a gcumas airgead a chur i dtaisce.
Graf 5: Boilsciú praghsanna i Margaí Ceannaigh agus Cíosa, 2015-2016
An Praghas Náisiúnta Bliantúla Is Deireanaí atá ar Fáil Boilsciú %
16
14
12
10
8
6
4
2
0
Cíos Ceannach Cíos Ceannach
2015 2016
27
Is iad na teaghlaigh atá ar ioncam íseal is mó a mhothaíonn tionchar na méaduithe
leanúnacha ar phraghsanna cíosa, agus iad á mbrú isteach i gcóiríocht faoi bhun
caighdeáin nó easpa dídine; is gné de dhúshlán reatha na tithíochta í sin atá géar agus
práinneach ach go háirithe toisc, thar aon ní eile, gurb iad na teaghlaigh is mó atá
leochaileach ó thaobh airgid is mó a mhothaíonn an tionchar.
Fadhb eile ar tarraingíodh aird uirthi i dTuarascáil Choiste an Oireachais ar Thithíocht agus
Easpa Dídine i Meitheamh 2016 agus in áiteanna eile, ná bagairt an easpa dídine roimh
úinéirí tí a bhfuil riaráistí morgáiste acu agus áit nach leor bearta um athstruchtúrú morgáiste
chun déileáil le hinbhuanaitheacht fhadtéarmach na morgáistí sin. Gné eile de dhúshlán
foriomlán na tithíochta ná úinéirí tí a bhfuil deacrachtaí acu le riaráistí morgáiste, i dteannta
le haschur íseal tithíochta sóisialta agus laghdú ar an soláthar tithíochta i gcoitinne. Tógadh
an méid sin san áireamh freisin agus an Plean Gníomhaíochta seo á ullmhú.
An Earnáil Chíosa
Mar gheall ar laghdú ar líon na n-úinéirí tí agus méadú ar an éileamh ar chóiríocht ar cíos ar
bhonn fadtéarmach tá dúshlán mór eile tagtha chun cinn ó thaobh na tithíochta - is é sin ná
tuairimí a athrú ionas go n-aithníonn níos mó daoine buntáistí an chíosa mar fhoirm
tionachta. Ba cheart go dtacódh earnáil láidir chíosa le margadh saothair soghluaiste atá
níos fearr in ann dul i dtaithí ar dheiseanna poist nua agus ar athruithe ar chúinsí tí. Ní mór
freisin go ndéanfadh an earnáil chíosa freastal ar réimse éagsúil teaghlach, a chuimsíonn
mic léinn, teaghlaigh ar ioncam íseal agus daoine gairmiúla atá ag bogadh thart. Ní mór
tarraingt an earnáil chíosa mar rogha tionachta a mhéadú, rud a chiallaíonn caighdeáin
a ardú, dhaingne tionachta agus athrú a dhéanamh ar chuid de na noirm agus de na
hionchais atá mar shaintréithe den earnáil.
Iomaíochas
Bíonn drochthionchar ag praghsanna ardaitheacha as cóiríocht ar chíos ar iomaíochas.
Bainfear ó tharraingteacht na hÉireann mar ionad féideartha d‟infheistíocht, agus ar ndóigh,
cuirfear isteach ar an mbonn costas do ghnóthais atá ann cheana féin, má leanann boilsciú
praghsanna ar aghaidh, mar go ndéanann praghsanna ardaitheacha pá a bhrú suas, go
gcuireann siad stop le himirce isteach agus go gcuireann siad isteach ar an margadh
saothair.
Díol suntais é rangú Mercer 2016 inar cuireadh Baile Átha Cliath ag uimhir 47 in innéacs
idirnáisiúnta um chostas maireachtála, áit arbh í uimhir 1 an áit is costasaí. Ní raibh ach trí
chathair eile san Aontas Eorpach, Londain, Cóbanhávan agus Páras níos costasaí. Gné mhór
de na costais mhaireachtála iad costais a bhaineann le cóiríocht agus tá siad ag dul in airde
i gcathracha na hÉireann.
Níos deireanaí ná sin, rinne an Chomhairle Náisiúnta Iomaíochais staidéar2 a choimisiúnú ar
inacmhainneacht choibhneasta réadmhaoine cónaithí in Éirinn, le himeacht ama,
i gcomhthéacs idirnáisiúnta agus i gcomparáid le réigiúin chomparadóra eile. Tugann
fionnachtana agus conclúidí an staidéir le fios go bhfuil dúshlán an iomaíochais ag dul i méid
agus úsáid á baint as an sainmhíniú seo a leanas ar inacmhainneacht.
Déantar inacmhainneacht tithíochta a thomhas trí scrúdú a dhéanamh ar an gcion
d’ioncam teaghlaigh a chaitear chun freastal ar a riachtanas tithíochta féin cibé
acu gurb é teach a cheannach nó teach a thógáil ar cíos atá i gceist. Déantar
dhá hinnéacs foriomlán a ríomh, is iad sin ná an tInnéacs Inacmhainneachta
Morgáiste (IIM) an NCC agus an tInnéacs Inacmhainneachta Cíosa (IIC) an NCC.
Gabhann an tInnéacs Inacmhainneachta Morgáiste (IIM), atá leagtha amach i nGraf 6, an
costas as teach nua-cheannaithe do theaghlach a thuilleann an meánioncam teaghlaigh
don réigiún sin. Tá an t-innéacs mar a ríomhtar bunaithe ar aonad caighdeánaithe tithíochta
agus tógtar san áireamh difríochtaí idir Costas Morgáiste.
2 http://www.competitiveness.ie/Publications/2016
28
Graf 6: An tInnéacs Inacmhainneacht Morgáiste (IIM) do Réigiúin Chomparadóra Cóimheas
60% idir Iasacht agus Luach), 2015
45%
40%
35%
30%
25%
20%
15%
10%
5%
0%
Foinse: Indecon Economic Consultants le haghaidh an NCC
Gabhann an tInnéacs Inacmhainneachta Cíosa (IIC), atá leagtha amach i nGraf 7, an
costas as cíos do theaghlach ag a bhfuil an meánioncam teaghlaigh don réigiún sin.
Ríomhtar é agus talamh slán á dhéanamh de mheánaonad cíosa de 70 méadar cearnach,
is cuma faoin gcineál tithíochta (e.g. árasán nó teach), agus déantar talamh slán de go
bhfuil beirt sa teaghlach, agus 80% den ioncam indiúscartha acu beirt.
Graf 7: An tInnéacs Inacmhainneacht Cíosa (IIC) do Réigiúin Chomparadóra, 2015
70%
60%
50%
40%
30%
20%
10%
0%
Foinse: Indecon Economic Consultants le haghaidh an NCC
Tá sé beartaithe go dtógfar an anailís atá déanta ag an NCC ar aghaidh ag an
nGníomhaireacht Tithíochta, mar chuid dá measúnú leanúnach ar inacmhainneacht tithíochta.
Céa
tad
án d
e m
heá
nio
nca
m t
eag
hla
igh
Céa
tad
án d
’ion
cam
in
diú
scar
tha
Atl
anta
Cat
hai
r P
ho
rt L
áirg
e
Cat
hai
r L
uim
nig
h
An
Ch
uid
Eile
d’É
irin
n
Sin
gea
pó
r
Man
chai
n
Béa
l Fei
rste
Prá
g
Cat
hai
r n
a G
ailli
mh
e
Cat
hai
r C
ho
rcaí
Có
ban
háv
an
Hei
lsin
cí
An
Bh
ruis
éil
Bei
rlín
Bai
le Á
tha
Clia
th
Am
star
dam
Lo
nd
ain
Atl
anta
Cat
hai
r P
ho
rt L
áirg
e
Cat
hai
r L
uim
nig
h
Bei
rlín
An
Ch
uid
Eile
d’É
irin
n
Prá
g
Có
ban
háv
an
Sin
gea
pó
r
Béa
l Fei
rste
Cat
hai
r C
ho
rcaí
An
Bh
ruis
éil
Cat
hai
r n
a G
ailli
mh
e
Hei
lsin
cí
Bai
le Á
tha
Clia
th
Man
chai
n
Am
star
dam
Lo
nd
ain
29
Riachtanais Soláthair Tithíochta I bhfianaise na sprice bliantúla de 25,000 teach, agus í sin á cur i gcomparáid le líon reatha agus measta na dtithe críochnaithe ar bhonn “gan aon athrú ar bheartas”, is gá na fachtóirí seo a leanas a thógáil san áireamh:
Ní mór go méadófaí faoi dhó i gcaitheamh ceithre bliana an líon reatha de thithe críochnaithe mar atá thart ar 12,600 teach breise.
Tá gá mór le méadú a dhéanamh ar an earnáil “tógáil-chuig-cíos”, nach bhfuil freastal á dhéanamh air leis an méid reatha tógála.
Teastaíonn níos mó treallúis faoin Straitéis Tithíochta Sóisialta chun déileáil le “hearnáil na dtithe sóisialta ar cíos” trí gníomhaíocht bhreise ag údaráis áitiúla agus Comhlachtaí Tithíochta Faofa chun críocha tithe sóisialta ar cíos.
Tá cónaí ar thart ar 30% de dhaonra na tíre i mBaile Átha Cliath agus, mar thoradh air sin, is sa cheantar sin is mó a bhraitear brú ó thaobh cóiríochta. Cuspóir mór atá sa Phlean Gníomhaíochta seo ná cothrom a bhaint amach idir éileamh agus soláthar i mBaile Átha Cliath agus in aice leis agus i gceantair eile ardéilimh mar Chorcaigh, Luimneach, Gaillimh agus Port Láirge.
D‟ainneoin an leibhéal íseal aschuir, tá raon de cheantair mhóra um forbairt chónaithe curtha ar fáil do cheantar Bhaile Átha Cliath, chomh maith le hionaid chosúla i gCorcaigh agus i gcathracha réigiúnacha eile agus acmhainn le haghaidh 1,000 - 3,000+ teach in aghaidh an limistéir faoi Criosanna Forbartha Straitéisí reachtúla agus Pleananna Ceantair Áitiúil. Soláthraíonn siad siúd d‟fhás struchtúrach pobal cónaithe nua atá mór, agus a bhfuil tacaíocht acu ón mbonneagar fisiceach, sóisialta, oideachais agus áitiúil eile a theastaíonn.
Cuspóir lárnach a bheidh i gceist leis an bPlean seo mar sin ná tógáil tithe nua sna hionaid sin a mhéadú ó na leibhéil ísle ghníomhaíochta mar atá faoi láthair agus cur chuige cothrom a ghlacadh i dtreo tithíocht a chur ar fáil atá tógtha um áitiú ag úinéirí agus tithíocht do na hearnálacha tithíochta príobháidí agus sóisialta atá “tógtha chuig cíos”.
Mura ndéanfaí na hidirghabhálacha atá leagtha amach faoin bPlean Gníomhaíochta seo agus ar bhonn an ráta reatha méadaithe ar sholáthar, nuair a smaoinítear faoi Bhaile Átha Cliath ina aonar, d‟fhéadfadh go dtógfadh sé suas le naoi mbliana go dtí go sroichfeadh soláthar na 10,000 teach nua a theastaíonn sa cheantar seo gach bliain, dar leis an nGníomhaireacht Tithíochta.
Má bhaintear úsáid arís as teagmhais fhoilmhe d‟fhéadfadh go laghdófaí líon na dtithe breise a theastaíonn. Ní mór anailís a dhéanamh ar an tsaincheist seo, áfach, go háirithe maidir leis an gcumas iarbhír áitiú teagmhas a bhaint amach láithreach agus an réiteach idir ionad agus éileamh, ós rud é go bhfuil cion mór de líon iomlán na n-aonad foilmhe lonnaithe i gceantair tuaithe, áit a bhféadfadh nach mbeadh éileamh ard.
Próifíl Mheasta an tSoláthair
I gcomhréir leis an gClár um Rialtas Comhpháirtíochta, a bhfuil sé mar aidhm aige déanamh cinnte go dtógtar 25,000 teach nua gach bliain faoi 2020, agus spriocanna níos airde socraithe ina dhiaidh sin chun freastal ar riachtanais nár sásaíodh, tá sraith beart agus tionscnamh sa Phlean Gníomhaíochta seo atá ceaptha chun an sprioc sin a bhaint amach. Ní mór do sholáthraithe tithíochta, institiúidí maoinithe agus gach páirtí leasmhar ábhartha eile oibriú as lámh a chéile chun téarnamh a bhaint amach sa ráta soláthair atá leagtha amach i nGraf 8 agus iad ag tógáil le chéile:
Soláthar reatha,
Soláthar méadaithe agus brostaithe tithíochta sóisialta,
Soláthar breise, mar shampla i bpríomhcheantair straitéiseacha tithíochta, agus
Stoc folamh a chur i ngníomh arís.
30
I nGraf 8 léirítear an cuspóir mar atá leibhéil ghníomhaíochta a mhéadú leis an sprioc de
25,000 aonad a bhaint amach faoi 2020 nó roimhe sin, agus an riaráiste soláthair a bhí i
gceist go dtí seo á thógáil san áireamh.
Graf 8: Plean Gníomhaíochta Aschur Cuspóir
Tá na gníomhartha atá leagtha amach sna Colúin seo a leanas den Phlean Gníomhaíochta
ceaptha leis an méadú agus an brostú foriomlán ar sholáthar tithíochta a theastaíonn go
práinneach a bhaint amach ar bhealach comhtháite.
31
Na Cúig Cholún
33
Colún 1: Ag dul i ngleic le hEaspa Dídine
Déileáil le heaspa dídine agus daoine a choimeád ina
dtithe féin
Príomhchuspóir: Réitigh luatha a chur ar fáil chun déileáil leis an líon doghlactha
teaghlach atá i gcóiríocht éigeandála; tacaí idirghníomhaireachta a
chur ar fáil do dhaoine atá gan dídean faoi láthair, agus béim faoi leith
ar chodladh amuigh a íoslaghdú, agus feabhas a chur ar thacaí Stáit
chun daoine a choimeád ina dtithe féin.
Príomhghníomhartha:
Déanamh cinnte faoi lár 2017, nach mbeidh úsáid á baint as óstáin mar chóiríocht
éigeandála do theaghlaigh, ach ar chúinsí teoranta, trí fhreastal ar riachtanais
tithíochta tríd an Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta agus trí leithdháiltí ginearálta tí, agus
trí sholáthar nua a chur ar fáil a bhainfear amach trí -
o Clár méadaithe um Thithíocht Mearthógála [1,500 aonad]
o Tionscnamh ag an nGníomhaireacht Tithíochta chun tithe foilmhe a fháil [1,600 aonad]
Méadú faoi thrí a dhéanamh ar na spriocanna um thionóntachtaí le cur ar fáil ag
foirne Housing First i mBaile Átha Cliath agus an cur chuige dírithe ar thithíocht a
leathnú go ceantair uirbeacha eile
Feabhas a chur ar thacaí do theaghlaigh gan dídean ina bhfuil páistí
Feabhas a chur ar thacaí do dhaoine gan dídean a bhfuil fadhbanna
meabhairshláinte agus andúile acu
Déanamh cinnte go bhfuil dóthain cóiríochta éigeandála ar fáil ar fud na tíre
Bearta um choimeád tionóntachta a leathnú ar fud na tíre
Méadú ar na teorannacha don Fhorlíonadh Cíosa agus don ÍCT
Tionscnamh nua chun rochtain a chur ar fáil ar shainchomhairle neamhspleách
airgeadais agus dlí do dhaoine atá ag déileáil le riaráistí móra morgáiste
An deis bearta reachtúla breise a scrúdú maidir le riaráistí morgáiste
Cabhrú le níos mó teaghlach maidir le Morgáiste-chuig-Cíos
Déileáil le heaspa dídine
Feiniméan casta é easpa dídine a tharlaíonn go minic mar thoradh ar roinnt fadhbanna
pearsanta, sóisialta agus eacnamaíocha atá idirghaolmhar. Glactar leis de ghnáth, áfach,
gurb é an ganntanas soláthair ar fud na hearnála tithíochta, a tharla faoi seach mar thoradh
ar chliseadh an gheilleagair agus an crapadh bainteach san earnáil tógála, atá ina
cheanna feadhna ar an líon mór teaghlach atá gan dídean le blianta beaga anuas. Bhí
tionchar faoi seach ag fadhb an soláthar tithíochta ar fheidhmiú mhargadh na dtithe
príobháideacha ar cíos, rud a chuir leis an méadú ar easpa dídine. Dá réir sin, is é an
réiteach fadtéarmach ar fhadhb reatha an easpa dídine ná an soláthar tithe a mhéadú.
Mar gheall ar an méadú le déanaí ar líon na dteaghlach atá gan dídean tá brú ollmhór
curtha ar sheirbhísí reatha do dhaoine gan dídean agus ar shaoráidí cóiríochta éigeandála,
agus is é an toradh air sin ná go bhfuil méadú seasta tagtha ar úsáid leapacha B&B/óstáin
chun críocha cóiríochta éigeandála ar feadh thréimhsí ama atá mí-oiriúnach agus rófhada.
34
Teaghlaigh gan dídean
Ba ghnách gurbh iad daoine fásta singile, fir den chuid is mó a dhéanadh suas tromlach an
daonra gan dídean. Mar gheall ar thionchar eacnamaíoch an chúlú geilleagair le déanaí,
áfach, chomh maith leis an nganntanas sa soláthar tithíochta dá bharr sin tá dinimic nua
easpa dídine tagtha chun cinn, áit a bhfuil teaghlaigh a bhíodh in ann cóiríocht a fháil in
earnáil na dtithe príobháideacha, ag teacht i láthair seirbhísí do dhaoine gan dídean. Is
teaghlaigh iad go leor acu a bhfuil teacht acu ar thacaí Stáit mar an bhForlíonadh Cíosa,
agus a bheadh in ann tionóntachtaí a fháil dóibh féin san am atá thart.
Tá cóiríocht i B&Banna agus in óstáin ar bhonn éigeandála tugtha don chuid is mó de na
teaghlaigh sin, a bhfuil cleithiúnaithe ag an gcuid is mó acu agus nach raibh gan dídean riamh
roimhe seo. Roimh 2014, thagadh thart ar 20 teaghlach i láthair agus iad gan dídean gach mí
i Réigiún Bhaile Átha Cliath, tháinig méanmhéid de 32 theaghlach nua i láthair agus iad gan
dídean i rith 2014, agus mhéadaigh an meán míosúil sin go 62 theaghlach nua i rith 2015.
Teastaíonn freagra aonair agus sainiúil ag teaghlaigh a bhfuil páistí acu agus a thagann
i láthair gan dídean i gcomparáid le daoine aonair agus lánúineacha fásta. Mar aitheantas
don fhíric go bhfuil coimeád tionóntachta ríthábhachtach chun méadú ar easpa dídine a
chosc, ba cheart do ghníomhaireachtaí a mbíonn teagmháil rialta acu le teaghlaigh (Ionaid
Acmhainne Teaghlaigh san áireamh) naisc a chur ar fáil leis na príomhsholáthraithe
comhairle faoi thithíocht agus fhiachas sula gcuirtear deireadh le tionóntacht. Baineann an
gníomh seo le gach comhlacht a mbíonn teagmháil rialta acu le teaghlaigh. Déanfar bileog
eolais faoi sheirbhísí/chláir atá le cur ar fáil do theaghlaigh agus do pháistí atá i mbaol easpa
dídine agus scaipfear í chuig seirbhísí lárnacha atá ag obair le teaghlaigh; mar shampla,
Foirne Gníomhaíochta do Dhaoine gan Dídean, Oifigigh Leasa Pobail, agus an tSeirbhís
Leasa Oideachais.
Chun an úsáid is cuí acmhainní a mheas, déanfaidh Tusla agus cabhair acu
ó Fheidhmeannacht Réigiún Bhaile Átha Cliath do Dhaoine gan Dídean (Dublin Region
Homeless Executive/DRHE) léarscáil den chóiríocht éigeandála go léir - agus na tacaí
a theastaíonn ó theaghlaigh agus atá ar fáil dóibh forleagtha uirthi.
I gcomhréir leis an ngá suíomh atá oiriúnach do theaghlaigh a chur ar fáil, chun freastal ar réimse
riachtanas do theaghlaigh a thagann i láthair gan dídean, bunófar áiseanna ionaid ilfhreastail
i gcathair Bhaile Átha Cliath chun riachtanais teaghlaigh a mheas go cuí, agus seirbhís
fhor-rochtana sna trí cheantar údaráis áitiúil eile i mBaile Átha Cliath. Chun é sin a bhaint amach
beidh údaráis áitiúla, Tusla, Seirbhísí Idirghabhála Teaghlaigh, Seirbhísí Cosanta Tionachta, an
Roinn Coimirce Sóisialta agus saineagraíochtaí neamhrialtais ag obair as lámh a chéile, agus an
leas is mó á bhaint acu as teicneolaíocht an lae inniu, chun an raon freagraí a chur ar fáil
a theastaíonn chun teaghlaigh a choimeád ina gcuid tithe reatha, áit is féidir, agus chun iad
a atreorú, más cuí, chuig seirbhísí do dhaoine gan dídean agus seirbhísí tacaíochta eile.
Teaghlaigh a bhogadh amach ó óstáin
Tuigtear nach cuí cóiríocht a thabhairt d‟aonaid teaghlaigh i socruithe óstáin ach ar feadh thréimhse ghairid ama. Tá forleithne na dteaghlach gan dídean agus úsáid óstán um chóiríocht éigeandála ina bhfadhbanna i bhfad níos mó i Réigiún Bhaile Átha Cliath i gcomparáid leis an gcuid eile den tír. Ar bhonn sonraí ó Bhealtaine 2016, bhí 1,054 teaghlach gan dídean ar fud na tíre, agus astu siúd bhí 913 teaghlach i Réigiún Bhaile Átha Cliath, agus ar aon oíche amháin i mBealtaine, tugadh cóiríocht do 622 teaghlach in óstáin.
Tá sé de rún againn an grúpa reatha teaghlach a bhogadh amach ó na socruithe sin chomh luath agus is féidir, agus teorainn a chur le húsáid na cóiríochta sin do theaghlaigh nua a thagann i láthair gan dídean. Is í an aidhm atá againn ná faoi lár 2017 nach n-úsáidfear óstáin le haghaidh chóiríocht éigeandála ach ar chúinsí an-teoranta. Beidh ról tábhachtach ag na méaduithe ar leibhéil an Fhorlíonadh Cíosa agus an Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta ón 1 Iúil 2016 ar aghaidh, ó thaobh cabhrú le teaghlaigh fanacht i gcóiríocht ar cíos, i mbaint amach an chuspóra fhoriomláin seo. Má tharlaíonn, áfach, go bhfaigheann teaghlaigh go bhfuil siad gan dídean, déanfar freastal ar a gcuid riachtanas trí scéim fheabhsaithe an Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta (ÍCT) (féach Colún 2) agus trí leithdháiltí ginearálta tithíochta sóisialta, agus trí leas a bhaint as soláthar níos leithne tithíochta a chuirfear ar fáil trí:
35
Clár méadaithe um Thithíocht Mearthógála [1,500 aonad - féach thíos]
Tionscnamh ag an nGníomhaireacht Tithíochta chun tithe foilmhe a fháil [1,600 aonad-féach Colún 2]
Mar gheall ar an ngá le teaghlaigh a bhogadh amach ó shocruithe óstáin nach bhfuil oiriúnach, agus na costais mhóra a bhaineann le cóiríocht den sórt sin, scrúdóimid freisin na fáthanna le diúltú tairiscintí cóiríochta réasúnaí lasmuigh d‟óstáin ag teaghlaigh agus tabharfaimid freagraí cuí air.
Tithíocht Mhear-thogála
Tá Clár um Thithíocht Mhear-thógála á chur i bhfeidhm chun cabhrú leis na fadhbanna a bhaineann le socruithe óstáin míchuí a laghdú agus chun soláthar tithíochta sóisialta a bhrostú. Tugann an cineál seo cóiríochta níos mó cobhsaíochta do theaghlaigh gan dídean, fad is atá roghanna um bhogadh ar aghaidh go cónaí neamhspleách fadtéarmach á n-aithint agus á bhaint amach. Sa bhreis air sin, éascóidh socruithe den sórt sin measúnú riachtanas agus pleanáil tacaíochta níos comhordaithe do na teaghlaigh siúd, agus rochtain tugtha ar gach seirbhís riachtanach, seirbhísí leasa, sláinte agus tithíochta san áireamh. Tá na haonaid á dtógáil de réir na gcaighdeán tógála is airde, agus mairfidh siad go ceann 50 go 60 bliain. Má chuirtear aon aonaid ar fáil a d‟fhéadfadh nach mbeadh gá leo i ndeireadh an lae chun cabhrú le teaghlaigh a bhogadh amach ó óstáin, bainfidh údaráis áitiúla úsáid astu um leithdháiltí ginearálta tithíochta sóisialta. Cuirfear 1,500 aonad mear-thógála ar fáil faoi 2018: 200 aonad faoi dheireadh 2016, 800 i 2017 agus an chuid eile i 2018. Smaoineoidh muid ar úsáid a bhaint as aonaid ghearrthéarmacha mearthógála chun cóiríocht a chur ar fáil i gcásanna éigeandála.
Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta do theaghlaigh gan dídean
Tá an ghné píolótach do dhaoine gan dídean de scéim an Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta (ÍCT) i bhfeidhm ó Fheabhra 2015 sna ceithre húdarás áitiúil i Réigiún Bhaile Átha Cliath, agus í a chur i bhfeidhm trí Fheidhmeannacht Réigiún Bhaile Átha Cliath do Dhaoine gan Dídean. Tá an ghné phíolótach ceaptha le teaghlaigh a cháilíonn di a aistriú ó chóiríocht éigeandála go tionachtaí príobháideacha ar cíos. Cé go bhféadfaidh teaghlaigh a cháilíonn cóiríocht a aimsiú dóibh féin, bunaíodh foireann thiomnaithe socrúcháin, Seirbhís Place-Finder Bhaile Átha Cliath, chun plé go díreach le húinéirí réadmhaoine, tacaíocht a thabhairt do theaghlaigh cháilithe le tionachtaí oiriúnacha a aimsiú agus déanamh cinnte go gcuirtear i bhfeidhm aon tacaí breise a d‟fhéadfadh a bheith riachtanach. Tá feachtas poiblíochta i bhfeidhm ar bhonn leanúnach chun go mbeadh eolas ag níos mó daoine faoin scéim agus chun tiarnaí talún a tharraingt chuig an tionscnamh. Méadaíodh na huasleibhéil tacaíochta atá ar fáil faoin scéim phíolótach do theaghlaigh gan dídean go 50% os cionn leibhéil an fhorlíonadh cíosa i 2016.
Méadóidh muid líon na dteaghlach agus na ndaoine aonair a aistreofar ó chóiríocht éigeandála tríd an scéim phíolótach ÍCT de chuid Fheidhmeannacht Réigiún Bhaile Átha Cliath do Dhaoine gan Dídean, trí 550 tionacht bhreise a chruthú faoi dheireadh na bliana seo agus 1,200 tionacht bhreise a chruthú i 2017.
Tacaí do theaghlaigh a bhfuil páistí acu
Glactar leis go forleathan go mbíonn drochthionchar ag aon tréimhse mheántéarmach nó fadtéarmach de chónaí in óstán ar ghnáthshaol an teaghlaigh agus ar pháistí ach go háirithe. Cé go mbogfaidh teaghlaigh ar aghaidh ó óstáin níos tapa mar gheall ar na hiarrachtaí agus na gníomhartha comhpháirteacha atá luaite thuas, ní mór dúinn déanamh cinnte go dtugtar tacaíocht an oiread is féidir do theaghlaigh agus pháistí, agus iad in óstáin agus i gcóiríocht éigeandála eile.
Tá ról lárnach ag an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige (DYCA) agus Tusla – an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach, chomh maith le húdaráis tithíochta agus an DHPCLG, i ndéanamh cinnte go bhfuil seirbhísí éifeachtacha i bhfeidhm chun tacaíocht a thabhairt do na teaghlaigh sin. Leanfaidh Feidhmeannacht Réigiún Bhaile Átha Cliath do Dhaoine gan Dídean agus Tusla ar aghaidh ag oibriú de réir phrótacal Réigiún Bhaile Átha Cliath maidir le freagraí cuí ar imní faoi chosaint agus leas leanaí i dteaghlaigh atá i gcóiríocht éigeandála. Déanfar athbhreithniú ar fheidhmiú an phrótacail sin i mí na Nollag 2016 agus déanfar é a bheachtú de réir mar is cuí. Déanfar na socruithe prótacail sin a leathnú ar fud na tíre.
36
Cuirfear na bearta breise seo a leanas i bhfeidhm:
Ceapfar oibrithe Tacaíochta Leanaí tiomnaithe mar thionscnamh ag an DYCA.
Déanfaidh na hoibrithe sin pleananna tacaíochta a fhorbairt le haghaidh páistí agus
teaghlach agus béim faoi leith orthu siúd a bhfuil riachtanais speisialta acu – teastaíonn
an tacaíocht bhreise sin ó cheathrú de pháistí a thagann i láthair gan dídean.
Cabhróidh ball foirne Teagmhála Baile, Scoile agus an Phobail agus baill foirne
Críochnaithe Scolaíochta le páistí agus teaghlaigh gan dídean leanúint ar aghaidh ag
freastal ar scoil go rialta. Tabharfar tús áite do pháistí i gcóiríocht do dhaoine gan
dídean laistigh den Chlár Críochnaithe Scoile le haghaidh seirbhísí mar chlubanna
bricfeasta agus obair bhaile.
Tabharfar rochtain ar iompar poiblí saor in aisce le haghaidh turas chun na scoile agus turas
amach ón gcóiríocht éigeandála. Aithníodh costais iompair mar bhacainn mhór roimh
ghnáthshaol teaghlaigh agus mar ualach ar thuismitheoirí agus pháistí chomh maith.
Tabharfar rochtain ar crèche-anna agus seirbhísí réamhscoile do theaghlaigh gan
dídean. Mar gheall ar éiginnteacht faoi shocruithe cónaithe, ní féidir le teaghlaigh gan
dídean áit a chur in áirithe roimh ré dá bpáiste. Tá an DCYA ag iarraidh ar an Coistí
Cúram Leanaí Cathrach agus Contae idirchaidreamh a dhéanamh leis na teaghlaigh
sin agus cabhrú leo rochtain a fháil ar réamhscoil. Ceapfar scéim shonrach nua chomh
maith leis na hacmhainní reatha.
Tabharfar isteach tionscadal píolótach chun tacú le feidhmiú teaghlaigh do theaghlaigh
gan dídean atá i gcóiríocht éigeandála faoi láthair trí ham teaghlaigh a chur ar fáil
amach ón láthair nó in aice leis an láthair lena n-áirítear áiseanna súgartha, obair bhaile,
cócaireachta agus níocháin, tacaíocht teaghlaigh agus tacaíocht tuismitheora.
Pléifear le riachtanais chothaithe teaghlach agus páistí. Níl teacht ag roinnt teaghlach
gan dídean ar áiseanna cócaireachta ná bia folláin rialta, ag brath an ionad na
cóiríochta éigeandála. I gcomhpháirt le heagraíochtaí eile, aithneoidh an DYCA réimsí
ina bhfuil fadhbanna agus molfaidh siad réitigh.
Cuirfear acmhainní breise i bhfeidhm chun socruithe idirghníomhaireachta le Tusla
a neartú lena n-áirítear Tacaíocht Teaghlaigh, Obair Shóisialta agus Leas Oideachais.
Ceapfaidh Tusla baill foirne ar leith chun cabhrú le rochtain a fháil ar an tacaíocht
teaghlaigh agus ar na seirbhísí leasa leanaí a theastaíonn agus chun aon deacrachtaí
a d‟fhéadfadh a theacht chun cinn do pháistí maidir le rannpháirtíocht scoile
a láimhseáil.
Cuirfear chun cinn cur chuige comhtháite idir oideachas, sláinte (altranas sláinte poiblí
san áireamh) agus Tusla chun freastal ar riachtanais teaghlach gan dídean, trí húsáid a
bhaint as na Coistí reatha um Sheirbhísí Leanaí agus Daoine Óga.
Déanfar cód treoracha sábháilteachta/deonach um shábháilteacht leanaí i gcóiríocht
éigeandála agus déanfar athbhreithniú air in éineacht le páirtithe leasmhara ábhartha.
Cuirfidh DRHE áis nua ar fáil ina mbeidh cóiríocht do mhná atá ag iompar agus atá gan
dídean, agus DCYA agus Tusla ag tabhairt tacaíochta don tseirbhís, a ndéanfaidh ENR
bainistíocht uirthi.
Daoine gan dídean agus Housing First
Cé go mbaineann na hathruithe le déanaí ar easpa dídine teaghlach leis an nganntanas
soláthar tithíochta go príomha, tá easpa dídine i measc daoine aonair leochaileacha ina fadhb
bhuan sa sochaí sa tír seo agus ar fud an domhain. Feiniméan casta atá in easpa dídine
a tharlaíonn de ghnáth mar thoradh ar roinnt fadhbanna idirghaolmhara, lena n-áirítear
fadhbanna meabhairshláinte, andúile, briseadh síos caidreamh, fadhbanna teaghlaigh,
foréigean tí, caillteanas airgeadais, éiginnteacht eacnamaíochta, riaráistí cíosa, fadhbanna
tionóntachta, iompraíocht fhrithshóisialta, coireacht, scaoileadh príosúnach agus leochaileacht
imirceach, i measc fachtóirí eile. Dá bharr sin, teastaíonn freagra rathúil uile-Rialtais maidir leis na
fadhbanna sin, má táthar chun déileáil go héifeachtach le fadhb reatha an easpa dídine.
37
Is gnách go gcuimsíonn daoine gan dídean daoine a chodlaíonn amuigh, iad siúd atá i gcóiríocht éigeandála ar feadh thréimhsí fada ama nó ar bhonn leantach, agus iad siúd a úsáideann cóiríocht éigeandála ar bhonn gearrthéarmach nó fadtéarmach agus le haghaidh sealanna anois is arís. Maidir le daoine atá i gcóiríocht éigeandála ar feadh tréimhse níos faide ná 6 mhí gan bhriseadh, meastar gur daoine iad atá gan dídean go fadtéarmach.
Cé go bhfuil roinnt acmhainní tugtha i gcaitheamh na mblianta do dhéileáil le heaspa dídine i measc daoine fásta, tá an fhadhb ann fós. Aithnítear sa Ráiteas Beartais ar Easpa Dídine, a foilsíodh i 2013, gurb í tithíocht chobhsaí an réiteach inbhuanaithe ar easpa dídine agus cuirtear béim ar chur chuige dírithe ar thithíocht mar an bpríomhfhreagra ar easpa dídine. Cuimsíonn cuir chuige dírithe ar thithíocht soláthar dóthain tacaíochta do dhaoine ina dtithe féin, i gcomhréir lena gcuid riachtanas. Bíonn cuir chuige dírithe ar thithíocht bunaithe ar fhianaise agus is féidir leo níos mó torthaí agus torthaí níos fearr a bhaint amach do dhaoine leochaileacha; freisin laghdaíonn na cuir chuige sin an gá fadtéarmach le seirbhísí eile agus ligeann siad cistí poiblí a infheistiú i réimsí eile de sholáthar seirbhísí.
Ag tógáil san áireamh an méadú ionchais ar sholáthar tithíochta mar thoradh ar an bPlean Gníomhaíochta seo, neartóimid anois ár gcuid iarrachtaí agus acmhainní chun teach a chur ar fáil do dhaoine gan dídean agus muid ag glacadh an cur chuige atá dírithe ar thithíocht agus a thugann tús áite do thithíocht. Go háirithe, méadóidh muid faoi thrí na spriocanna um thionachtaí le cur ar fáil ag foirne Housing First i mBaile Átha Cliath, ó 100 tionacht faoi láthair, go 300 tionacht i 2017. Chun é sin a bhaint amach beidh ar an FSS acmhainní breise a chur ar fáil, faoi réir tabhairt chun críche Phlean Seirbhíse an FSS le haghaidh 2017. Freisin cuirfidh muid an cur chuige dírithe ar thithíocht i bhfeidhm freisin ar sheirbhísí do dhaoine gan dídean i gceantair uirbeacha eile.
Brúnna éigeandála
Tá muid geallta chun déanamh cinnte go mbíonn dóthain leapacha éigeandála ar fáil inár gcuid ionad uirbeach do dhaoine gan dídean. Chun an gá le codladh amuigh a dhéanamh chomh beag agus is féidir, déanfaidh muid athbhreithniú práinneach ar fháil cóiríochta éigeandála sealadaí agus ar fhail cóiríochta sealadaí tacaithe inár gcuid príomhcheantar uirbeach chun fáil chuí a shocrú i gcomhréir le riachtanas.
Tríd na foirne Housing First a neartú i réigiún Bhaile Átha Cliath agus tríd an gcur chuige dírithe ar thithíocht a chur i bhfeidhm i gceantair uirbeacha eile, beidh sé mar aidhm againn tacaíocht bhuan, chobhsaí agus thacaithe a chur ar fáil do dhaoine atá gan dídean go fadtéarmach agus mar sin brath ar chóiríocht éigeandála a laghdú le himeacht ama. Idir an dá linn, déanfaidh muid cinnte nach ndúnfar aon bhrú éigeandála, ach amháin má tá cóiríocht mhalartach curtha i bhfeidhm dóibh siúd atá ag fáil rochtana air.
Tacaíocht a chur ar fáil do dhaoine gan dídean a bhfuil fadhbanna meabhairshláinte agus andúile acu
Ní féidir le cóiríocht amháin déileáil le fadhbanna bunúsacha an dreama leochailigh de dhaoine gan dídean a bhfuil fadhbanna andúile agus/nó meabhairshláinte acu. Tá riachtanais chasta faoi leith acu nach mór déileáil leo i dteannta le tithíocht chobhsaí a chur ar fáil. Ní mór tacaí iomlánaíocha, leighis agus praiticiúla a thabhairt do na daoine atá i gceist de réir mar is gá.
Tá gá le hoibriú comhoibritheach agus trasghníomhaireachta chuige sin, agus an DoH, an FSS, an Roinn Coimirce Sóisialaí (DSP), údaráis áitiúla agus ENRanna a bhfuil saineolas acu sa réimse ag glacadh ról ríthábhachtach. Mar shampla, i bPlean Seirbhíse an FSS le haghaidh 2016 tugtar gealltanas chun déanamh cinnte go bhfuil socruithe i bhfeidhm agus ag oibriú go héifeachtach chun déanamh cinnte go bhfuil rochtain ag daoine gan dídean ar sheirbhísí cúraim phríomhúil áit is gá, agus go gcuirtear seirbhísí laistigh den suíomh ar fáil do shuíomhanna cóiríochta éigeandála agus cóiríocht thacaithe fhadtéarmach do dhaoine a bhfuil riachtanais ardtacaíochta acu. Tá maoiniú breise de €2m á chur ar fáil don FSS i mbliana chun bainistíocht cáis agus tacaíocht a chur ar fáil do dhaoine gan dídean a bhfuil géar-riachtanais mharthanacha sláinte acu, i gcomhar le seirbhísí meabhairshláinte. Méadófar é sin go
€6m an bhliain seo chugainn agus aithneoidh an FSS tionscadail Pathfinder atá cuí le soláthar na seirbhísí sin a threorú amach anseo. Ina theannta sin, cuirfear béim faoi leith ar thionscadail mhóra ina gcuirtear cláir díthocsainithe drugaí agus alcól ar fáil chomh maith le seirbhísí marthanacha a thacaíonn le biseach fadtéarmach.
Tabharfar tuilleadh tacaíochta do sheirbhísí ion-rochtana cúraim phríomhúil de chuid an FSS i 2017 agus déanfar tuilleadh forbartha orthu.
38
Leanfaidh DHPCLG ar aghaidh ag stiúradh agus ag éascú na hoibre Idir-Roinne agus idirghníomhaireachta sin tríd an bhFoireann Forfheidhmithe Ardleibhéil ar Easpa Dídine.
Easpa dídine a chosc - daoine a choimeád ina dtithe féin
Chomh maith le tithe a chur ar fáil do dhaoine agus theaghlaigh atá gan dídean, ní mór dúinn cinntiú go dtugtar seirbhísí tacaíochta do na daoine is mó atá i mbaol a dtithe a chailliúint, ionas gur féidir linn an baol go gcaillfidís an teach a dhéanamh chomh beag agus is féidir ar an gcéad dul síos.
Daoine óga ag imeacht ó chúram an Stáit
I gcás daoine óga a fhásann anuas i gcúram an Stáit, tá an riosca go mbeidís gan dídean agus iad ina ndaoine fásta níos airde ná an meán. Sa Phrótacal ar Dhaoine Óga ag Imeacht ó Chúram an Stáit tugadh treoir d‟údaráis áitiúla faoin riachtanas atá ann dóibh plé le daoine óga atá ag imeacht ó chúram maidir lena riachtanas tithíochta.
Oibreoidh muid le déanamh cinnte go n-aithneofar daoine óga atá ag imeacht ó chúram an Stáit agus atá i mbaol easpa dídine agus go ndéanfar freastal orthu trí thithíocht chuí agus trí thacaí eile a theastaíonn chun freastal ar a gcuid riachtanas. Déanfaidh DHPCLG maoiniú sonrach a leithdháileadh faoin Scéim Cúnaimh Chaipitil do CTFnna le gur féidir leo freastal ar na riachtanais chóiríochta seo, agus cuirfidh Tusla, an FSS agus na saineagraíochtaí neamhrialtais na tacaí ar fáil um shláinte agus maireachtáil neamhspleách.
Easpa dídine a chosc um dhreamanna leochaileacha eile
Is iad Tusla atá freagrach go príomha as seirbhísí maidir le déileáil le riachtanais íospartaigh fhoréigean tí, brúnna tiomnaithe san áireamh. Tagann mná agus teaghlaigh atá ag lorg dídean éigeandála mar gheall ar bhagairtí tromchúiseacha ar shábháilteacht de thoradh fhoréigean tí laistigh de raon feidhme tearmann d‟íospartaigh fhoréigean tí atá maoinithe ag Tusla agus cóiríocht baile shábháilte ar cóiríocht éigeandála ghearrthéarmach í. Cuirfidh Tusla spáis bhreise ar fáil i dtearmainn éigeandála ionas nach mbeidh íospartaigh gan dídean, ós rud é gur minic a bhíonn iallach orthu imeacht ó theach an teaghlaigh go deireanach san oíche nó go luath ar maidin. Tabharfaidh DHPCLG treoir faoi bheartas agus nósanna imeachta d‟údaráis tithíochta maidir leis an ról ar féidir leo a imirt chun cabhrú le híospartaigh fhoréigean tí tionachtaí nua, neamhspleácha a aimsiú, de réir mar is gá.
Ní mór gcuimseodh pleanáil um scaoileadh príosúnach, ciontóirí gnéis san áireamh, bearta chun nach mbeadh easpa dídine acu tar éis iad a scaoileadh. Feabhsóidh muid agus cuirfidh muid i bhfeidhm go héifeachtach nósanna imeachta náisiúnta agus socruithe idirghníomhaireachta chun déanamh cinnte go bhfuil na tacaí cóiríochta riachtanacha i bhfeidhm, sula scaoiltear príosúnaigh.
Coimeád tionóntachta
Tá ag éirí go han-mhaith le Creat Náisiúnta an DSP um Choimeád Tionachta le haghaidh chliaint an Fhorlíonadh Cíosa chomh maith leis an bPrótacal um Choimeád Tionachta a oibríonn Threshold le haghaidh aon tionóntaí a bhfuil imní orthu go gcaillfidh siad a dteach, agus idirghabhálacha dearfacha déanta i thart ar 9,000 cás le dhá bhliain anuas.
Tá an tSeirbhís Cosanta Tionachta de chuid Threshold, a bhíodh ag oibriú i gCathair Bhaile Átha Cliath ar dtús, agus i gCathair Chorcaí leathnaithe le déanaí go Cathair na Gaillimhe agus go Contae Chill Dara, Contae na Mí agus Cill Mhantáin. Chun cur leis sin, leathnófar an tseirbhís ar fud na tíre faoi dheireadh na bliana. Ba iad feachtais fheasachta rathúla a bhí freagrach as cuid mhór de rath na seirbhísí tacaíochta seo agus seirbhísí eile, agus rithfidh muid na feachtais sin arís agus iad neartaithe chun déanamh cinnte go bhfuil an oiread feasachta agus is féidir faoin raon tacaí atá i bhfeidhm chun cabhrú le heaspa dídine a chosc.
Forlíonadh Cíosa/Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta
Tá méadú déanta ag an Rialtas ar theorannacha cíosa faoi na scéimeanna Fhorlíonadh Cíosa agus Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta (ÍCT) ón 1 Iúil 2016 ar aghaidh. Ciallaíonn na teorannacha nua go bhfaighidh daoine nach bhfuil ar a n-acmhainn an costas iomlán as cóiríocht phríobháideach ar cíos a íoc mar gheall ar mhéaduithe ar cíos le blianta beaga anuas. Mar gheall ar an méadú sin ar theorannacha cíosa, i dteannta leis an tsolúbthacht
39
agus na cumhachtaí roghnacha atá ar fail fós do Sheirbhís Leasa Pobail an Roinn Coimirce Sóisialaí agus d‟údaráis áitiúla, tabharfar níos mó cobhsaíochta agus slándála do thionóntaí agus laghdófar an baol go gcaillfeadh teaghlaigh a ndídean dá méadófaí a gcíos. Ina theannta sin, tugann sé deis do thionóntaí atá imithe isteach i socrú neamhfhoirmiúil breisithe lena dtiarna talún teagmháil a dhéanamh lena Seirbhís Leasa Pobail nó lena n-údarás áitiúil chun cúnamh a fháil agus an breisiú a thabhairt chun rialtachta sa chuid is mó de chásanna. Ciallaíonn na teorannacha cíos méadaithe freisin go bhfuil méadú suntasach tagtha ar an méid tacaíochta atá ar fáil chun cabhrú le teaghlaigh gan dídean tríd a scéim phíolótach ÍCT i Réigiún Bhaile Átha Cliath.
Is ar an scéim ÍCT a bhfuil cur chuige fadtéarmach an Rialtais chun cabhrú le teaghlaigh
a bhfuil cónaí orthu san earnáil chíosa dírithe agus mar sin aistreofar gach duine
a fhaigheann an forlíonadh cíosa agus a bhfuil riachtanas fadtéarmach tithíochta acu chuig
an ÍCT. Ligeann ÍCT d‟fhaighteoirí a n-ioncam teaghlaigh a mhéadú gan an baol go
gcaillfidís a dtacaíocht tithíochta. Ar an mbealach sin, soláthraíonn ÍCT bealach cúnaimh
níos sláine do theaghlaigh a dteastaíonn cabhair fhadtéarmach uathu lena gcuid
riachtanas tithíochta. Chun déanamh cinnte go bhfuil teacht ar an íocaíocht ag gach
teaghlach a d‟fhéadfadh leas a bhaint aisti, tá an Rialtas geallta chun cur i bhfeidhm
brostaithe na scéime ar bhonn náisiúnta (féach freisin Colún 2).
Riaráistí morgáiste
Is gá déileáil le riaráistí morgáiste chun tacaíocht a thabhairt do theaghlaigh le fanacht ina
dteach féin agus chun brú breise ar na hearnálacha cíosa nó tithíochta sóisialta
a sheachaint. Cé go bhfuil laghdú tagtha le dhá bhliain anuas ar líon na dteaghlach a bhfuil
riaráistí morgáiste acu fadhb mhór atá ann fós. Tá líon mór ann fós a bhfuil riaráistí
fadtéarmacha acu agus ní mór glacadh leis maidir le formhór na ndaoine a bhfuil riaráistí
acu le níos mó ná dhá bhliain gur mór an baol go gcaillfidh siad a dtithe mura bpléifear le
hiasachtaithe chun socrú athstruchtúraithe nó féimheachta a lorg. Leanann líon na morgáistí
athstruchtúraithe ar aghaidh ag dul i méid agus meastar go bhfuil 87% de na cuntais sin ag
comhlíonadh théarmaí a shocraithe reatha um athstruchtúrú. Ábhar imní don Rialtas ná
nach bhfuil tromlach na n-iasachtaithe atá i mbaol athshealbhaithe ag plé lena gcuid
iasachtóirí, leis na cúirteanna ná leis na tacaí Stáit atá ar fáil cé go bhféadfadh go
gcabhródh Socrú Féimheachta Pearsanta nó athstruchtúrú inbhuanaithe eile ar an
morgáiste leo. Níl aon eolas soiléir ar fáil maidir leis na fáthanna nach bhfuil daoine ag plé
leis na seirbhísí. De réir na scéalta uatha siúd atá ag obair ar an láthair, i measc na
bpríomhfháthanna a aithníodh ná go bhfuil eagla roimh dhaoine go dtarlóidh athshealbhú
mar thoradh ar phlé; nach bhfuil eolas ag na daoine faoi na réitigh atá ar fáil; agus eagla
roimh phlé nuair bhfuil an t-iasachtaí in acmhainn do chomhairle airgeadais nó dlí.
Tá an Rialtas geallta chun cur leis na leasuithe deireanacha agus creat a chruthú
a chuireann deireadh le heagla agus a ndéanann próiseas deacair níos éasca le tuiscint. Trí
réimse gníomhartha, oibreoidh Ranna agus gníomhaireachtaí Rialtais as lámh a chéile chun
teacht ar bhealaí spreagadh a thabhairt dóibh siúd nach raibh in ann plé a dhéanamh
roimhe sin, chun teacht ar réiteach fadtéarmach oiriúnach ar fhiachas, agus athshealbhú
a sheachaint más féidir.
Seirbhís Réitigh um Riaráistí Morgáiste
I Seirbhís nua náisiúnta um Réiteach Riaráistí Morgáiste, déanfar caighdeánú ar na tacaí
a bheidh ar fáil d‟iasachtaithe a bhfuil riaráistí morgáiste acu, agus a mbeidh cumhachtaí
agus acmhainní acu a theastaíonn le comhairle a thabhairt, idirbheartaíocht a dhéanamh
agus réitigh a mholadh, cuimseofar na gnéithe seo a leanas:
an Scéim Chúnaimh agus Chomhairle um Riaráistí Morgáiste, ag a mbeidh maoiniú
iomlán de €5m - €10m aici i gcaitheamh 3 bliana, ag brath ar an líon daoine
a mbainfidh úsáid aisti,
gníomhaíochtaí ábhartha an Seirbhís Bhuiséadta & Comhairle Airgid (MABS), lena
n-áirítear Seirbhís Thiomanta um Riaráistí Morgáiste (TRM) de chuid MABS, agus
gníomhaíochtaí ábhartha Sheirbhís Dócmhainneachta na hÉireann (ISI).
40
Is é cuspóir foriomlán an Seirbhís Cúnaimh agus Comhairle do Riaráistí Morgáiste ná
déanamh cinnte gur féidir le duine atá i mbaol a dteach a chailliúint teacht ar
shainchomhairle neamhspleách airgeadais agus dlí a chabhróidh leo na roghanna is fearr
a aithint chun filleadh ar fhéimheacht – agus tús áite tugtha d‟fhanacht sa teach áit gur
rogha inbhuanaithe é sin.
Gníomhóidh MABS mar an ngeatabhealach do dhuine chun teacht ar chomhairle faoin
Scéim. Cuirfidh MABS iasachtaithe in ord práinne agus treoróidh siad iad chuig na gnéithe
cuí den Scéim Chúnaimh agus Chomhairle, atá saor in aisce don iasachtaí. Beidh an
t-iasachtaí in ann rochtain a fháil ar shainchomhairle agus shainchabhair neamhspleách, de
réir chóras dearbháin, ó chleachtóir nó chuntasóir féimheachta pearsanta, lena n-áirítear
anailís a dhéanamh ar a staid airgeadais, agus na roghanna is fearr um réiteach a mhíniú.
Tar éis comhairle airgeadais a fháil, is féidir leis an iasachtaí freisin seisiún comhairle a shocrú
le dlíodóir ó phainéal arna bhunú ag an mBord um Chúnamh Dlíthiúil (LAB), ar bhonn
dearbháin trí MABS, faoi aon fhadhb dlí a mbíonn tionchar aige ar aimsiú réitigh. Cabhróidh
seirbhís nua „dlíodóir dualgais‟, atá ar fáil trí MABS, le hiasachtaithe nach bhfuil ionadaíocht
acu agus atá incháilithe don Scéim ag éisteachtaí athshealbhaithe. Freisin cuirfidh an Scéim
cúnamh dlí (trí MABS agus LAB) ar fáil d‟iasachtaí incháilithe a bhfuil an t-athbhreithniú nua
Cúirte uathu (áit a ndiúltaíonn a c(h)uid creidiúnaithe do Shocrú Féimheachta Pearsanta).
Beidh an tSeirbhís nua rialaithe ag ról feabhsaithe don Bhord um Fhaisnéis do Shaoránaigh maidir
le gníomhaíochtaí ábhartha MABS, agus Bord Stiúrtha nua a ndéanfaidh an Roinn Dlí agus Cirt
agus Comhionannais agus DSP cathaoirleacht air i dteannta a chéile. Cuirfear maoiniú de €1.5m
ar fáil i 2017 chun feasacht a ardú faoin tSeirbhís nua Réitigh um Riaráistí Morgáiste agus faoin
raon iomlán seirbhísí a chuirtear ar fáil inti d‟iasachtaithe a bhfuil riaráistí acu.
Freisin tá sé iarrtha anois ag an Tánaiste agus an Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais ar
Uachtarán na Cúirte Cuarda a chuid cumhachtaí reachtúla a chleachtadh faoin Acht
Cúirteanna Breithiúnais 1947 chun ordú a thabhairt gach caingean athshealbhaithe a liostáil
ar laethanta sonraithe in ionaid chúirte tiomnaithe le breithiúna sonracha.
Feachtas eolais náisiúnta
Beidh an tSeirbhís Réitigh um Riaráistí Morgáiste freagrach as feachtas cumarsáide agus
fógraíochta a stiúradh, a bheidh dírithe go príomha ar phlé agus réitigh a bhaint amach
dóibh siúd is faide a bhfuil riaráistí acu agus nach bhfuil ag plé lena n-iasachtaí. Féachfar san
fheachtas chuig teacht thar an eagla agus an imní a bhaineann le cúinsí den sórt sin agus
déanamh cinnte go gcuirtear iasachtaithe ar a n-eolas faoi na tacaí atá ar fáil dóibh ón
tSeirbhís nua.
Dréachtreachtaíocht a ullmhú
Scrúdóidh an Tánaiste agus an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais an cheist an bhfuil gá le reachtaíocht chun foráil a dhéanamh do bhearta féideartha eile a eascraíonn ó ghealltanais an Chláir um Rialtas Comhpháirtíochta maidir le riaráistí morgáiste, faoi réir comhairle dlí ar shaincheisteanna áirithe a thagann chun cinn. I measc beart féideartha tá simpliú a dhéanamh ar reachtaíocht ar fhéimheacht phearsanta chun tairseacha a mhéadú um rochtain a fháil ar shocrú féimheachta pearsanta agus ceanglais um maoirseacht cúirte ag céimeanna éagsúla a shruthlíniú; foráil a dhéanamh (má cheadaítear de réir an bhunreachta) do chur i bhfeidhm na réiteach arna moladh ag an tSeirbhís Réitigh um Riaráistí Morgáiste agus d‟aon chumhachtaí reachtúla eile a theastaíonn don tSeirbhís; agus bearta maidir le héisteachtaí chásanna athshealbhaithe ag na Cúirteanna a chuimsíonn (má cheadaítear de réir an bhunreachta) éisteacht phríobháideach do chásanna athshealbhaithe áit a n-iarrann an t-iasachtaí sin.
Cód Iompair maidir le Riaráistí Morgáiste
Is é atá sa Chód Iompair ar Riaráistí Morgáiste ná cód reachtúil arna eisiúint faoi alt 117 d‟Acht an Bhainc Ceannais 1989. Tá feidhm ag an gCód maidir le gach iasachtóir morgáiste rialáilte atá ag oibriú sa Stát agus iad ag plé le hiasachtóirí atá ag tabhairt aghaidhe ar riaráistí ar a bpríomháit chónaithe nó atá i riaráiste cheana féin, lena n-áirítear aon ghníomhaíochtaí iasachtaithe arna gcur amach ar chonradh ag na hiasachtóirí sin.
41
Cuireann an Cód creat láidir ar fáil um chosaint tomhaltóirí le déanamh cinnte go ndéileálann a n-iasachtóir ar bhealach cóir agus trédhearcach le hiasachtóirí a mbíonn deacrachtaí acu le haisíocaíochtaí morgáiste agus go bhféachann na hiasachtaithe chuig teacht ar réiteach fadtéarmach le gach duine dá gcuid iasachtaithe. Ceanglaítear ar iasachtóirí cloí le gach gné den Chód agus is féidir le haonáin rialáilte an Bhainc Ceannais comhlíonadh a fhorfheidhmiú.
Oibreoidh an Rialtas as lámh a chéile leis an mBanc Ceannais chun déanamh cinnte go
mbeidh an Cód ábhartha, cóir agus cothrom fós i dtaobh leasanna dlisteanacha
féichiúnaithe agus creidiúnaithe, agus ag an am céanna iad ag cur chun cinn na réiteach
inbhuanaithe atá ar fáil chun déileáil le deacrachtaí iarbhír morgáiste. Cuimseoidh sé sin
measúnú ag an mBanc Ceannais ar réitigh athstructúraithe inbhuanaithe atá ann cheana
féin i measc na n-iasachtóirí agus na n-aonán neamhbhainc go léir atá ag oibriú in Éirinn.
Morgáiste chuig Cíos
Gan amhras, beidh dream teaghlach atá i riaráiste nach mbeidh a chuid cúinsí morgáiste
inbhuanaithe go fadtéarmach. Tá cuid de na teaghlaigh sin i mbaol a dtithe a chailliúint,
agus easpa dídine ag deireadh an lae. Ní mór tacaí a chur i bhfeidhm chun cabhrú leis na
teaghlaigh sin an tráma a mhaolú a thagann chun cinn agus iad ag aistriú ó úinéireacht tí
go cineálacha eile tionachta.
Tá an scéim Morgáiste chuig Cíos dírithe ar na teaghlaigh sin a bhfuil riaráistí fadtéarmacha
neamh-inbhuanaithe acu agus arb iad na teaghlaigh is mó a dteastaíonn tacaíocht uathu
chun freastal ar a gcuid riachtanas tithíochta san fhadtéarma. Tá beachtú déanta ar an
scéim ó tugadh isteach i 2013 í chun na critéir a leathnú le hincháilitheacht níos forleithne
agus riarachán níos sruthlínithe a cheadú. D‟ainneoin sin, níl mórán leasa á bhaint as an
scéim agus níl mórán dul chun cinn á dhéanamh léi. Tá fáthanna éagsúla leis sin agus is féidir
leis bheith ag brath ar an iasachtóir, an t-aonad réadmhaoine, an teaghlach agus cumas
earnáil na gComhlachtaí Tithíochta Faofa (CTF) a rannpháirtíocht sa scéim a mhéadú. Cibé
fáthanna a chuireann leis an líon íseal daoine atá ag baint leasa as, ba cheart go mbeadh
Morgáiste chuig Cíos mar réiteach do líon níos mó teaghlach. Samhail mhaith atá sa
tsamhail bhunúsach – tugtar cinnteacht maidir lena dtithíocht fhadtéarmach do dhaoine
atá i seasaimh mhorgáiste nach bhfuil inbhuanaithe, agus is féidir leo fanacht sa teach agus
sa phobal a roghnaigh siad.
Chun tacú le líon níos mó teaghlach dul i mbun Morgáiste chuig Cíos, oibreoidh DHPCLG as
lámh a chéile leis na príomhghníomhairí eile atá rannpháirteach sa scéim agus féachaint ar
na feabhsúcháin nó athruithe eile ar féidir a dhéanamh chun cabhrú le níos mó teaghlach
leas a bhaint as an scéim.
Cuimseoidh an scrúdú sin socruithe malartacha airgeadais agus conarthacha chun níos mó
tacaíochta ó CTFanna a spreagadh chomh maith le níos mó solúbthachta ag institiúidí
iasachtaithe agus iad ag tacú le Morgáiste chuig Cíos mar rogha tarraingteach
d‟iasachtaithe atá i gcruachás, agus indéantacht samhla malartaí ó cheannach na
n-aonad sin, lena n-áirítear an deis um shocrú fadtéarmach idir údaráis áitiúla agus institiúidí
airgeadais.
43
Colún 2: Dlús a chur faoi Thithíocht Shóisialta
Príomhchuspóir: Méid agus luas sholáthar na tithíochta sóisialta agus na tithíochta eile
atá tacaithe ag an Stát a dhéanamh níos mó.
Príomhghníomhartha:
47,000 aonad tithíochta sóisialta curtha ar fáil faoi 2021, agus iad tacaithe ag
infheistíocht de €5.35 billiún
Soláthar brostaithe an Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta (ÍCT)
Ciste Tithíochta ag an NTMA/Earnáil Phríobháideach chun soláthar tithe a mhéadú
Forbairtí Tionóntachta Measctha ar Thailte Stáit agus thailte eile
Oifig Soláthair Tithíochta agus Aonad Soláthair Tithíochta a bhunú
Tacaí fairsinge um Údaráis Áitiúla agus Chomhlachtaí Tithíochta Faofa
Próisis sruthlínithe um fhaomhadh
Tithíocht le haghaidh dreamanna sonracha: freastal ar riachtanais daoine
leochaileacha
Tá sé mar cheann de phríomhchúraim an Stáit tithíocht a chur ar fáil dóibh siúd a bhfuil gá
acu léi. Anois go bhfuil méadú tagtha ar an éileamh ar thithíocht shóisialta, atá déanta níos
measa mar gheall ar thionchar an chliseadh geilleagair ar sholáthar tithíochta níos leithne le
blianta beaga anuas, is gá dúinn méadú mór a dhéanamh ar leibhéal agus scála na dtacaí
sin atá ar fáil dóibh siúd a dteastaíonn cabhair uathu ón Stát, mar gheall ar a gcuid cúinsí,
chun freastal ar a gcuid riachtanas tithíochta.
Mar fhreagra ar na riachtanais sin, tá raon gníomhartha díreacha aitheanta ag an Rialtas
chun an t-aschur méadaithe tithíochta sóisialta, príobháidí agus cíosa a theastaíonn
a spreagadh agus dhreasú, sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma, chun an bhearna
a líonadh idir leibhéil reatha aschuir agus an sprioc bhliantúil de 25,000 aonad tithíochta faoi
2020. Gné lárnach den Phlean Gníomhaíochta sin ná cur chuige comhpháirteach agus
comhoibritheach, trí ghníomhartha comhtháite ag an Rialtas láir, údaráis áitiúla, CTFanna,
NAMA, an Ghníomhaireacht Airgeadais do Thithe, chun soláthar méadaithe agus brostaithe
na tithíochta sóisialta a bhaint amach trí:
méadú suntasach ar líon na dtithe arna gcur ar fáil faoi chlár an Straitéis Tithíochta
Sóisialta go 47,000 faoi dheireadh 2021, agus béim faoi leith curtha ar chlár tógála
brostaithe agus méadaithe um thithíocht shóisialta;
ciste NTMA/Earnála Príobháidí a chruthú le tacú le soláthar breise tithíochta sóisialta
agus le soláthar tithíochta níos leithne;
díriú, i dteannta le húdaráis áitiúla, úinéirí talún Stáit eile, NAMA agus úinéirí
príobháideacha, tailte atá criosaithe um chónaí ach nach bhfuil forbartha chun
tithíocht shóisialta agus níos inacmhainne a sholáthar; agus
struchtúir tiomnaithe nua i DHPCLG chun soláthar a stiúradh agus chun baic
fhéideartha a aithint agus a chur i gceart.
Tacófar leis an soláthar sin ag gníomhartha faoi Cholún 3 chun tacú le hinmharthanacht
tógála san earnáil phríobháideach, leasuithe pleanála san áireamh, agus gníomhartha faoi
Cholún 4 chun feabhas a chur ar fheidhmiú earnáil na dtithe príobháideacha ar cíos.
44
Soláthar Tithíochta Sóisialta a Mhéadú agus a Bhrostú
Sa Straitéis Tithíochta Sóisialta 2020, a foilsíodh i Samhain 2014, tugadh gealltanas chun 35,600
aonad nua tithíochta sóisialta a chur ar fáil idir 2015 agus 2020, ar chostas measta de thart ar
€3.8bn don Státchiste. Tá údaráis áitiúla agus Comhlachtaí Tithíochta Faofa ag soláthar na
n-aonad sin trí mheicníochtaí éagsúla um thógáil tithe nua agus éadáil trí shocruithe
léasaithe agus déileáil le stoc folamh. Mar gheall ar scála an bhrú faoi láthair ó thaobh
soláthair, teastaíonn idirghabháil níos dírí chun soláthar tithíochta sóisialta a mhéadú agus
a bhrostú, san fhadtéarma ach go háirithe.
Faoin bPlean Gníomhaíochta seo, táthar chun soláthar spriocdhírithe na tithíochta sóisialta
a mhéadú go 47,000 aonad i gcaitheamh na tréimhse 2016 go 2021 (agus faoin am sin beidh
10,000 aonad á soláthar ar bhonn bliantúil). Bainfear é sin amach le tacaíocht de €5.35
billiún ón Státchiste, agus an phróifíl soláthair seo a leanas mar atá leagtha amach i nGraf 9:
Graf 9: Soláthar Carnach Tithíochta Sóisialta 2016-2021
Chun an leibhéal uaillmhianach sin d‟aschur a bhaint amach tá roinnt fachtóirí
ríthábhachtacha i gceist:
Earnáil na tógála cónaithí príobháidí ag feidhmiú i gceart, agus leibhéil soláthair
a fhreastalaíonn ar éileamh (aonaid tithíochta sóisialta 10% a sholáthar faoi Chuid V
agus soláthar a chur ar fáil um éadálacha spriocdhírithe);
Acmhainn údaráis áitiúil agus CTF ó thaobh scileanna, rochtain ar thalamh ar féidir
a fhorbairt, fáil iasachtaí, próisis etc., chun cláir a sholáthar go díreach ar fud
caiteachais chaipitil agus reatha, agus go háirithe tógáil dhíreach/athchóiriú.
Nuair a fhéachtar ar an gClár Infheistíochta um Thithíocht Shóisialta ach go háirithe, léiríonn
Léarscáil 2 ionaid leithne gheografacha na dtionscadal um thithe nua-thógtha atá
dearbhaithe faoi láthair maidir le tosaigh tithíochta atá beartaithe suas go dtí deireadh 2016
agus le haghaidh 2017 agus 2018. Beidh tosaigh bhreise i gceist de réir mar a fhorbraíonn an
clár agus tabharfar tuairiscí rialta ionas go mbeidh an fuinneamh atá ag dul i méid le
feiceáil.
45
Léarscáil 2: Ionaid Leithne Tionscadal um Thithe Nua-thógtha de chuid Údaráis Áitiúil (CITS)
agus Comhlachtaí Tithíochta Faofa go dtí 2018
Mar sin tá gníomhartha faoin bPlean seo chun inmharthanacht na tógála cónaithí agus
feidhmiú na hearnála cíosa a fheabhsú tábhachtach chun déanamh cinnte go dtabharfar
chun críche an t-aschur ón earnáil phríobháideach, a dtarraingeofar uirthi um chion den
soláthar ag an earnáil tithíochta sóisialta. Teastaíonn idirghabháil níos dírí ón earnáil phoiblí,
áfach, chun soláthar foriomlán agus soláthar tithíochta sóisialta a mhéadú.
Tá maoiniú atá méadaithe go mór chomh maith le maoiniú iasachta ón HFA á chur ar fáil
d‟údaráis áitiúla agus do CTFanna chun cur le soláthar, agus an t-aschur atá beartaithe
sa Straitéis Tithíochta Sóisialta a mhéadú go mór. Le comhar agus gníomh ag údaráis áitiúla
agus CTFanna, samhlaítear sa Phlean Gníomhaíochta seo go dtiocfaidh méadú mór diaidh
ar ndiaidh ar ghníomhaíocht tógála na tithíochta sóisialta go níos mó ná 5,000 teach in
aghaidh na bliana faoi 2021, agus an acmhainn méaduithe eile a dhéanamh ina dhiaidh
sin, de réir mar is gá.
46
Is cuma faoin modh trína gcuirtear tithíocht ar fáil dóibh tá sé de cheart ag ár gcuid
saoránach cónaí i bpobail inbhuanaithe ina bhfuil meascán cuí tionachta. Léiríonn méid na
dtionscadal tógála aonair sa chlár nua um thógáil tithíochta sóisialta an tuiscint níos soiléire
sin maidir le meascán maith tionachta a bhaint amach. Tá gá le meascán d‟fhorbairtí scála
bhig agus inlíonta, chun ár ngealltanas a bhaint amach maidir le pobail inbhuanaithe
fhadtéarmacha a chruthú agus botún an am atá thart a sheachaint.
Beidh an treocht suas atá beartaithe don chlár um thógáil tithíochta sóisialta dúshlánach,
ach tá na húdaráis áitiúla ag dul i mbun gníomhaíochta móire maidir le tógáil tithíochta
sóisialta den chéad uair le roinnt blianta anuas. Agus iad ag obair le BTCanna, tá sé de
chumas ag údaráis áitiúla arís eile tithe a chur ar fáil go díreach dóibh siúd atá ar a gcuid
liostaí feithimh ar bhealach a fheabhsóidh cáilíocht bheatha ár gcuid saoránach agus pobal.
Tá an soláthar foriomlán atá tuartha go dtí 2021 ó gach clár leagtha amach i nGraf 10.
Graf 10: Speictream Réamhaisnéis Sholáthar na Tithíochta Sóisialta, 2016-2021
*Cuimsíonn an stoc nua tithíochta sóisialta seo aonaid agus tionachtaí arna soláthar tríd na scéimeanna ÍCT agus
SCC ar bhonn bliantúil. Ba cheart a thabhairt faoi deara gur scéim í an ÍCT atá dírithe ar éileamh agus samhlaítear
go mbeidh aistriú na ndaoine siúd atá ag fáil an fhorlíonadh cíosa go ÍCT bainte amach faoi 2020.
Ár gcuid Clár
Déanann DHPCLG maoirseacht ar agus maoiníonn siad raon clár chun tacú le soláthar
tithíochta sóisialta ar fud pobal. Cuireann na cláir sin feabhas ar shaol saoránach agus pobal
trí thógáil, éadáil agus léasú tithíochta sóisialta nua, athchóiriú ar thithe atá ann cheana féin
agus athghiniúint ar cheantair atá faoi mhíbhuntáiste. Déanfaidh muid athbhreithniú ar
fheidhmiú ár gcuid clár, atá leagtha amach thíos, ar bhonn leanúnach chun déanamh
cinnte go mbeidh siad ábhartha fós agus go bhfuil siad ag freastal ar riachtanais
saoránaigh.
47
Tábla 4: Ár gcuid Clár
Clár Cuspóir
Tógáil & Éadáil Údaráis Áitiúil (ar a dtugtar freisin an Clár Infheistíochta um Thithíocht Shóisialta (CITS))
Maoiniú a chur ar fáil d‟údaráis áitiúla chun tithíocht shóisialta a sholáthar trí thógáil agus éadáil. Freisin clúdaíonn sé caiteachas faoin gclár um Thithíocht Mhear-thógála, éadálacha Cuid V, an Scéim Chomhiomlánaithe Talún agus an Ciste Réitigh Speisialta
um fhorbairtí tithíochta nach bhfuil críochnaithe.
An Scéim Cúnaimh Chaipitil (SCC)
Maoiniú riachtanach a chur ar fáil do CTFanna le cóiríocht a sholáthar do dhaoine ag a bhfuil catagóirí
sonracha de riachtanas tithíochta ar nós Daoine gan Dídean agus Daoine Breacaosta, Daoine faoi Mhíchumas, Imircigh ag Filleadh ar Éirinn agus Íospartaigh Foréigin Tí.
Úsáid Fhiúntach a Bhaint as Aonaid Réadmhaoine Foilmhe (Folúis) Arís
Maoiniú a chur ar fáil chun ligean d‟údaráis áitiúla úsáid a bhaint arís as aonaid tithíochta sóisialta atá folamh le fada an lá.
An Clár Athghiniúna Díriú ar na pobail is mó atá faoi mhíbhuntáiste sa tír, lena n-áirítear iad siúd ina bhfeictear an t-eisiamh sóisialta, an fhostaíocht agus an iompraíocht fhrithshóisialta is measa,
trí chlár iomlánaíoch d‟athghiniúint fhisiciúil, shóisialta agus eacnamaíoch a chur ar fáil.
Scéim na nDeontas do Dhaoine
faoi Mhíchumas (DDFM) & Méaduithe agus Oibreacha Feabhsúcháin in Ionad Thithíocht Údaráis Áitiúil (OFINanna).
Freastal ar riachtanais daoine breacaosta nó daoine
faoi mhíchumas a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta, a d‟fhéadfadh go mbeadh gá acu le hardaitheoirí staighre nó seomra luí nó seomra folctha thíos staighre agus, áit is gá, méaduithe a theastaíonn chun déileáil le plódú (teaghlaigh atá ró-mhór dá
dteagmhas reatha).
An Scéim um Oibreacha
Leasúcháin ar fud Eastát
Tacaíocht a chur ar fáil d‟údaráis áitiúla le gur féidir leo
feabhas mór a chur ar eastáit a bhfuil drochbhail orthu, déileáil le hiompraíocht shóisialta, feabhas a chur ar chreatlach na tithíochta agus, áit is féidir, déileáil le heisiamh sóisialta.
Deontais um Oiriúnú Tí do Dhaoine Breacaosta agus Dhaoine faoi Mhíchumas le haghaidh tithe príobháideacha
Tacaíocht spriocdhírithe a thabhairt do thithe príobháideacha, tríd an Deontas um Oiriúnú Tí, Cúnamh Tithíochta do Dhaoine Breacaosta agus an Scéim Deontas Áiseanna Soghluaisteachta, chun cur ar chumas
daoine breacaosta agus daoine faoi mhíchumas leanúint ar aghaidh ag maireachtáil go neamhspleách ina gcuid tithe féin ar feadh níos mó ama agus freisin cabhrú le filleadh luath ó shealanna san ospidéal.
An Clár Iarfheistithe um Éifeachtacht Fuinnimh le haghaidh thithe údaráis áitiúil
Feabhas a chur ar éifeachtacht fuinnimh agus compord seantithe údaráis áitiúil, ar mhaithe leo siúd atá i mbaol bhochtaineacht breosla, agus freisin cur le spriocanna na hÉireann um laghdú astuithe carbóin agus na
spriocanna um laghdú fuinnimh le haghaidh 2020.
An Clár um Chaiteachas Reatha ar Thithíocht Shóisialta (CCRTS)
Faoin gClár seo, déantar údaráis áitiúla a chúiteamh as costas chomhaontuithe fadtéarmacha léasa nó
comhaontuithe cíosa a dhéanann siad le húinéirí réadmhaoine príobháidí nó le CTFanna. Is gnách go mbíonn na socruithe i bhfeidhm ar feadh tréimhsí de idir 10-30 bliain.
48
Clár Cuspóir
An tSaoráid Léasaithe
Réamhíocaíochta Caipitil
(SLRC)
Iasacht roimh ré de suas go 30% den chostas caipitil
ábhartha as tionscadail tógála nó éadála áit a
gcuirfear aonaid ar fáil don CCRTS. Cabhraíonn an
clár le CTFanna atá ag tiomsú maoinithe
phríobháidigh, lena n-áirítear maoiniú ón Housing
Finance Agency (HFA).
An Scéim Cóiríochta
Cíosa (SCC)
Scéim spriocdhírithe do theaghlaigh atá ag fáil
fhorlíonadh cíosa ar feadh níos mó ná 18 mí, agus a
fhaigheann na húdaráis áitiúil tar éis iad a mheasúnú
go bhfuil riachtanas fadtéarmach tithíochta acu.
Íocaíocht Cúnaimh
Tithíochta (ÍCT)
Scéim nua a rachaidh in ionad an fhorlíonadh cíosa
agus an SCC mar an tacaíocht a bheidh ar fáil do
theaghlaigh ag a bhfuil riachtanas fadtéarmach
tithíochta agus a bhfuil cónaí orthu i gcóiríocht ar cíos.
Cur i bhfeidhm Brostaithe an Scéim um Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta (ÍCT)
Is í fís an Rialtais sna fhadtéarma ná go gcuirfí an Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta (ÍCT) in ionad an fhorlíonadh cíosa le haghaidh teaghlach ag a bhfuil riachtanas fadtéarmach tithíochta, cé go mbeidh an forlíonadh cíosa ar fáil fós do dhaoine a bhfuil tacaíocht ghearrthéarmach uathu chun a gcuid costas tithíochta a íoc.
Le cur i bhfeidhm an ÍCT tógtar le chéile na seirbhísí tithíochta sóisialta go léir a sholáthraíonn an Stáit faoi choimirce an chóras rialtais áitiúil agus cuirtear deireadh le bacainn roimh fhostaíocht trí cheadú do theaghlaigh leanúint ar aghaidh ag fáil thacaíocht ÍCT fiú má théann a n-ioncam i méid nó má théann siad i mbun fostaíochta lánaimseartha. Cuireadh an scéim i bhfeidhm ar bhonn incriminteach agus tá sí ag feidhmiú anois i 19 gceantar údaráis áitiúil agus tacaíocht ón scéim á fáil ag níos mó ná 11,000 teaghlach. Tá níos mó ná 7,000 tiarna talún ag fáil íocaíocht cíosa ar bhonn míosúil thar ceann teaghlach a bhfuil tacaíocht acu ón ÍCT agus tá níos mó tiarnaí talún agus tionóntaí ag cur muiníne sa scéim.
Cé go bhfuil dúshlán ag baint leis an leibhéal soláthair sa mhargadh cíosa, leanann an ÍCT ar aghaidh ag soláthar tithíocht shóisialta chobhsaí agus thacaithe do go leor teaghlach. Mar gheall ar na méaduithe deireanacha ar na huasteorannacha cíosa atá mar bhonn don scéim ÍCT, i dteannta leis an tsolúbthacht bhreise a thugtar d‟údaráis áitiúla ó thaobh an scéim a oibriú ar bhonn áitiúil, is féidir le ÍCT leanúint ar aghaidh ag tabhairt tacaíocht agus rochtain leanúnach do theaghlaigh ar thithíocht dheachaighdeáin sna pobail a roghnaíonn siad agus leanfaidh sí ar aghaidh ag déanamh amhlaidh. Cé gur mian le go leor teaghlach leanúint ar aghaidh ina gcónaí i gcóiríocht ardchaighdeáin ar cíos agus fios acu go leanfaidh a dtacaíocht ÍCT ar aghaidh fiú má thagann méadú ar a n-ioncam teaghlaigh, d‟fhéadfadh go mbeadh teaghlaigh eile ag iarraidh san fhadtéarma aistriú chuig cineálacha eile tithíochta sóisialta.
Ag cur leis an dul chun cinn a rinneadh go dtí seo, anois brostóidh muid cur i bhfeidhm ÍCT sna ceantair údaráis áitiúil eile, mar seo a leanas:
Faoi dheireadh 2016, cuirfidh muid ÍCT i bhfeidhm sna ceantair údaráis áitiúil seo a leanas - An Cabhán, Ciarraí, Laois, Liatroim, Longfort, Ros Comáin, An Iarmhí, Loch Garman agus Cill Mhantáin; agus
Ó Ráithe 1 2017 ar aghaidh, cuirfidh muid ÍCT i bhfeidhm sa chuid eile de Réigiún Bhaile Átha Cliath.
Le neartú an chur i bhfeidhm sna húdaráis áitiúla eile i mBaile Átha Cliath, a bheidh críochnaithe go luath i 2017, beidh ÍCT imithe in ionad an fhorlíonadh cíosa mar an tacaíocht fhadtéarmach tithíochta dóibh siúd a bhfuil cónaí orthu i gcóiríocht ar cíos; ní bheidh an forlíonadh cíosa ar fáil ina dhiaidh sin do theaghlaigh nua ag a bhfuil riachtanas aitheanta um thithíocht shóisialta. Leanfar ar aghaidh ag aistriú fhaighteoirí reatha an fhorlíonadh cíosa chuig ÍCT chomh tapa agus is féidir.
49
Tábla 5: Spriocanna Brostaithe ÍCT, 2016-2021
Sprioc an Straitéis Tithíochta Sóisialta
Cur i bhFeidhm Brostaithe
2016 10,000 12,000
2017 10,000 15,000
2018 15,000 17,000
2019 15,000 16,760
2020 11,040 13,000*
2021 n/a 10,000
* Is í an aidhm atá i gceist ná aistriú fhaighteoirí Fhorlíonadh Cíosa go ÍCT a chríochnú faoi 2020
Meicníochtaí Nua Soláthair
Cuirfear clár reatha ar fáil trí raon d‟uirlisí agus de mhodheolaíochtaí nua soláthair, a bhfuil ina measc:
Ciste Tithíochta an NTMA/na hEarnála Príobháidí
Tionscnamh an Ghníomhaireacht Tithíochta um cheannach tithe foilmhe;
Soláthar Cuid V;
Forbairtí Tionóntachta Measctha ar thailte Stáit agus thailte eile; agus
An tionscnamh um dheisiú agus léasú tithe foilmhe
Ciste Tithíochta an NTMA/na hEarnála Príobháidí
Tá an Rialtas ag scrúdú meicníochtaí féideartha a éascódh infheistíocht sa mhargadh cónaithe, lena n-áirítear ach go háirithe soláthar tithíochta sóisialta agus inacmhainne, ar bhealach nach mbeadh tionchar aige ar an gComhardú Rialtais Ghinearálta. Féachann na meicníochtaí sin „lasmuigh den chlár comhardaithe‟ chuig infheistíocht bhreise a thógáil isteach san earnáil, i dteannta leis an maoiniú arna sholáthar ag an Stát, chun soláthar méadaithe a éascú.
Ina Thuarascáil i Meitheamh 2016, mhol Coiste an Oireachtais ar Thithíocht agus Easpa Dídine meicníochtaí lasmuigh den chlár comhardaithe a bhunú chun infheistíocht bhreise a dhéanamh i dtithíocht shóisialta agus inacmhainne. Chun cur leis an obair atá á déanamh cheana féin ag DHPCLG chun meicníochtaí lasmuigh den chlár comhardaithe a aithint le tithíocht shóisialta bhreise a sholáthar san earnáil, tá an NTMA ag scrúdú na ceiste an féidir feithicil mhaoinithe a bhunú, i dteannta leis an earnáil phríobháideach, a d‟fhéadfadh infheistíocht i dtithíocht shóisialta a éascú ar bhealach nach mbeadh tionchar aige ar Chomhardú an Rialtais Ghinearálta. Más féidir déileáil go sásúil le dúshláin mhóra ó thaobh thráchtálacht agus cóireáil uirlise den saghas sin laistigh/lasmuigh den chlár comhardaithe is é an cuspóir ná Uirlis Sainchuspóra (USC) a bunú faoi thús 2017 chun aonaid réadmhaoine a fháil le léasú ar aghaidh go húdaráis áitiúla agus CTFanna faoi shocruithe fadtéarmacha léasaithe atá seanbhunaithe sa mhargadh.
Samhlaítear go n-aimseodh uirlis den sórt sin aonaid réadmhaoine um thithíocht shóisialta trí roinnt meicníochtaí féideartha, lena n-áirítear aonaid Cuid V a fháil i bhforbairtí cónaithe nua agus socruithe éadála eile. Bheadh an uirlis in ann na costais chaipitil roimh ré a chlúdach as aonaid tithíochta a fháil, agus d‟fhéadfaí an maoiniú dóibh siúd a sheirbhísiú trí shruthanna ioncaim cíosa príobháideacha nó Stáit áit a gcuirtear aonaid ar fáil le haghaidh chuspóirí tithíochta sóisialta nó inacmhainne. Dhéanfaí aonaid arna gcur ar fáil faoi USC le haghaidh tithíochta sóisialta a mhaoiniú faoin gClár um Chaiteachas Reatha ar Thithíocht Shóisialta ar bhonn socruithe conarthacha atá i bhfeidhm cheana féin.
Samhlaítear gur féidir leis an USC, má shocraítear tráchtálacht agus déileáil lasmuigh den chlár comhardaithe, tuairim is 5,000 aonad a sholáthar i gcaitheamh tréimhse cúig bliana um thithíocht shóisialta. Freisin d‟fhéadfadh an USC sin ról tábhachtach a ghlacadh maidir le
50
tógáil chónaithe a chur i ngníomh don earnáil níos leithne tógáil-chuig-cíos, toisc go bhféadfadh go mbeadh cion nach beag den soláthar iomlán aonad tríd an USC bheith ceaptha do thithíocht phríobháideach chun an coinníoll tráchtálacha a shásamh um shamhail lasmuigh den chlár comhardaithe.
Éadálacha Ghníomhaireachtaí Tithíochta
Leis an tionscnamh nua, a bhfuil cuntas tugtha air i gColún 5, cuirtear maoiniú caipitil €70m ón Státchiste ar fáil don Ghníomhaireacht Tithíochta, agus béim faoi leith ar phlé le bainc agus cuideachtaí infheistíochta, cistí cothromais phríobháidigh go príomha, chun aonaid réadmhaoine a fháil um thithíocht shóisialta ar fud na tíre, agus ar an mbealach sin soláthar tithíochta sóisialta a mhéadú.
Déanfar na haonaid arna bhfáil ag an nGníomhaireacht ar an mbealach sin a thairiscint um dhíol do na Comhlachtaí Tithíochta Faofa ar féidir leo rochtain a fháil ar an tacaíocht mhaoinithe atá ar fáil faoi SLRC agus CCRTS chun maoiniú iasachta ón HFA agus iasachtóirí príobháideacha eile a mheaitseáil, agus d‟údaráis áitiúla le ceannach agus tacaíocht chaipitil iomlán acu. Ar ndóigh beidh sé ríthábhachtach go mbainfeadh an Ghníomhaireacht Tithíochta amach luach ar airgead don Stát, díreach cosúil le ceannaitheoir ar bith eile na bpunann d‟aonad réadmhaoine struis den saghas sin. Meastar go gcuirfear 1,600 aonad ar fáil ar an mbealach sin thar an tréimhse go dtí 2020.
Soláthar Cuid V
I gcomhréir lenár mbeartas maidir le pobail inbhuanaithe a bhaint amach agus éagsúlú tionachta a chur chun cinn, agus chun leas a bhaint as na bearta sa Phlean Gníomhaíochta seo chun soláthar an fhorbairt phríobháideach tithíochta a fheabhsú, tá sé de rún againn déanamh cinnte go gcuirtear dóthain acmhainní ar fáil d‟údaráis áitiúla agus CTFanna araon, chun ligean dóibh teaghaisí príobháideacha nua-thógtha a cheannach nó a léasú mar atá samhlaithe i gCuid V den Acht Pleanála agus Forbartha 2000.
Ina theannta sin, áit is cuí, tacóidh muid le léasú teaghaisí breise atá forbartha go príobháideach, thar an méid atá samhlaithe i gCuid V. Mar chuid den chlár sin agus chun tacú le forbairt na tithíochta príobháidí, éascófar an ceanglas um cheannach roimh ré na tithíochta sóisialta de réir Cuid V, faoi réir rialuithe dochta a thabhairt isteach.
Forbairtí tionóntachta measctha ar thailte Stáit agus thailte eile
Beidh iarrachtaí chun forbairt tithíochta a dhéanamh ar thailte Stáit, tailte údaráis áitiúil san áireamh, mar chuid mhór den chur chuige nua i dtreo sholáthar na tithíochta. Má dhírítear ar láithreáin Stáit i bpríomhionaid chónaithe agus má dhéantar infheistíocht i mbonneagar agus i dtithíocht tacaithe ag an Stát, ba cheart go ndéanfaí tithíocht a spreagadh agus a dhreasú ar thailte cóngaracha faoi úinéireacht phríobháideach. Tá bearta um fhorbairtí tionachta measctha ar a gcuid tailte féin leagtha amach ag roinnt údarás áitiúil. Beidh ról lárnach ag an údarás áitiúil i bhforbairtí tithíochta mórscála den sórt sin a phleanáil agus a fhorbairt agus beidh tionchar ag ceachtanna a foghlaimíodh ó na nithe seo a leanas ar chur i bhfeidhm na dtograí sin:
An tionscnamh ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath chun léirithe spéise a lorg ón margadh maidir le roinnt láithreán faoina húinéireacht, le haghaidh meascáin d‟fhorbairtí tithíochta (sóisialta agus príobháideach/poiblí), agus,
Forbairt beart faoi Chomhpháirtíocht Phoiblí Phríobháideach Tithíochta Sóisialta, go háirithe saincheisteanna mar theideal soiléir; rochtain ar an láithreán; bonneagar; pleanáil agus criosú; agus promhadh ó thaobh pobal inbhunaithe.
Tá deis ann níos mó úsáide a bhaint as an gcur chuige seo agus, trí ról níos gníomhaí a ghlacadh i mbainistíocht talún um thithíocht, tacóidh an Stát le hearnáil tithíochta níos cobhsaí agus inbhuanaithe amach anseo. Tá 700 láithreán a léiríonn tailte údaráis áitiúil agus Scéim Chomhiomlánaithe Talún[1] agus a ceannaíodh le haghaidh tithíochta, aitheanta ag údaráis áitiúil agus fógra tugtha fúthu don Ghníomhaireacht Tithíochta agus déantar léarscáiliú GIS orthu chun a n-ionad, a méid, a gcuid teorannacha a thaispeáint.
[1] Faoin Scéim Chomhiomlánaithe Talún déantar na hiasachtaí um thalamh údaráis áitiúil a aisíoc ag
an Státchiste agus aistrítear úinéireacht na láithreán chuig an nGníomhaireacht Tithíochta.
51
Le haghaidh gach láithreáin sa Scéim Chomhiomlánaithe Talún, atá nasctha le cuir chuige
bainistíochta talún i gColún 3, beidh gá le Plean Bainistíochta Straitéisí chun cuspóirí
sonracha a chomharthú a bhainfidh, go bunúsach, leis an tsócmhainn a bhogadh chuig an
gcéim forbartha chomh luath is féidir, mar thacaíocht iomlán d‟fhorbairt pobal
inbhuanaithe, nó an talamh a aistriú don leas coiteann. Smaoineofar freisin faoi úsáid
a bhaint as an talamh seo chun comhpháirtíochtaí a chur chun cinn agus sinéirgí le
comhlachtaí poiblí nó príobháideacha eile a scrúdú le tithíocht a sholáthar.
Freisin oibreoidh muid i gcomhpháirt le comhthionóil chreidimh chun talamh tearcúsáide
a aithint a d‟fhéadfadh go bhféadfaí í a úsáid le haghaidh tithíochta sóisialta nó fhorbairtí
tionachta measctha.
An Tionscnamh um Dheisiú agus Léasú Tithe Foilmhe
Cuireann an tionscnamh nua, atá leagtha amach i gColún 5, ar chumas údarás áitiúil, tar éis
dóibh aonaid réadmhaoine chuí faoi úinéireacht phríobháideach a aithint ina gcuid
ceantar feidhme, cúnamh airgeadais roimh ré a thabhairt le hoibreacha athchóirithe
réasúnta a chlúdach agus dul isteach i socruithe léasa fhadtéarmaigh le húinéirí
réadmhaoine. Aisíocfar costais athchóirithe ó chíos i gcaitheamh tréimhse comhaontaithe.
Gnéithe nuálacha chun soláthar a fheabhsú, a thacú agus a bhrostú
An Oifig um Sholáthar Tithíochta
Bunóidh muid Oifig ardleibhéil um Sholáthar Tithíochta i DHPCL chun tacú le húdaráis áitiúla,
le CTFanna agus gach páirtí leasmhar a bhfuil ról acu i soláthar tionscadal tithíochta agus
chun soláthar príomhghnéithe de na spriocanna uaillmhianacha um thithíocht
phríobháideach agus shóisialta sa Phlean Gníomhaíochta seo a spreagadh.
Oibreoidh foireann na hOifige seo, idir saineolaithe bainistíochta tionscadal, soláthair agus
teicniúla trí mheascán d‟acmhainní foinsithe go seachtrach, iasachta agus inmheánacha, agus
iad ag tuairisciú go díreach don Ard-Rúnaí, ar fud an raon páirtithe leasmhara chun soláthar
tithíochta, idir tithíocht phríobháideach agus shóisialta a bhrostú, ar láithreáin lárnacha,
meicníochtaí eile a aithint chun soláthar a bhrostú, agus tacú le cur i bhfeidhm thionscadail
casta tógála, a chuimseoidh bacainní roimh sholáthar a aithint agus teacht tharstu.
An tAonad um Sholáthar Tithíochta
Bunófar Aonad um Sholáthar Tithíochta sa Ghníomhaireacht Tithíochta chun ionad feabhais
agus comhairle um sholáthar a chur ar fáil mar thacaíocht d‟údaráis áitiúla agus CTFanna
agus iad ag brostú sholáthar a gcuid clár um thithíocht shóisialta.
Oibreoidh an tAonad nua seo le húdaráis áitiúla agus CTFanna chun cur lena n-acmhainn
agus a saineolas chun déileáil le méid agus castacht an cláir uaillmhianaigh um sholáthar sa
Phlean Gníomhaíochta seo. Beidh sé ar fáil freisin chun comhordú a dhéanamh ar fhorbairt
tionscadal agus choimrí tionscadal i gceantair údaráis áitiúil, agus freisin beidh sé ar chumas
aige na próisis deartha agus tairisceana agus CTFanna a bhainistiú, de réir mar
a theastaíonn, lena n-áirítear comhairleoirí agus conraitheoirí a sholáthar.
Próisis fhaofa um thithíocht shóisialta a bhrostú
Tógann sé roinnt ama tionscadail tógála a chur chun cinn agus is í an phríomhthosaíocht
maidir le forbairtí nua tithíochta sóisialta a phleanáil agus a dhearadh ná tithíocht
ardchaighdeáin a sholáthar mar chuid de phobail inbhuanaithe.
Tá an méanfhad ama de 18 mí chun tionscadail tithíochta sóisialta a chur ar aghaidh
trí phleanáil agus dhearadh agus ar aghaidh go tógáil, ar aon dul le meántréimhse
réamh-thógála chun tithíocht phríobháideach a sholáthar (réamhdhearadh, faomhadh
pleanála, achomhairc phleanála féideartha, dearadh sonrach agus Rialú Tógála reachtúil),
cé nach bhfuil forbairtí tithíochta príobháideacha faoi réir na bhfachtóirí ama a bhaineann
leis na ceanglais um sholáthar poiblí a bhfuil feidhm acu i gcás tithíochta sóisialta.
52
Cuirtear gach tionscadal tógála atá maoinithe go poiblí, tithíocht shóisialta san áireamh,
i bhfeidhm faoin gCreat Bainistíochta um Oibreacha Caipitil de chuid an Roinn Caiteachais
Phoiblí agus Athchóirithe agus tá sruthlíniú déanta ag an DHPCLG ar phróisis faofa
réamhthosaithe an Chreata ina raibh naoi gcéim síos go ceithre chéim fhaofa. Is é atá
i gceist leis sin ná an cás gnó a sheiceáil ag an gcéim thosaigh agus caipiteal á mheasúnú,
seiceáil réamhphleanála ar dhearadh agus luach ar airgead, agus dhá mheasúnú deiridh
faoi chostais réamhthairisceana agus iarthairisceana. Tá cuspóirí faoi leith ag an bpróiseas
faofa sin a bhíonn ar siúl ag an am céanna le cur chun cinn an tionscadail mar is gnách, trí
dhearadh agus phleanáil, ó thaobh chuntasacht an phobail, cinnteacht faoi chostais agus
luach ar airgead a bhaint amach.
Cé go bhfuil pleanáil agus dearadh maith ríthábhachtach d‟fhorbairtí nua tithíochta sóisialta
agus cé go bhfuil na hamlínte ar aon dul le cuid mhór dá dtarlaíonn i gcás forbairtí san
earnáil phríobháideach, d‟ainneoin go bhfuil gá soiléir le tionscadail tithíochta sóisialta
a chur chomh tapa agus is féidir mar gheall ar an riachtanas tithíochta sóisialta. Tá DHPCLG
geallta chun oibriú as lámh a chéile le húdaráis áitiúla agus gach páirtí leasmhar chun
tionscadail a bhrostú agus a chur chun cinn chomh héifeachtúil agus chomh héifeachtach
agus is féidir. Sna céad trí mhí den Phlean Gníomhaíochta seo, agus muid ag obair leis an
Oifig nua um Sholáthar Tithíochta, agus leis an earnáil rialtais áitiúil, déanfaidh muid
athbhreithniú arís ar ár gcuid nósanna imeachta chun an raon feidhme a aithint um
shruthlíniú agus brostú breise.
Tá leas á bhaint as tuilleadh acmhainní teicniúla, sa DHPCLG agus ar leibhéal údaráis áitiúil,
chun tionscadail tógála a bhrostú. Tá plé luath agus gníomhach maidir le tionscadail um
thógáil tithíochta sóisialta a phleanáil á chur i bhfeidhm anois chun a gcríochnú tapa
a chinntiú; leanfar ar aghaidh leis an bhforbairt acmhainne atá ar siúl ar fud an chórais
cheana féin le soláthar éifeachtúil agus ardchaighdeáin a chinntiú a fhreastalóidh ar
riachtanais ár gcuid saoránach.
Próisis phleanála Cuid 8 a shruthlíniú um thionscadail tithíochta ÚÁ agus CTF
Cé gur gnách maidir leis an gcuid is mó de thograí Cuid 8 a bhaineann le tionscadail
fhorbartha féin an údaráis áitiúil (ar nós tithíochta sóisialta, bóithre, áiseanna pobail,
leabharlanna etc.) go dtacaíonn údaráis áitiúla agus a gcuid comhaltaí tofa leo agus go
bhfaomhann siad iad laistigh d‟amfhrámaí réasúnta, tá deis ann an próiseas a shruthlíniú níos
mó ar bhealach a chosnódh ceart an phobail le bheith ar a n-eolas faoin bpróiseas
pleanála agus páirt a ghlacadh ann, agus ag an am céanna brostú a dhéanamh ar an
bpróiseas um chinntí a thabhairt chun críche nuair a bheidh deis faighte ag an bpobal
trácht a thabhairt.
Dá réir sin, cuirfidh muid tús le hathbhreithniú spriocdhírithe ar an reachtaíocht i ndáil le Cuid
8 i gcomhairle le húdaráis áitiúla, agus é mar aidhm na próisis a shruthlíniú, agus ina dhiaidh
sin tabharfar chun críche aon leasú riachtanach ar an gcreat reachtaíochta agus rialála.
Is féidir próiseas Cuid 8 a úsáid le haghaidh forbartha arna déanamh i gcomhpháirt le
húdarás áitiúil de bhun conartha. Ag cur leis na bearta sruthlínithe thuas, spreagfaidh muid
freisin d‟údaráis áitiúla leas a bhaint as na forálacha um chomhfhiontar atá thuas in éineacht
le CTFanna ó thaobh tionscadail fhorbartha um thithíocht tionachta measctha.
Cabhrú le Comhlachtaí Tithíochta Faofa tithíocht a sholáthar
Aithnítear sa Ráiteas ar Bheartas Tithíochta 2011 agus sa Straitéis um Thithíocht Shóisialta 2020
gur féidir le CTFanna ról ríthábhachtach a ghlacadh i soláthar thacaí tithíochta in Éirinn, ag
cur lena dteist go dtí seo ó thaobh sholáthar agus bhainistíocht na tithíochta. Tá forbairt
tagtha ar an earnáil CTF i dtréimhse ghairid ón tsamhail thraidisiúnta bunaithe ar mhaoiniú
deontais go cur chuige mhaoiniú iasachta a úsáid níos mó, rud a léiríonn na socruithe atá
i réim i ndlínsí eile. Ag obair leis an Housing Finance Agency, tá tionscadail á chur ar aghaidh
ar fud na tíre ag 15 CTF ag a bhfuil stádas mar iasachtaí deimhnithe. Is mór an cúnamh é sin
agus tá an Rialtas geallta fós chun cur ar chumas na hearnála ról lárnach a ghlacadh san
iarracht freastal ar riachtanais tithíochta sóisialta.
53
Chun an t-aschur méadaithe sin a bhaint amach, is léir go dteastaíonn sruthlíniú ar nósanna imeachta, agus gníomh comhpháirteach agus comhtháite atá dírithe ar sholáthar cláir. Cuirfear maoiniú breise faoi SCC ar fáil do CTFanna chun a n-aschur tógála a mhéadú agus leagfaidh an Oifig nua um Sholáthar Tithíochta, ar tugadh cuntas air cheana, béim faoi leith ar thacú le soláthar méadaithe ag an earnáil.
Ina theannta sin, nuair a bheidh soláthar méadaithe sa mhargadh príobháideach, beidh deis ag CTFanna smaoineamh faoi líon níos mó tithe a fháil agus leas a bhaint, ar scála níos mó, as iasachtaí ar chostas íseal ó iasachtóirí, an Housing Finance Agency san áireamh. Beidh úsáid leantach Chomhaontuithe Íocaíochta agus Fála, a bheidh maoinithe tríd an CCRTS, ríthábhachtach chun na haonaid sin a sholáthar.
Freisin méadófar tógáil dhíreach tithe nua ag CTFanna agus úsáid á baint as iasachtaí príobháideacha. Gné thábhachtach sa chomhthéacs sin a bheidh i rochtain CTF ar thailte údaráis áitiúil, chomh maith le fáil leantach SLRC, mar infheistiú luath shreabhadh airgid chun tacú le costais luatha tionscadail agus chun an ghiaráil riachtanach a chur ar fáil le go mbeidh CTFanna in ann rochtain a fháil ar iasachtaí príobháideacha le haghaidh iarmhéid na gcostas.
Tá an Rialtas geallta freisin chun raon de thacaí struchtúracha, maoinithe agus beartais eile chun soláthar ag CTFanna a mhéadú. I measc na mbeart sin beidh Ciste Nuálaíochta a bhunú chun tacú le forbairt CTFanna ag samhlacha nuálacha airgeadais, ar nós USCanna nó comhlachtaí frithpháirteacha, le níos mó feabhais a chur ar ról na hearnála ó thaobh tithíocht shóisialta bhreise a sholáthar agus chun leas a bhaint as an seans chun deiseanna maoinithe lasmuigh den chlár comhardaithe a ghiaráil.
Cuirfear tacaíocht ar fáil ón gCiste seo go Comhairle Éireannach um Thithíocht Shóisialta (CÉTS)/uirlis nua sainchuspóra faoi cheannas earnála, ina mbeidh ról ag infheisteoirí ar nós an ghluaiseacht Comhar Creidmheasa. Is féidir leis an uirlis nua seo, a d‟fhéadfadh féin stádas CTF agus aitheantas mar charthanas a lorg ag deireadh an lae, maoiniú mór breise infheistíochta a chur ar fáil chun buantithíocht shóisialta ag CTFanna a sholáthar trí héadáil agus tithe nua-thógtha. Chun cabhrú leis an bpróiseas sin, meastar go mbeifear in ann éadálacha nua a fháil ó aonaid arna gceannach ag an nGníomhaireacht Tithíochta ó institiúidí airgeadais agus Cistí agus uirlis mhaoinithe mar atá leagtha amach thuas, a úsáid.
Tá meicníocht á tabhairt isteach a cheadóidh clár ilbhliantúil dhá-bhliana um maoiniú SLRC le haghaidh CTFanna. Is é an cuspóir ná go mbeadh níos mó cinnteachta ag CTFanna maidir lena gcuid socruithe maoinithe. Oibreoidh an tionscnamh sin ar bhonn píolótach le cúig CTFanna agus é mar aidhm an tionscnamh a leathnú ina dhiaidh sin.
Tá sé beartaithe freisin aonad a bhunú sa Ghníomhaireacht Tithíochta chun tacaíocht „ionad ilfhreastail‟ a chur ar fáil do CTFanna a cheadóidh soláthar a bheidh comhordaithe níos fearr faoi na meicníochtaí éagsúla ar fud gach ceantar údaráis áitiúil. Scrúdófar freisin roghanna chun tacú le soláthar breise aonad nua trí ghiaráil bhreise ar shócmhainní reatha san earnáil. Go háirithe, forbróidh muid beartas faoi fhuascailt mhuirir SCC/CLSS faoi dheireadh 2016. Cabhróidh sé sin le cinntiú gur féidir aonaid atá ann cheana féin agus atá íoctha as a úsáid mar urrús um sholáthar bhuanaonaid nua tithíochta sóisialta ag an earnáil.
Cuireann na gníomhartha sin le gníomhaíochtaí eile atá ar siúl cheana féin san earnáil CTF chun tacú le smaointeoireacht straitéiseach fhadtéarmach agus chun comhar, comhpháirtíochtaí agus cumaisc san earnáil a éascú. Céim lárnach maidir le forbairt agus cuíchóiriú na hearnála a bheidh i mbunú Rialaitheora don earnáil, ar bhonn reachtúil iomlán.
Tithíocht le haghaidh dreamanna sonracha
Daoine breacaosta
Tá dul in aois ár ndaonra ar cheann de na forbairtí déimeagrafacha agus sochaí is mó atá i ndán d‟Éirinn sna blianta amach romhainn agus é measta go mbeidh 1.4 milliún duine os cionn 65 bliana d‟aois faoi 2041. I gcaitheamh na tréimhse céanna, tiocfaidh méadú faoi cheathair ar an lon daoine os cionn 80 bliana d‟aois, ó 128,000 i 2011 go tuairim is 480,000. Tá impleachtaí móra i gceist le haghaidh beartais phoiblí i réimsí mar thithíocht, shláinte agus pleanáil uirbeach agus tuaithe.
54
Is é beartas an Rialtais ná tacú le daoine breacaosta le gur féidir leo maireachtáil le dínit
agus neamhspleáchas ina gcuid tithe agus pobal féin chomh fada agus is féidir. Ó thaobh
éifeachtacht costas, meastar go mbíonn na costais as cúram baile in Éirinn níos ísle i gcónaí
ná cur san ospidéal. I gcás go leor daoine, trí chónaí i dtithíocht oiriúnaithe nó saintithíocht
laghdaítear brath ar sheirbhísí sláinte agus cúraim shóisialta agus is féidir leis cur le feabhas
sonrach ar shláinte agus rátaí níos ísle ar iontráil san ospidéal.
Mar sin, tá gá le raon roghanna tithíochta do dhaoine breacaosta. Agus an ghné sin den
Phlean Gníomhaíochta á forbairt, tógadh san áireamh roinnt snáitheanna d‟obair Aoisbhá
Éireann, lena n-áirítear;
Próiseas comhchomhairle le daoine breacaosta ar fud 31 údaráis áitiúil,
Fionnachtana ón staidéar taighde Housing for Older People: Future Perspectives (2016),
Na torthaí tosaigh a tháinig chun cinn ó shuirbhé an Tionscnaimh um Aosú Folláin agus
Dearfach ina ndearnadh thart ar 10,500 agallamh bunaithe i dteaghlaigh,
An clár oiliúna do bhaill foirne údaráis áitiúil i dtithíocht, réimse poiblí agus pleanáil, agus
Foghlaim ó thionscadail ilghníomhaireachta um Aoisbhá Cathrach agus Contae.
Tá riachtanais tithíochta faoi leith ag daoine breacaosta ar nós bheith gar dá líonraí
teaghlaigh agus sóisialta agus an gá le rochtain ar sheirbhísí poiblí agus riachtanach eile,
chaitheamh aimsire agus áiseanna.
Mar sin glacfar cur chuige nua idir-Rannach/idirghníomhaireachta i dtreo tionscnaimh
tithíochta do dhaoine breacaosta a chur chun cinn, ar nós tionscadal píolótach ag
Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath um sheasca teach, a gcuirfear tús leis i 2016, agus
deiseanna tabhairt faoi thograí cosúla i gceantair údaráis áitiúil ag an am céanna.
Mar gheall ar thábhacht na ndeontas um oiriúnú tí agus na ndeontas eile a chabhraíonn le
daoine breacaosta maireachtáil go compordach ina dtithe féin ar feadh níos mó ama trí
chláir údaráis áitiúil agus FSS, scrúdóidh muid conas is féidir sruthlíniú agus simpliú
a dhéanamh ar an bpróiseas um rochtain a fháil ar na deontais sin.
Daoine faoi mhíchumas
Sa Straitéis Náisiúnta Tithíochta do Dhaoine faoi Mhíchumas (SNTDFM) 2011-2016, a foilsíodh
ag an DHPCLG agus an DoH i dteannta a chéile i 2011, leagtar amach creat leathan an
Rialtais um sholáthar na tithíochta do dhaoine faoi mhíchumas trí roghanna um thithíocht
phríomhshrutha. Forbraíodh an Creat Straitéise agus Chur i bhFeidhm mar chuid de chreat
comhtháite, i dteannta le beartas meabhairshláinte an Rialtais, Fís don Athrú, Report of the
Working Group on Congregated Settings and Transforming Lives – an clár chun moltaí an
Athbhreithnithe ar Luach ar Airgead agus Bheartas maidir le Míchumas
Tá cur i bhfeidhm na ngníomhartha aitheanta sa SNTDFM 2011-2016 á stiúradh go príomha ag an nGníomhaireacht Tithíochta, trí mheán foghrúpa tiomnaithe, atá déanta suas d‟ionadaithe ón DHPCLG, an FSS, DoH, údaráis áitiúla, an ICSH agus eagraíochtaí ionadaíochta éagsúla do dhaoine faoi mhíchumas. Tá chuid mhór oibre déanta le tionscnaimh éagsúla a bhaint amach chun tacú le soláthar nua tithíochta tiomnaithe do dhaoine faoi mhíchumas agus soláthar d‟oiriúnú tithe atá ann cheana féin. Bunaíodh Grúpa Faireacháin um Forfheidhmiú (IMG) chun monatóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn agus tuairisciú air. Déanfar an Straitéis reatha a shíneadh thar a hamfhráma tosaigh de 2016 chun leanúint ar aghaidh ag comhlíonadh a cuid aidhmeanna. Déanfaidh an GFF raon feidhme an phlean oibre dá shíneadh a mheas agus ceapfaidh sé é faoi dheireadh na bliana seo. Mar chuid de chur i bhfeidhm foriomlán na Straitéise, cabhróidh Pleananna Straitéiseacha Áitiúla le riachtanais tithíochta daoine faoi mhíchumas a aithint agus plé leo i gcaitheamh na 5 bliana atá romhainn. Tá siad sin á dtiomsú ag an nGníomhaireacht Tithíochta faoi láthair i nDréachtphlean Straitéiseach Náisiúnta, a thabharfar chun críche faoi dheireadh R3, 2016. Beidh na pleananna sin mar bhonn eolais don fhreagra sonrach ar
55
sholáthar do dhaoine faoi mhíchumas ar leibhéal áitiúil, lena n-áirítear, mar shampla, riachtanais inrochtaineachta i stoc nua tithíochta sóisialta.
Tacaíonn an SNTDFM 2011-2016 freisin le beartas dí-institiúidithe an Rialtais, a bhfuil an DoH agus an FSS i gceannas air. Tá cuid mhór acmhainní á dtabhairt ag an FSS don chlár seo, chun cabhrú le dul chun cinn a bhrostú, agus soláthróidh an DHPCLG maoiniú imfhálaithe de €10m faoin SCC i 2016 , a bheidh dírithe ar sholáthar cóiríochta do dhaoine faoi mhíchumas atá ag aistriú ó láithreacha comhchónaithe.
Ina theannta sin, déanfaidh muid athbhreithniú ar úsáid an mhaoinithe faoi dheireadh 2016 agus soláthróidh muid cistiú caipitil eile thar cionn an €10m le haghaidh 2016 - don chlár seo i 2017 agus 2018, má theastaíonn.
Cóiríocht shonrach don lucht taistil
Soláthraíonn údaráis tithíochta cóiríocht shonrach do Thaistealaithe ar bhonn Clár Cóiríochta do Thaistealaithe (CCTanna), ar cláir ilbhliantúla iad, ina gcuid ceantar. Soláthraíonn na cláir sin treochlár do thosaíochtaí infheistíochta údaráis áitiúil agus freisin tá siad mar bhonn do leithdháileadh maoinithe ag DHPCLG um chóiríocht shonrach do Thaistealaithe (i.e. grúpthithíocht agus láithreáin stad). Ghlac údaráis áitiúla leis an gceathrú babhta agus an babhta reatha de CCTanna i mí Aibreáin 2014, agus an clár rollach cúig bliana ar siúl ó 2014-2018.
Chun bonn a chur faoi neamhspleáchas agus cháilíocht an chláir, déanfaidh an Ghníomhaireacht Tithíochta sain-athbhreithniú neamhspleách a choimisiúnú ar mhaoiniú caipitil agus reatha um chóiríocht shonrach do Thaistealaithe don tréimhse 2000 go dtí seo, ag tógáil san áireamh na spriocanna atá cuimsithe i CCTanna na n-údarás áitiúil agus líon iarbhír na n-aonad a cuireadh ar fáil, stádas reatha na cóiríochta arna maoiniú agus an maoiniú a cuireadh ar fáil um chothabháil cóiríochta agus tacaí eile. Áit nach bhfuil spriocanna bainte amach, beidh anailís san athbhreithniú ar na fáthanna nár baineadh, chun na dúshláin áirithe a aithint nach mór déileáil leo chun tacú le dul chun cinn amach anseo. Cuirfear tús leis an athbhreithniú sin i bhFómhar 2016, agus beidh sé críochnaithe faoi dheireadh 2016.
Ag an am céanna leis an athbhreithniú, déanfaidh an Coiste Comhairliúcháin Náisiúnta um Chóiríocht do Thaistealaithe (CCNCT) an raon feidhme a mheas um ballraíocht agus théarmaí tagartha grúpa oibre chun iniúchadh a dhéanamh ar chur i bhfeidhm agus sholáthar CCTanna agus béim ar sholáthar cuí cóiríochta. San athbhreithniú neamhspleách a ndéanfaidh an Ghníomhaireacht Tithíochta a choimisiúnú cuirfear eolas fíorasach ar fáil agus beidh sé mar phríomhardán don ghrúpa oibre le dul ar aghaidh go héifeachtach lena chuid oibre. Is í an aidhm a bheidh i gceist ná go gcríochnódh an CCNCT a chuid oibre faoin gcéad ráithe de 2017 agus bunófar an grúpa oibre díreach ina dhiaidh sin.
An Clár Éireannach um Chosaint Dídeanaithe
I dteannta leo siúd a iarrann cosaint idirnáisiúnta in Éirinn, tá gealltanas tugtha ag an Rialtas chun suas go 4,000 duine a ghlacadh isteach in Éirinn mar chuid d‟fhreagra an AE ar an ngéarchéim imirce san Eoraip. I Meán Fómhair 2015 bhunaigh an Rialtas an Clár Éireannach um Chosaint Dídeanaithe (CÉCD). Bunaíodh Tascfhórsa Tras-Roinne agus an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais ag déanamh cathaoirleachta air, chun plé le gnéithe oibriúcháin agus loighistice an chláir. Tá ionadaíocht freisin ar an Tascfhórsa ag an Roinn Tithíochta, Pleanála, Pobail agus Rialtais Áitiúil agus ag príomhfheidhmeannaigh údaráis áitiúil.
Bunófar foghrúpa oibriúcháin faoi choimirce Thascfhórsa an CÉCD, agus é déanta suas de gach Roinn Stáit ábhartha agus comhlachtaí eile mar ionadaithe ar údaráis áitiúla agus ar Chumann Croise Deirge na hÉireann, chun tacú le cóiríocht a thabhairt do dhídeanaithe. Déanfaidh an Roinn Tithíochta, Pleanála, Pobail agus Rialtais Áitiúil, agus an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais comhchathaoirleacht ar an bhfoghrúpa seo. Cuirfear socruithe i bhfeidhm ar leibhéal údaráis áitiúil chun tacú le soláthar tithíochta do na dídeanaithe sin, an Scéim Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta (ÍCT) san áireamh, agus cuirfear raon tacaí eile ar fáil ar leibhéal áitiúil chun lánpháirtíocht daoine aonair ina bpobail nua a chinntiú.
56
57
Colún 3: Tuilleach Tithe a Thógáil
Príomhchuspóir: An soláthar tithíochta príobháidí a mhéadú chun freastal ar an éileamh
agus é sin a dhéanamh ar phraghsanna réasúnta
Príomhbhearta:
An t-aschur a dhúbailt go dtí os cionn 25,000 aonad ar an meán in aghaidh na bliana
thar thréimhse an Phlean [2017-2021], agus cabhair a fháil chuige sin trí
o An soláthar talún a mhéadú mar aon le tailte ar chostas íseal de chuid an Stáit
o Ciste um Bonneagar Áitiúil chun Tithíocht a Ghníomhachtú
o Maoiniú GBCN do bhonneagar mór scála “ar an láthair”
o Leasuithe Pleanála
o Creat Náisiúnta Pleanála agus bearta bainistíochta talún a chur i bhfeidhm
o Modhanna éifeachta deartha agus soláthair chun costais tithíochta a ísliú
o Bearta chun tacú le nuálaíocht agus scileanna tógála
Ba é an fás tapa praghsanna maoine bunaithe ar iasachtaí an chúis ba mhó a bhí le tubaiste eacnamaíoch na bliana 2008 in Éirinn. Ar bhunús na taithí sin, chuir an Banc Ceannais rialacha maicre-stuama ar bun faoi iasachtaí morgáiste agus rinne institiúidí airgeadais athbhreithniú dian ar a gcleachtais faoi iasachtaí i leith maoin tráchtála.
Athbhunaíodh nasc daingean athuair idir cumas na saoránach áitribh a cheannach nó a fháil ar cíos agus costas an tsoláthair tithíochta. Is féidir le teaghlach beirte, a bhfuil an meánphá tionsclaíoch á thuilleamh acu, morgáiste a fháil le haghaidh teach nach gcosnaíonn níos mó ná €250,000 nó a choibhéis a fháil ar cíos. Maidir le maoine nua a chosnaíonn níos mó ná €300,000 i mBaile Átha Cliath agus €250,000 nó níos lú i gCorcaigh agus i gcathracha réigiúnacha eile tugann daoine a bhíonn ag plé le cúrsaí maoine le fios go dtagann titim thapa ar líon na n-áitreabh atá á ndíol nó á ligean ar cíos atá os cionn na dtairseach sin. Os a choinne sin, léiríonn taighde leanúnach atá á dhéanamh ag Cumann na Suirbhéirí Cairte in Éirinn agus ag daoine eile ar chostais ionchuir tithíochta go bhfuil dúshláin shuntasacha le sárú chun tithíocht a sholáthar ar phraghsanna atá mórán faoi bhun €300,000.
Tá dhá phríomhthoradh ag na nithe thuas:
Má tá an soláthar le méadú caithfidh gach páirtí leasmhar san earnáil tithíochta athrú ó bhun a dhéanamh ar an gcóras go léir maidir le soláthar tithíochta, ó sholáthar talún agus bonneagair go modhanna tógála, lena gcur in oiriúint do threochtaí inacmhainneachta sa mhargadh; agus
Go gcaithfidh an earnáil Stáit tacú le soláthar bunúsach tithíochta ar phraghas réasúnta trí na bearta atá faoina smacht agus go háirithe:
o Soláthar talún;
o Cinnteacht sa phróiseas pleanála;
o Infheistíocht i mbonneagar cumasúcháin; agus
o Athbhreithniú, agus coigeartú de réir mar is gá agus is indéanta, maidir le hionchuir chostais.
Bunaíodh an Tascfhórsa um Chomhordú Soláthair Tithíochta do Bhaile Átha Cliath in 2014 mar bheart faoi Thógáil 20203, le dul i ngleic le ceisteanna soláthair a bhfuil tionchar acu ar
3 Is éard atá sa Tascfhórsa ná ionadaithe ón Roinn Tithíochta, Pleanála, Pobail agus Rialtais Áitiúil (DHPCLG), ó na
ceithre údarás áitiúla i mBaile Átha Cliath (Cathair Bhaile Átha Cliath, Fine Gall, Baile Átha Cliath Theas agus Dún
Laoghaire-Ráth an Dúin), ó GNBS agus ó ghníomhaireachtaí eile, agus Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae
Átha Cliath Theas mar chathaoirleach atá air.
58
sholáthar tithíochta sna ceithre údarás áitiúla i mBaile Átha Cliath. Léiríonn na sonraí is déanaí ón Tascfhórsa go bhfuil cead pleanála ann faoi láthair le haghaidh thart ar 27,000 áit cónaithe nua i mBaile Átha Cliath, agus go bhfuil talamh chriosaithe agus infhorbartha ann ar a d‟fhéadfaí breis agus 50,000 áitreabh eile a thógáil. Maidir le cúrsaí soláthair, cé go léiríonn sonraí an Tascfhórsa gur tháinig méadú ar líon na suíomhanna gníomhacha ar fud Bhaile Átha Cliath (méadú ó 91 anuraidh go 115 anois), tá an ráta méadaithe mall agus níl ach 4,800 áitreabh nua á dtógáil san iomlán faoi láthair ar fud réigiún Bhaile Átha Cliath.
D‟ullmhaigh an Tascfhórsa roinnt tuarascálacha maidir le soláthar tithíochta agus ba é an chonclúid a bhí acu de thoradh na codarsnachta idir scála na ceadanna atá ann cheana agus na tailte forbraíochta atá ar fáil ar thaobh amháin, i gcomparáid leis an leibhéal measartha íseal atá ann maidir le gníomhaíocht ar na tailte sin ar an taobh eile, go dtugann sé sin le tuiscint go bhfuil tionchar ar an scéal ag tosca mar inmharthanacht tógála nua, muinín infheisteoirí go bhfuil dóthain custaiméirí féideartha ann chun na háitribh a cheannach, agus cumas forbartha agus cumas airgeadais, agus measann siad gur príomhcheisteanna iad sin nach mór dul i ngleic leo chun soláthar breise a chur ar fáil.
Má tá feabhas ag teacht ar chúrsaí inmharthanachta i mBaile Átha Cliath agus mura bhfuil siad faoi lán seoil fós, is dócha go bhfuil cúrsaí níos dúshlánaí fós i gcodanna eile den tír. Mar shampla, tá ganntanas géar ó thaobh forbairtí árasán i lár Chorcaí, in ainneoin éileamh atá ag fás ó fhostóirí nua de chineál FDI atá ag dul i mbun oibre in aice le lár na cathrach, agus tá an scéal amhlaidh mar gheall ar an mbearna idir costais soláthair agus praghsanna tithe athláimhe i mórlimistéar Chathair Chorcaí. Dá bhrí sin, tá dúnadh bhearna an tsoláthair, go háirithe sna suíomhanna cearta, ag brath go mór ar inmharthanacht an tsoláthair tithíochta a áirithiú, ag cur san áireamh na praghsanna a d‟fhéadfadh lucht ceannaigh agus lucht cíosa íoc astu.
Dá bhrí sin, leagtar amach sa Phlean Gníomhaíochta seo sraith gníomhaíochtaí comhtháite faoi na ceannteidil seo a leanas chun bonn a chur faoi inmharthanacht:
Bainistiú an tsoláthair talún,
Tacú le hinfheistíocht bonneagair,
Leasuithe pleanála,
Creat Pleanála Náisiúnta,
Dul i ngleic le costais tógála, agus
Acmhainn agus scileanna na hearnála foirgníochta.
Bainistiú Soláthair Talún
De réir mar a bhí an plean seo á fhorbairt ba é an teachtaireacht a bhí ag teacht i gcónaí óna lán de na húdaráis áitiúla, de sholáthraithe tithíochta agus de lucht maoinithe gurb é an bealach is fearr a chinntiú go bhfuil tithíocht ar fáil ar phraghas réasúnta ná a chinntiú go bhfuil soláthar maith talún forbraíochta ann atá réidh le tógáil uirthi ar luach a léiríonn luach réalaíoch maidir le cad is féidir a fhorbairt ar na tailte sin, ag cur san áireamh na gnáthchostais ionchuir.
In ainneoin go bhfuil réimsí móra de thalamh criosaithe ar fáil i limistéir na n-údarás pleanála go léir, ní léir go bhfuil na tailte sin ar fáil go héasca ag an raon leathan soláthraithe tithíochta. Tuairiscítear go minic nach ndíolann úinéirí talún a gcuid tailte le soláthraithe tithíochta go dtí go n-éiríonn na praghsanna chomh hard lena bhfuil siad ag súil leo, is cuma cad é praghas réalaíoch na talún ó thaobh an phraghais fhoriomláin tithíochta a bheadh inmharthana ar bhonn eacnamaíoch ar na tailte sin.
Tá líon suntasach na suíomhanna straitéiseacha cónaithe ar fud Bhaile Átha Cliath agus i bpríomhcheantair uirbeacha eile ina bhfuil éileamh ar thithíocht agus a bhfuil GNBS, glacadóirí agus leachtaitheoirí ag déileáil leo, agus dá bharr sin is dócha go dtiocfaidh méadú ar an méid talún forbraíochta a thiocfaidh ar an margadh sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma. Go háirithe, tá GNBS ag forbairt clár chun suas le 20,000 teach tosaithe nua a chur ar fáil sa tréimhse trí bliana go cúig bliana seo chugainn agus tá curtha in iúl acu don Choiste Oireachtais um Thithíocht agus Easpa Dídine go bhfuil clár an-suntasach acu maidir le banc talún agus forbairt tithíochta.
59
Chun aghaidh a thabhairt ar sholáthar talún, tá sé i gceist sa Phlean Gnímh straitéis náisiúnta bainistíochta maidir le soláthar talún a ullmhú mar chuid den Chreat Pleanála Náisiúnta 20 bliain, lena cinntiú go mbeidh margadh bríomhar, sláintiúil ann maidir le talamh forbraíochta. Mar chuid den straitéis seo, is léir go mbeidh páirt lárnach ag tailte faoi úinéireacht phoiblí ó thaobh a chinntiú go mbeidh rochtain ag soláthraithe tithíochta atá ullamh agus a bhfuil fonn orthu áiteanna cónaithe a chur ar fáil a oirfidh don mhargadh, go mbeidh siad in ann láithreáin atá ullamh le tógáil orthu a fháil ar phraghsanna réasúnta.
Mar shampla, déanfaidh na húdaráis áitiúla cuí máistirphlean faoi réimsí láithreán mór faoi úinéireacht phoiblí atá criosaithe le haghaidh árais chónaithe agus a bhfuil na seirbhísí ar fáil iontu agus cuirfidh siad ar an margadh iad le haghaidh léirithe spéise ó sholáthraithe tithíochta do mheascán de chineálacha éagsúla úinéireachta, ar nós tógálaithe tithe príobháideacha agus comhlachtaí faofa tithíochta, a fhéadfaidh oibriú le chéile chun na suíomhanna sin a fhorbairt. Táthar ag súil go bhféadfar suas le 3,000 áras cónaithe a chur ar fáil sa chéad chéim den chlár.
I gcomhar leis an gcuspóir seo, déanfar comhordú ar shonraí maidir le talamh a tiomsaíodh faoi Chlár Oifig na nOibreacha Poiblí (OOP) um Chlár Tailte an Stáit, agus Scéim Chomhiomlánaithe Talún na Gníomhaireachta Tithíochta chun iomaíocht sa mhargadh a chur chun cinn maidir le talamh forbraíochta agus nach mbaineann ach riosca íseal leo (m.sh. talamh chriosaithe, sheirbhísithe) agus chun dul i ngleic praghas-shocrú atá á thiomáint chun cinn ag daoine atá ag diúltú talamh a chur ar an margadh. Úsáidfear an Tobhach ar Thalamh Neamhshealbhaithe, a tugadh isteach faoin Acht Tithíochta agus Athghiniúna Uirbí 2015 chun dul i ngleic leis an bhfadhb freisin.
Lena chois sin, tabharfar tacaíocht do na húdaráis áitiúla maidir le héadálacha straitéiseacha a dhéanamh chun an soláthar tailte in áiteanna tábhachtacha infhorbartha a athnuachan. Féadfar máistirphleananna a dhéanamh fúthu ansin chun deireadh a chur le srianta pleanála, sula ndéanfar iad a ath-thairiscint don earnáil tithíochta níos leithne i gcomhair forbairtí tithíochta measctha, idir phoiblí agus phríobháideach. Cuirfear é sin chun cinn trí raon beart lena n-áirítear díol, comhfhiontair agus socruithe maidir le ceadúnais chun maolú a dhéanamh ar sholáthar talún do sholáthraithe tithíochta níos lú - agus soláthraithe meánmhéide atá ag streachailt chun maoiniú roimh ré a fháil chun íoc as costas talún.
Tá sé ar intinn ag an Rialtas freisin soláthar talún níos fearr a chur chun cinn tríd an tacaíocht a thugann siad d'infheistíocht sa bhonneagar faoin gCiste um Bonneagar Áitiúil chun Tithíocht a Ghníomhachtú (LIHAF), trí infheistíocht a nascadh le talamh a chur ar fáil ar láithreáin straitéiseacha do réimse soláthraithe tithíochta.
D‟fhonn bonn a chur faoi bhainistiú talún agus chun é a thiomáint chun cinn tá dhá phríomhbheart san áireamh faoin bPlean Gníomhaíochta:
Roghnú na suíomhanna ceannródaíocha a dtabharfaidh an LIHAF tacaíocht dóibh; agus
Oifig thiomanta um Sholáthar Tithíochta a bhunú laistigh den DHPCLG chun soláthar a thiomáint chun cinn.
Aithneofar láithreáin cheannródaíocha a bhfuil an cumas léirithe acu chun cur go suntasacha le soláthar tithe nua agus tabharfar tús áite dóibh i gcomhar le húdaráis áitiúla. Léiríonn meastachán tosaigh a rinneadh ar shuíomhanna féideartha go bhféadfaí idir 15,000 agus 20,000 áit cónaithe nua ar a laghad a thógáil orthu. Lena chois sin, feidhmeoidh na suíomhanna forbartha sin mar eiseamláirí do chomhordú agus soláthar tithíochta bunaithe ar phleananna agus ar bhainistiú gníomhach talún.
Chun ceannaireacht a chur ar fáil mar aon le cumas dírithe chun forbairt a chur chun cinn ar shuíomhanna ceannródaíocha mar aon le tionscnaimh tosaíochta eile a sholáthar tá Oifig tiomnaithe nua um Sholáthar Tithíochta (féach an Colún) á bhunú laistigh den DHPCLG.
Tacú le hInfheistíocht i mBonneagar
Aithníodh baic bhonneagair mar cheann de na príomhbhaic maidir le forbairt suíomhanna tábhachtacha áirithe le haghaidh tithíochta.
Dar le sonraí a bhailigh an Tascfhórsa um Chomhordú Soláthair Tithíochta i mBaile Átha Cliath tá os cionn dosaen limistéar tithíochta mhórscála nua pleanáilte sna ceithre údarás áitiúla i mBaile
60
Átha Cliath ar a bhféadfaí 1,500 áit chónaithe nó níos mó a thógáil chun aghaidh a thabhairt ar an éileamh gan sásamh i mBaile Átha Cliath. Áirítear ar na láithreáin sin Criosanna Forbartha Straitéisí atá sainithe ag an Rialtas in áiteanna mar Dhugthailte Bhaile Átha Cliath agus Baile Adaim i mBaile Átha Cliath Thiar atá faoi réir ag máistirphleananna mionsonraithe, agus i limistéir eile ina bhfuil Pleananna mionsonraithe do Cheantair Áitiúla ullmhaithe ag na húdaráis áitiúla ábhartha, mar shampla, Baile Pheiléid in iarthuaisceart Bhaile Átha Cliath agus Imeall Thuaidh Chathair Bhaile Átha Cliath.
Mar sin féin, má tá mórchuid talún le haghaidh tithíochta le cur ar fáil sna suíomhanna sin ní mór infheistíocht shuntasach a dhéanamh i gcúrsaí rochtana agus i mbonneagar tacaíochta. Is é an rud a tharlaíodh san am atá thart ná gurbh iad ceannaitheoirí nó luchta cíosa na n-áitreabh nua a d‟íocadh sa deireadh thiar as costais bhonneagair inmheánaigh na suíomhanna agus freisin as an mbonneagar níos leithne máguaird. Sa mhargadh atá inniu ann, áfach, dá gcuirfí na costais sin le praghas iomlán na dtithe nua ní bheadh daoine in ann íoc astu agus ní bheadh an fhorbairt inmharthana.
Ciste um Bonneagar Áitiúil chun Tithíocht a Ghníomhachtú (LIHAF)
Chun aghaidh a thabhairt ar an gceist sin, tá €150m curtha in áirithe i maoiniú an Státchiste, agus tá sé le meaitseáil le maoiniú €50m ó na húdaráis áitiúla, agus úsáidfear na suimeanna sin chun Ciste €200m um Bonneagar Áitiúil chun Tithíocht a Ghníomhachtú (LIHAF) a chur ar fáil sa tréimhse 2017-2019. Beidh na húdaráis áitiúla in ann iasachtaí méadaithe a fháil ón Ghníomhaireacht Airgeadais do Thithe ar rátaí ísle úis chun éascú a dhéanamh ar íoc as a gcion féin. Tá an Ciste leagtha amach chun éascú a dhéanamh ar réiteach bac criticiúil bonneagair agus chun tithíocht a sholáthar ar scála mór ar láithreáin thábhachtacha forbartha, trína bhféadfar tailte a oscailt agus idir 15,000 go 20,000 aonad cónaithe a sholáthar roimh 2019.
Beidh siad seo a leanas i gceist i dtairiscintí an Ciste um Bonneagar Áitiúil chun Tithíocht a Ghníomhachtú (LIHAF):
Na constaicí bonneagair sin a aithint go soiléir dá gcuirfí deireadh leo go bhféadfaí líon mór áiteanna cónaithe inacmhainne a thógáil;
Deimhniú dá gcuirfí an bonneagar ar fáil ar an mbealach traidisiúnta go mbeadh
an soláthar tithíochta neamheacnamaíoch / nach mbeadh sé inacmhainne /
teoranta ó thaobh uimhreacha;
Tiomantas do chur chuige comhoibríoch chun an t-aschur ón suíomh (ó na
suíomhanna) sin a mhéadú. Mar chuid den chomhoibriú sin beidh soláthar
tithíochta ar phraghas níos ísle trí
o laghduithe costas;
o comhaontú le soláthraí tithíochta príobháidí chun suíomhanna le haghaidh
forbairt il-ardán a cheannach;
o comhaontú leis an Comhlacht Tithíochta Ceadaithe (CTC) nó leis an Údarás
Áitiúil tithíocht shóisialta ar an láthair a fhorbairt nó a cheannach mar chuid den
chlár tithíochta sóisialta agus de sholáthar Cuid V an údaráis áitiúil chomh maith.
Chun an LIHAF a chur bun agus ar siúl chomh luath agus is féidir agus chun cinnteacht a sholáthar maidir le scaoileadh príomhláithreán, eiseoidh an DHPCLG glao ar thograí go luath do na húdaráis áitiúla agus do sholáthraithe tithíochta chun oibriú le chéile chun an maoiniú sin a fháil. Mar chúiteamh ar sin, beidh gealltanas soiléir ag teastáil maidir le luas breise agus scála soláthar tithe sna suíomhanna cearta agus inacmhainneacht mar chuid de, a léireoidh scála infheistíocht an Stáit thar ceann a chuid saoránach.
Ag an am céanna, bhí an DHPCLG ag obair le húdaráis áitiúla agus le hUisce Éireann chun modheolaíocht tosaíochta a fhorbairt maidir le hinfheistiú i síntí a chur leis na líonraí seirbhísí uisce chuig suíomhanna straitéiseacha. Faoi réir toiliú riachtanach agus faomhadh rialála ón gCoimisiún um Rialáil Fuinnimh, tá sé ar intinn ag Uisce Éireann clár oibreacha a chur i bhfeidhm, a bheidh ag teacht go cuí le moltaí LIHAF.
61
Maoiniú GBCN do bhonneagar mórscála - Ag tacú le hInfheistíocht i mBonneagar Tithíochta
Chomh maith leis an mbonneagar mórscála lasmuigh den láthair atá le maoiniú faoin LIHAF, tá Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (GBCN), ag forbairt moltaí trí Chiste Infheistíochta Straitéisí na hÉireann (ISIF), chun maoiniú iomaíoch a thairiscint ar bhonn tráchtála a bheidh ag teacht le sainordú reachtúil Ciste Infheistíochta Straitéisí na hÉireann, chun freastal ar riachtanais bhonneagair eile ar láithreáin mhóra forbraíochta. Tá na moltaí an GBCN dírithe go príomha ar fhorbróirí aonair nó ar chuibhreannais forbróirí a bheidh freagrach as an mbonneagar sin a sholáthar a chinnteoidh go bhféadfar áiteanna cónaithe a thógáil. Is é an cuspóir deiridh ná rochtain a fháil ar shruth nua um maoiniú bonneagair d'fhorbairtí tithíochta i gceantair ina bhfuil sé cruthaithe go bhfuil éileamh iontu agus ina bhféadfar tithíocht a chur ar fáil iontu go luath. Bhí ISIF ag plé an scéil seo cheana féin cheana féin le forbróirí san earnáil phríobháideach maidir le riachtanais mhaoinithe bonneagair i gcás áiteanna ina bhféadfaí forbairt nua chónaithe a dhéanamh i gceantair uirbeacha móréilimh, agus tá siad ag leanúint ar aghaidh leis an gcaidreamh le páirtithe leasmhara maidir le cuspóirí forbartha go ginearálta.
San infheistíocht atá beartaithe ag ISIF ghlacfaidís le rioscaí nach mbeadh gnáthairgeadaithe margaidh toilteanach maoiniú a sholáthar dóibh nó a mbeadh drogall orthu é sin a dhéanamh agus é sin go ginearálta de bharr rioscaí forbartha, scálaí ama iasachta níos faide nó neamhchinnteacht faoi uainiú na n-aisíocaíochtaí. Tá sé de chumas ag a leithéid d‟infheistíocht chomhlánú a dhéanamh ar aon airgead a chuirfidh an Rialtas láir agus rialtais áitiúla ar fáil chun bonneagar a mhaoiniú, lena n-áirítear tríd an LIHAF. Dhíreodh ISIF maoiniú den chuid is mó ar chásanna ina bhfuil bearna mhaoinithe idir an costas bonneagair aitheanta agus an maoiniú atá ar fáil trí fhoinsí lárnacha.
Tabharfar an maoiniú tráchtála seo trí ISIF le cois infheistíochtaí atá déanta ag ISIF cheana féin i gcomhréir lena shainordú reachtúil san earnáil eastát réadach i gcoitinne, lena n-áirítear infheistíochtaí dírithe ar mhaoiniú le haghaidh infheistíochtaí nua tráchtála agus cónaithe agus infheistíochtaí a bheidh dírithe ar thacú chun breis cóiríochta a sholáthar do mhic léinn. Tá maoiniú tugtha cheana féin ag ISIF d‟fhorais infheistíochta tithíochta a bhfuil maoiniú curtha ar fáil acu chun níos mó ná 2,000 áit cónaithe nua a thógáil agus a d‟fhéadfadh maoiniú a sholáthar do go leor eile.
Lena chois sin, i réimse na cóiríochta do mhic léinn (féach Colún 4), tá infheistíocht shuntasach déanta ag ISIF cheana trí €54 milliún a infheistiú i gClár foriomlán chun Campas Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath a athfhorbairt ar chostas €230 milliún. Mar gheall ar an mbrabús tráchtála atá ar fáil ón ioncam cíosa ar chóiríocht do mhic léinn, tá ISIF (i gcomhar le hinfheisteoirí tríú páirtí) sásta breathnú ar dheiseanna infheistíochta eile san earnáil. Is é an príomhbhuntáiste ó thaobh tithíochta de a bhaineann le hinfheistíocht ISIF san earnáil seo ná go mbeidh méid suntasach cóiríochta ar cíos le fáil i gcomharsanacht na n-institiúidí tríú leibhéal atá in úsáid ag mic léinn faoi láthair.
Leasuithe Pleanála
Tá páirt mhór ag an bpróiseas pleanála maidir le bealach soiléir a sholáthar chun freastal ar riachtanais tithíochta na saoránach agus cinnteacht a thabhairt do sholáthraithe na tithíochta sin. Tá rún daingean ag an Rialtas go dtógfar an próiseas pleanála ar na feabhsuithe a rinneadh le déanaí agus go mbeidh sé níos freagraí ó thaobh na riachtanas atá i gceist le tithíocht a chur ar fáil agus ó thaobh na castachta a bhaineann leis. Tá tionchar cheana féin ag na leasuithe a rinneadh ar an bpróiseas pleanála, lena n-áirítear:
coincheap na mbunstraitéisí a thabhairt isteach sna hAchtanna um Pleanáil agus Forbairt i bpleananna Forbartha Cathrach agus Contae, atá dírithe ar riachtanais chriosaithe áitiúla a ailíniú leis an éileamh ar thithíocht agus le spriocanna réigiúnacha;
athruithe reachtacha san Acht um Athghiniúint Uirbeach agus Tithíocht 2015, trína ndearnadh simpliú ar dhualgais Cuid V ar fhorbróirí chun ráthú breis tithíochta a sholáthar;
laghduithe ar na muirir um ranníocaíocht forbartha a ghearrann údaráis áitiúla, rud a éascaíodh leis na hathruithe faoin Acht um Athghiniúint Uirbeach agus Tithíocht 2015, chomh maith le tabhairt isteach scéim lacáiste maidir le ranníocaíochtaí forbartha
62
chun tacú le soláthar tithe tosaithe inacmhainne i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh agus chun go mbeadh siad níos inmharthana ar bhonn eacnamaíoch;
foráil a dhéanamh go ngearrfaidh údaráis phleanála áitiúla tobhach ar láithreáin fholmha chun forbairt láithreán folamh agus tearcúsáidte a spreagadh i gceantair uirbeacha le haghaidh tithíochta agus athghiniúna - cé nach gcuirfear é sin i bhfeidhm go dtí Eanáir 2019, beidh tionchar ag an tobhach i bhfad roimhe sin, nuair a dhéanfaidh úinéirí na láithreán moltaí chun iad a fhorbairt chun an tobhach a sheachaint;
a chur de cheangal ar údaráis phleanála cloí le riachtanais shonracha an bheartais phleanála náisiúnta de réir mar a fhorordóidh an tAire i dtreoirlínte pleanála reachtúla, mar shampla, an treoirlíne trína ndearnadh athbhreithniú ar na caighdeáin a bhaineann le hárasáin a foilsíodh go luath in 2016 trína ndearnadh laghdú €20,000 an aonaid ar a laghad ar an meán ar na costais a bhain le soláthar árasán nua; agus
simpliú na socruithe maidir le modhnuithe a dhéanamh ar scéimeanna pleanála i gCriosanna Forbartha Straitéisí (CFS).
Ar na bearta breise atá á moladh anois chun feabhas breise a chur ar shofhreagracht agus ar sholúbthacht an chórais phleanála tá:
bearta a cheadóidh iarratais níos mó ar thithíocht a dhéanamh go díreach chuig an mBord Pleanála, i ndiaidh críochnú na gcomhairliúchán riachtanach réamhphleanála ar an leibhéal áitiúil;
ag cinntiú go dtugann an Bord Pleanála tús áite do chinneadh a dhéanamh faoi gach achomharc pleanála a bhaineann le hiarratais mhórscála tithíochta laistigh den spriocthréimhse 18 seachtaine reachtúil maidir le hachomhairc;
úsáid níos éifeachtaí, agus níos simplithe agus níos leithne a bhaint as próiseas Chuid 8, trínar féidir le húdarás pleanála forbairtí a mheas agus a cheadú, a bhfuil sé beartaithe a chur i bhfeidhm é féin nó i socruithe comhpháirtíochta, ar nós Comhlachtaí Tithíochta Ceadaithe (CTCanna) (féach freisin Colún 2);
breis úsáide a bhaint as sainiú mar Chrios Forbartha Straitéisí chun máistirphleanáil a dhéanamh ar fhorbairt chomhordaithe phríomhshuíomhanna agus dlús a chur fúithi, i gcomhar le soláthar an bhonneagair cumasúcháin agus seirbhísí tacaíochta;
tabhairt isteach seirbhísí nua pleanála ar líne sna húdaráis pleanála; agus
foráil do shíniú breise a chur le ré ceadanna pleanála laistigh de thréimhse shonraithe.
Na próisis phleanála le haghaidh forbairtí móra de tithíocht príobháideach a shimpliú
Ós rud é go ndéantar achomharc chuig an mBord Pleanála in aghaidh beagnach gach faomhadh pleanála do 100 teach nua nó níos mó, ciallaíonn sé sin go bhfuil próiseas dhá chéim ann maidir le hiarratais phleanála agus go bhféadfaidh sé ó 18 go 24 mí a thógáil chun faomhadh deiridh a fháil chun dul ar an láthair agus tús a chur le hobair thógála. Is féidir leis seo drochthionchar a bheith aige ar inmharthanacht na forbartha, toisc go méadaíonn an costas a bhaineann le talamh a cheannach roimh ré i rith na tréimhse sin, nó fiú i rith tréimhse níos faide, agus na moilleanna a chuirtear dá bharr ar thoradh a fháil ar infheistíocht.
Ag féachaint don ghanntanas tithíochta atá ann faoi láthair agus an tosaíocht atá á thabhairt do dhlús a chur faoi thograí tithíochta sna háiteanna sin ina bhfuil an t-éileamh gan sásamh is mó, beidh foráil shealadach ann chun go bhféadfar iarratais forbartha tithíochta níos mó (a chuimsíonn 100 nó níos mó aonad) a dhéanamh go díreach chuig an mBord Pleanála ar feadh tréimhse cheithre bliana go dtí 2020. Bhainfeadh na socruithe sin leas as nósanna imeachta atá i bhfeidhm cheana féin i ndáil le tionscadail forbartha bonneagair straitéisigh faoin Acht um Pleanáil agus Forbairt (Bonneagar Straitéiseach) 2006 agus ba cheart go gcuirfidís dlús faoin bpróiseas chun cinneadh a dhéanamh faoi fhorbairtí den sórt sin, agus cinnteacht níos mó a sholáthar d'fhorbróirí faoi na frámaí ama inar féidir cinneadh a dhéanamh faoina leithéid d'fhorbairtí sa chóras pleanála.
Ina theannta sin, nuair a leatar síos tréimhse ama ina ndéanfar na socruithe sin a oibriú, tabharfaidh sé spreagadh do thús-ualú agus soláthar méadaithe tithíochta chomh luath agus is féidir chun cabhrú chun aghaidh a thabhairt ar an éileamh gan sásamh atá ann le tamall.
63
Infheistiú chun forbairtí tráchtála uirbeacha a athúsáid nó a athrú
Ceann de na constaicí a luaigh páirtithe leasmhara a raibh suim acu i maoine tráchtála
folmha nó tearcúsáidte i gcathracha, i mbailte nó i sráidbhailte a athúsáid mar chóiríocht nó
mar spás os cionn siopaí, ab ea an réimse formheasa agus próisis rialála, ar nós cead
pleanála a fháil le haghaidh athrú úsáide, faomhadh maidir le rialú tógála agus deimhnithe
do dhaoine faoi mhíchumas, agus na deacrachtaí a chruthaíonn an réimse rialachán maidir
le hairgead forbartha nó éadálacha maoinithe a fháil ar feitheamh faomhadh den sórt sin.
Mar atá leagtha amach i gColún 5, beidh tograí á dtabhairt ar aghaidh roimh dheireadh
2016 chun na rialacháin faoi fhorbairtí díolmhaithe a leasú le go bhféadfar díolúine a fháil ón
ngnáthcheanglas maidir le cead pleanála a fháil chun cóiríocht chónaithe a dhéanamh
d‟urláir uachtaracha maoine tráchtála, ar choinníoll go bhféadfar caighdeán réasúnta
cóiríochta agus áiseanna a chur ar fáil a bheidh ag teacht le riachtanais rialaithe tógála.
Leasuithe pleanála níos leithne
Taobh amuigh de na bearta láithreacha agus gearrthéarmacha seo, agus chun a chinntiú go
mbeidh an córas pleanála inrochtana agus sofhreagrach don ghníomhaíocht mhéadaithe is
dócha a bheidh ann maidir le tograí forbartha cónaithe, tráchtála agus measctha, déanfar
athbhreithniú ó bhun go barr ar an gcóras pleanála agus cuirfear bailchríoch air roimh Ráithe 1
2017. Díreofar go háirithe san athbhreithniú ar réamh-mheas, pleanáil agus soláthar forbairtí
cónaithe agus tabharfar aird ar an obair atá ar siúl maidir Chreat Pleanála Náisiúnta nua a
fhorbairt. Ar cheann de na príomhrudaí a chuirfidh córas pleanála níos freagraí ar fáil beidh
comhtháthú éifeachtúlachta teicneolaíochta mar r-phleanáil. Tabharfar tacaíocht dá chur i
bhfeidhm in earnáil an rialtais áitiúil agus sa Bhord Pleanála (an Bord).
Lena chois sin, tabharfaidh bunú Oifig an Rialtóra Pleanála, mar atá molta sa Bhille um
Pleanáil agus Forbairt (Leasú), 2016 tacaíocht d‟fheidhmeanna agus do chleachtais na n-
údarás áitiúil maidir le pleanáil talamhúsáide agus déanfaidh monatóireacht ar chórais agus
ar nósanna imeachta na n-údarás sin, agus an bhoird, lena chinntiú go bhfuil an córas
pleanála solúbtha, cothrom agus trédhearcach. Moltar leasuithe eile i mBille na bliana 2016
freisin chun tuilleadh cuíchóirithe chun éifeachta a dhéanamh ar an bpróiseas pleanála,
agus tosaíocht a thabhairt d‟éascú a dhéanamh ar sholáthar tithíochta níos tapúla.
Nuair a chuirtear san áireamh an ról lárnach atá ag an mbord sa chóras pleanála, tá sé
ríthábhachtach go mbeidh na cumhachtaí riachtanacha aige agus go bhfuil sé oiriúnach don
fheidhm atá aige chun go gcoinneoidh sé ar bun a leibhéal ard muiníne atá ag an bpobal agus
ag institiúidí as maidir le cinntí neamhspleácha, neamhchlaonta agus oibiachtúla a dhéanamh,
maidir le hiarratais ar bhonneagar straitéiseach agus cinneadh a dhéanamh faoi achomhairc
phleanála. Nuair a rinneadh athbhreithniú seachtrach eagrúcháin ar an mBord níos luaithe i
mbliana, rinneadh measúnú ar chumas agus ar acmhainní na heagraíochta chun a shainordú
reachtúil a chomhlíonadh, agus aithníodh an méadú is dócha a thiocfaidh ar ghníomhaíocht
tógála mar chuid den téarnamh eacnamaíoch agus an comhthéacs beartais agus
reachtaíochta ina bhfeidhmíonn an Bord atá ag éirí níos casta i gcónaí.
De thoradh an athbhreithnithe rachaidh an DHPCLG i gcomhairle leis an mbord agus
forbróidh Plean Forfheidhmithe roimh dheireadh Ráithe 3 2016 chun aghaidh a thabhairt ar
na príomhthorthaí agus na moltaí a bhí sa Tuarascáil Athbhreithnithe.
Déanfar tuilleadh breithnithe ar leasú na nAchtanna um Pleanáil agus Forbairt chun síneadh
a chur le ré na gceadanna atá ar marthain a bhain tairbhe cheana féin ó fhadú amháin a
rinneadh ar a réanna ach nach gcuimseodh fadú na réanna sin tréimhse an Phlean
Gníomhaíochta agus na bearta atá molta chun an soláthar a mhéadú. Mar sin féin, d'fhonn
a chinntiú go gcríochnófar forbairtí faofa go tráthúil, beidh an fhoráil reachtach teoranta do
cheadanna pleanála d'fhorbairtí móra tithíochta agus rachaidh an fhoráil in éag in 2021.
Creat Náisiúnta Pleanála
Moladh i dTuarascáil Choiste an Oireachtais um Thithíocht agus Easpa Dídine i ndáil le tithíocht phríobháideach, gur cheart polasaí náisiúnta a ullmhú maidir le húsáid talún agus soláthar tithíochta de gach cineál agus tionachta. Agus aird á tabhairt ar an moladh
64
tábhachtach sin, tá an Rialtas ag ullmhú Creat Náisiúnta Pleanála (CNP) atá le foilsiú i bhfoirm dhréachta roimh dheireadh 2016 chun treoir a chur ar fáil maidir le beartas straitéiseach náisiúnta pleanála agus forbartha don chéad deich mbliana eile agus níos faide. Inter alia, táthar ag súil go gcinnteoidh an CNP go bhforbrófar tithíocht sna suíomhanna cearta agus go mbeidh an infreastruchtúr riachtanach tacaíochta sóisialta, eacnamaíochta agus fisiceach ar fáil chun freastal ar gach riachtanas tithíochta.
Cuirfear an CNP in áit Straitéis Náisiúnta Spásúlachta na bliana 2002, beidh measúnú straitéiseach ar riachtanas tithíochta náisiúnta san áireamh ann agus cabhróidh sé chun go ndéanfar tithíocht straitéiseach a fhorbairt ar bhealach níos éifeachtaí agus níos inmharthana trí chinnteacht níos fearr a chur ar fáil maidir le soláthar bonneagair, bainistiú soláthair talún go straitéiseach agus comhordú infheistíochta go ginearálta. Tá tuilleadh sonraí maidir leis an CNP leagtha amach in Aguisín 4.
Costais a bhaineann le soláthar Tithe Nua
Caithfidh na praghsanna díola a bheith níos airde ná na costais forbartha má tá áiteanna cónaithe nua le tógáil ag daoine sa mhargadh príobháideach. Cosnaíonn rialacha morgáiste an Bhainc Ceannais theaghlaigh ó fhiachas iomarcach a ghlacadh agus laghdaíonn siad bhoilsciú phraghsanna maoine ach cuireann siad teorainn éifeachtach freisin ar phraghsanna i gcoibhneas le hioncam. Dá bhrí sin, más rud é nach féidir (nó rud níos tábhachtaí fós) nár cheart praghsanna a mhéadú, ní mór aghaidh a thabhairt ar an taobh eile den scéal agus dul i ngleic le costais forbartha agus tógála i gcomparáid le hioncam agus praghsanna.
Tá an gaol idir chostais ionchuir agus praghsanna díolacháin i margadh tithíochta atá ag feidhmiú go maith le feiceáil i bhFigiúr 3:
Figiúr 3: Costais Leathana a bhaineann le Soláthar Tithíochta
Má bhíonn iomaíocht lag i margadh, mar shampla, i gcás nach leor an soláthar tithíochta mar gheall ar easpa áiteanna tógála oiriúnacha, féadfaidh praghsanna tithíochta ardú agus brabach níos airde a bheith le fáil. Tá sé an-tábhachtach mar sin a chinntiú go bhfuil iomaíocht láidir ann, go háirithe maidir le costais talún agus soláthair, rudaí a ndéantar tuilleadh plé orthu níos faide thíos.
Gníomhaíocht eacnamaíoch is ea forbairt tithíochta cosúil le haon chuid eile den gheilleagar, agus ar an ábhar sin caithfidh an ghníomhaíocht sin páirt a ghlacadh tríd an gcóras cánachais chun maoiniú a chur ar fáil do sholáthar earraí agus seirbhísí poiblí níos leithne. Tá sé tábhachtach a chuimhneamh go bhfuil laghdú go 13.5% ar an ráta CBL san earnáil tógála i gcomparáid le ráta 23% in earnálacha eile den gheilleagar agus gur cuireadh roinnt tionscnamh i bhfeidhm faoin straitéis Tógáil 2020, chun tionchar na muirear eile a laghdú, lena n-áirítear laghduithe ar ranníocaíochtaí forbartha, tabhairt isteach scéim lacáiste ranníocaíochta forbartha do scéimeanna móra i gCorcaigh agus i mBaile Átha Cliath, agus athruithe ar cheanglais Chuid V de na hAchtanna um Pleanáil agus Forbairt.
Costas
Ceannaithe
Talún Costas Tógála
Brabach ar
Infheistíocht Praghas Díola
Costais
Costas na nÁbhar
Costas Oibre
Cánacha/Ranníocaíochtaí
Táillí Gairmiúla
Costas Airgeadais
Ioncam
65
Léiríonn taighde a rinne comhlachtaí ar nós Chumann Shuirbhéirí Cairte na hÉireann le déanaí
nach soláthraíonn tógáil tithe príobháideacha ach brabach imeallach i go leor réimsí den
mhargadh tithíochta. Ag an am céanna, níltear ar aon intinn faoi na gnéithe de bhonn costais
na hÉireann atá as compás i gcomparáid le dlínsí eile, ach is iad costais talún agus costais tógála
na príomhréimsí. Molann an Plean Gníomhaíochta roinnt beart faoin dá cheannteideal sin.
Costais talún
Má tá tithíocht le cur ar fáil ar féidir le formhór na ndaoine íoc aisti ní mór na costais a
bhaineann le láithreáin do theach tipiciúil leathscoite a choinneáil chomh híseal agus is
féidir, agus léiríonn an fhaisnéis atá ar fáil, má éiríonn costais láithreán mórán os cionn
€30,000 - €50,000, nach féidir le formhór na ndaoine íoc as tithe nua.
Tá Éire lán de thalamh atá criosaithe le haghaidh tithíochta. Fuarthas amach sa Suirbhé
bliantúil deireanach ar Infhaighteacht Talún Tithíochta a rinneadh in 2015 go bhfuil talamh
criosaithe go leor sa tír le freastal ar níos mó ná 6 mhilliún duine. Dá bhrí ní easpa talún an
fhadhb. Nuair a chuathas i mbun comhairliúcháin le páirtithe leasmhara chun bonn eolais a
sholáthar d‟ullmhú an Phlean seo, tugadh le fios gurb é an réimse ba mhó ina bhféadfaí
costais a laghdú ná i dtiontú na talún sin go talamh íseal-riosca, réidh le tógáil air agus go
láithreáin forbartha tarraingteacha a bhféadfadh soláthraithe tithíochta a cheannach ar
chostas réasúnta agus tithíocht a thógáil uirthi. Sin é an fáth go moltar sa Phlean
Gníomhaíochta seo:
Go ndéanfar próiseas na Straitéise Tithíochta a leasú a éilítear ar údaráis áitiúla a ullmhú mar chuid dá phlean forbartha reachtúil, chun go ndéanfar na straitéisí sin a athdhíriú ar thalamh agus ar sholáthar láithreán forbartha ar phraghsanna réasúnta chun freastal ar riachtanais tithíochta i ngach limistéar de chuid gach údaráis áitiúil, agus go mbainfeadh sé le tionachtaí agus le cineálacha tithíochta de gach sórt chomh maith leis an riachtanas maidir le tithíocht shóisialta;
Maoiniú a sholáthar do bhonneagar faoin bpróiseas LIHAF, chun dul i ngleic le baic maidir le scaoileadh talún criosaithe nó le baic a chinntíonn go mbeadh forbairt na talún sin neamhbhrabúsach;
Grúpa nua um Bainistiú Tailte an Stáit a bhunú a mbeidh sé de chuspóir soiléir acu réimsí talún a aithint agus a scaoileadh ar an margadh a bhféadfaí suas le 3,000 teach nua a thógáil orthu sa chéad chéim, agus go gcuirfear na láithreáin ar fáil ar a leithéid de chostais le go bhféadfaí áiteanna cónaithe a thógáil orthu a bhféadfadh gnáthdhaoine íoc astu nó a fháil ar cíos; agus
Dlús a chur faoin bpróiseas pleanála trí phróiseas a thabhairt isteach, go ceann tréimhse cheithre bliana, trína bhféadfar iarratais ar fhorbairtí móra tithíochta a dhéanamh go díreach chuig an mBord Pleanála. Is éard a tharlaíonn de ghnáth ná go ndéantar achomharc leis an mBord faoina leithéid d‟fhorbairtí tar éis do na húdaráis áitiúla iad a cheadú. D'fhéadfadh an beart seo tionchar suntasach a bheith aige maidir le cinnteacht a fheabhsú agus an t-am a ghearradh idir láthair thithíochta a cheannach agus tógáil air, rud a laghdódh costais mhaoinithe agus praghas na n-áiteanna cónaithe sa deireadh thiar.
Tá sé d‟aidhm ag na bearta sin go mbeadh tailte forbartha ar fáil ar bhealach níos cobhsaí
agus ar phraghas réasúnta agus go bhféadfadh an Stát é sin a úsáid chun maolú a
dhéanamh ar bhoilsciú iomarcach ar phraghsanna talaimh forbraíochta. Thairis sin, dearadh
na leasuithe pleanála atá molta chun an méid ama a laghdú is gá chun talamh a
cheannach agus cead pleanála a fháil agus costais airgeadais a laghdú a bhaineann le
suíomhanna a choinneáil go bhfaightear cead pleanála.
Costais tógála
Tá réimse gníomhartha sa Phlean Gníomhaíochta seo chun dul i ngleic le roinnt de na
costais phoiblí a bhaineann le tithíocht, ach caithfidh soláthraithe tithíochta agus an earnáil
forbartha bearta nuálacha a dhéanamh freisin.
66
Rinne an NCC taighde sa réimse seo le déanaí agus déanfar anailís mionsonraithe leantach
sa réimse seo freisin, i gcomhar leis an earnáil foirgníochta, chun tagarmharcáil a dhéanamh
ar chostais a bhaineann le soláthar tithíochta in Éirinn. Tá sé i gceist na torthaí a fhoilsiú chun
barainneacht a aithint. Idir an dá linn, cinnteoidh na bearta a dhéanfar faoin bPlean
Gníomhaíochta seo go bhféadfar dul i mbun oibre ar suíomhanna níos mó ar scála níos mó,
ar bhealach go mbeidh féidearthachtaí ann maidir le nuálaíocht agus barainneacht scála
i soláthar áras cónaithe nua atá ag teastáil go géar, ag baint úsáide as modhanna
nua-aimseartha tógála go háirithe.
Beidh ceann de na tionscadail cheannródaíocha deartha chun léiriú a thabhairt ar
conas dearadh agus tógáil éifeachtach, ardchaighdeáin a dhéanamh ar phraghas
réasúnta. Chuige sin, cuirfear comórtas ar bun le tacú leis an gcleachtas is fearr agus
le dearadh éifeachtach a bheidh éifeachtúil ó thaobh costais de a chur chun cinn le
go bhféadfar tithe ardchaighdeáin a sholáthar i bpobail inbhuanaithe ar phraghas
réasúnta. Go hachomair:
Tabharfar dúshlán dearthóirí agus soláthraithe tithíochta oibriú le chéile le teacht ar
chórais nua deartha agus tógála trína bhféadfar tithe nua a sholáthar ar chostas níos lú
ná €200,000 (glan ar chostais talún).
Caithfidh na tithe nua na caighdeáin agus rialacháin tógála a shásamh agus ba cheart
go bhféadfar an cur chuige a úsáid i réimse leathan suíomhanna.
Is é an duais a thabharfar de bharr a leithéid de chórais nua deartha agus tógála a
cheapadh ná go dtabharfaidh Grúpa Bainistíochta na dTailte Stáit láithreán oiriúnach ar
chostas íseal chun tithíocht a sholáthar air.
Chomh maith le leanúint ar aghaidh leis na tionscnaimh sin, tá sé molta sa Phlean
Gníomhaíochta go bhforbrófar straitéisí tithíochta na n-údarás áitiúil de chineálacha nua
trína ndéanfar ath-díriú sa phróiseas straitéise ar shuíomhanna faoi úinéireacht
phríobháideach le haghaidh tithe tosaigh. Déanfar tionscadal ceannródaíoch léiriúcháin a
fhorbairt i gcomhar le húdaráis áitiúla.
Cumas agus Scileanna na hEarnála Tógála
Ar aon dul le modhanna nuálacha deartha agus tógála a iniúchadh agus a thástáil, ní mór
dúinn a chinntiú freisin i gcás na hearnála tithíochta atá go teacht chuige féin go bhfuil go
leor ceardaithe cáilithe inti chun freastal ar na dúshláin a bhaineann cur go suntasach leis
an méid tithíochta a chuirfear ar fáil mar fhreagra ar éileamh atá ann faoi láthair agus an
t-éileamh a bhí ann le fada, agus go bhfuil na scileanna agus an cumas acu chun tithíocht a
sholáthar de réir na gcaighdeán foirgníochta atá riachtanach.
Táthar á thuar go dtiocfaidh méadú ó 140,000 in 2016 go 170,000 i gceann roinnt blianta ar
líon na ndaoine fostaithe san earnáil. Cuirfear scileanna riachtanacha na hearnála ar fáil trí
sholáthar oideachais príomhshrutha, go háirithe trí phrintíseachtaí, agus trí chláir
ardoideachais agus trí thionscnaimh spriocdhírithe, ag teacht le prionsabail agus cuspóirí na
Straitéise Náisiúnta Scileanna.
Tá réimse leathan cúrsaí ar fáil maidir le tógáil agus an timpeallacht tógtha san earnáil
ardoideachais príomhshrutha. Tá 44 chúrsa ar fáil ar Leibhéal 8 den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí
agus 37 gcúrsa ar Leibhéal 6 agus 7. Tá na cúrsaí a reáchtáil i 16 institiúid agus an formhór acu in
earnáil na nInstitiúidí Teicneolaíochta. Áirítear iad seo a leanas ar theidil na gcúrsaí:
Innealtóireacht Shibhialta; Bainistíocht Foirgníochta; Innealtóireacht Struchtúr; Ailtireacht;
Suirbhéireacht Chainníochta; Ailtireacht Intí; agus Teicneolaíocht Ailtireachta. Bhain 10% de na
céimithe go léir in 2014 leis na hearnálacha innealtóireacht, déantúsaíocht agus tógáil.
Chomh maith leis na cáilíochtaí foirmiúla sin tá roinnt tionscnamh spriocdhírithe ann chun
freastal ar an éileamh ar scileanna i réimsí den gheilleagar atá ag leathnú agus freisin chun
tacú le daoine dífhostaithe go fadtéarmach a chur ag obair, go príomha:
67
Soláthraíonn Lingchlár cúrsaí páirtaimseartha ardoideachais saor in aisce chun cur ar
chumas dhaoine dífhostaithe a bhfuil a bpoist caillte acu in earnálacha nach dtiocfaidh
fás ar na leibhéil fostaíocht iontu, chun scileanna breise nó scileanna nua a fháil i réimsí
ina bhfuil ganntanas aitheanta scileanna nó deiseanna fostaíochta. Bhí cúrsaí a
bhaineann le foirgníocht ina ngné de Lingchlár. Ceadaíodh 940 áit a bhain leis an
tionscal tógála in 2015 agus tá 246 áit bhreise ceadaithe go dtí seo i mbliana san earnáil
tógála. Mar sin féin, níor glacadh ach le 35% (325) de na háiteanna sin in 2015 agus bhí
an scéal amhlaidh go príomha mar gheall ar an bhfeabhas a tháinig ar chúrsaí
fostaíochta. Tá comharthaí dearfacha tosaigh le fáil ó na sonraí maidir bronnadh
Céimeanna ach caithfear taighde breise a dhéanamh sa réimse sin.
Seoladh Construction SME Skillnet i mí Eanáir 2016 mar fhreagra ar éileamh ó lucht an
tionscail ar oiliúint níos spriocdhírithe faoi threoir lucht fiontair. Déanfar an traenáil a chur
in oiriúint ar dtús chun aghaidh a thabhairt ar easpa scileanna i réimsí Sláinte agus
Sábháilteachta, Rialacháin Tógála agus teicnící Caoltógála.
Mar sin féin, tá ról na bprintíseachtaí thar a bheith tábhachtach maidir le forbairt leanúnach
na hearnála tógála atá ag dul ar aghaidh i gcónaí. Táthar á thuar go méadófar líon na
bprintíseach a chlárófar san earnáil foirgníochta ó 1,700 in 2015 go dtí níos mó ná 3,600 roimh
2018, ach is dócha go bhfuil na figiúir sin ró-íseal i bhfianaise an mhéadaithe shuntasaigh a
mheastar a thiocfaidh ar fhorbairtí cónaithe nua. Chun tacú leis an riachtanas aitheanta sin,
déanfaidh SOLAS nuashonrú ar na réamhaisnéisí faoi scileanna agus oibreoidh i gcomhpháirt
le páirtithe leasmhara lena chinntiú go mbeidh tionscnaimh oideachais príomhshrutha agus
tionscnaimh oiliúna spriocdhírithe ann chun na scileanna a sholáthar a bheidh ag teastáil
chun an Plean Gníomhaíochta a chur i bhfeidhm.
68
69
Colún 4: An Earnáil Chíosa a Fheabhsú
Príomhchuspóir: Aghaidh a thabhairt ar na constaicí atá ann maidir le soláthar breise in earnáil na áitreabh príobháideach ar cíos, feabhas a chur ar soláthar aonad ar chíosanna réasúnta.
Príomhbhearta:
Straitéis a fhorbairt i gcomhair na hearna cíosa a bheith inmharthana agus
inbhuanaithe
Reachtaíocht a thabhairt isteach maidir le socruithe cothroma chun tionóntachtaí
a fhoirceannadh
Athbhreithniú a dhéanamh ar na caighdeáin do chóiríocht ar cíos
Ról an Bhoird um Thionóntachtaí Cónaithe a Fheabhsú
Scéim Cíosanna Inacmhainne a Thabhairt Isteach
Spreagadh a thabhairt do “Thógáil lena Ligean ar Cíos”
Tacú le soláthar níos mó cóiríochta do mhic léinn
D‟fhreastal an earnáil cíosa i gcónaí ar réimse leathan de líonta tí, ach tá níos mó daoine aonair agus teaghlaigh ag fanacht go buan i gcóiríocht ar cíos anois. Tógfar na príomhbhearta atá leagtha amach sa Phlean seo ar bhunús na struchtúir atá i bhfeidhm cheana féin chun tacú leis an earnáil cíosa in Éirinn.
Tír neamhghnách í Éire sa mhéid is go bhfuil comhlacht tiomnaithe rialála againn don earnáil cíosa - an Bord um Thionóntachtaí Cónaithe (RTB) - trína gcláraítear tionóntachtaí, tugtar comhairle, agus cuirtear seirbhísí um réiteach díospóidí ar fáil. Beidh sé tábhachtach a chinntiú go bhfuil an creat rialála agus an beartas tacaíochta don earnáil cíosa oiriúnach don fheidhm ó thaobh an róil atá beartaithe don earnáil sa todhchaí - ceann a bheidh tarraingteach do thionóntaí agus do thiarnaí talún, agus a sholáthróidh tacaíochtaí agus cosaintí dóibh araon.
Chuige sin foilseoidh an DHPCLG straitéis don earnáil cíosa roimh Ráithe 4 2016. Beidh raon gníomhartha san straitéis seo a bheidh dírithe ar:
Slándáil - breis cinnteachta a sholáthar do thionóntaí agus do thiarnaí talún;
Soláthar - an leibhéil reatha maidir le cóiríocht ar cíos a choinneáil agus infheistíocht i soláthar breise a spreagadh;
Caighdeáin - feabhas ar chur ar chaighdeán agus ar bhainistiú na cóiríochta ar cíos; agus
Seirbhísí - leathnú agus a neartú ról agus cumhachtaí an Bhoird chun a chuid seirbhísí a sholáthar ar bhealach níos éifeachtaí agus tionóntaí agus tiarnaí talún a chumasú.
Toisc go bhfuil tithíocht ar cíos solúbtha tá tábhacht faoi leith ag baint leis ó thaobh cur ar chumas an mhargaidh tithíochta é féin a chur in oiriúint do riachtanais athraitheacha an phobail. Bhreathnaítí ar an earnáil cíosa in Éirinn mar earnáil ina mbíodh ar theaghlaigh ar mhian leo áit phríobháideach dá gcuid féin a fháil nó rochtain a fháil ar thithíocht shóisialta bhuan, am a sheirbheáil inti chun an rogha a bhí uathu a fháil. Caithfear an dearcadh sin a athrú má tá earnáil tithíochta ar phraghas réasúnta, seasmhach agus inbhuanaithe le forbairt in Éirinn.
Soláthraíonn tithíocht ar cíos rogha solúbtha tithíochta le freastal ar an éileamh atá ag méadú agus is féidir leis ailíniú níos fearr a chur chun cinn leis an margadh saothair níos soghluaiste atá in Éirinn san 21ú hAois. Tá an earnáil ag teacht leis na hathruithe ar iompar daoine ó thaobh tithe a cheannach, sa chaoi go bhfuil sé níos fusa do dhaoine aonair agus do theaghlaigh nach bhfuil tithe ceannaithe acu dul sa tóir ar dheiseanna fostaíochta nó a gcuid cóiríochta a chur in oiriúint go tapa d‟athruithe i gcúinsí teaghlaigh. Is féidir le hearnáil ar cíos atá dea-fhorbartha na rioscaí maicreacnamaíocha a laghdú a bhaineann le bheith ag brath an iomarca ar úinéireacht tí. Bhí tíortha a bhfuil earnálacha réasúnta mór príobháideacha cíosa acu, mar an Ghearmáin agus an Eilvéis, cosanta níos fearr i gcoinne borrtha maoine ná iad siúd a bhfuil earnálacha cíosa atá réasúnta beag acu mar Éire agus an Spáinn.
70
Mhéadaigh an earnáil cíosa in Éirinn faoi dhó le fiche bliain anuas. Tá beagnach an cúigiú cuid den daonra ina gcónaí anois san earnáil chíosa. Tá fás san earnáil á thiomáint chun cinn ag réimse tosca lena n-áirítear níos lú daoine a bheith ag brath ar úinéireacht tí mar rogha, tosca déimeagrafacha lena n-áirítear inimirce ón AE, laghdú ar mhéid na dteaghlach, agus rátaí níos airde maidir le cruthú teaghlach nua. Príomhthoisc eile ab ea an méid a rinne an earnáil cíosa chun tacaíochtaí tithíocht shóisialta a sholáthar do theaghlaigh ar ioncam íseal trí thionscnaimh maidir le léasú fadtéarmach agus an Íocaíocht um Chúnamh Tithíochta a cuireadh ar fáil le déanaí.
San an am céanna is a bhí fás ag teacht ar an earnáil cíosa, bhí laghdú ag teacht le himeacht ama ar an mbealach a bhítí ag brath in Éirinn ar úinéireacht tí. Bhíodh sé sin á spreagadh ag rochtain éasca ar mhaoiniú morgáiste agus réimse dreasachtaí a tairgeadh do theaghlaigh. Chuaigh cuid den na dreasachtaí sin siar chomh fada le bunú an Stát. Cé go bhfuil ceann de na rátaí is airde san an Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (ECFE) in Éirinn maidir le háitíocht úinéara glactar leis anois go bhfuil earnáil cíosa atá inbhuanaithe agus inmharthana ina bunchloch thábhachtach de gheilleagar nua-aimseartha.
Mar sin féin, níl an earnáil cíosa in Éirinn ina hearnáil inmharthana ná inbhuanaithe fós. Constaicí maidir le hearnáil cíosa láidir, nua-aimseartha a chruthú iad na brúnna diana soláthair atá ann, cíosanna atá ag ardú, ábhair imní maidir le daingne thionachta, an bealach rialála trína gcaitear le maoine a cheannaíodh lena ligean ar cíos agus atá faoi eire, samplaí de dhrochchaighdeáin chóiríochta agus easpa tiarnaí talún gairmiúla institiúideacha nó tiarnaí talún eile a bhfuil pleananna infheistíochta fadtéarmacha acu, tá siad sin go léir ina gconstaicí maidir le hearnáil cíosa láidir agus nua-aimseartha a chruthú a chuirfidh fíor-rogha ar fáil do dhaoine aonair agus do theaghlaigh, agus a thacóidh le fás eacnamaíoch.
Straitéis Cíosa
Tá an Rialtas tiomanta do straitéis fhíor, bhríoch a fhorbairt don earnáil cíosa a chuirfidh ar a cumas hacmhainn iomlán a fhorbairt. Cuirfear bailchríoch ar an straitéis roimh Ráithe 4 2016 ina léireofar an bealach chun cinn, agus ina gcuirfidh fís ar fáil faoin ról atá uainn don earnáil agus a bhfuilimid ag súil leis ón earnáil sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus sa bhfadtéarma. Ionchorprófar ann bearta atá á bhforbairt cheana féin, lena n-áirítear an Scéim nua um Chosaint Taiscí. Beidh raon beart uaillmhianach ann a gcuirfidh an Rialtas i bhfeidhm i gcomhpháirtíocht leis an RTB, agus le páirtithe leasmhara agus gníomhaireachtaí eile sa réimse tithíochta. Straitéis a bheidh ann a fhorbrófar le tacú le riachtanais tionóntaí agus tiarnaí talún araon.
Tógfar an straitéis ar bhunús na gceithre réimse thábhachtacha seo a leanas: slándáil, caighdeáin, soláthar agus seirbhísí. Seo cuid de na bearta sonracha a dhéanfar a mheas faoi na ceannteidil sin:
Slándáil
An ról a d‟fhéadfadh a bheith ag bealaí nua maidir le ceapadh agus athbhreithniú cíosanna, cosúil le roinnt de na socruithe atá i bhfeidhm in ilchríoch na hEorpa, a léiríonn cíosanna margaidh áitiúla agus atá bunaithe ar ar bhonn eolais cuimsitheach atá cothrom le dáta faoin margadh;
Bearta reachtacha chun tionóntaí a chosaint a bhfuil tionchar ag riaráistí tiarnaí talún orthu (maoin a cheannaíodh lena ligean ar cíos agus atá faoi eire); agus
An scóip atá ann chun léasanna gan téarma a chur in áit tionóntachtaí ceithre bliana Chuid 4. B'fhéidir go gcuirfear dreasachtaí ar fáil do thiarnaí talún chun a gcearta a tharscaoileadh maidir le deireadh a chur le tionóntacht má dhíoltar an mhaoin.
Soláthar
Tionachtaí measctha a chur ar fáil - lena n-áirítear cíos margaidh - ag údaráis áitiúla agus CTCanna ag baint úsáide as maoiniú na Gníomhaireachta Airgeadais Tithíochta nó maoiniú eile;
Samhail tógála lena ligean ar cíos a bheadh sé de sprioc aici 25,000 aonad a sholáthar in aghaidh na bliana; agus
Clár cíosanna ar phraghas réasúnta (féach thíos).
71
Caighdeáin
Cur i bhfeidhm caighdeán nua i ndiaidh phróiseas athbhreithnithe 2016 atá ar siúil faoi láthair; agus
Gluaiseacht i dtreo caighdeáin cháilíochta a chur i bhfeidhm i gcóiríocht ar cíos ar bhonn réigiúnach.
Seirbhísí
Feidhm an RTB mar rialtóir a leasú, chun seirbhísí a fheabhsú do thionóntaí agus do thiarnaí talún, agus díriú go speisialta ar:
o frámaí ama níos giorra chun díospóidí a réiteach;
o próiseas cuíchóirithe chun éifeachta maidir le tionóntaí a chur amach (mar shampla, i gcásanna tromchúiseacha riaráistí);
o díriú níos mó ar dhíospóidí a réiteach ar bhealaí neamhsháraíochta agus iad a chosc trí oideachas, feasacht agus tacaíocht;
o feasacht níos mó ag tionóntaí agus ag tiarnaí talún faoina gcearta agus a bhfreagrachtaí; agus
o leagan amach nua a chur struchtúr táillí an RTB mar fhreagra ar threochtaí san earnáil chíosa agus chur ar chumas an RTB pleanáil i gceart a dhéanamh maidir le soláthar raon seirbhísí níos leithne.
Gníomhartha Luatha Reachtaíochta
Tabharfar isteach forálacha reachtúla nua sa bhFómhar trína rialófar foirceannadh tionóntachtaí chun go bhféadfar iad a achtú go luath. Áireofar leo bearta lena chinntiú nach dtarlódh cásanna sa todhchaí faoi mar a tharla nuair seirbheáladh fógraí foirceanta ag an am céanna ar líon mór áitritheoirí i bhforbairt amháin. Bíodh is nach bhfuil sé i gceist laghdú a dhéanamh ar cheart tiarnaí talún a gcuid maoine a dhíol (faoi réir na gceanglas atá leagtha amach faoi láthair san Acht), tá sé beartaithe sa chás go dtograíonn tiarna talún 20 aonad nó níos mó i bhforbairt amháin a dhíol, go mbeadh an díol sin faoi réir an choinníll go bhfágfaí na tionóntaí atá ann cheana féin in situ, ach amháin in imthosca eisceachtúla. Cuirfear bearta luatha eile i bhfeidhm chun feabhas a chur ar chumhachtaí forfheidhmithe agus réiteach díospóidí an RTB. Go sonrach, tá sé beartaithe na hAchtanna um Thionóntachtaí Cónaithe a leasú chun go bhféadfar díospóidí a réiteach níos tapúla (tríd an tréimhse ama chun achomhairc a dhéanamh a laghdú), athstruchtúrú a dhéanamh ar an bpróiseas riaracháin agus foráil a dhéanamh do bhinsí aon duine le haghaidh cásanna de chatagóirí áirithe. Déanfaimid scrúdú freisin ar an tsamhail maidir le hacmhainní a sholáthar do bhearta forghníomhaithe taobh istigh den RTB le gur féidir níos mó cásanna forfheidhmithe a ghlacadh amach anseo.
Caighdeáin i gCóiríocht ar Cíos
Tá na caighdeáin íosta maidir le cóiríocht ar cíos forordaithe sna Rialacháin Tithíochta (Caighdeáin do Thithe ar Cíos) 2008, arna leasú, arna dhéanamh faoi alt 18 den Acht Tithíochta (Forálacha Ilghnéitheacha) 1992. Sonraítear sna rialacháin sin ceanglais maidir le raon ábhar, ar nós, deisiú struchtúrach, áiseanna sláintíochta, téamh, aerú, solas nádúrtha, chomh maith le sábháilteacht an tsoláthair gáis agus leictreachais. Tá oibleagáid dhlíthiúil ar thiarnaí talún a chinntiú go gcomhlíonann a maoine ar cíos na Rialacháin sin.
Is ar an údarás áitiúil ábhartha atá an fhreagracht as forfheidhmiú na Rialachán faoi láthair, le tacaíocht ón DHPCLG trí shruth tiomanta maoinithe (a fhaightear ó chuid de na fáltais ó tháillí cláraithe tionóntachtaí a bhailíonn an RTB).
Lena chinntiú go léiríonn na caighdeáin na riachtanais a bhaineann le margadh cíosa nua-aimseartha, cuireadh tús le hathbhreithniú ar Rialacháin na dTithe (Caighdeáin do Thithe ar Cíos) 2008, arna leasú, agus tá próiseas comhairliúcháin le páirtithe leasmhara ar siúl faoi láthair. Cuirfear bailchríoch ar an athbhreithniú i bhFómhar na bliana 2016.
72
Ról an Bhoird um Thionóntachtaí Cónaithe
Tuiscint níos fearr ar chearta an tionónta agus an tiarna talún
Tá tuairim is 324,000 tionóntacht cláraithe faoi láthair ag an RTB. Sa taighde a rinneadh thar ceann an Bhoird in 2014 fuarthas amach nach raibh aon rud ar eolas ag go leor tionóntaí faoin RTB ná faoina gcearta mar thionóntaí. Rinneadh athruithe suntasacha ó shin i leith ar na hAchtanna um Thionóntachtaí Cónaithe, arb iad sin an reachtaíocht atá mar bhonn ag cearta agus freagrachtaí tionóntaí agus tiarnaí talún. Cuireadh ceanglais nua i bhfeidhm a chiallaíonn nach féidir cíosanna a athbhreithniú ach uair amháin gach 24 mhí, nach mór do thiarna talún fógra 90 lá a thabhairt faoi chíos nua agus nach mór dó nó di cíosanna fógartha inchomparáide sa cheantar a thaispeáint freisin. Sa chaoi chéanna, tá ceanglais nua ar thiarnaí talún atá ag iarraidh deireadh a chur le tionóntacht agus éilítear cruthúnas níos mó faoi na cúiseanna atá le foirceannadh na tionóntachta, agus tréimhsí fógra níos faide faoi fhoirceannadh tionóntachtaí.
Tá sé tábhachtach, mar sin, nach ndíríonn an RTB ar thionóntachtaí a chlárú agus seirbhísí réitithe díospóidí amháin, ach ar fhaisnéis a chur ar fáil maidir le cearta agus freagrachtaí tionóntaí agus tiarnaí talún araon. Má chuirtear feachtas ar siúl chun feasacht a fheabhsú fúthu siúd ba cheart nach amháin go gcumasódh sé na tionóntaí, ach d‟fhéadfadh sé cabhrú freisin tiarnaí talún atá ann faoi láthair a choinneáil sa mhargadh mar aon le tacaíocht a thabhairt d‟infheistíocht sa todhchaí. Chun é sin a chur ar fáil, bunóimid ionad ilfhreastail san RTB le haghaidh faisnéis inrochtana agus comhairle maidir leis an earnáil cíosa.
Tuiscint ar an margadh cíosa
Tá áit faoi leith ag an RTB freisin chun sonraí agus fianaise a chur ar fáil faoina bhfuil ag tarlú san earnáil chíosa. Mar gheall ar an bhfás atá tagtha ar an earnáil in Éirinn le blianta beaga anuas, an luaineacht atá sa mhargadh tithíochta, cíosanna atá ag ardú agus an timpeallacht rialála atá ag athrú, tá sé ríthábhachtach go gcuirfear fianaise iontaofa ar fáil mar bhunús le haghaidh díospóireacht phoiblí faoin earnáil cíosa. Tá ceisteanna á gcur an bhfuil próifíl na tionóntaí agus na dtiarnaí talún ag athrú, an bhfuil an margadh cíosa ag crapadh nó a leanúint ar aghaidh ag fás, agus cad é an gaol idir cíosanna agus inacmhainneacht? Dá bhrí sin, tá sé i gceist an ról atá ag an RTB a leathnú maidir le monatóireacht a dhéanamh ar an earnáil cíosa agus sonraí a chur ar fáil fúithi. Áireofar leis sin go sonrach an Innéacs Ráithiúil Cíosanna a nascadh le hInnéacs Inacmhainneachta ionas gur féidir monatóireacht a dhéanamh ar inacmhainneacht san earnáil, mar aon le suirbhéanna bliantúla ar thionóntaí agus ar thiarnaí talún a thabhairt isteach chun tuiscint níos fearr a sholáthar faoi phróifíl na hearnála, athruithe maidir le soláthar agus tionchar an bheartais nua.
Spreagadh a thabhairt don earnáil a thógann lena ligean ar cíos
Mar a luadh cheana, tá áit chónaithe ar cíos ag teaghlach amháin as gach cúig theaghlach in Éirinn anois. Is earnáil í atá ag fás, go háirithe i gceantair uirbeacha. Ní rabhthas ag smaoineamh ar riachtanais lucht cíosa fhadtéarmaigh nuair tógadh an soláthar tithíochta atá againn faoi láthair. Treocht atá ag fás i dtíortha eile is ea áiteanna cónaithe a thógáil go sonrach don mhargadh cíosa. Bíonn scála níos mó i gceist le tógáil lena ligean ar cíos, bíonn áiseanna le fáil ar an láthair, agus bíonn siad dírithe ar úinéirí institiúideacha seachas ar thiarnaí talún ar leith ar mhian leo áiteanna a cheannach lena ligean ar cíos.
Nuair a dheartar forbairtí den sórt sin bítear ag smaoineamh ar na háititheoirí - d‟fhéadfaí braisle seomraí codlata meánmhéide a bheith tógtha timpeall ar spás comhroinnte lárnach, nó d‟fhéadfaí áiseanna mar ionaid ghleacaíochta, naíolanna agus áiseanna siamsaíochta roinnte a chur ar fáil. Tabharfaidh an scéim phíolótach um Chíosanna Inacmhainne atá á forbairt faoi láthair (féach thíos) spreagadh d‟fhorbairt aonad cónaithe go sonrach lena ligean ar cíos. Ní amháin go soláthróidh an meán tithíochta a bhfuil sé beartaithe ag an GBCN a fhorbairt (féach Colún 2) foinse nua tithíochta lena ligean ar cíos sóisialta, ach cuirfidh sé le soláthar maoine níos leithne a thógfar lena ligean ar cíos. Déanfaidh an Ghníomhaireacht Tithíochta, i gcomhar leis an RTB agus páirtithe leasmhara eile monatóireacht ar chur i bhfeidhm na gcineálacha cur chuige nua chun tógáil lena ligean ar cíos a spreagadh chun aon bhearta tacaíochta atá riachtanach a aithint chun tógáil ar scála níos mó lena ligean ar cíos a chinntiú. Mar chuid de seo, iarrfar ar an RTB taighde a choimisiúnú ar na bealaí ina bhféadfar infheistíocht institiúideach a spreagadh tuilleadh maidir leis an earnáil cíosa in Éirinn.
73
Tugann na treoirlínte pleanála reachtúla athbhreithnithe agus nuashonraithe ar chaighdeáin árasán, a foilsíodh de bhun bearta an Rialtais maidir le tithíocht i Samhain 2015 “Cíosanna a Chobhsú - Soláthar a Mhéadú” tacaíocht don chóras tógála lena ligean ar cíos. Ní mór do na húdaráis áitiúla gnéithe áirithe de na treoirlínte sin a chur i bhfeidhm faoin Acht um Pleanáil agus Forbairt (Leasú) 2015.
Lena chois sin, tugadh aghaidh sna treoirlínte nuashonraithe ar ábhair nár clúdaíodh cheana, lena n-áirítear cion na n-árasán dédheisiúr agus líon na n-árasán in aghaidh an urláir in aghaidh croí an ardaitheora. Meastar go ndearna siad sin laghdú €20,000 ar an meán ar chostais tógála an aonaid, bíodh is go raibh cóir chomhsheasmhach iontu maidir le hachar urláir, áiteanna stórála agus soláthar conláiste le tacú le hardchaighdeán maireachtála in árasáin.
Meastar go bhfuil sé d‟acmhainn ag Iontaobhais Infheistithe i Réadmhaoin (REITS) agus ag infheisteoirí institiúideacha eile a raibh rath orthu airgeadas forbartha a fháil agus infheistiú a dhéanamh in earnáil na n-oifigí tráchtála, tús a chur le hinfheistíocht shuntasach i dtionscadail tógála lena ligean ar cíos, ag cur san áireamh na bearta atá déanta go dtí seo maidir le beartais faoi árasáin agus tionchar carnach agus níos leithne na mbeart faoi Phlean Gníomhaíochta agus tionscnaimh ghaolmhara an Rialtais.
Cíos Inacmhainne
Tá costas cóiríochta tar éis éirí i bhfad níos costasaí do theaghlaigh agus do dhaoine aonair de bharr méadú cíosanna. Tá sé seo fíor go háirithe i gcás daoine atá ar ioncam íseal nó ar ioncam measartha agus nach bhfuil incháilithe le haghaidh tithíocht shóisialta, ach a bhfuil gá acu le tacaíocht ar leibhéal éigin chun íoc as a gcostais tithíochta. In a lán cásanna, tá daoine sa ghrúpa seo fostaithe i gcodanna tábhachtacha den gheilleagar (m.sh. mar ghairmithe óga) atá ríthábhachtach maidir le fás leanúnach agus téarnamh na hÉireann.
Chun roinnt faoisimh atá ag teastáil go géar a thabhairt don ghrúpa sin agus chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanas géar atá ann ó thaobh áiteanna ar cíos, go háirithe i gceantair uirbeacha, tabharfaimid isteach clár maidir le cíosanna ar phraghas réasúnta. Is iad seo a leanas spriocanna an chláir:
Cóiríocht chónaithe fhadtéarmach ar phraghas réasúnta a sholáthar do líonta tí oibrithe tábhachtacha ar ioncam íseal nó ar ioncam measartha i gceantair uirbeacha ina bhfuil éileamh ard iontu, i gcomhthéacs tionóntachtaí measctha, chun cobhsaíocht a chur chun cinn, agus freisin chun brú ar liostaí tithíochta sóisialta a laghdú;
Dreasacht eacnamaíoch a sholáthar chun go mbeidh sé níos éasca do thiarnaí talún gairmiúla, mórscála, fadtéarmacha tuilleadh soláthair a dhéanamh sa mhargadh tithíochta ar cíos; agus
A chinntiú go ndéanfar coigeartú leordhóthanach ar thacaíochtaí tithíochta chun freagra comhréireach a thabhairt ar an réimse leathan de riachtanais éagsúla maidir le tacaíocht cóiríochta.
Cuirfear bailchríoch ar Scéim Cíosanna ar Phraghas Réasúnta chun cur le cumas na hearnála príobháidí cíosa cóiríocht ardchaighdeáin ar phraghas réasúnta a sholáthar do theaghlaigh atá ag caitheamh méid díréireach dá gcuid ioncaim indiúscartha ar cíos faoi láthair. Tá mórchuid oibre déanta ar an Scéim cheana féin agus cuirfear bailchríoch uirthi roimh dheireadh Ráithe 3 2016, lena thairiscint do sholáthraithe féideartha tithíochta ina dhiaidh sin. Má chuireann an Rialtas bailchríoch ar an Scéim agus má ghlacann lucht an mhargaidh leis ina dhiaidh sin, cinnteoidh tiomantas an Rialtas chun €10 milliún a sholáthar mar mhaoiniú bliantúil go gcruthófar 2,000 maoin ar cíos a laghad i réimse tionscadal roimh 2018.
Cóiríocht do Mhic Léinn
Táthar á thuar go dtiocfaidh fás de thart ar 20,000 (nó 15%) ar líon na mac léinn tríú leibhéal in Éirinn roimh 2024 is go mbeidh 193,000 acu ann. Ba é an meastachán a tugadh sa „Tuarascáil ar Chóiríocht do Mhic Léinn 2015: Éileamh & Soláthar’ a d‟eisigh an tÚdarás um Ard-Oideachas go bhfuil ganntanas ó thaobh spás leapa a sholáthar do 25,000 mac léinn ar fud na tíre.
74
Nuair a chuirtear an dá staitistic le chéile leagtar béim ar an tábhacht a bhaineann le cóiríocht dea-dheartha agus dea-shuite a sholáthar do mhic léinn chun go seachnófar brúnna breise san earnáil phríobháideach cíosa. Táthar ag obair ar thionscadail nua cóiríochta do mhic léinn, lena n-áirítear thart ar 300 áit nua ar an gcampas in Ollscoil Mhá Nuad agus 350 áit sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Tá sé Institiúid Ardoideachais eile (IAOnna) ag iarraidh cead pleanála chun 3,000 spás leapa breise a sholáthar faoi 2020.
Mar sin féin, tá níos mó cóiríochta do mhic léinn ag teastáil agus, dá bharr sin, tá tiomantas sa Phlean Gníomhaíochta seo go bhforbróidh an Roinn Oideachais agus Scileanna i gcomhar le DHPCLG agus le páirtithe leasmhara eile, lena n-áirítear an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe (RCPA) agus an Roinn Airgeadais straitéis náisiúnta cóiríochta do mhic léinn sa bhliain 2017. Cuirfidh sé sin creat leathan ar fáil maidir le leibhéal feabhsaithe cóiríochta a sholáthar a mbeidh tionchar aige ar straitéisí tithíochta na n-údarás áitiúil agus ar phróisis bhainistíochta talún i gcoitinne, d'fhonn suíomhanna ar phraghas réasúnta a sholáthar in ionaid oiriúnacha.
Thairis sin, tá roinnt gníomhaíochtaí leagtha amach sa Phlean Gníomhaíochta seo atá ceaptha chun na costais a bhaineann le maoiniú tionscadal den sórt sin a laghdú agus chun feabhas a chur ar an mbealach ina gcuirtear iad in ord tosaíochta agus ina ndéantar iad a mheas sa phróiseas pleanála.
Idir an dá linn, cuirfear bearta chun cinn, i gcomhar le haontas na mac léinn, chun feabhas a chur ar an bpróiseas maidir le méadú gearrthéarmach sa soláthar cóiríochta ar cíos do mhic léinn a aithint agus maoiniú a sholáthar dó sna háiteanna is mó brú.
Maoiniú a fháil
Aithníodh i dTuarascáil an Údaráis um Ardoideachas (ÚAO) 2015 gurb é maoiniú a fháil ar phraghas réasúnta an príomhriachtanas maidir leis an soláthar tithíochta do mhic léinn a fheabhsú. Is féidir leis an nGníomhaireacht Airgeadais do Thithe mhaoiniú ar chostas íseal a fháil ó na CTCanna agus ó údaráis áitiúla le haghaidh soláthar tithíochta. Nuair a bheimid ag obair leis an Roinn Oideachais agus Scileanna agus le hearnáil na nInstitiúidí Ardoideachais (IAOanna), cinnteoimid go mbeidh na IAOanna in ann maoiniú a fháil ón nGníomhaireacht Airgeadais Tithíochta (GAT) trí bheith ag obair leo chun leas a bhaint as an acmhainn maidir le struchtúir tiomnaithe soláthair ar nós CTCanna. Le himeacht ama, smaoineofar ar leasú na nAchtanna um Ghníomhaireacht Airgeadais do Thithe le cur ar a cumas go follasach airgead a thabhairt ar iasacht do IAOanna agus institiúidí tríú leibhéal eile le haghaidh cóiríocht do mhic léinn.
Tá infheistíocht shuntasach déanta ag Ciste Infheistíochta Straitéisí na hÉireann trí €54 milliún a infheistiú i gcóiríocht do mhic léinn in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus d‟fhéadfaí tuilleadh a dhéanamh sa réimse sin.
Lena chois sin, forbrófar creat iasachtaíochta freisin d‟earnáil na nInstitiúidí Teicneolaíochta chun go mbeidh siad in ann páirt a ghlacadh i dtionscadail chun breis cóiríochta do mhic léinn. Bainfear leas as modhanna maoinithe nuálacha, mar an tsamhail mhaoinithe atá á hullmhú faoi láthair ag Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath le haghaidh tithíocht mac léinn ag Gráinseach Ghormáin. Tá sé sin beartaithe lena chinntiú go gcoinneofar an tionscadal amach ón gclár comhardaithe.
Simpliú a dhéanamh ar phleanáil le haghaidh cóiríocht do mhic léinn
Beifear in ann leas a bhaint as an bpróiseas iarratais brostaithe nua díreach chuig an mBord Pleanála (féach Colún 3) i gcás ionad cóiríochta do mhic léinn ina mbeidh 100 aonad nó níos mó. Gearrfaidh sé sin an t-am próiseála go mór agus feabhsóidh sé cinnteacht. Ina theannta sin, dá n-úsáidfí an próiseas pleanála "Cuid 8" de chuid na n-údarás áitiúil d‟fhéadfaí éascú a dhéanamh ar fhorbairt cóiríochta do mhic léinn ar thailte údarás áitiúil, cibé acu mar fhorbairt aonair nó mar chuid de thionscadal tithíochta tionachtaí measctha.
Lena chois sin, tá sé d‟acmhainn ag na tionscnaimh níos leithne sa Phlean Gníomhaíochta seo maidir le soláthar agus bainistiú talún (féach Colún 3) chun rochtain a fháil ar láithreáin forbartha féideartha ar bhealach níos eeacnamaíche. Eiseofar treoir nua faoi bheartas pleanála chuig údaráis áitiúla agus an Bord Pleanála maidir le húsáid ionad cóiríochta do mhic léinn lasmuigh den bhliain acadúil, mar d‟fhéadfaí ioncam a fháil dá n-úsáidfí iad sna dtréimhsí sin, rud a chuideodh le hinmharthanacht foriomlán na dtionscadal sin.
75
76
77
Colún 5: Tithíocht Reatha a Úsáid
Príomhchuspóir: A Cinntiú go mbainfear an úsáid is mó is féidir as an soláthar tithíochta atá ann- díriú ar bhearta chun úsáid a bhaint as foirgnimh fholmha chun limistéir uirbeacha agus tuaithe a athnuachan
Príomhbhearta:
Bainistiú níos fearr a dhéanamh ar thithíocht shóisialta trí aonaid fholmha a athligean
go tapa agus Ligean Bunaithe ar Rogha a thabhairt isteach
Athbhreithniú a dhéanamh ar an Scéim Cheannaigh (Incrimintigh) ag Tionóntaí
Go gceannódh an Ghníomhaireacht Tithíochta tithe folmha atá ina seilbh ag bainc
agus institiúidí airgeadais
Tionscnamh um Dheisiú agus Léasú Tithe Folmha
Deireadh a chur le bacainní rialála maidir le maoine folmha a athúsáid
Athghiniúint uirbeach, lena n-áirítear Tionscnamh na Cathrach Beo
Tionscnaimh Athnuachana Sráidbhailte agus na Tuaithe
Leanúint ar aghaidh leis an obair chun eastáit neamhchríochnaithe a réiteach
Bealach éifeachtach chun freastal ar riachtanais tithíochta is ea an áitíocht is fearr a bhaint amach sa soláthar tithíochta atá ann, cibé acu tithíocht shóisialta nó príobháideach atá i gceist.
Maidir leis an soláthar tithíochta sóisialta, tá moltaí sa Phlean Gníomhaíochta seo maidir le laghdú an méid ama idir tionóntachtaí ar bhunús an dul chun cinn a baineadh amach faoin Straitéis Tithíochta Sóisialta atá ann cheana féin, inar infheistíodh €60 milliún chun leas a bhaint arís as níos mó ná 5,000 teach sóisialta folamh.
Maidir le ceist níos leithne na dtithe folmha i gcoitinne, léiríonn réamhthorthaí Dhaonáireamh na bliana 2016 go bhfuil go díreach faoi bhun 200,000 áitreabh ar fud na tíre, gan tithe saoire agus tithe tréigthe a chur san áireamh, a taifeadadh a bheith folamh. Ba laghdú 13.8% é sin ar an bhfigiúr i nDaonáireamh na bliana 2011 nuair a bhí díreach os cionn 230,000 áit chónaithe den sórt sin ann. Taispeánann torthaí na bliana 2016 éagsúlachtaí suntasacha freisin sna leibhéil folúntais, ó 4% i gComhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas go 30% i Liatroim, agus taifeadadh rátaí folúntais 9% agus 8%, faoi seach i gComhairlí Cathrach Bhaile Átha Cliath agus Chorcaí.
In ainneoin na laghduithe maidir le tithíocht fholamh ó 2011, laghduithe a gcuirimid fáilte rompu, foinse an-tábhachtach cóiríochta iad maoine folmha. Is iondúil go mbíonn na háiteanna sin nasctha leis an mbonneagar atá ann agus nuair a dhéantar na tithe is na hárasáin fholmha sin a athúsáid cuirtear beatha nua ar ais sna sráideanna agus sna ceantair chónaithe agus tuaithe a bhfuil siad ina ndlúthchuid díobh. Mar shampla, dá mbainfí leas arís as 20,000 teach folamh b‟ionann é sin beagnach agus soláthar bliana de thithe nua.
Beart uileghabhálach faoin gColún seo mar sin is ea straitéis tithíochta náisiúnta foriomlán a fhorbairt faoi athúsáid tithíochta atá folamh, ag baint úsáide as torthaí mionsonraithe Dhaonáireamh 2016. Beidh sonraí atá cothrom le dáta ríthábhachtach lena léiriú go cruinn:
Cá bhfuil na tithe folmha suite;
Cé leis iad - daoine príobháideacha, bainc, infheisteoirí nó eile;
Cén chaoi a n-oireann na háiteanna ina bhfuil siad do na riachtanais atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo; agus
Cad iad na bearta sin a mbeadh an tionchar is mó acu chun na tithe folmha a úsáid arís.
Ag an am céanna is atá bearta eile á ndéanamh faoin bPlean seo chun leas a bhaint arís as tithe folmha, cuirfear tús le hobair chun straitéis náisiúnta faoi athúsáid tithíochta foilmhe a fhorbairt. Tabharfar é sin chun críche faoi lár na bliana 2017 chun tacaíocht a thabhairt d‟fheachtas leanúnach náisiúnta chun an leas is mó is féidir a bhaint as an soláthar tithíochta atá ann.
78
Soláthar Tithíochta Sóisialta
An soláthar tithíochta sóisialta a bhainistiú níos fearr
Tá an soláthar tithíochta sóisialta náisiúnta ina bhfuil 153,000 aonad faoi úinéireacht na n-údarás áitiúil agus na gcomhlachtaí tithíochta ceadaithe ina chuid thábhachtach de bhonneagar foriomlán tithíochta na hÉireann. Tá sé ríthábhachtach go ndéanfar bainistiú leanúnach agus cothabháil ar an soláthar mór seo agus go dtugtar an infheistíocht spriocdhírithe dó atá riachtanach dó.
Tá an t-airgead a fhaightear ó chíosanna ina fhoinse thábhachtach chun an soláthar tithíochta sóisialta a chothabháil. Ag teacht leis an tiomantas sa Chlár do Rialtas Comhpháirtíochta, déanfaimid athbhreithniú ar na córais dhíchosúla maidir le cíosanna difreálacha do thithíocht shóisialta sna húdaráis áitiúla lena chinntiú go bhfuil na tacaíochtaí tithíochta, lena n-áirítear Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta (ÍCT), cothrom agus inbhuanaithe, agus go dtugtar tús áite dóibh siúd atá ar ioncam íseal agus go seachnaítear cruthú gaistí leasa shóisialaigh a d'fhéadfadh daoine a chosc ó fhilleadh ar an obair nó chuig an margadh tithíochta príobháidí.
Maidir le bainistiú an tsoláthair is féidir a bheith ag súil le leibhéal folúntas sa soláthar tithíochta sóisialta, mar beidh cuid de na haonaid folamh le haghaidh obair chothabhála nó dheisiúcháin idir tionóntachtaí. Féadfaidh fad na bhfolúntas a bheith ag brath ar aois agus staid na dtithe nuair a fhágtar iad, ar éifeachtúlacht an deisiúcháin agus cé chomh tapa agus is féidir tionóntaí nua a fháil. Tá leibhéal áirithe folúntais riachtanach freisin lena chinntiú go mbeidh áiteanna cónaithe ar fáil chun freagra tapa a thabhairt ar riachtanas práinneach.
Ceist an-tábhachtach iad na hamanna maidir le hathligean tithe. Tá difríochtaí suntasacha le sonrú idir údaráis áitiúla maidir leis an am a thógann sé chun tithíocht shóisialta a athligean agus bail mhaith uirthi; Bíonn tionchar ar sin ag difríochtaí sna rátaí diúltaithe do thairiscintí tithíochta ag daoine atá ag súil le bheith ina dtionóntaí i dtithíocht shóisialta. Ós rud é go leagtar béim sna staitisticí a fhoilsítear ar amanna athligthe seachas ar amanna athchóirithe, tugtar léiriú sceabhach ar an am a bhíonn aonaid tithíochta sóisialta folamh.
Nuair a fhágtar teach sóisialta agus nuair a dhéantar é a athchóiriú níor cheart é a fhágáil folamh ar feadh tréimhse fhada. Má dhéantar an próiseas tairiscintí a bhainistiú níos fearr agus má ghluaistear i dtreo úsáid níos mó a bhaint as "ligean bunaithe ar rogha", faoi mar a rinne Comhairle Contae Átha Cliath Theas agus Comhairle Cathrach Chorcaí is féidir an-difríocht a dhéanamh maidir le hoptamú rátaí áitíochta.
Chomh maith le leas a bhaint as tacaíocht an Státchiste chun dul i ngleic le haonaid fholmha, úsáideann a lán údarás áitiúil a n-acmhainní féin chun aonaid fholmha eile a athúsáid. Dá thoradh sin bíonn na leibhéil folúntais i go leor údarás áitiúil chomh híseal anois le 1% nó 2%. Mar sin féin, níl sé inghlactha go mbeadh aon mhoill ann, nó go deimhin an chosúlacht go bhfuil moilleanna ann, maidir le hathchóiriú agus athligean tithe sóisialta ar cíos nuair atá an-ghanntanas tithíochta ann.
Tá an-dul chun cinn déanta ó thaobh aghaidh a thabhairt ar riaráiste na tithíochta sóisialta atá folamh nó a bhfuil na fuinneoga dúnta le cláir. Cuireadh thart ar €60 milliún de mhaoiniú an Státchiste ar fáil d'údaráis áitiúla idir 2014 agus 2015 a thacaigh leo leas tairbheach a bhaint as 5,000 aonad. Tá an tacaíocht sin á cur ar fáil fós in 2016.
Dá réir sin, príomhbheart faoin bPlean seo atá ar aon dul leis na cleachtais bhainistíochta is fearr um bainistiú sócmhainní, is ea aonaid tithíochta folmha sóisialta a athchóiriú agus, nuair is féidir, iad a athligean chomh tapa agus is féidir, trí:
Glacadh le caighdeán feidhmíochta náisiúnta maidir le hathligean sna húdaráis áitiúla go léir;
Cur chuige coisctheach cothabhála maidir le bainistiú an tsoláthair tithíochta;
Béim níos mó ar ról agus ar fhreagrachtaí tionóntaí; agus
Modhanna maoinithe, atá ceaptha chun sealanna folmha gearra, caighdeáin chomhsheasmhacha agus cur chuige réamhghníomhach a spreagadh.
79
Toisc eile ar féidir léi moill a chur ar athligean láithreach is ea an chaoi a dtugann seilbh ghlan an deis don údarás áitiúil chun teach sóisialta a athchóiriú ar ardchaighdeán. Mar shampla, is é an gnáthchleachtas atá ann teach sóisialta folamh a iarfheistiú le hinsliú chun éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú.
Cuireadh tús in 2013 le mórchlár iarfheistithe inslithe ar thithíocht shóisialta a bhí ann. Go dtí seo caitheadh €85 milliún chun níos mó ná 46,000 teach de chuid na n-údarás áitiúil a iarfheistiú, ag baint tairbhe as comhchistiú ón AE. Bhí Céim 1 den scéim dírithe ar dtús ar insliú cuasbhallaí nach gcuirfead isteach chomh mór ar dhaoine, agus ar insliú áiléar, agus tá Céim 2 dírithe ar oibreacha feabhsaithe fabraice na dtithe atá fágtha agus a bhfuil a mballaí déanta de bhloic sholadacha nó de chuasbloic.
Mar gheall ar an chaoi ar léiríodh dea-thionchar an chláir ar chaighdeán maireachtála, ar an chaoi a ndeachaigh sé i ngleic le bochtaineacht breosla agus an méid suntasach a dhéanann sé maidir le baint amach spriocanna laghdaithe astuithe charbóin na hÉireann, déanfar an clár luachmhar seo a chur ar aghaidh agus a leathnú le linn chur i bhfeidhm an Phlean Gníomhaíochta seo.
Ligean bunaithe ar rogha
Bealach is ea Ligean bunaithe ar rogha a éascaítear trí Rialacháin Thithíocht Shóisialta (Leithdháileadh) 2011, ar féidir a úsáid chun tithíocht shóisialta a leithdháileadh ar bhealach a chuireann níos mó roghanna agus rannpháirtíochta ar fáil do theaghlaigh iarratasóra maidir le roghnú tí nua, agus sa tslí sin laghdaíonn an dóchúlacht go ndiúltófar do thairiscint. Cabhraíonn an cur chuige freisin le cruthú tionóntachtaí inbhuanaithe agus cabhraíonn sé chun pobail shocraithe agus cobhsaí a thógáil. Tá foráil déanta ag an chuid is mó de na húdaráis áitiúla cheana féin an córas sin a úsáid ina scéimeanna leithdháilte, ach níl sé curtha i bhfeidhm ag go leor acu go dtí seo. Tá rátaí diúltaithe chomh híseal le 5% ag na húdaráis áitiúla a chuir an córas i bhfeidhm (mar a tharla i gComhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas), i gcomparáid le 40% nó níos airde i gcás na n-údarás áitiúil eile.
Cuireadh tús le ligean bunaithe ar roghnú i gComhairle Cathrach Chorcaí i mí na Samhna 2015, mar sheirbhís ar-líne trínar féidir le hiarratasóirí ar thacaíocht tithíochta sóisialta spéis a léiriú i maoine fógartha ar bhonn seachtainiúil de chuid na Comhairle. Ghlac an Chomhairle páirt in dhá bhabhta comhfhreagrais le daoine ar an liosta tithíochta agus ar bhunús na bhfreagraí a fuarthas, tharla titim iomlán 25% ar líon na ndaoine ar an liosta.
Mar gheall ar na dea-thorthaí i mBaile Átha Cliath Theas agus i gCorcaigh déanfaimid iarracht córas bunaithe ar rogha nó córas coibhéiseach maidir le leithdháileadh a bheidh curtha in oiriúint do na cúinsí ar leith atá acu a thabhairt isteach agus a chur chun feidhme a luaithe agus is féidir i ngach údarás áitiúil.
Athbhreithniú ar Scéim Cheannaigh (Incrimintigh) ag Tionóntaí
Bealach tábhachtach iad scéimeanna ceannaigh do thionóntaí le cabhrú le daoine a bheadh ag streachailt ar shlí eile chun teach a cheannach, a n-uaillmhianta maidir le húinéireacht tí a bhaint amach, agus ag an am céanna tacaíocht a sholáthar chun go mbeidh cónaitheoirí tiomanta go fadtéarmach do cheantar. Tá meicníocht aisghlámtha sa scéim reatha chun daoine a dhíspreagadh ó mhaoine a athdhíol go luath agus brabach a dhéanamh. Sa chaoi sin spreagtar daoine gan ach na tithe a cheannach a bhfuil sé ar intinn acu cónaí iontu.
Tháinig Scéim nua Ceannaigh (Incrimintigh) ag Tionóntaí i bhfeidhm ar an 1 Eanáir 2016. Tá an Scéim oscailte do thionóntaí incháilithe, lena n-áirítear comhthionóntaí tithe údaráis áitiúil atá ar fáil le díol faoin Scéim. Chun a bheith incháilithe, ní mór do thionóntaí critéir áirithe a chomhlíonadh, lena n-áirítear ioncam ináirithe de €15,000 ar a laghad a bheith acu in aghaidh na bliana. Tá cumhachtaí ag na húdaráis áitiúla faoi na rialacháin atá ann faoi láthair chun tithe áirithe a dhíolmhú ón Scéim chun an soláthar tithíochta/an eastáit a bhainistiú i gceart.
Cé go bhfuiltear ag céimeanna luatha de chur i bhfeidhm na scéime, tá an DHPCLG ag déanamh monatóireachta i gcomhar leis na húdaráis áitiúla ar an chaoi a bhfuil ag éirí léi. Ag teacht leis an tiomantas sa Chlár don Rialtas Comhpháirtíochta, chun an Scéim a dhéanamh níos tarraingtí do thionóntaí tithíochta sóisialta agus chun cistí nua le haghaidh forbairt tithíochta a thiomsú, déanfar athbhreithniú ar an Scéim nuair a bheidh sí i bhfeidhm ar feadh 12 mhí (is é sin le rá, i Ráithe 1 2017). Déanfar aon athruithe ar théarmaí agus ar choinníollacha na Scéime a mheastar a bheith riachtanach, ar bhunús na fianaise a bheidh bailithe mar chuid den athbhreithniú, agus déanfar iad a chur i bhfeidhm trí rialacháin.
80
Stoc Tithíochta na hEarnála Príobháidí
Tionscnamh na Gníomhaireachta Tithíochta chun Tithíocht Fholamh a Cheannach
Tá an Ghníomhaireacht Tithíochta ag ceannach maoine faoi láthair ar iontaobhas d'údaráis áitiúla ó bhainc agus infheisteoirí. Is éard atá iontu de ghnáth ná maoine folmha a ceannaíodh lena ligean ar cíos agus a athshealbhaíodh ach atá á ndiúscairt anois ag na bainc nó ag infheisteoirí chun a sócmhainní morgáiste a leachtú.
Níor baineadh leas iomlán as acmhainn a leithéid d‟áiteanna cónaithe folmha chun críocha tithíochta sóisialta; tá an scéal amhlaidh ar an gcéad dul síos toisc go bhfuil go leor institiúidí airgeadais agus infheisteoirí ag iarraidh níos mó punanna maoine den sórt a dhíol ar scála nach mbeadh oiriúnach d‟údarás áitiúil aonair nó do Chomhlacht Tithíochta Ceadaithe agus, sa dara háit, toisc go bhféadann punanna maoine den sórt sin síneadh thar limistéir roinnt údarás áitiúil.
Faoin bPlean Gníomhaíochta, tabharfar maoiniú don Ghníomhaireacht Tithíochta chun punanna oiriúnacha maoine le haghaidh tithíocht shóisialta a fháil go díreach ó institiúidí airgeadais agus ó infheisteoirí. I ngach cás, ní dhíreofar ach ar mhaoine folmha. Tionscnamh gearrthéarmach nó meántéarmach a bheidh ann mar fhreagra ar an nganntanas atá ann faoi láthair agus beidh sé deartha chun comhlánú a dhéanamh ar an obair ceannaigh atá ar siúl ag na húdaráis áitiúla agus ag CTCanna ní le cur ina háit.
Tabharfar rochtain dhíreach don Ghníomhaireacht ar mhaoiniú caipitil chun:
shimpliú a dhéanamh ar na próisis atá ann faoi láthair maidir le ceannach punann;
dlús a chur faoin bpróiseas ceannaigh; agus
infheisteoirí a spreagadh chun soláthar breise a chur ar fáil.
Is dócha go gceannófar thar ar 1,600 áitreabh folamh leis an €70 milliún a bhfuil sé beartaithe a infheistiú, agus déanfar é sin tríd an síolmhaoiniú tosaigh a athúsáid, agus tabharfar maoiniú do na húdaráis áitiúla agus do na CTCanna ar an ngnáthbhealach le haghaidh éadálacha nó léasanna tríd an gclár tithíochta sóisialta.
Nuair a bheidh an Ciste bunaithe agus ag obair go héifeachtach beifear in ann féachaint an féidir maoine eile a cheannach ó fhoinsí eile, mar shampla, tithe nuathógtha atá ullamh lena n-áitiú.
Tionscnamh um Dheisiú agus Léasú Tithe Folmha
Nuair a thabharfar isteach an Tionscnamh Deisithe agus Léasaithe (RLI) mar bhealach lárnach soláthair le haghaidh bearta faoi Cholún 2 cuirfidh sé ar chumas na n-údarás áitiúil, tar éis dóibh áiteanna cónaithe folmha oiriúnacha faoi úinéireacht phríobháideach a aithint ina limistéar feidhme féin, comhshocraíochtaí fadtéarmacha léasa a dhéanamh le húinéirí na maoine. Cruthóidh an RLI bealach nua trína bhféadfaidh údaráis áitiúla deontais roimh ré a thabhairt do thiarnaí talún ionchasacha chun oibreacha réasúnta athchóirithe a dhéanamh chun na háiteanna atá acu a uasghrádú agus na caighdeáin reatha maidir le cóiríocht chíosa a shásamh. Mar chúiteamh, beidh tiarnaí talún den sórt sin in ann socruithe conarthacha a bheidh éifeachtach ó thaobh costais de a dhéanamh faoin gClár Caiteachais Reatha do Thithíocht Shóisialta (SHCEP).
Ar na buntáistí a d'fhéadfadh a bheith ag an tionscnamh seo tá:
Bheadh an soláthar níos tapúla ná tógáil as an nua toisc nach bhfuil aon phróiseas pleanála i gceist;
Laghdófaí Rioscaí forbartha;
Chomhlíonfaí na spriocanna tithíochta ó thaobh cúrsaí inbhuaine, inacmhainne agus cuimsithe;
Bheadh sé tarraingteacht d'úinéirí, toisc go ndéanfaí an mhaoin a athchóiriú agus go mbeadh sí faoi léas fadtéarmach, rud a thabharfadh ioncam cinnte dóibh; agus
Thabharfadh sé spreagadh do thógálaithe níos lú agus do sheirbhísí gairmiúla gaolmhara.
Chun an plean a thástáil cuirfear tionscadal píolótach ar bun i gCathair agus i gComhairle Contae Phort Láirge agus i gComhairle Contae Cheatharlach, agus táthar ag súil é a leathnú
81
ar fud na tíre go luath in 2017. Déanfar an clár seo a chur i bhfeidhm de réir a chéile, de réir mar a ghlacfaidh úinéirí maoine príobháidí leis.
Lena chois sin, déanfar tionscnaimh phíolótacha eile maidir le tithíocht chéim síos speisialtóra do dhaoine aosta a chur chun cinn, ina dtógfar ar bhunús shamplaí mar Scéim Ranníocaíochtaí Airgeadais do Dhaoine Scothaosta de chuid Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. Chuidigh an scéim le daoine scothaosta a raibh a dtithe príobháideacha tar éis éirí rómhór dóibh gluaiseacht chuig tithe níos lú, agus sa chaoi sin bhíothas in ann na háitribh níos mó sin a úsáid mar thithe teaghlaigh.
De bharr an mheascáin seo de chúnamh deontais agus deireadh a chur le bacainní rialála maidir le hathúsáid mhaoine tráchtála foilmhe mar áiteanna cónaithe cruthaítear pacáiste nua atá an-tarraingteach d‟úinéirí mhaoine atá folamh chun go bhféadfaidh siad breathnú as an nua ar an chaoi a bhféadfaí leas tairbheach a bhaint astu mar áiteanna cónaithe.
Bacainní rialála a bhaint maidir le hathúsáid
Bíonn roinnt riachtanas rialála le sásamh ag úinéirí maoine folmha, ar nós iar-oifigí os cionn siopaí ar leibhéal na talún agus aonaid mhiondíola folmha i sráideanna tánaisteacha, más mian leo iad a úsáid mar áiteanna cónaithe. Is féidir cead pleanála, faomhadh maidir le rialú tógála, lena n-áirítear rochtain do dhaoine faoi mhíchumas agus deimhnithe maidir le sábháilteacht dóiteáin a bheith i gceist, agus i gcásanna áirithe, forálacha maidir le struchtúir chosanta.
Is féidir leis na próisis sin go léir baic shuntasacha rialála a chruthú maidir le moltaí chun maoin a athúsáid. Nuair a chuirtear an costas ceannaigh san áireamh, is féidir leis an neamhchinnteacht agus le sraitheanna éagsúla an phróisis riosca ardleibhéil a chruthú agus dá bhrí sin is dídhreasacht iad d‟infheisteoirí glacadh le seanfhoirgnimh agus úsáidí nua a fháil dóibh.
Dá bhrí sin tá tiomantas sa Phlean Gníomhaíochta athbhreithniú a dhéanamh ar an gcreat reachtach pleanála maidir le foirgnimh a athrú agus a athúsáid chun críocha cónaithe, d'fhonn athrú úsáide a cheadú i gcás aonad tráchtála folamh i gceantair uirbeacha, lena n-áirítear áiteanna folmha nó tearcúsáidte in áitribh os cionn urlár na talún, gan dul tríd an bpróiseas pleanála. Ba cheart go gcabhródh sé sin chun leas táirgiúil a bhaint as aonaid fholmha den sórt sin níos luaithe ná mar a d‟fhéadfaí ar shlí eile.
Athghiniúint uirbeach
Mar atá leagtha amach sa Chlár don Rialtas Comhpháirtíochta, tá an Rialtas tiomanta d‟athghiniúint cathracha, bailte agus sráidbhailte, a raibh drochthionchar ar a lán acu ag na deacrachtaí eacnamaíochta a bhí againn le déanaí.
Réimse mór infheistíochta i dtithíocht shóisialta atá ann cheana is ea an clár athghiniúna, trína ndírítear ar phobail sin na tíre is mó atá faoi mhíbhuntáiste; iad siúd ina bhfuil an t-eisiamh sóisialta, an dífhostaíocht agus an t-iompar frithshóisialta is mó le fáil iontu. Tá an DHPCLG ag tabhairt tacaíochta faoi láthair do chláir le haghaidh tionscadail móra athghiniúna atá dírithe ar eastáit tithíochta sóisialta i mBaile Átha Cliath, Corcaigh agus Luimneach, agus do thionscadail níos lú i dTrá Lí, Sligeach agus Dún Dealgan. Tá €50 milliún á infheistiú i dtionscadail athghiniúna in 2016 amháin.
Tá tús áite á thabhairt don Chlár Athghiniúna ó thaobh beartas sóisialta de. Tá soláthar tithíochta sóisialta i gceist leis chomh maith le feabhsú na tithíochta atá ann cheana mar aon le hathnuachan sóisialta, pobail agus eacnamaíoch. I gcomhthéacs na tosaíochta maidir le hathghiniúint uirbeach atá tugtha sa Chlár don Rialtas Comhpháirtíochta, cuirfimid maoiniú méadaithe ar fáil le linn an Phlean Gníomhaíochta do raon beart le dul i ngleic le míbhuntáistí atá fréamhaithe go domhain, agus cur chuige i leith athnuachan uirbeach a fhorbairt a chumasaíonn daoine le bheith ag obair le chéile chun a bpobail a fheabhsú agus bochtaineacht, míbhuntáiste agus éagothroime a laghdú.
Lena chois sin, má ghlactar le dearcadh níos iomláine faoi na sineirgí a d'fhéadfadh a bheith ag baint le hathbheochan agus feabhsú lárionaid cathracha, bailte agus sráidbhailte agus dul i ngleic leis le fadhb an dearóilithe atá ag méadú i gcuid mhaith dár lárionaid uirbeacha, ní mór dúinn bearta a fhorbairt a mbeidh éifeacht chatalaíoch acu maidir le hathnuachan agus athghiniúint agus infheistíocht phríobháideach sna ceantair sin. Mar shampla, d‟fhéadfaí láithreáin thréigthe nó tearcúsáidte a athnuachan trí chomhpháirtíochtaí le forbróirí príobháideach agus foinse eile cóiríochta a sholáthar i raon tionachtaí.
82
Tá Grúpa ardleibhéil d‟Oifigigh Shinsearacha bunaithe faoi chathaoirleacht an Aire Stáit, Damien English TD, a bhfuil freagracht ar leith air maidir le hAthnuachan Uirbeach agus tá ionadaithe ó údaráis áitiúla agus páirtithe ábhartha eile an Stáit sa ghrúpa. Tugadh an tasc don ghrúpa sin tograí maidir le bearta nua athghiniúna uirbí a thabhairt ar aghaidh roimh dheireadh 2016 a dhéanfaidh comhlánú ar an gclár athghiniúna reatha agus ar thionscadail faoin gClár Infheistíochta Caipitil i dTithíocht Shóisialta. Déanfaidh an Grúpa iniúchadh ar thionscnaimh athghiniúna eile, ar nós Tionscnaimh leathnaithe agus feabhsaithe na Cathrach Beo agus bunú clár náisiúnta de láithreáin thréigthe, mar chomhlánú ar an tobhach nua ar láithreáin fholmha, chun úsáid thairbheach a bhaint as láithreáin fholmha agus tearcúsáidte ar mhaithe le tithíocht agus athghiniúint uirbeach.
Tá scóip ann chun é a ailíniú leis an gClár um Chuimsiú Shóisialta agus Athbheochan Phobail (SICAP) agus leis an gClár um Athbheochan Cheantar trí Phleanáil, Infheistíocht agus Forbairt (RAPID) trí na húdaráis áitiúla agus na naisc leo a neartú sa chaoi sin.
Tionscnamh na Cathrach Beo
Is éard atá i dTionscnamh na Cathrach Beo a seoladh i mí na Bealtaine 2015 ná scéim phíolótach dreasachta cánach a bhfuil sé mar aidhm aici ceantair lárnacha gnó a athghiniúint agus daoine a mhealladh le teacht chucu agus maireachtáil i seanfhoirgnimh. Baineann an scéim le limistéir athghiniúna speisialta áirithe. Cuireadh i bhfeidhm í ar dtús i Luimneach agus i bPort Láirge agus ansin síneadh í chuig Baile Átha Cliath, Corcaigh, Gaillimh agus Cill Chainnigh, go háirithe na ceantair sin inar aithníodh go raibh an athghiniúint ba mhó riachtanach dóibh. Tá dhá chineál faoisimh i gceist sa tionscnamh -
Faoiseamh cónaithe don úinéir/áititheoir; agus
Faoiseamh miondíola/tráchtála.
Cé nach bhfuil an Tionscnamh i bhfeidhm ach ar feadh beagán os cionn bliana tá líon níos lú tar éis glacadh leis ná mar a bhíothas ag súil leis nuair is féidir faoiseamh cánach a fháil ar suas le 100% den chaiteachas iomchuí, tá an Roinn Airgeadais ag athbhreithniú an Tionscnaimh d'fhonn athruithe a dhéanamh chun go mbeidh sé níos tarraingtí agus níos éifeachtaí. Beidh an t-athbhreithniú críochnaithe faoi dheireadh 2016.
Athnuachan sráidbhailte agus na tuaithe
Cé go bhfuil cuid mhór den Phlean Gníomhaíochta dírithe ar aghaidh a thabhairt ar riachtanais agus ganntanais maidir le soláthar tithíochta i gceantair uirbeacha, tá sé riachtanach éascú a dhéanamh chun go mbeidh go leor tithe le ceannach nó le fáil ar cíos mar aon le tithíocht shóisialta le fáil i mbailte agus i sráidbhailte na hÉireann.
Fógraíodh Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte i mí Mheán Fómhair 2015 agus bhí €30 milliún le caitheamh uirthi. Tá an scéim dírithe ar thacú le forbairt na mbailte agus na sráidbhailte tuaithe, ní hamháin mar chuid de chur chuige níos leithne maidir le forbairt tuaithe ach freisin chun timpeallacht na gcónaitheoirí tuaithe a fheabhsú ar bhealach a fheabhsóidh caighdeán na beatha atá acu agus a thacóidh le gníomhaíocht eacnamaíochta a d'fhéadfadh a bheith ina gceantair. Leithdháilfear €5 mhilliún gach bliain ó 2016 go 2021 agus is iad na húdaráis áitiúla i gcomhar le pobail áitiúla a fhorbróidh na tionscnaimh a mhaoineofar agus beidh cur chuige soiléir athnuachana faoi stiúir an phobail le sonrú iontu.
Beidh na bearta dírithe ar ghnéithe struchtúracha na bpobal sin agus mar aon le bearta comhlántacha a fhaigheann tacaíocht faoi thionscnaimh ar nós LEADER, cuirfidh siad feabhsuithe dáiríre ar fáil do phobail tuaithe. I measc na dtionscnamh a d‟fhéadfaí tacaíocht a thabhairt dóibh tá cruthú féarbhealaí, rotharbhealaí, gormbhealaí agus tionscnaimh feabhsúcháin comhshaoil eile a thacódh le gníomhaíocht eacnamaíoch sa limistéar, uasghrádú comhshaoil a dhéanamh ar pháirceanna poiblí, limistéir cathartha, siúlóidí abhann, bealaí rochtana ar áiseanna, fóntais phoiblí mar shampla soilsiú sráide, athchóiriú foirgneamh tréigthe ábhartha, athghiniúint nó athúsáid láithreán folamh nó nach bhfuil in úsáid agus bearta mionscála eile.
83
Chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt d‟athbheochan ár mbailte agus ár sráidbhailte, agus chun a dtarraingteacht agus a n-inbhuaine mar áiteanna cónaithe agus oibre a mhéadú, breathnófar ar leathnú raon feidhme agus cumas Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte. Mar chomhlánú ar an Scéim, déanfaimid tionscnamh eile a fhorbairt faoi dheireadh 2016, ar bhonn píolótach ar dtús, i gcomhar le húdaráis áitiúla, chun suíomhanna seirbhísithe inlíontacha a chruthú i mbailte agus i sráidbhailte beaga ar a bhféadfaidh daoine tithe a thógáil dóibh féin le freastal ar riachtanais tithíochta áitiúla.
Eastáit nár Críochnaíodh
Tá dul chun cinn nach beag déanta maidir le dul i ngleic leis saincheist na bhforbairtí tithíochta nár críochnaíodh agus rinneadh é sin trí oibriú go dlúth leis na húdaráis áitiúla, cónaitheoirí, soláthraithe tithíochta, institiúidí airgeadais agus an Ghníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní (GNBS). Réitíodh níos mó ná trí cheathrú de na forbairtí sin trí bhearta comhoibritheacha idir 2010 agus 2015. Tá líon na bhforbairtí neamhchríochnaithe laghdaithe ó 3,000 go 668 anois, agus tá fianaise ann go bhfuiltear ag dul i mbun oibre ar láithreán eile ar fud na tíre i mbliana agus go gcríochnófar iad.
Bhí roinnt beart ann a chuidigh leis an dul chun cinn a rinneadh. Bunaíodh Ciste €5 mhilliún do Thionscnaimh Sábháilteachta Poiblí in 2011 agus é d‟aidhm aige ar dtús saincheisteanna sábháilteachta poiblí a bhainistiú laistigh d‟fhorbairtí. Cuireadh Ciste Réitigh Speisialta €10 milliún ar bun ansin chun réiteach níos substaintiúla a dhéanamh ar fhorbairtí neamhchríochnaithe, go háirithe na forbairtí nár dhócha go ndéanfaí iad a réiteach ar an ngnáthbhealach trí fhorbróir, úinéir nó maoinitheoir amháin mar gheall ar bhaic airgeadais ar leith.
Má leantar ar aghaidh le Seirbhísí Sócmhainní Réadmhaoine Cónaithe Náisiúnta (NARPS) agus an Meán Sainchuspóirí (SPV) a bhunaigh GNBS féadfar aonaid fholmha agus/nó neamhchríochnaithe laistigh d'fhorbairtí tithíochta nach bhfuil críochnaithe a cheannach, a chríochnú agus a ligean ar léas leis na húdaráis áitiúla agus le CTCanna le haghaidh tithíocht shóisialta.
Lena chinntiú gur féidir le cónaitheoirí a bheith muiníneach go gcríochnófar i gceart na forbairtí tithíochta ina gcónaíonn siad agus go ndéanfar iad a chothabháil amach anseo leanfar ar aghaidh le Clár na bhForbairtí Tithíochta Neamhchríochnaithe trí dhíriú ar na forbairtí iarmharacha agus go háirithe orthu siúd a d'fhan folamh agus gan réiteach i mbailte agus sráidbhailte.
Déanfar údaráis áitiúla a spreagadh agus tabharfar tacaíocht dóibh na gníomhartha forfheidhmiúcháin is gá a chur i bhfeidhm faoin reachtaíocht maidir le pleanáil, láithreáin thréigthe, an comhshaol agus sábháilteacht phoiblí, lena chinntiú go ndíreoidh úinéirí suíomhanna den sórt sin (go háirithe iad siúd a cheannaigh iasachtaí le déanaí a raibh na suíomhanna sin mar urrús acu), ar straitéisí luathréitigh in áit iad a choinneáil go méadóidh a luach. Go háirithe, cuireann an clár leathnaithe maidir le tithíocht sóisialta faoi Cholún 2, lena n-áirítear an Tionscnamh Deisithe agus Léasaithe, maoiniú féideartha ar fáil trína bhféadfaidh údaráis áitiúla forbairtí neamhchríochnaithe nár réitíodh go rathúil fós a cheannach mar éadálacha straitéiseacha.
Mar fhocal scoir, sa Tionscnamh Náisiúnta um Ghlacadh ar Láimh úsáidfear meascán de mhaoiniú €10 milliún ón DHPCLG in 2016, chomh maith le banna agus maoiniú an údaráis áitiúil, chun dlús a chur faoin bpróiseas maidir le Glacadh ar Láimh in eastáit ábhartha, le tacaíocht ón athchóiriú reachtaíochta níos leithne a dhéanfar ar an bpróiseas tríd an mBille um Pleanáil agus Forbairt (Leasú) 2016.
84
Gluais Téarmaí
ABP An Bord Pleanála
AHB Comhlacht Tithíochta Ceadaithe
CAS Scéim Chúnamh Caipitil
CALF Áis Léasaithe ar bhunús Iasachta Caipitil
CBL Ligean Bunaithe ar Rogha
CCMA Cumann Lucht Bainistíochta Contae agus Cathrach
CLSS Scéim Iasachta Caipitil agus Fóirdhéontas
DAHRRGA An Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta
RLGÓ An Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige
ROS An Roinn Oideachais agus Scileanna
DoF An Roinn Airgeadais
DHPCLG An Roinn Tithíochta, Pleanála, Pobail agus Rialtais Áitiúil
DoH An Roinn Sláinte
RDCC An Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais
RCPA An Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe
DRHE Feidhmeannacht Easpa Dídine Réigiún Bhaile Átha Cliath
DSP An Roinn Coimirce Sóisialaí
HA An Ghníomhaireacht Tithíochta
ÍCT Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta
IAOanna Institiúidí Ardoideachais
GAT An Ghníomhaireacht Airgeadais Tithíochta
FSS Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte
IMG Grúpa Monatóireachta Forfeidhmithe
IRPP Clár na hÉireann um Chosaint Dhídeanaithe
ISIF Ciste Infheistíochta Straitéisí na hÉireann
ÚÁanna Údaráis Áitiúla
GBRÁ An Ghníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil
LIHAF Ciste um Bonneagar Áitiúil chun Tithíocht a Ghníomhachtú
MABS Seirbhís Bhuiséadta agus Comhairle Airgid
85
GNBS An Ghníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní
NCC An Chomhairle Náisiúnta Iomaíochais
CNP Creat Náisiúnta Pleanála
GBCN Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta
OOP Oifig na nOibreacha Poiblí
Cuid V Cuid V de na hAchtanna um Pleanáil agus Forbairt 2000-2015
Cuid 8 Cuid 8 de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001- 2015
RAPID Athbheochan Ceantar trí Phleanáil, Infheistíocht agus Forbairt
RIAI Institiúid Ríoga Ailtirí na hÉireann
SHCEP Clár Caiteachais Reatha do Thithíocht Shóisialta
SICAP Clár um Chuimsiú Shóisialta agus Athbheochan Phobail
SPV Meán Sainchuspóirí
TAPs Cláir Chóiríochta don Lucht Siúil
TIC Tógáil i gCúram
86
Aguisín 1: Tábla Gníomhaíochtaí Colún 1 - Ag dul i ngleic le hEaspa Dídine
Beart
Uimh.
Cur síos ar an mbeart Cuspóir Líne Ama Cé a bheidh
freagrach?
1.1 Cuirfimid dlús faoin gClár Tithíochta Mearthógála
agus leathnóimid é le cur ar fáil, ar an gcéad dul síos agus mar thosaíocht, cóiríocht níos oiriúnaí do theaghlaigh a bhfuil cónaí orthu faoi láthair in óstáin tráchtála, go dtí go socrófar tionóntachtaí
níos buaine. Maidir le haonaid a chuirfear ar fáil de bhreis ar an líon is gá le haghaidh teaghlaigh in óstáin úsáidfear iad mar thithíocht shóisialta chaighdeánach.
Lena chois sin, gheobhaidh an Ghníomhaireacht Tithíochta 1,600 aonad tithíochta folamh. (Féach freisin Colún 5)
1,500 aonad nua a chur ar fáil faoin
gclár chun an grúpa teaghlach a bhogadh chomh tapa agus is féidir ón gcóiríocht éigeandála in óstáin ina bhfuil siad, agus teorainn
a chur leis an oiread a bheidh sé riachtanach an chóiríocht sin á húsáid le haghaidh daoine nua a thagann ag iarraidh cóiríochta.
Ní mór 1,600 aonad folamh a fháil.
Ráithe 4 2016 - 200
aonad Ráithe 4 2017 - 800
aonad Ráithe 4 2018 - 500 aonad
2017-2020
DRHE, DHPCLG
HA
1.2 Déanfaimid daoine aonair agus teaghlaigh
gan dídean a aistriú ó chóiríocht éigeandála trí Thionscadal Píolótach ÍCT do Dhaoine gan Dídean i Réigiún Bhaile Átha Cliath.
Tithíocht bhuan, chobhsaí agus
tithíocht faoi thacaíocht a sholáthar do na daoine atá gan dídean le fada, agus ar an mbealach sin an chaoi a bhfuilimid ag brath ar chóiríocht éigeandála a laghdú le himeacht ama.
Ráithe 4 2016 –
550 tionóntacht le cruthú Ráithe 4 2017 – 1200 tionóntacht le cruthú
DRHE
1.3 Cuirfimid „aonaid ilfhreastail' meastóireachta ar fáil trí rannpháirtíocht ilghníomhaireachtaí le
haghaidh teaghlaigh gan dídean a thagann chugainn, ag baint an leas is fearr as teicneolaíocht nua-aimseartha. Áireofar leis sin na húdaráis áitiúla, Seirbhísí Cosanta Tionóntachta, Tusla, Seirbhísí Idirghabhála
Teaghlaigh, An Roinn Coimirce Sóisialaí agus eagraíochtaí saineolacha neamhrialtasacha.
Measúnú a dhéanamh ar theaghlaigh a bhfuil leanaí acu
a thagann chugainn ag rá go bhfuil siad gan dídean agus tacaíocht a sholáthar dóibh lena chinntiú go ndéanfar gach iarracht iad a choinneáil sna háiteanna cónaithe
ina bhfuil siad nó a chinntiú go gcuirfear na seirbhísí tacaíochta cuí agus seirbhísí eile do dhaoine gan dídean ar fáil dóibh.
Ráithe 4 2016 DRHE, Údaráis Áitiúla Bhaile Átha
Cliath, Tusla, Seirbhísí Idirghabhála Teaghlaigh, An Roinn Coimirce
Sóisialaí, eagraíochtaí neamhrialtasacha
87
Beart
Uimh.
Cur síos ar an mbeart Cuspóir Líne Ama Cé a bheidh
freagrach?
1.4 Leanfaimid ar aghaidh ag cur i bhfeidhm
phrótacal Réigiún Bhaile Átha Cliath maidir le
hábhair imní faoi chosaint leanaí agus cúrsaí
leasa na dteaghlach i gcóiríocht éigeandála
agus déanfaimid athbhreithniú ar an bprótacal
i mí na Nollag 2016, agus déanfaimid é a
choigeartú de réir mar is cuí. Cuirfear socruithe an
phrótacail i bhfeidhm ar fud na tíre in 2017.
Tacú le teaghlaigh gan dídean
a bhfuil leanaí cleithiúnacha acu
agus a chinntiú go bhfuil nós
imeachta láidir ar bun maidir le
hatreorú.
Ráithe 4 2016 DRHE, Tusla
1.5 Déanfaimid na tacaíochtaí agus na tionscnaimh
do theaghlaigh i gcóiríocht éigeandála a neartú
thuilleadh chun maolú a dhéanamh ar na
dúshláin a bhíonn le sárú ag tuismitheoirí agus
leanaí den sórt sin, lena n-áirítear:
Idirchaidreamh feabhsaithe maidir le tacaíocht
teaghlaigh, leas leanaí agus cosaint leanaí,
lena n-áirítear Ionaid Acmhainní do
Theaghlaigh;
Rochtain ar sheirbhísí luathbhlianta;
Cláir Chríochnaithe Scoile;
Feabhsú tacaíochtaí praiticiúla atá ar fáil go
háitiúil do shaol laethúil an teaghlaigh;
Rochtain ar iompar poiblí saor in aisce le
haghaidh aistir scoile agus chun go
bhféadfaidh an teaghlach taisteal; agus
Tacaíochtaí praiticiúla agus comhairle faoi
chothú maith dóibh siúd nach bhfuil rochtain
acu ar áiseanna cócaireachta.
Tacú le teaghlaigh gan dídean
a bhfuil leanaí cleithiúnacha acu.
2016-2017 Tusla, RLGÓ, FSS,
DRHE, DHPCLG
1.6 Cuirfimid treoir shábháilteachta/cód deonach
I bhfeidhm maidir le sábháilteacht leanaí i
gcóiríocht éigeandála.
Aghaidh a thabhairt ar
shábháilteacht agus cosaint leanaí
I gcóiríocht éigeandála.
Ráithe 4 2016 RLGÓ, Tusla, DRHE,
eagraíochtaí
neamhrialtasacha
88
Beart
Uimh.
Cur síos ar an mbeart Cuspóir Líne Ama Cé a bheidh
freagrach?
1.7 Oibreoimid lena chinntiú go n-aithneofar daoine
óga ag imeacht ó chúram an Stáit agus atá
i mbaol easpa dídine agus go ndéanfar freastal
orthu trí thithíocht oiriúnach agus tacaíochtaí eile
le haghaidh a gcuid riachtanas.
Easpa dídine i measc daoine óga ag
fágáil chúram an Stáit a íoslaghdú.
2016 - 2017 DHPCLG, RLGÓ,
Tusla, FSS
1.8 Cuirfimid spásanna cóiríochta dídine éigeandála
breise ar fáil d'íospartaigh foréigin teaghlaigh agus
cuirfimid beartas agus treoir faoi nós imeachta ar
fáil d'údaráis tithíochta maidir leis an ról is féidir
a bheith acu chun cabhrú le híospartaigh foréigin
teaghlaigh chun tionóntachtaí neamhspleácha
nua a fháil.
Líon na n-íospartach a fhágtar gan
dídean agus an fad ama a
chaitheann siad i gcóiríocht
éigeandála a laghdú.
2016-2017 Tusla, RLGÓ, DHPCLG
1.9 Cuirfimid saoráid nua ar fáil i Réigiún Bhaile Átha
Cliath chun freastal ar mhná torracha atá gan
dídean.
Cóiríocht éigeandála agus seirbhísí
tacaíochta a chur ar fáil a bhainfidh
go sonrach le riachtanais na mban
torrach atá gan dídean.
2017 DRHE, RLGÓ, Tusla
1.10 Cuirfimid feabhas ar shocruithe
idirghníomhaireachta lena chinntiú go mbeidh
tacaíochtaí maidir le cóiríocht, leas agus cúrsaí
sláinte ann do phríosúnaigh sula scaoiltear amach
iad.
An dócúlacht a laghdú go mbeidh
príosúnaigh gan dídean nuair a
scaoiltear amach iad.
Ráithe 3 2016 Seirbhís Phríosúin na
hÉireann, an tSeirbhís
Phromhaidh, GBRÁ,
DHPCLG, An Roinn
Coimirce Sóisialaí, FSS
1.11 Cuirfimid nósanna imeachta náisiúnta i bhfeidhm
chun socruithe idirghníomhaireachta a fheabhsú
maidir le scaoileadh amach agus cóiríocht
ciontóirí gnéis.
Chun nach dtarlóidh sé chomh minic
go gcuirfear ciontóirí a scaoiltear
amach i gcóiríocht éigeandála.
Ráithe 2 2017 An tSeirbhís
Phromhaidh, Seirbhís
Príosún na hÉireann,
RDCC, Údaráis Áitiúla,
GBRÁ, DHPCLG
1.12 Déanfaimid na spriocanna maidir le tionóntachtaí
atá le soláthar ag foirne Housing First i mBaile Átha
Cliath a mhéadú faoi thrí.
300 tionóntacht a chur ar fáil in 2017. Le Linn 2017 DRHE
89
Beart
Uimh.
Cur síos ar an mbeart Cuspóir Líne Ama Cé a bheidh
freagrach?
1.13 Neartóimid an cur chuige bunaithe ar thithíocht
atá ann i mBaile Átha Cliath, leathnóimid é go
ceantair uirbeacha eile, agus díreoimid ar
dhaoine a chodlaíonn amuigh go leanúnach
agus ar theaghlaigh atá gan dídean le fada.
Cóiríocht agus tacaíochtaí fháil
bunaithe ar riachtanais an duine
aonair.
Ráithe 4 2016 DHPCLG, Údaráis
Áitiúla, FSS
1.14 Scrúdóimid agus déanfaimid anailís ar na
cúiseanna nach nglacann teaghlaigh atá i
gcóiríocht éigeandála in óstáin le tairiscintí
cóiríochta.
Teorainn a chur leis an méid ama
a chaitheann teaghlaigh i gcóiríocht
mhíchuí.
Ráithe 4 2016 DHPCLG, Údaráis
Áitiúla
1.15 Feabhsóimid na seirbhísí sláinte agus an cúram
bunúsach meabhrach do dhaoine gan dídean trí
leas a bhaint as an €2m atá leithdháilte cheana
agus méadóimid an leithdháileadh go €6m i
mBuiséad na bliana 2017.
Na seirbhísí is oiriúnaí maidir le cúram
príomhúil agus meabhairshláinte
a chur ar fáil dóibh siúd atá ag brath
ar sheirbhísí do dhaoine gan dídean
agus a gcumas a fheabhsú chun
gnáththionóntacht a choinneáil.
Ráithe 4 2016 An Roinn Sláinte, FSS
1.16 Tabharfaimid aghaidh ar riachtanais athshlánaithe
na ndaoine gan dídean a bhfuil fadhbanna
andúile acu tríd an Straitéis Náisiúnta Frithdhrugaí
atá le cur i bhfeidhm ó mhí Eanáir 2017.
A chinntiú go bhfuil an bealach
athshlánaithe drugaí nasctha le
socruithe inbhuanaithe tionóntachta
faoi thacaíocht.
2017 An Roinn Sláinte, FSS
1.17 Cuirfear feachtas feasachta náisiúnta ar siúl
a bheidh dírithe ar theaghlaigh agus ar dhaoine
atá i mbaol a dtithe a chailliúint nó a bhfuil imní
orthu go dtarlóidh sé sin.
Déanfar Tairseach, an tSeirbhís um Chosaint
Tionóntachta, a leathnú ar fud na tíre.
Feasacht a uasmhéadú faoi na
seirbhísí agus na tacaíochtaí atá ar
fáil.
Ráithe 1 2017
Ráithe 4 2016
DHPCLG, An Roinn
Coimirce Sóisialaí,
RTB, Údaráis Áitiúla
An Roinn Coimirce
Sóisialaí, Údaráis
Áitiúla Tairseach
90
Beart
Uimh.
Cur síos ar an mbeart Cuspóir Líne Ama Cé a bheidh
freagrach?
1.18 Cuirfimid comhairle neamhspleách shaineolach
dlí agus airgeadais ar fáil do dhaoine atá
dócmhainneach agus a bhfuil riaráistí morgáiste
tromchúiseacha ar a n-áiteanna cónaithe.
A chinntiú gur féidir le daoine
dócmhainneacha atá i mbaol a
n-áiteanna cónaithe a chailliúint
comhairle neamhspleách a fháil
a chuideoidh leo na roghanna is fearr
a aithint maidir le bheith
sócmhainneach arís - agus tosaíocht
a thabhairt do chabhrú leo fanacht
ina n-áiteanna cónaithe, nuair is
rogha inbhuanaithe é sin.
Ráithe 3 2016 RDCC, i
gcomhpháirt leis an
Roinn Coimirce
Sóisialaí, An Bord um
Fhaisnéis do
Shaoránaigh, MABS,
Seirbhís
Dócmhainneachta
na hÉireann, An
Bord um Chúnamh
1.19 Oibreoidh an Rialtas in éineacht leis an mBanc
Ceannais lena chinntiú go soláthraíonn an Cód
Iompair um Riaráistí Morgáiste creat láidir cosanta
do thomhaltóirí i gcás iasachtaithe atá ag
streachailt ag iarraidh a gcuid aisíocaíochtaí
morgáiste a dhéanamh.
Oibriú i gcomhar leis an mBanc
Ceannais, agus ar bhunús
measúnaithe ar na roghanna atá
ann d‟iasachtaithe maidir le
hathstruchtúrú, lena chinntiú go
gcabhrófar le hiasachtaithe atá
i gcruachás cloí le téarmaí socraithe
um athstruchtúrú inbhuanaithe agus
dá bhrí sin fanacht ina bpríomháit
chónaithe nuair is féidir.
Ráithe 1 2017 Roinn Airgeadais, an
Banc Ceannais
1.20 Iarrfaimid ar an mBanc Ceannais measúnú
a dhéanamh ar na réitigh athstruchtúraithe
inbhuanaithe atá i bhfeidhm ag na hiasachtóirí
agus na n-eintiteas go léir nach bainc iad atá ag
feidhmiú in Éirinn.
A cinntiú go bhfuil réitigh um
athstruchtúrú inbhuanaithe ar fáil
d'iasachtaithe atá i gcruachás.
Ráithe 4 2016 Roinn Airgeadais, an
Banc Ceannais
1.21 Scrúdóimid conas is féidir an scéim Morgáiste go
Cíos a fheabhsú le cabhrú le líon níos mó
teaghlach agus scrúdóimid samhlacha
malartacha chun aonaid a cheannach, lena
n-áirítear socruithe léasaithe fadtéarmacha.
Tacú le teaghlaigh a bhfuil riaráistí
morgáiste fadtéarmach acu fanacht
ina dtithe.
Ráithe 4 2016 DHPCLG, An Roinn
Airgeadais
91
Colún 2 - Dlús a chur faoi Thithíocht Shóisialta
Beart
Uimh.
Cur síos ar an mbeart Cuspóir Líne Ama Cé a bheidh
freagrach?
2.1 Déanfaimid an soláthar tithíochta sóisialta
a mhéadú go suntasach go 47,000 áit chónaithe
faoi 2021 trí mhaoiniú €5.35 billiún, agus díreoimid
go háirithe ar thionscadail nua trína ndéanfaidh
na húdaráis áitiúla agus CTCanna iad a thógáil go
díreach.
Freastal ar riachtanais maidir le
tithíocht shóisialta níos tapúla i réimse
iomlán na gclár agus na tacaíochtaí
go léir.
Ar siúl go dtí 2021 DHPCLG, Údaráis
Áitiúla, CTCanna
2.2 Déanfaimid athbhreithniú leanúnach ar na cláir
reatha agus caipitil atá ann lena chinntiú go bhfuil
siad ábhartha agus go bhfreastalaíonn siad ar
riachtanais na saoránach.
Dlús a chur faoi sholáthar tithíochta
agus a áirithiú go gcuirfear tionscadail
chun cinn go héifeachtúil agus go
héifeachtach.
Ar siúl go dtí 2021 DHPCLG
2.3 Cuirfimid dlús faoi sholáthar na Scéime um Íocaíocht
Cúnaimh Tithíochta ar bhonn náisiúnta chuig:
Contaetha an Chabháin, Ciarraí, Laois, Liatroim,
An Longfort, Ros Comáin, an Iarmhí, Loch
Garman agus Cill Mhantáin faoi dheireadh
2016, agus
Réigiún Bhaile Átha Cliath, ag tosú i Ráithe 1
2017.
A chinntiú go mbeidh ÍCT agus an
tacaíocht a sholáthraíonn sé maidir le
fostaíocht, ar fáil do na teaghlaigh go
léir ar féidir leo leas a bhaint as.
Ráithe 4 2016
agus Ráithe
1 2017
DHPCLG, An
Roinn Coimirce
Sóisialaí, Údaráis
Áitiúla
2.4 Oibreoidh an GBCN leis an earnáil
phríobháideach chun meán maoinithe a bhunú
a dhéanfadh éascú ar infheistiú lasmuigh den
chlár comhardaithe maidir le soláthar tithíochta
sóisialta agus príobháideach, trí:
maoine a fháil lena léasú ar aghaidh go
fadtéarmach chuig na hÚdaráis Áitiúla agus na
CTCanna, agus
tógáil áiteanna cónaithe nua a ghníomhachtú
don earnáil níos leithne tógála lena ligean ar cíos.
5,000 teach sóisialta a chur ar fáil thar
thréimhse chúig bliana.
Ráithe 1 2017 GBCN, An Roinn
Airgeadais,
Údaráis Áitiúla,
CTCanna
92
Beart
Uimh.
Cur síos ar an mbeart Cuspóir Líne Ama Cé a bheidh
freagrach?
2.5 Cuirfimid Ciste €70 milliún ar fáil do
Ghníomhaireacht Tithíochta a mbeidh sé d‟aidhm
shonrach aige plé a dhéanamh le bainc agus
cuideachtaí infheistíochta, cistí cothromais
príobháideacha go príomha, chun maoine a fháil.
1,600 aonad a sholáthar faoi 2020. Ráithe 3 2016 DHPCLG, HA
2.6 Cinnteoimid go mbeidh na hacmhainní ar fáil ag
údaráis áitiúla agus CTCanna chun éascú
a dhéanamh ar cheannach áiteanna cónaithe
nua-thógtha príobháideacha don mhéid is mó
atá beartaithe i gCuid V de na hAchtanna um
Pleanáil agus Forbairt.
An soláthar tithíochta sóisialta
a mhéadú.
Ráithe 3 2016 DHPCLG, Údaráis
Áitiúla, CTCanna
2.7 Ullmhófar Plean Straitéiseach Bainistíochta nasctha
le cur chuige bainistíochta talún le haghaidh gach
suíomh sa Scéim Chomhiomlánaithe Talún chun an
tsócmhainn a chur ar aghaidh chuig an chéim
forbartha chomh luath agus is féidir.
Feabhas a chur ar bhainistiú talún
agus talamh a úsáid a mhéid agus is
féidir.
Ráithe 1 2017 HA, DHPCLG,
Údaráis Áitiúla
2.8 Tabharfaimid tacaíocht do léasú áiteanna
cónaithe breise a forbraíodh go príobháideach
thar an méid a bhí beartaithe i gCuid V, lena
n-áirítear riachtanas tithíochta sóisialta Chuid
V a cheannach roimh ré.
Spreagadh agus a thabhairt
d‟fhorbairt agus méadú an tsoláthair
tithíochta sóisialta.
Ráithe 3 2016 DHPCLG, Údaráis
Áitiúla, CTCanna
2.9 Tá Oifig Soláthair Tithíochta thiomnaithe á bhunú
san DHPCLG chun tacú le húdaráis áitiúla, le
CTCanna agus leis na páirtithe leasmhara go léir
a bhfuil baint acu le soláthar príomheilimintí de na
spriocanna uaillmhianacha maidir le tithíocht
phríobháideach agus sóisialta sa Phlean
Gníomhaíochta seo.
Monatóireacht agus luathú
a dhéanamh ar an soláthar
tithíochta, idir phríobháideach agus
shóisialta, ar phríomhshuíomhanna,
meicníochtaí eile a aithint chun dlús
a chur faoin soláthar, agus tacaíocht
a thabhairt do sholáthar thionscadal
tógála casta, lena n-áirítear na
bacainní maidir le sholáthar a aithint
agus a réiteach.
Ráithe 3 2016 DHPCLG
93
Beart
Uimh.
Cur síos ar an mbeart Cuspóir Líne Ama Cé a bheidh
freagrach?
2.10 Ceapfaidh an Ghníomhaireacht Tithíochta Aonad Soláthair Tithíochta.
Lárionad feabhais agus comhairle maidir le soláthar a chur ar fáil chun tacú le húdaráis áitiúla agus le CTCanna a maidir le soláthar luathaithe a gclár tithíochta sóisialta.
Ráithe 3 2016 DHPCLG, HA
2.11 Déanfaimid athbhreithniú ar ár bpróisis agus nósanna imeachta maidir le ceadú agus cur chun cinn tionscadal tógála tithíochta.
Chuíchóiriú chun éifeachta a dhéanamh ar sholáthar tithíochta agus dlús a chur faoi.
Ráithe 3 2016 DHPCLG, Údaráis Áitiúla
2.12 Rithfimid reachtaíocht chun próisis Cuid 8 a chuíchóiriú chun éifeachta agus béim ar leith againn ar thograí le haghaidh tionscadail tithíochta sóisialta agus bonneagar le freastal ar fhorbairtí tithíochta idir phoiblí agus phríobháideach.
Dlús a chur faoi thosú agus soláthar scéimeanna forbartha tithíochta den sórt sin.
Ráithe 3 2016 DHPCLG
2.13 Tabharfaimid isteach Ciste Nuálaíochta CTC. Tacú le forbairt samhlacha airgeadais nuálacha, lena n-áirítear Meáin Sainchuspóirí nó cuideachtaí frithpháirteacha, chun feabhas a chur ar an méid a d‟fhéadfadh a bheith ag earnáil na gComhlachtaí Tithíochta Ceadaithe le chéile.
Ráithe 1 2017 DHPCLG, CTCanna
2.14 Bunóimid aonad tiomanta ilfhreastail laistigh den Ghníomhaireacht Tithíochta chun tacaíocht a thabhairt do CTCanna, sa chaoi go ndéanfar comhordú níos fearr ar sholáthar faoi mheicníochtaí éagsúla i limistéir na n-údarás áitiúil go léir.
Foráil a dhéanamh do sholáthar comhordaithe níos fearr agus níos straitéisí ag CTCanna faoi shruthanna maoinithe éagsúla i ngach limistéar de chuid na nÚdarás Áitiúil, agus feabhas a chur ar chomhoibriú idir CTCanna agus údaráis áitiúla chun go bhfaighfear an toradh is fearr ó thailte na nÚdarás Áitiúil.
Ráithe 3 2016 HA, CTCanna, DHPCLG, Údaráis Áitiúla
2.15 Bunóimid Rialtóir d‟earnáil na gComhlachtaí Tithíochta Ceadaithe chun maoirseacht a dhéanamh ar rialachas éifeachtach agus bainistiú airgeadais na gcomhlachtaí tithíochta deonacha agus na gcomhar-thithíochta.
Infheistíocht phoiblí agus phríobháideach a chosaint, cuíchóiriú chun éifeachta a dhéanamh ar earnáil na tithíochta deonaí agus na comhar-thithíochta agus iad a chumasú chun soláthar méadaithe a chur ar fáil.
Ráithe 1 2017 DHPCLG, HA (mar Rialtóir Eatramhach)
94
Beart
Uimh.
Cur síos ar an mbeart Cuspóir Líne Ama Cé a bheidh
freagrach?
2.16 Cuirfimid treoirthionscadail maidir le tionscnaimh
tithíochta do dhaoine scothaosta ar aghaidh ag
tosú le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.
Beidh siad bunaithe ar dhea-chleachtas agus
éifeachtúlacht ó thaobh costais de agus
úsáidfear cur chuige tras-Rannach/
idirghníomhaireachta iontu.
Féachaint an bhféadfar tionscadail
dea-chleachtais a phríomhshruthú, ina
dtabharfar le chéile Feidhmeannacht
na Seirbhíse Sláinte, na húdaráis
áitiúla, dearthóirí agus grúpaí
acadúla. D‟fheadfaí leas a bhaint as
samhlacha den sórt sin le freastal
orthu siúd nach bhfuil lánchúram tí
altranais riachtanach dóibh ach gur
measadh gur féidir freastal ar na
riachtanais atá acu ó thaobh cúraim
sláinte i measc an phobail.
Ráithe 4 2016 DHPCLG, An
Roinn Sláinte,
Údaráis
Áitiúla, FSS
2.17 Méadóimid an sprioc maidir le tarraingt anuas
Deontas Oiriúnaithe Tithe go 10,000 teach in 2017
(méadú ó 8,000 in 2016) agus déanfaimid an
próiseas iarratais a chuíchóiriú chun éifeachta.
Tacú le daoine aosta agus daoine
faoi mhíchumas maireachtáil go
neamhspleách ina dtithe féin.
Ráithe 1 2017 DHPCLG
2.18 Tá an DHPCLG, i gcomhar leis an Roinn Sláinte
ag forbairt roghanna beartais maidir le tithíocht
ina gcuirtear tacaíocht ar fáil agus tithíocht mar
aon le cúram chun go mbeidh rogha níos leithne
ag daoine aosta faoi chúram cónaitheach.
Spreagadh a thabhairt do shocruithe
nua maidir le maireachtáil faoi
thacaíocht nó maireachtáil le
cúnamh a fhreastalóidh ar riachtanais
tithíochta daoine aosta áirithe.
Ó Ráithe 3
2016 - 2018
DHPCLG, An
Roinn Sláinte
2.19 Cruthóimid comórtais píolótach, ag díriú ar
thrí réimse ar leith:
teicneolaíochtaí cliste i dtithíocht do dhaoine
aosta;
oiriúnú tithe atá ann cheana chun freastal ar
riachtanais dhaoine scothaosta; agus
pobail ar feadh saoil.
Na tionscail deartha agus tógála
a spreagadh le bheith nuálach i
ndearadh agus i soláthar tithíochta
do dhaoine aosta.
Ráithe 4 2016 DHPCLG,
Lárionad
Foirfeachta i
nDearadh
Uilíoch, RIAI, CIF
95
Beart
Uimh.
Cur síos ar an mbeart Cuspóir Líne Ama Cé a bheidh
freagrach?
2.20 Oibreoimid i gcomhar le FSS agus na húdaráis
áitiúla maidir le gach ceist, lena n-áirítear
tacaíochtaí maoinithe, chun tithíocht a sholáthar
do dhaoine atá ag aistriú ó chóiríocht FSS agus do
chliaint na seirbhísí meabhairshláinte atá ina
gcónaí i gcóiríocht pobalbhunaithe.
Tacú le maireachtáil pobalbhunaithe
do dhaoine faoi mhíchumas.
Ag dul ar
aghaidh
DHPCLG, FSS,
Údaráis Áitiúla
2.21 Leanfaimid ar aghaidh ag tabhairt tacaíochta
don Roinn Sláinte agus FSS don chlár chun daoine
ag aistriú ó shuíomhanna cónaithe ina bhfuil siad
cruinnithe le chéile go maireachtáil i measc an
phobail trí mhaoiniú caipitil tithíochta a bheidh
imfhálaithe.
€10m a sholáthar in 2016 chun
tacaíocht a thabhairt le go
bhféadfaidh daoine faoi mhíchumas
cónaí ina ngrúpaí i measc an phobail,
agus maoiniú breise a sholáthar in
2017 agus 2018.
Leanfar ar
aghaidh leis go
dtí 2020
An Roinn Sláinte,
FSS, DHPCLG,
2.22 Leanfaimid ar aghaidh leis an Straitéis Náisiúnta
Tithíochta do Dhaoine faoi Mhíchumas (2011-2016)
i ndiaidh 2016 chun na haidhmeanna atá aici a
bhaint amach.
Tacú le maireachtáil pobalbhunaithe
do dhaoine faoi mhíchumas.
Leanfar ar
aghaidh leis go
dtí 2020
DHPCLG
2.23 Coimisiúnóidh an Ghníomhaireacht Tithíochta
saineolaí chun athbhreithniú neamhspleách a
dhéanamh ar mhaoiniú caipitil/maoiniú reatha le
haghaidh cóiríocht don lucht siúil go dtí seo, ag
féachaint do na spriocanna atá i gCláir
Chóiríochta na nÚdarás Áitiúil don Lucht Siúil agus
na haonaid iarbhír a chuireadh ar fáil, stádas
reatha na cóiríochta atá maoinithe agus an
maoiniú a cuireadh ar fáil le haghaidh cothabháil
chóiríochta agus tacaíochtaí eile.
Dúshláin ar leith a aithint agus faisnéis
fhíor agus anailís a sholáthar fúthu
mar phríomhbhealach chun
iniúchadh a dhéanamh in 2017 ar
chur i bhfeidhm agus soláthar na
gClár Cóiríochta don Lucht Siúil ina
ndíreofar ar sholáthar cuí cóiríochta.
Ráithe 3 2016 -
Tosú an
athbhreithnithe
Ráithe 2 2017 -
críochnú an
athbhreithnithe
HA, DHPCLG
2.24 Bunóimid foghrúpa oibriúcháin faoi choimirce
Thascfhórsa Chlár na hÉireann um Chosaint
Dídeanaithe, ar a mbeidh ionadaithe ó Ranna
Rialtais ábhartha, údaráis áitiúla agus comhlachtaí
eile, chun tacaíocht a sholáthar agus comhordú
a dhéanamh ar an bpróiseas maidir le tithíocht
a sholáthar do dhídeanaithe.
Raon tacaíochtaí a chur ar fáil ar an
leibhéal áitiúil, lena n-áirítear an scéim
um Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta
(ÍCT) agus raon tacaíochtaí eile
a chuirfear ar fáil go háitiúil lena
chinntiú go gcomhtháthaítear daoine
ina bpobail nua.
Ráithe 4 2016 RDCC, DHPCLG,
Údaráis Áitiúla, An
Roinn Coimirce
Sóisialaí
96
Colún 3 - Tuilleach Tithe a Thógáil
Beart Uimh.
Cur síos ar an mbeart Cuspóir Líne Ama Cé a bheidh freagrach?
3.1 Cuirfimid Ciste €200m um Bonneagar Áitiúil chun Tithíocht a Ghníomhachtú, ag iarraidh tairiscintí ó údaráis áitiúla i gcomhar le soláthraithe tithíochta i leith bonneagair chun tithíocht shóisialta, tithíocht ar cíos ar phraghas réasúnta agus tithíocht phríobháideach a sholáthar ar shuíomhanna straitéiseacha mórscála, a mbeidh sé de chumas acu tailte a oscailt agus idir 15,000 agus 20,000 aonad tithíochta a sholáthar faoi 2019.
Baic chriticiúla bhonneagair a mhaolú chun go bhféadfar tithíocht a thógáil ar phríomhláithreáin forbartha.
Feabhas a chur ar inmharthanacht eacnamaíoch na dtionscadal tithíochta nua agus go mbeidh daoine in ann íoc astu.
Ráithe 3 2016 - Glao ar thograí
Ráithe 4 2016 - déanfar measúnú agus cuirfear bailchríoch ar na tionscadail a fhaomhfar.
Ráithe 1 2017 ar aghaidh - cuirfear tús le tionscadail
DHPCLG, Údaráis Áitiúla
3.2 Cuirfimid cumas ar fáil trí iasachtaí méadaithe agus rochtain a sholáthar ar mhaoiniú na Gníomhaireachta Airgeadais Tithíochta d'údaráis áitiúla rannpháirteacha chun maoiniú comhfhreagrach a sholáthar don Chiste um Bonneagar Áitiúil chun Tithíocht a Ghníomhachtú.
Mar atá thuas. Ó Ráithe 4 2016 An Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, An Roinn Airgeadais, GAT, Údaráis Áitiúla, DHPCLG
3.3 Forbróidh Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta, trí Chiste Infheistíochta Straitéisí na hÉireann tograí chun maoiniú iomaíoch a chur ar fáil ar bhonn tráchtála d'fhorbróirí nó do chuibhreannais forbróirí, chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais infreastruchtúir ar an láthair agus ar riachtanais eile ar láithreáin forbartha móra.
Éascú a dhéanamh ar sholáthar bonneagair ar an láthair agus sa chaoi sin éascú a dhéanamh ar sholáthar tithíochta ar phriomhláithreáin forbartha, rud a fheabhsóidh inmharthanacht eacnamaíoch forbairtí den sórt sin.
Ráithe 3/4 2016 GBCN
3.4 Oibreoimid i gcomhar le húdaráis áitiúla agus le páirtithe leasmhara eile chun 15-20 príomhláithreáin cheannródaíocha a aithint a bhfuil sé cruthaithe go bhféadfadh siad méadú suntasacha a dhéanamh maidir le soláthar áiteanna nua cónaithe agus tabharfaimid tús áite dóibh. Úsáidfear cistí LIHAF agus bealaí maoinithe agus comhordaithe eile chun go leor de na suíomhanna sin a oscailt.
Áiteanna nua cónaithe a chur ar fáil ar scála suntasach ar phríomhshuíomhanna sna príomhcheantair uirbeacha, trí iarrachtaí comhordaithe na hOifige nua um Sholáthar Tithíochta de chuid an DHPCLG.
Ráithe 3 2016 - beidh na príomhshuíomhanna aitheanta.
Ráithe 4 2016 - tús a chur le clár chun soláthar tithíochta a chur chun cinn.
DHPCLG, Údaráis Áitiúla, CTCanna
97
Beart
Uimh.
Cur síos ar an mbeart Cuspóir Líne Ama Cé a bheidh
freagrach?
3.5 I gcomhthéacs an Chreata Pleanála Náisiúnta nua ullmhóimid Straitéis náisiúnta um Bainistiú an tSoláthair Talún, trína ndéanfar:
Láithreáin faoi úinéireacht na nÚdarás Áitiúil agus faoi úinéireacht phoiblí a aithint agus mhapáil ag Grúpa Bainistíochta na dTailte Stáit, agus déanfar máistirphleanáil ar thailte iomchuí chun níos mó tithíochta de thionóntacht mheasctha a chur ar fáil, lena n-áirítear tithíocht shóisialta agus tithíocht níos inacmhainne,
Tabharfar tacaíocht d‟údaráis áitiúla chun tailte tithíochta a fháil sna príomhréimsí infhorbartha, agus
Aithneofar deiseanna straitéiseacha d'athnuachan agus d‟athghiniúint uirbeach chun go ndéanfaidh comhlachtaí ábhartha ar fud na hearnála poiblí bearta comhordaithe orthu.
Creat náisiúnta a chur ar fáil le tacú le tithíocht a thógáil sna háiteanna cuí ar fud na tíre.
A chinntiú go bhfuil soláthar agus margadh gníomhach, folláin ann do thalamh forbartha, an scóip a aithint chun tailte Stáit a úsáid le haghaidh tithíochta agus tacú le forbairt chomhordaithe tionachtaí ilchineálacha ar thailte faoi úinéireacht phoiblí.
Ráithe 4 2016 - Dréacht den CNP
Ráithe 2 2017 - bailchríoch curtha ar an CNP
DHPCLG, Údaráis Áitiúla OOP, Ranna agus Gníomhaireachtaí éagsúla
3.6 Tabharfaimid isteach reachtaíocht chun go bhféadfar iarratais ar fhorbairtí tithíochta níos mó (100 aonad agus níos mó) a dhéanamh go díreach chuig an mBord Pleanála agus go bhféadfar síneadh breise eile a chur le ceadanna pleanála áirithe ar cuireadh síneadh amháin leo cheana.
Chun dlús a chur faoi iarratais phleanála le haghaidh forbairtí cónaitheacha mórscála.
Ráithe 3/Ráithe 4 2016
DHPCLG, An Bord Pleanála
3.7 Tabharfaidh an Bord Pleanála tús áite do chinneadh a dhéanamh ar achomhairc phleanála maidir le forbairtí tithíochta mórscála laistigh den spriocthréimhse reachtúil 18 seachtaine maidir le hachomhairc a dhéanamh.
Moilleanna maidir le breithniú agus cinneadh forbairtí tithíochta móra a íoslaghdú.
Ráithe 3 2016 An Bord Pleanála
3.8 Forbróimid agus foilseoimid Plean Forfheidhmithe chun tús aite a thabhairt do chur i bhfeidhm na bpríomh-mholtaí in athbhreithniú an Bhoird Phleanála.
Cur ar chumas an Bhoird Phleanála a shainordú a chomhlíonadh ar bhealach níos éifeachtaí.
Ráithe 3 2016 DHPCLG, An Bord Pleanála
98
Beart
Uimh.
Cur síos ar an mbeart Cuspóir Líne Ama Cé a bheidh
freagrach?
3.9 Tabharfaimid tacaíocht d'fhorbairt seirbhísí pleanála ar-líne le haghaidh earnáil na n-údarás áitiúil agus an Bord Pleanála.
Cuirfimid bonn taca reachtúil ar fáil mar chuid den Bhille um Pleanáil agus Forbairt (Leasú) 2016 do thacú go gníomhach le cur i bhfeidhm na ríomhphleanála in earnáil na n-údarás áitiúil agus sa Bhord Pleanála.
Ráithe 4 2016 – achtú an Bhille um Pleanáil agus Forbairt (Leasú) 2016.
Ráithe 4 2017 – ríomhphleanáil a chur i bhfeidhm go tapa in earnáil na n-údarás áitiúil agus sa Bhord Pleanála.
DHPCLG, Údaráis Áitiúla, An Bord Pleanála
3.10 Déanfaimid athbhreithniú ó bhun go barr ar an gcóras pleanála agus go háirithe ar réamh-mheastóireacht, pleanáil agus soláthar forbairtí cónaitheacha agus cuirfimid san áireamh ar obair atá ar siúl maidir le Creat Náisiúnta Pleanála (CNP) a fhorbairt.
Córas pleanála níos éifeachtaí, níos sofhreagraí agus níos inrochtana a chinntiú.
Ráithe 1 2017 DHPCLG
3.11 Bunóimid comórtas chun an cleachtas is fearr a chur chun cinn, mar aon le dearadh atá éifeachtúil agus éifeachtach ó thaobh costais de agus cur chuige nua maidir le tithíocht ardchaighdeáin a sholáthar ar phraghas réasúnta.
Córais nuálacha a fhorbairt chun tithíocht cónaithe ardchaighdeáin a sholáthar ar phraghas réasúnta.
Ráithe 3/4 2016 – ghlao ar thograí a eisiúint agus iarratais a mheas.
DHPCLG
3.12 Tabharfaidh SOLAS réamhaisnéisí faoi scileanna cothrom le dáta agus oibreoidh i gcomhar le páirtithe leasmhara lena chinntiú go gcuirfidh oideachas agus oiliúint (idir phríomhshrutha agus spriocdhírithe) na scileanna ar fail atá ag teastáil chun an Plean Gníomhaíochta a chur i gcrích.
A chinntiú go mbeidh go leor oibrithe tógála ar fáil de réir mar a fhásann an earnáil tógála áiteanna cónaithe.
Ó Ráithe 4 2016 An Roinn Oideachais agus Scileanna
99
Colún 4 – An Earnáil Chíosa a Fheabhsú
Beart Uimh.
Cur síos ar an mbeart Cuspóir Líne Ama Cé a bheidh freagrach?
4.1 Forbróimid straitéis chuimsitheach don earnáil chíosa.
Cur le soláthar agus tacaíocht a thabhairt d‟fhorbairt earnála cíosa a bheidh cobhsaí, láidir agus inmharthana a chuirfidh rogha fhíor ar fáil do theaghlaigh mar aon le deiseanna infheistíochta do sholáthraithe agus a léireoidh cearta agus freagrachtaí tionóntaí agus tiarnaí talún.
Ráithe 4 2016 DHPCLG, RTB
4.2 Rithfimid reachtaíocht (trí leasuithe ar na hAchtanna um Thionóntachtaí Cónaithe) chun déileáil le cásanna ina ndíoltar maoine a bhfuil tionóntaí in situ iontu agus chun aghaidh a thabhairt ar chumhachtaí forfheidhmithe agus réitithe díospóidí an RTB.
Cur chuige cothrom a chur ar fáil mar aon le socruithe maidir le tionóntachtaí a foirceannadh, ina ndéanfar soiléiriú agus feabhsú ar chosaintí dlíthiúla agus ar bhealaí maidir díospóidí a réiteach ar mhaithe le tionóntaí agus tiarnaí talún araon.
Ráithe 4 2016 DHPCLG, RTB
4.3 Críochnóimid an t-athbhreithniú ar Rialacháin Tithíochta (Caighdeáin do Thithe ar Cíos) 2008, arna leasú, agus déanfaimid aon rialacháin nua atá ag teastáil.
A chinntiú go léiríonn na híoschaighdeáin atá ann faoi láthair do chóiríocht ar cíos riachtanais an mhargaidh nua-aimseartha ó thaobh cóiríocht ar cíos.
Ráithe 4 2016 DHPCLG, RTB
4.4 Leathnóimid ról an RTB chun go mbeidh aonad ilfhreastail acu chun faisnéis agus comhairle inrochtana a chur ar fáil agus go ndéanfaidh siad monatóireacht ar an earnáil cíosa agus go gcuirfidh siad sonraí ar fáil fúithi, lena n-airítear an tInnéacs Ráithiúil Cíosanna a nascadh le hInnéacs Inacmhainneachta, agus suirbhéanna bliantúla a dhéanamh ar thionóntaí agus tiarnaí talún.
Tuiscint a mhéadú ar chearta agus ar fhreagrachtaí tionóntaí agus tiarnaí talún mar aon le tuiscint ar an margadh cíosa níos leithne chun bonn eolais a sholáthar do bheartas, agus monatóireacht a dhéanamh ar an tionchar atá ag athruithe a dhéantar ar bheartais agus monatóireacht a dhéanamh ar threochtaí sa mhargadh.
Ráithe 1 2017 DHPCLG, RTB
100
Beart Uimh.
Cur síos ar an mbeart Cuspóir Líne Ama Cé a bheidh freagrach?
4.5 Scrúdóimid caighdeáin, costais agus féidearthacht a bhaineann le tógáil ar scála mór ar mhaithe lena ligean ar cíos agus coimisiúnóimid taighde ar bhealaí ina bhféadfaí tuilleadh infheistíochta a spreagadh.
Feabhas a chur ar inacmhainneacht cóiríochta ardchaighdeáin inbhuanaithe ar cíos.
Ráithe 2 2017 HA, RTB
4.6 Tabharfaimid isteach scéim nua cóiríochta ar cíos ar phraghas réasúnta chun cur le cumas na hearnála príobháidí ar cíos chun cóiríocht ardchaighdeáin, inacmhainne a sholáthar do theaghlaigh a bhfuil méid díréireach dá n-ioncam indiúscartha á chaitheamh acu ar chíosanna.
Cóiríocht chónaithe fhadtéarmach inacmhainne a sholáthar do theaghlaigh oibrithe tábhachtach a bhfuil ioncam íseal nó ioncam measartha á thuilleamh acu i gceantair uirbeacha ina bhfuil éileamh ard agus dreasacht eacnamaíoch a chur ar fáil chun an soláthar cóiríochta ar cíos a mhéadú.
Ráithe 3 2016 DHPCLG, An Roinn Airgeadais, An Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, CTCanna
4.7 Ullmhóimid agus foilseoimid straitéis náisiúnta faoi chóiríocht do mhic léinn, ina leagfar amach creat leathan maidir le cóiríocht de leibhéal níos airde a chur ar fáil agus a chuirfidh bonn eolas ar fáil do straitéisí tithíochta na n-údarás áitiúil agus do phróiseas bainistíochta talún i gcoitinne, chun go gcuirfear suíomhanna ar fáil in áiteanna oiriúnacha ar phraghsanna réasúnta.
Beartas náisiúnta a fhorbairt maidir le riachtanais ar leith agus na bealaí chun cóiríocht oiriúnach do mhic léinn a thógáil ar an gcampas agus lasmuigh de.
Ráithe 2 2017 Roinn Oideachais agus Eolaíochta, Roinn Airgeadais, An Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, DHPCLG, IAOanna
4.8 Oibreoimid i gcomhar le páirtithe leasmhara chun tús áite a thabhairt do thionscadail inmharthana maidir le cóiríocht bhreise a chur ar fáil do mhic léinn in áiteanna tábhachtacha uirbeacha agus oibreoimid leo chun iad a chur ar chun cinn.
Moltaí a chur i bhfeidhm a d‟fhéadfadh 7,000 áit bhreise cóiríochta a chur ar fáil do mhic léinn faoi dheireadh 2019 ar an gcampas nó lasmuigh de, chomh maith le tionscadail a bhfuiltear tiomanta dóibh cheana féin.
Ráithe 4 2016 - measúnú tosaigh
2017-2019
Roinn Oideachais agus Eolaíochta, IAOanna
4.9 Déanfaimid struchtúir tiomnaithe, ar nós CTCanna a bhunú in earnáil na nInstitiúidí Ardoideachais (IAOanna) chun rochtain a fháil ar mhaoiniú na Gníomhaireachta Airgeadais do Thithe, agus aon bheartas rialála nó athruithe riachtanacha reachtaíochta atá ag teastáil a chríochnú.
Meicníochtaí maoinithe breise a sholáthar don earnáil IAO, i gcomhar leis an nGníomhaireacht Airgeadais Tithíochta.
Ráithe 1 2017 IAOanna, An Roinn Oideachais agus Eolaíochta, HA, GAT
101
Beart Uimh.
Cur síos ar an mbeart Cuspóir Líne Ama Cé a bheidh freagrach?
4.10 Cabhróimid chun Oifigeach Tithíochta do Mhic Léinn a mhaoiniú le bheith ag obair le hAontas na Mac Léinn in Éirinn, údaráis áitiúla, CTCanna agus soláthraithe tithíochta, chun bearta gearrthéarmacha um neartú cumais a aithint agus a leathnú san earnáil cóiríochta do mhic léinn.
Cuidiú le mic léinn chun cóiríocht oiriúnach a fháil.
Ráithe 3 2016 Roinn Oideachais agus Eolaíochta, DHPCLG
4.11 Cuirfimid meicníochtaí maoinithe ar fáil d‟Institiúidí Teicneolaíochta chun tacú leo breis cóiríochta a fhorbairt do mhic léinn.
Cabhrú le hearnáil na nInstitiúidí Teicneolaíochta a gcumas a fhorbairt chun cóiríocht a chur ar fáil do mhic léinn ar an gcampas trí aghaidh a thabhairt ar a n-acmhainn reatha chun iasachtaí a fháil agus ar na srianta maidir le hairgead a fháil ar iasacht.
Ráithe 4 2016 Roinn Oideachais agus Eolaíochta, An Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe
4.12 Déanfaimid measúnú ar an scóip le haghaidh cóiríocht bhreise a sholáthar do mhic léinn ar thailte na n-údarás áitiúil nó ar thailte eile faoi úinéireacht phoiblí.
Uasmhéadú a dhéanamh ar an acmhainn chun cóiríocht a sholáthar do mhic léinn ar shuíomhanna oiriúnacha mar chuid d'fhorbairtí measctha.
Ráithe 4 2016 DHPCLG, Roinn Oideachais agus Eolaíochta, Údaráis Áitiúla
4.13 Cumasóimid tionscadail chóiríochta do mhic léinn le haghaidh 100 aonad nó níos mó a sheoladh go díreach chuig an mBord Pleanála, chomh maith leis na deiseanna a uasmhéadú maidir le tionscadail chomhfhiontair ar láithreáin na n-údarás áitiúil chun dul ar aghaidh trí phróiseas Cuid 8 agus ullmhóimid treoir maidir le beartais phleanála maidir le forbairtí cóiríochta do mhic léinn.
Cinnteacht a fheabhsú agus na scálaí ama agus na costais soláthair a laghdú a bhaineann le tograí cóiríochta do mhic léinn a chur ar aghaidh.
Ráithe 3/Ráithe 4 2016
DHPCLG
102
Colún 5 - Tithíocht Reatha a Úsáid
Beart Uimh.
Cur síos ar an mbeart Cuspóir Líne Ama Cé a bheidh freagrach?
5.1 Forbróimid Straitéis Náisiúnta um Athúsáid Tithíochta atá Folamh, ar bhunús sonraí ó Dhaonáireamh 2016
chun clár na n-aonad folamh ar fud na tíre a thiomsú,
a líon a fháil amach, na suíomhanna ina bhfuil siad agus na fáthanna atá le folúntais níos fadtéarmaí (is é sin le rá níos mó ná 6 mhí) i gceantair ardéilimh, agus
raon gníomhartha a leagan amach chun aonaid fholmha a úsáid arís.
Líon na n-aonad folamh a fháil amach chun bonn eolais a sholáthar le haghaidh bearta dreasachta le go ndéanfar iad a úsáid i gcomhair tithíochta.
Ráithe 1 2017
HA, Údaráis Áitiúla, DHPCLG
5.2 Déanfaimid athbhreithniú ar chórais éagsúla na gcíosanna difreálacha do thithíocht shóisialta atá ag na húdaráis áitiúla.
A chinntiú go bhfuil tacaíochtaí tithíochta, lena n-áirítear an ÍCT, cothrom agus inbhuanaithe agus go dtugtar tús áite dóibh siúd atá ar ioncam íseal agus go seachnaítear cruthú gaistí leasa shóisialaigh a d'fhéadfadh daoine a chosc ó fhilleadh ar an obair nó chuig an margadh tithíochta príobháidí.
Ráithe 2 2017
DHPCLG,
Údaráis Áitiúla
5.3 Oibreoimid le hÚdaráis Áitiúla chun dlús a chur faoi athchóiriú agus, nuair is féidir, an hathligean na n-aonad tithíochta sóisialta folamh, trí:
ghlacadh le comhchaighdeán náisiúnta feidhmíochta maidir le hathligean ar cíos sna húdaráis áitiúla go léir;
cur chuige coisctheach cothabhála maidir le bainistíocht soláthar tithíochta;
béim níos mó a leagan ar ról agus ar fhreagrachtaí tionóntaí; agus
bealaí maoinithe chun críochnú na hoibre go tapa, caighdeáin chomhsheasmhacha agus cur chuige réamhghníomhach a spreagadh.
Chun aon mhoill a íoslaghdú, nó go deimhin an chosúlacht go bhfuil moilleanna ann, maidir le hathchóiriú agus athligean tithe sóisialta nuair atá an-ghanntanas tithíochta ann.
Ráithe 4 2016
Údaráis Áitiúla, DHPCLG
103
Beart Uimh.
Cur síos ar an mbeart Cuspóir Líne Ama Cé a bheidh freagrach?
5.4 Tabharfaimid isteach agus cuirfimid i bhfeidhm córas
um leithdháileadh bunaithe ar rogha chomh luath agus
is féidir i ngach údarás áitiúil nó córas coibhéiseach
a bheidh curtha in oiriúint dá gcúinsí ar leith.
Tithíochta sóisialta a leithdháileadh ar
bhealach níos éifeachtúla a chuirfidh níos
mó roghanna agus rannpháirtíochta ar fáil
do theaghlaigh iarratasóra maidir le roghnú
áit cónaithe nua, rud a laghdódh an
dóchúlacht go ndiúltófar do thairiscintí.
Ráithe 3
2016
DHPCLG,
Údaráis
Áitiúla
5.5 Déanfaimid athbhreithniú ar an Scéim
Cheannaigh (Incrimintigh) ag Tionóntaí nuair
a bheidh sé i bhfeidhm ar feadh bliana.
A chinntiú go bhfuil rogha go leor ag údaráis
áitiúla chun teorainn a chur le diúscairt
tithíochta sóisialta de chineálacha áirithe atá
gann, go bhfuil an scéim tharraingteach do
thionóntaí tithíochta sóisialta, agus go bhfuil
acmhainn go leor acu chun cistí nua a
thiomsú d'fhorbairt tithíochta.
Ráithe 3
2017
DHPCLG,
CCMA, HA
5.6 Tabharfar €70 milliún don Ghníomhaireacht Tithíochta
go díreach mar mhaoiniú caipitil ón Státchiste chun
punanna oiriúnacha maoine atá folamh a aimsiú le
haghaidh tithíocht shóisialta agus a cheannach go
díreach ó institiúidí airgeadais agus ó infheisteoirí.
Chun comhlánú a dhéanamh ar an
gceannach atá ar siúl ag na húdaráis
áitiúla agus ag CTCanna agus ní le cur ina
áit.
Faoi 2020 -
1,600
aonad
a chur ar
fáil.
HA, Údaráis
Áitiúla,
CTCanna
5.7 Bunóimid Tionscnamh Deisithe agus Léasaithe (RLI)
chun go n-aithneoidh údaráis áitiúla maoine folmha
oiriúnacha faoi úinéireacht phríobháideach agus go
dtabharfar tacaíocht deontais do thiarnaí talún
ionchasacha chun maoine a thabhairt suas go
caighdeán sásúil mar chúiteamh ar shocruithe
a dhéanamh faoi léasanna fadtéarmacha.
Méadú láithreach a dhéanamh ar na
roghanna maidir le tithíocht shóisialta trí
léasanna fadtéarmacha cíosa.
Ráithe 4
2016 -
seoladh
treoirthio
nscadail.
DHPCLG,
Údaráis
Áitiúla
5.8 Déanfaimid bealaí a iniúchadh chun tithíocht
speisialaithe níos lú a sholáthar do dhaoine scothaosta
agus dreasachtaí a chur ar fáil nuair is iomchuí chun go
n-aistreoidh daoine go háiteanna níos lú.
Cóiríocht chuí a chur ar fáil do dhaoine
aosta a oirfidh dá gcuid riachtanas, agus
b‟fhéidir sa chaoi sin áitribh níos mó a úsáid
mar thithe teaghlaigh.
Ráithe 2
2017
DHPCLG,
HA,
Údaráis
Áitiúla
104
Beart Uimh.
Cur síos ar an mbeart Cuspóir Líne Ama Cé a bheidh freagrach?
5.9 Déanfaimid athbhreithniú ar an reachtaíocht phleanála chun go bhféadfar aonaid chónaithe a dhéanamh d‟aonaid fholmha tráchtála i gceantair uirbeacha, lena n-áirítear áiteanna folmha nó tearcúsáidte os cionn áitreabh ar urlár na talún gan dul tríd an bpróiseas pleanála.
Éascú a dhéanamh ar sholáthar tithe go tapa i gceantair uirbeacha agus tuaithe.
Ráithe 4 2016
DHPCLG
5.10 Déanfar athbhreithniú ar Thionscnamh na Cathrach Beo d'fhonn feabhas breise a chur ar tharraingteacht agus éifeachtacht na Scéime.
Spreagadh níos fearr a thabhairt do thiarnaí talún agus d‟úinéirí maoine príobháideacha chun maoine cónaithe atá folamh faoi láthair (lena n-áirítear maoine a bhfuil cuid tráchtála iontu) a dhíol agus/nó a ligean ar cíos go príobháideach.
Ráithe 4 2016
An Roinn Airgeadais
5.11 Molfaidh Grúpa Oibre um Athnuachan Uirbeach faoi cheannas Aire Rialtais tograí maidir le bearta nua athghiniúna uirbí trína ndéanfar comhlánú ar an gclár athghiniúna reatha agus ar thionscadail faoin gClár Caipitil um Thithíocht Shóisialta, agus trína neartófar an t-ailíniú le cláir um Chuimsiú Sóisialta agus RAPID de chuid na n-údarás áitiúil.
Tacú le tionscnaimh atá ann cheana agus iniúchadh a dhéanamh ar shineirgí féideartha maidir le hathbheochan agus feabhsú lárionad cathracha, bailte agus sráidbhailte, lena n-áirítear aghaidh a thabhairt ar fhadhb an dearóilithe ina lán lárionad uirbeach.
Ráithe 4 2016
DHPCLG,
Údaráis Áitiúla
5.12 Oibreoidh DHPCLG agus DAHRRGA le chéile chun maoiniú a chur ar fáil do raon tionscadal léirithe ar fud na tíre mar chuid den Tionscnamh €30 milliún um Athnuachan Bailte agus Sráidbhailte chun tacú le húdaráis áitiúla.
Tuilleadh tacaíochta a thabhairt d‟athbheochan na mbailte agus na sráidbhailte, agus a dtarraingteacht agus a n-inbhuanaitheacht a mhéadú mar áiteanna cónaithe agus oibre.
Ráithe 4 2016
DAHRRGA, DHPCLG
5.13 Déanfaimid an clár infheistíochta i dtithíocht shóisialta a ailíniú le hobair leanúnach i bhforbairtí tithíochta nach bhfuil críochnaithe chun díriú ar dheiseanna sealbhaithe straitéisigh agus athchóirithe shuíomhanna athfhorbraíochta, agus leas a bhaint as Suirbhé Náisiúnta eile ar Fhorbairt Tithíochta a rinneadh in 2016.
Bailchríoch a chur ar réiteach na n-eastát tithíochta ar fud na tíre nach bhfuil críochnaithe, i gcomhar leis an nGníomhaireacht Tithíochta agus leis na húdaráis áitiúla.
Ráithe 1 2017
DHPCLG, HA, Údaráis Áitiúla
105
Beart Uimh.
Cur síos ar an mbeart Cuspóir Líne Ama Cé a bheidh freagrach?
5.14 Cuirfimid Tionscnamh glactha ar láimh chun cinn le maoiniú €10 milliún ón DHPCLG in 2016 mar aon le banna agus maoiniú na n-údarás áitiúil.
Dlús a chur faoin bpróiseas maidir le níos mó ná 1,500 eastát a ghlacadh ar láimh, le tacaíocht ó athchóiriú reachtaíocht níos leithne ar an bpróiseas maidir le glacadh ar láimh.
Ráithe 3 2016
DHPCLG, HA, Údaráis Áitiúla
106
Aguisín 2: Freagra ar phríomhmholtaí an Choiste
Oireachtais um Thithíocht agus Easpa Dídine
Moladh Freagra
Aschur Tithíochta Sóisialta
Méadú 50,000 (10,000 ar an meán in aghaidh na bliana) ar a laghad a dhéanamh ar an soláthar tithíochta sóisialta (atá faoi úinéireacht ag údaráis áitiúla agus comhlachtaí tithíochta ceadaithe) trí athchóiriú, clár ceannaigh agus tógáil áiteanna nua.
Tá maoiniú breise agus meicníochtaí nuálacha soláthair á dtabhairt isteach tríd an bPlean Gníomhaíochta chun 47,000 aonad de thithíocht shóisialta a sholáthar sa tréimhse go dtí 2021. Cuirfear leis an méid sin tríd an Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta a mhéadú agus réitigh nua maidir le cíos ar phraghas réasúnta atá á gcur ar fáil do go leor teaghlach atá á mbrú amach as an margadh cíosa phríobháidigh atá ann faoi láthair agus atá ag iarraidh tithíocht shóisialta a fháil dá bharr sin.
Féach Colún 2, Colún 4
Easpa Dídinne
An polasaí a athbhunú chun 50% de leithdháileadh an údaráis áitiúil a imfhálú le haghaidh an liosta tosaíochta i mBaile Átha Cliath agus áiteanna eile ina bhfuil a lán daoine ag fulaingt easpa dídine. Ba cheart an polasaí a athbhreithniú gach sé mhí agus a chinntiú go ndéantar freastal ar riachtanais na ndaoine atá gan dídean ar feadh tréimhse fada.
Ní féidir glacadh leis an líon mór daoine atá i gcóiríocht éigeandála agus is gá níos mó tithíochta sóisialta agus réitigh nua tithíochta a chur ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb agus é sin a dhéanamh mar chuid den straitéis iomlán chun deireadh a chur le heaspa dídine ar eadh i bhfad.
Na spriocanna maidir le tionóntachtaí atá le soláthar ag Housing First i mBaile Átha Cliath a mhéadú faoi thrí agus a leathnú go ceantair uirbeacha eile.
Féach Colún 1
Ba cheart leathnú suntasach a dhéanamh ar Housing First agus tús áite a thabhairt do dhaoine atá gan dídean ar feadh i bhfad.
A chinntiú nach ndúnfar aon ionad dídine do dhaoine gan dídean go dtí go mbeidh cóiríocht mhalartach ar fáil in áit eile.
Tiomantas go mbeidh soláthar leordhóthanach cóiríochta éigeandála ar fáil chun freastal ar riachtanais daoine aonair agus teaghlaigh gan dídean, agus go n-aithneofar roghanna malartacha mura bhfuil an chóiríocht reatha oiriúnach nó ar fáil a thuilleadh.
Féach Colún 1
107
Moladh Freagra
Ba cheart go mbeadh acmhainní breise ar fáil agus go mbeadh comhordú feabhsaithe ann idir sheirbhísí meabhairshláinte FSS agus soláthraithe do dhaoine gan dídean lena chinntiú go ndéantar freastal ar riachtanais na ndaoine a bhfuil fadhbanna meabhairshláinte acu laistigh den chóras do dhaoine gan dídean.
Leagtar béim sa Phlean Gníomhaíochta ar an tábhacht a bhaineann le comhoibriú agus comhordú idir gníomhaireachtaí chun freastal ar riachtanais na ndaoine gan dídean a bhfuil fadhbanna andúile agus meabhairshláinte acu. Leanfaidh foireann ardleibhéil tras-rannach ar aghaidh ag cur na hoibre sin chun cinn. Sa chomhthéacs seo, cuirfidh FSS €2 mhilliún ar fáil in 2016 chun tacaíochtaí a sholáthar i gcomhar le seirbhísí meabhairshláinte do dhaoine gan dídean a bhfuil riachtanais ainsealacha, bhuana sláinte acu. Méadófar é sin go €6 mhilliún in 2017.
Féach Colún 1
Soláthar Tithíochta
An próiseas pleanála Cuid 8 a laghdú óna 8 go dtí 6 seachtaine. Sa chás go mbíonn moilleanna míréasúnta thar 6 seachtaine ann, ba cheart cumhachtaí éigeandála (ar nós forálacha reachtúla Alt 179 den Acht um Pleanáil agus Forbairt) a úsáid. CTCanna a spreagadh freisin chun leas níos mó a bhaint as Cuid 8 nuair is cuí faoi mar atá i gcás na n-údarás áitiúil ar feadh tréimhse 18 mí.
Ceapfar rialacháin chun foráil a dhéanamh chun úsáid níos éifeachtaí, níos simplithe agus níos leithne a bhaint as próiseas Chuid 8, trínar féidir le húdaráis phleanála forbairtí a mheas agus a cheadú níos tapúla a bhfuil sé beartaithe acu iad a chur ar fáil iad féin nó i gcomhpháirtíocht le CTCanna.
Féach Colún 3
Ba cheart don Aire breithniú a dhéanamh ar bhunú Gníomhaireachta Soláthair Tithíochta ar a mbeadh baill foirne ón nGníomhaireacht Tithíochta, GBCN, An Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil, agus an Roinn Airgeadais chun cabhrú le húdaráis áitiúla agus le CTCanna a gclár tithíochta sóisialta a chur ar fáil trí thacaíochtaí, lena n-áirítear maoiniú agus soláthar.
Tá Oifig Soláthair Tithíochta tiomnaithe á bunú san DHPCLG ina mbeidh foireann ar iasacht ó chomhlachtaí poiblí éagsúla a bhfuil saineolas faoi sholáthar, bainistiú tionscadal mar aon le saineolas teicniúil acu chun príomhghnéithe an Phlean Gníomhaíochta a thiomáint chun cinn. Lena chois sin, tá Aonad Soláthair Tithíochta á chur ar bun sa Ghníomhaireacht Tithíochta chun acmhainn a fhorbairt sna hÚdaráis Áitiúla agus sna CTCanna chun tacú le cur i bhfeidhm an chláir.
Féach Colún 2
Ba cheart don Rialtas solúbthacht a iarradh go práinneach ón gCoimisiún Eorpach maidir le cur i bhfeidhm na rialacha fioscacha maidir le maoiniú tithíochta sóisialta.
Tá an Rialtas ag obair go gníomhach leis na hinstitiúidí Eorpacha ábhartha lena chinntiú go gcuirfear na rialacha i bhfeidhm ar bhealach lán-thrédhearcach agus go lánchinnte maidir le samhlacha agus meáin maoinithe, lena n-áirítear cibé an luaitear iad nó nach luaitear iad ar an gclár comhardaithe, chun tacaíocht a thabhairt do bhreis thithíochta sóisialta a chur ar fáil.
Féach Colún 2
108
Moladh Freagra
Ba cheart don Rialtas an infheistíocht is mó is féidir a chur ar fáil go díreach ón Státchiste do thithíocht shóisialta sa Chlár Caipitil.
Cuirfear acmhainní breise ar fáil thar thréimhse an Phlean Gníomhaíochta chun 47,000 aonad de thithíocht shóisialta a chur ar fáil.
Féach Colún 2
Ba cheart don Rialtas meicníocht mhaoinithe a bhunú lasmuigh den chlár comhardaithe chun infheistíocht bhreise a dhéanamh i dtithíocht shóisialta agus inacmhainne.
Ba cheart don Rialtas iarracht a dhéanamh chomh tapa agus is féidir leas a bhaint as gach foinse maoinithe atá ann, lena n-áirítear maoiniú ón nGníomhaireacht Airgeadais do Thithe, Ciste Infheistíochta Straitéisí na hÉireann, Conradh na hÉireann de Chomhair Chreidmheasa, agus Cistí Pinsean na hÉireann chun cur le soláthar tithíochta sóisialta agus inacmhainne.
Leasaigh an tAcht fán nGníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní 2009 (Alt 2 agus Alt 10) chun go bhféadfaidh GNBS a bheith ina ghníomhaire le haghaidh soláthar tithíochta sóisialta.
Ba cheart do GNBS a cúlchistí airgid a úsáid chun dul i ngleic leis an ngéarchéim tithíochta agus easpa dídine.
Tá sé ar intinn ag GBCN meán maoinithe a bhunú i gcomhar leis an earnáil phríobháideach a d'fhéadfadh infheistíocht i dtithíocht shóisialta a éascú ar bhealach nach mbeadh tionchar aige ar Chlár Comhordaithe ginearálta an Rialtais. Táthar ag súil go ndéanfadh meán den sórt sin maoine a fháil do thithíocht shóisialta ar roinnt bhealaí, lena n-áirítear aonaid “Chuid V” a fháil ar fhorbairtí nua cónaithe, sa chaoi nach mbeadh ar an Stát an costas caipitil síos a íoc maidir le haonaid den sórt sin a fháil, agus trí éadálacha sa mhargadh, lena n-áirítear tógáil as an nua. D‟fhéadfadh an meán, arna fhorbairt ag NTMA, leas a bhaint as foinsí ábhartha maoinithe chun cur leis an soláthar tithíochta inacmhainne agus sóisialta.
Féach Colún 2
Tá GNBS ag soláthar tithíochta sóisialta laistigh dá chreat reachtaíochta reatha tríd an meán NARPS atá acu. Mar a luadh thuas, tá GBCN ag obair ar mheán ar leith chun éascú a dhéanamh ar sholáthar breis tithíochta sóisialta ar bhealach lasmuigh den chlár comhardaithe.
Féach Colún 2
Tithíocht ar Cíos san Earnáil Phríobháideach
Córas maidir le cinnteacht cíosa a thabhairt isteach trí athbhreithnithe cíosa a nascadh le hinnéacs mar an Praghasinnéacs Tomhaltóirí agus athbhreithniú a dhéanamh gach bliain.
Gealltar sa Phlean Gníomhaíochta go bhforbrófar straitéis nua cíosa trína mbreithneofar réim ceisteanna a bhaineann le slándáil, soláthar,
109
Moladh Freagra
Daingne thionachta agus cosaint tionóntaí a mhéadú trí
o Scéim a thabhairt isteach trína bhféadfaidh comhlachas tithíochta nó údarás áitiúil maoine ar cíos a cheannach ó infheisteoir atá ag imeacht (Clár um Athrú Cíosa).
o Daingne thionachta a mhéadú ón tréimhse 4 bliana reatha.
o Cosaintí dlíthiúla a bhunú chun go bhféadfaidh tionóntaí fanacht in situ le linn do mhaoin a bheith á díol agus nuair a bhíonn sí díolta.
o An tAcht um Thionóntachtaí Cónaithe a leasú chun cosc a chur le díol maoine mar fhoras chun tionónta a dhíshealbhú, ach amháin i gcúinsí eisceachtúla nuair is féidir leis an tiarna talún a chruthú go bhfuil cruatan dian airgid á fhulaingt aige nó aici.
caighdeáin agus seirbhísí san earnáil chíosa.
Tabharfar isteach forálacha reachtúla nua sa bhFómhar trína rialófar foirceannadh tionóntachtaí chun go bhféadfar iad a achtú go luath.
Féach Colún 4
Daoine choinneáil ina n-áiteanna cónaithe féin
Mar bheart práinne ba cheart don Rialtas an clár maidir le straitéis an Rialtais chun déileáil le riaráistí morgáiste a chur i bhfeidhm go hiomlán agus go tapa ar a laghad, roimh shos an tSamhraidh.
Tá mórthionscnamh nua á thabhairt isteach chun rochtain ar shainchomhairle neamhspleách airgeadais agus dlí chur ar fáil do dhaoine atá dócmhainneach, agus a bhfuil riaráistí tromchúiseach morgáiste acu maidir lena n-áiteanna cónaithe.
Tosóidh an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais ag scrúdú an riachtanas atá le reachtaíocht chun foráil a dhéanamh do bhearta féideartha eile ag eascairt ó thiomantais sa chlár don Rialtas maidir le riaráistí morgáiste, faoi réir comhairle dlí maidir le saincheisteanna dlí áirithe a éireoidh.
Féach Colún 1
Faoi réir comhairle an Ard-Aighne, ba cheart don Rialtas reachtaíocht a thabhairt isteach chun lánchosc a chur le hathshealbhú áiteanna cónaithe go dtí go gcuirfear moltaí an Rialtais i bhfeidhm.
Leas níos mó a bhaint as réitigh fhadtéarmacha le déileáil le hanacair mhorgáiste, lena n-áirítear Morgáiste go Cíos (MTR), morgáistí scoilte, díluacháil fiachais agus gluaiseacht go háiteanna cónaithe níos lú.
Oibreoidh an DHPCLG i gcomhar le príomhghníomhairí eile a bhfuil baint acu leis an Scéim Morgáiste go Cíos agus féachfaidh siad an bhféadfar í a athrú tuilleadh le cabhrú le níos mó líonta tí.
Féach Colún 1
110
Moladh Freagra
Ba cheart Forlíonadh Cíosa agus Íocaíochtaí um Chúnamh Tithíochta a mhéadú ar bhealach a léireoidh na rátaí margaidh atá ann faoi láthair agus ba cheart cosaintí reachtacha iomchuí a chur i bhfeidhm chun cinnteacht chíosa a chinntiú.
Tá an Rialtas tar éis teorainneacha cíosa faoi na scéimeanna um Fhorlíonadh Cíosa agus Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta (ÍCT) a mhéadú ón 1 Iúil 2016, sa chaoi gur tháinig ardú suntasach ar an leibhéal tacaíochta atá ar fáil le cuidiú le teaghlaigh gan dídean tríd an gclár píolótach ÍCT i Réigiún Bhaile Átha Cliath.
Féach Colún 1
111
Aguisín 3: Achoimre ar na Athruithe Reachtaíochta atá
Beartaithe
Dlús a chur faoin nós imeachta maidir le formheas pleanála a fháil le
haghaidh forbairtí cónaitheacha ar scála mór trí iarratais a dhéanamh
go díreacha chuig an mBord Pleanála
Faoi réir breithniú agus faomhadh na leasuithe reachtúla riachtanacha ag an Rialtas, tá sé
ar intinn ag an Aire Tithíochta, Pleanála, Pobail agus Rialtais Áitiúil reachtaíocht a thabhairt
isteach mar seo a leanas chun dlús a chur faoi chinntí pleanála d'fhorbairtí tithíochta móra
(100 áit chónaithe nó níos mó) ar an mbonn seo a leanas.
Iarrfaidh soláthraithe tithíochta cead go díreach ón mBord i gcomhair tionscadail
tithíochta iomchuí faoi phróiseas nua a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse sonraithe
ceithre bliana go dtí 2020.
Beidh an próiseas nua bunaithe ar phróisis reatha maidir le toiliú a thabhairt d‟fhorbairt
atá á n-oibriú ag an mBord maidir le bonneagar straitéiseach agus forbairtí fóntais de
chineálacha eile.
Is chuig an mBord amháin a bheifear in ann iarratais ábhartha a dhéanamh, cé go
mbeidh príomhról ag an údarás áitiúil ábhartha i gcuidiú sna comhairliúcháin
réamhiarratais.
Bunóidh an Bord Aonad um Measúnú Moltaí Tithíochta chun cinneadh a dhéanamh
faoi iarratais laistigh den spriocthréimhse reachtúil chun agóidí a dhéanamh (cuirfear
acmhainní breise ar fáil chun éascú a dhéanamh ar bhunú an Bhoird sin).
Tabharfaidh an próiseas tapa nua spreagadh do sholáthraithe tithíochta chun tionscadail
mórscála a ghníomhachtú agus chun níos mó tithíochta a chur ar fáil níos luaithe.
Éileofar ar sholáthraithe tithíochta dul i mbun comhairliúchán réamhphleanála trína
mbainfear leas as eolas agus cumas na n-údarás áitiúil chun tacú le tionscadail
tithíochta agus déanfaidh an Bord é a bhainistiú i bhfianaise rannpháirtíochta níos
leithne agus scálaí ama.
Beidh daoine den phobal agus páirtithe leasmhara eile in ann aighneachtaí a
dhéanamh chuig an mBord ar an ngnáthbhealach.
Chun uasmhéadú a dhéanamh ar éifeachtúlacht an phróisis agus ar cháilíocht na
n-ullmhúchán a dhéanann soláthraithe tithíochta maidir le hiarratais, ní dhéanfar iarratais ar
bhreis eolais ná éisteachtaí ó bhéal a chur san áireamh ach amháin i gcúinsí eisceachtúla.
Cuíchóiriú chun Éifeachta a Dhéanamh ar Phróisis Forbartha (Cuid 8) na
nÚdarás Áitiúil féin
Déanfar athbhreithniú ar phróiseas Cuid 8 faoi na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt chun
amlínte athbhreithnithe a bheidh cuíchóirithe chun éifeachta a sholáthar maidir le cinntí a
dhéanamh ar thograí forbartha údaráis áitiúil. (Lena n-áirítear tithíocht shóisialta, bóithre,
áiseanna pobail, leabharlanna srl.).
Beidh tréimhse comhairliúcháin phoiblí 6 seachtaine ann maidir le forbairt atá
beartaithe ag an údarás áitiúil;
Beidh tréimhse 8 seachtaine ag Príomhfheidhmeannach an údaráis áitiúil i ndiaidh
dheireadh an chomhairliúcháin phoiblí chun tuarascáil a eisiúint chuig comhaltaí tofa
na comhairle;
Beidh 6 seachtaine ag na comhaltaí tofa chun forbairt bheartaithe a athrú, a mhodhnú
nó diúltú di. Beidh cion íosta de bhallraíocht na comhairle iomláine riachtanach má
chinneann an chomhairle diúltú d‟fhorbairt mholta;
Mura ritheann an chomhairle rún laistigh den tréimhse 6 seachtaine maidir leis an
bhforbairt bheartaithe, measfar go bhfuil togra an Phríomhfheidhmeannaigh ceadaithe.
112
Reachtaíocht maidir le socruithe cothromaithe do scor tionóntachta
Faoi réir bhreithniú agus faomhadh an Rialtais, déanfar reachtaíocht um leasú na
nAchtanna um Thionóntachtaí Cónaithe a thabhairt ar aghaidh chun foráil a dhéanamh do
bhearta chun cosc a chur le cásanna sa todhchaí faoi mar a tharla nuair a seirbheáladh
fógraí foirceanta ag an am céanna ar líon mór áitritheoirí i bhforbairt amháin, mar aon le
bearta luatha eile chun feabhas a chur ar chumhachtaí forfheidhmithe agus réitithe an
Bhoird um Thionóntachtaí Cónaithe.
I gcás ina mbeartóidh tiarna talún 20 aonad nó níos mó i bhforbairt amháin a dhíol,
beidh an díol faoi réir na tionóntaí atá ann cheana fanacht in situ, ach amháin in
imthosca eisceachtúla;
Brostófar na frámaí ama chun díospóidí a réiteach tríd an tréimhse ama a laghdú le
haghaidh achomhairc a dhéanamh;
Déanfar an próiseas riaracháin a athstruchtúrú chun go bhféadfar orduithe cinnidh an
RTB a phróiseáil ar bhealach níos éifeachtúla;
Déanfar foráil do bhinsí duine aonair, in áit binsí thriúir, chun catagóirí áirithe de
chásanna a éisteacht, mar shampla, cásanna coinneála éarlaise nó cásanna nach
cásanna sealbhaithe iad.
Reachtaíocht féideartha maidir le riaráistí morgáiste
Scrúdóidh an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais an gá atá le reachtaíocht chun foráil
a dhéanamh do bhearta féideartha eile ag eascairt ó ghealltanais sa Chlár do Rialtas
Comhpháirtíochta maidir le riaráistí morgáiste, faoi réir comhairle dlí maidir le
saincheisteanna áirithe a eascraíonn. Ar na bearta féideartha tá
an reachtaíocht faoi dhócmhainneacht phearsanta a shimpliú chun tairseacha a
mhéadú maidir le rochtain a fháil ar shocrú dócmhainneachta pearsanta agus
chuíchóiriú chun éifeachta a dhéanamh ar na ceanglais maidir le maoirseacht chúirte
ag céimeanna difriúla;
foráil a dhéanamh (más ceadmhach faoi bhunreacht) go bhforchuirfeadh na
Cúirteanna réitigh fiachais arna moladh ag an tSeirbhís um Réiteach Riaráistí Morgáiste
agus aon chumhachtaí reachtúla comhfhreagracha atá riachtanach don tSeirbhís; agus
bearta chun go n-éistfeadh na Cúirteanna cásanna athshealbhaithe, lena n-áirítear
(más ceadmhach faoi bhunreacht) iad a éisteacht go príobháideach má iarrann an
t-iasachtaí é sin.
113
Aguisín 4: An Creat Náisiúnta Pleanála Cuirfear an Creat Náisiúnta Pleanála (CNP) in áit na Straitéise Náisiúnta Spásúlachta (SNS)
2002-2020 agus bunófar creat fadtéarmach 20-bliain d'fhorbairt straitéiseach na hÉireann go
dtí 2036, agus aird á tabhairt d‟fhás agus d‟fhorbairt réamh-mheasta agus do mhéaduithe is
dócha sa daonra sa tréimhse ó thart ar 4.7 milliún duine sa lá atá inniu ann go dtí os cionn
5.5 milliún duine, agus is tríd a leagfar síos polasaí an Rialtais maidir le dáileadh agus bainistiú
an fháis sin ar bhealach a thacóidh le caighdeán na beatha, le fás eacnamaíoch
inbhuanaithe agus le timpeallacht ardchaighdeáin.
Déanfar an CNP a fhorbairt freisin i gcomhthráth le hullmhú na Straitéisí nua Spáis agus
Eacnamaíochta Réigiúnacha (RSESanna) ag na trí Thionól Réigiúnacha nua, a bunaíodh
chun comhordú a dhéanamh ar na húdaráis áitiúla ábhartha faoin Acht Rialtais Áitiúil 2014.
Déanfaidh an NPF agus RSESanna straitéisí forbartha agus pleanála eacnamaíochta
náisiúnta agus réigiúnacha a chur ar fáil le chéile don tír ina hiomláine, lena n-áirítear Ranna
Rialtais ábhartha agus Gníomhaireachtaí ábhartha chomh maith le húdaráis áitiúla.
Aithneoidh an NPF riachtanais straitéiseacha náisiúnta maidir le forbairt cathracha, bailte
agus ceantair thuaithe agus faoi infheistíocht iontu, trí threoir a thabhairt faoi:
Treochtaí daonra, tithíochta agus fostaíochta;
Cur ar chumas an phríomh-bhonneagair náisiúnta aghaidh a thabhairt ar na treochtaí
thuas ar bhealach inbhuanaithe;
Comhordú a dhéanamh ar na bearta pleanála agus soláthair ó thaobh straitéisí
réigiúnacha spásúlachta agus eacnamaíocha agus pleananna forbartha cathrach
agus contae;
Comhoibriú agus comhordú thar theorainneacha idirnáisiúnta; agus
Beartais chun tionchar ar an gcomhshaol agus astuithe gáis cheaptha teasa a mhaolú
agus a laghdú agus oiriúnú d'éifeachtaí an athraithe aeráide.
Cuireadh tús le próiseas ullmhúcháin CNP i mí na Nollag 2015 nuair a foilsíodh treochlár CNP.
Tá sé beartaithe go bhforbrófar dréacht den CNP níos déanaí in 2016 agus go gcuirfear
bailchríoch air in 2017 lena ghlacadh ina dhiaidh sin ag Dáil Éireann, faoi réir achtú an Bhille
um Pleanáil agus Forbairt (Leasú) 2016 a chuirfidh bonn taca reachtúil agus tacaíocht ar fáil
don CNP.
Lena chois sin, cuirfear ceanglais ábhartha reachtaíochta an AE agus náisiúnta san áireamh
go hiomlán sa CNP maidir le hábhair mar Mheasúnacht Straitéiseach Comhshaoil agus
Treoracha gaolmhara eile an AE. Beidh rannpháirtíocht phoiblí agus rannpháirtíocht na
bpáirtithe leasmhara agus ionchuir uathu ina bpríomhghnéithe den phróiseas ullmhúcháin.
Cinnteoidh comhairliúchán éifeachtach go dtógfar an CNP ó bhun aníos, agus ag an am
céanna go gcuirfear san áireamh cúrsaí straitéiseacha ar an leibhéal náisiúnta maidir le
hairgeadas poiblí, an t-eolas agus na tacair shonraí ábhartha is déanaí, chomh maith le
tosca a bhaineann le cúrsaí comhshaoil.
114