-
1
CLÁR3 RÉAMHRÁ3 NA hÚDAIR4 NÓTA Ó NA hÚDAIR
CAIBIDIL 1: TUMOIDEACHASSA NAÍONRA
5 Réamhrá
5 Fás na naíonraí
5 Tumoideachas ar fud an domhain
6 Cad is brí le luath-thumoideachas sa naíonra?
6 Pobal an naíonra
6 Na múinteoirí luathbhlianta
7 Na páistí atá ag tosú ar an nGaeilge
7 Na páistí a bhfuil Gaeilge acu cheana féin
7 Na tuismitheoirí
8 An pobal Gaelach áitiúil
8 Buntáistí an dátheangachais do pháistí naíonra
9 Suimiú
10 Réamhrá
10 Cumarsáid sa naíonra - conas a shealbhaíonn páiste an dara
teanga
10 Éisteacht agus Tuiscint
10 Focail aonair in abairt Bhéarla
10 Frásaí rialta
11 Caint níos cruthaithí
11 Is duine ar leith é gach páiste
12 Cur chuige agus straitéisí
12 Polasaí Gaeilge an naíonra
12 Timpeallacht teanga an naíonra
14 Suimiú
15 Naisc le hAistear agus le Síolta
15 Réamhrá
15 Súgradh: Aistear agus Síolta
16 Cineálacha Súgartha
16 Súgradh cruthaitheach
16 Cluichí le rialacha
16 Súgradh le teanga
16 Súgradh fisiceach
17 Súgradh tógála
17 Súgradh drámata
17 Ról an Mhúinteora Luathbhlianta agus an Pháiste
17 Pleanáil le haghaidh súgartha agus fhorbairt na Gaeilge
18 Tacú le súgradh
18 Athbhreithniú ar shúgradh
18 Samplaí den súgradh
20 Suimiú
CAIBIDIL 2: SEALBHÚ AGUS
FOGHLAIM TEANGA
CAIBIDIL 3: SÚGRADH
TUMOIDEACHAS SA NAÍONRA A4_2.qxp_Layout 1 18/10/2018 08:30 Page
1
-
2
CAIBIDIL 4: PLEANÁIL LEHAGHAIDHFOGHLAIM
AGUS FORBAIRTTEANGA
21 Naisc le hAistear agus le Síolta
21 Réamhrá
21 Saghsanna pleanála
21 Pleanáil fhadtréimhseach don bhliain
22 Pleanáil mheántréimhseach/ don téarma
22 Pleanáil ghearrthréimhseach/ don tseachtain
22 Pleanáil ar an toirt/spéis nua a thagann aníos gan
choinne
22 Taifead agus forleathnú
22 Samplaí de ghníomhaíochtaí sa naíonra
22 Gnásanna a tharlaíonn gach lá
23 Am lóin
24 Cén phleanáil atá le déanamh anseo?
25 Moltaí breise
25 Leathnú ar úsáid na n-abairtí
25 Am Ciorcail
25 Cén phleanáil atá le déanamh anseo?
26 Sampla
27 An Scéalaíocht
27 Cén phleanáil atá le déanamh anseo?
27 Mála scéalaíochta
28 Moltaí breise
29 Bealaí eile chun an scéalaíocht a chur chun cinn
29 Suimiú
29 Teimpléid phleanála
30 Réamhrá
30 Tábhacht na Gaeilge
30 An Dátheangachas
31 An Staid Reatha
31 Daonáireamh 2016
31 Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge
31 Cultúr agus Curaclam
31 Aistear agus Síolta: na príomhthéamaí
32 Folláine agus Leas
32 Féiniúlacht agus Muintearas
33 Cumarsáid
34 Taiscéalaíocht agus Smaointeoireacht
35 Suimiú
36 Tagairtí
36 An Roinn Oideachais agus Scileanna (2011).
39 AGUISÍN 1: Teimpléad le haghaidh pleanáil mheántréimhseach:
damhánléaráid
41 AGUISÍN 2: Teimpléad Pleanála Gearrthéarmaí Curaclaim
42 AGUISÍN 3: Teimpléad de Thaifead Foghlama
11 Dul chun cinn teangeolaíoch
12 Samplaí ón dul chun cinn teangeolaíoch
31 Líon na bpáistí 3-4 agus 4-5 bliana d’aois taobh amuigh den
Ghaeltacht a labhraíonn Gaeilge
CAIBIDIL 5: AN GHAEILGE AGUS
AISTEAR AGUS SÍOLTA TÁBLAÍ
TUMOIDEACHAS SA NAÍONRA A4_2.qxp_Layout 1 18/10/2018 08:30 Page
2
-
3
Tá an-áthas ar Gaeloideachas an treoirleabhar seo afhoilsiú,
agus gabhaimid buíochas mór leis na húdair, abhfuil saineolas agus
taithí na mblianta acu ar obair annaíonra. Tá cruth sothuigthe agus
praiticiúil curtha acuar an oideolaíocht agus idé-eolaíocht a
bhaineann leis antumoideachas sa treoirleabhar seo. Tá súil againn
gombeidh sé ina áis phraiticiúil do mhúinteoiríluathbhlianta1 na
naíonraí, agus go gcabhróidh sé leo antumoideachas a chur i
bhfeidhm go muiníneach agus gomaith.
Is í fís Gaeloideachas ná go mbeidh fáil ag gachtuismitheoir
agus caomhnóir ar thumoideachaslán-Ghaeilge ar ard-chaighdeán gurb
é a rogha é dágcuid páistí. Tháinig réimse na luathbhlianta
lán-Ghaeilge(lasmuigh den Ghaeltacht) faoi chúram Gaeloideachas
in 2014. Ó shin i leith, tá cuairteanna comhairliúcháintugtha ag
oifigigh forbartha na heagraíochta ar bhreisagus 100 naíonra,
d’fhonn plé go díreach le foireann nanaíonraí maidir le tacaíochtaí
cuí a chur ar fáil don earnáil.
Is bunaithe ar ár gcomhráite leis na múinteoirí naíonra
athugamar faoin áis seo a fhorbairt. D’aithníodar treoiragus
tacaíocht maidir le cur i bhfeidhm an tumoideachaismar thosaíocht i
measc riachtanais na hearnála.Gabhaimid buíochas arís leis na
múinteoirí agusbainisteoirí naíonra a roinn a moltaí linn maidir le
buannaagus dúshláin na hearnála, agus cuirimid fáilte i gcónaíroimh
aiseolas agus moltaí uaibh. Treoraíonn sibh árgcuid oibre agus
cuireann sibh le neart na hearnála dáréir.
Ger Cussen, údar Is í Ger príomhstiúrthóir agus bainisteoir
NaíonraGhearóidín, Co. Chill Dara. Bhain sí céim sa Ghaeilgeamach i
gColáiste Phádraig, Maigh Nuad, mar aon leisan Ardteastas san
Oideachas. Chaith sí cúig bliana déagag múineadh na Gaeilge i
mBaile Átha Cliath i scoil dobhuachaillí. Bhunaigh sí naíonra in
2003 agus tá sí ann óshin, agus an naíonra ag dul ó neart go
neart.
An Dr Máire Mhic Mhathúna, údar aguseagarthóirIs taighdeoir í
Máire le taithí na mblianta aici ar earnáil naluathbhlianta. Bhí sí
mar léachtóir agus Leas-CheannScoile ar Scoil na dTeangacha, an Dlí
agus na nEolaíochtaíSóisialta in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile
Átha Cliath.Ba mhúinteoir bunscoile í tráth sular aistrigh sí
go
hearnáil na luathbhlianta, nuair a bhí a naíonra féin aiciar
feadh deich mbliana. Na príomhshuimeanna taighdeatá aici ná sealbhú
na dara teanga, aistriú agus ullmhachtdon scoil, na luathbhlianta
lán-Ghaeilge, ilchineálachtchultúrtha agus éagsúlacht
teangacha.
Ciara Ní Bhroin, údar agus eagarthóir Is oifigeach forbartha le
Gaeloideachas í Ciara Ní Bhroin.Chaith sí tréimhse ag teagasc na
Gaeilge in iar-bhunscoil,ag obair ar thionscadail éagsúla taighde
le Fiontar,Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, agus i mbun
obairóige le Feachtas. Mar chuid dá ról le Gaeloideachas,cuireann
sí comhairle agus tacaíocht ar fáil do naíonraíagus scoileanna,
agus cúnamh do thuismitheoirí aguscúramóirí tríd an suíomh
IrishforParents.ie. Tá an-suimaici i bhforbairt acmhainní agus
foilseachán nua donaíonraí agus scoileanna.
1 Úsáidtear an téarma ‘múinteoir luathbhlianta’ sa treoirleabhar
seo le tagairt a dhéanamh dóibh siúd a bhfuil oideachas agus cúram
luath-óigemar ghairm acu. Is é seo an téarma ab fhearr le tromlach
de chleachtóirí i suirbhé ar tugadh faoi le déanaí, mar chuid
d’obair an fhochoiste maidirle proifisiúnú na hearnála (fochoiste
de chuid Fhóram Luathbhlianta na Roinne Leanaí agus Gnóthaí Óige).
Tá forainmneacha baineanna in úsáidle cur síos a dhéanamh ar
mhúinteoirí luathbhlianta sa treoirleabhar seo toisc gur mná den
chuid is mó atá ag obair san earnáil.
RÉAMHRÁ
NA hÚDAIR
Foireann Gaeloideachas, Meán Fómhair 2018
TUMOIDEACHAS SA NAÍONRA A4_2.qxp_Layout 1 18/10/2018 08:30 Page
3
-
4
2 CNCM3 An Lárionad Oideachais agus Forbartha don Luath-Óige
Tá borradh leanúnach ag teacht ar earnáil naluathbhlianta a
fheidhmíonn trí mheán na Gaeilgelasmuigh den Ghaeltacht. Tá sé mar
aidhm ag antreoirleabhar seo eolas agus smaointe praiticiúla
armhúnla an tumoideachais a roinnt le múinteoiríluathbhlianta agus
le cúntóirí nua naíonra agus noda athabhairt dóibh faoi bhealaí
éifeachtacha chun antumoideachas a chur i bhfeidhm sa naíonra ó lá
go lá.
Tosóidh Caibidil 1 le fás na naíonraí ó dheireadh na1960idí go
dtí an lá atá inniu ann agus cuirfear nasaintréithe a bhaineann
leis an tumoideachas i láthair.Pléifear conas bunphrionsabail an
tumoideachais a churi bhfeidhm sa naíonra agus an tábhacht a
bhaineann letimpeallacht spreagúil teanga agus le tacaíocht
ónteaghlach agus ón bpobal.
Beidh Caibidil 2 ag trácht ar chumarsáid sa naíonra,
tríGhaeilge, mar theanga dhúchais do roinnt páistí agusmar an dara
teanga d’fhormhór na bpáistí taobh amuighden Ghaeltacht. Tá
straitéisí áirithe a chuideoidh lesealbhú agus le saibhriú teanga,
cinn a spreagfaidhcumarsáid leis na páistí le forbairt éagsúil sa
Ghaeilge.
Beifear ag plé le cur chuige an tsúgartha i gCaibidil 3agus ag
breathnú ar an áit lárnach atá ag súgradh inAistear, Creatchuraclam
na Luath-Óige (ComhairleNáisiúnta Curaclaim agus Measúnaithe2 2009)
agus iSíolta, an Chreatlach Náisiúnta Cáilíochta d’Oideachasna
Luath-Óige (Lárionad um Fhorbairt agus OideachasLuath-Óige3 2006).
Pléifear an ról atá ag an múinteoirluathbhlianta agus an páiste
agus tabharfar samplaí deshaghsanna éagsúla súgartha a chuireann
deiseannasealbhaithe agus saibhrithe teanga ar fáil.
I gCaibidil 4, tabharfar cur síos ar an saghas pleanálateanga a
rachaidh chun tairbhe na bpáistí agus tabharfar
samplaí ar conas an phleanáil a chur i bhfeidhm maidir
legníomhaíochtaí éagsúla, scéalaíocht mar shampla, agusle gnásanna
éagsúla mar am lóin.
An Ghaeilge agus Aistear agus Síolta atá mar fhócas agCaibidil
5. Rianófar an tábhacht a bhaineann leis annGaeilge sa tsochaí in
Éirinn agus na buntáistí abhaineann leis an dátheangachas. Déanfar
cur síos ar anstaid reatha maidir le líon na gcainteoirí Gaeilge
inDaonáireamh 2016 (An Phríomh-Oifig Staidrimh 2017)agus pléifear
na moltaí sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge(Rialtas na hÉireann
2015) a bhaineann go sonrach leisna naíonraí.
Cuirfear críoch leis an leabhar trí léargas a thabhairt
faoiconas príomhthéamaí Aistear agus Síolta a chur ibhfeidhm agus
béim ar shealbhú teanga i dtimpeallachtluath-óige shaibhir agus
spreagúil.
Tá súil againn gur ábhar machnaimh agus áis phraiticiúilatá sa
leabhar agus go gcabhróidh sé le múinteoiríluathbhlianta agus
cúntóirí nua tuiscint a fháil ar antumoideachas agus ar conas é a
chur i bhfeidhm sanaíonra.
Nóta buíochaisTá na húdair fíorbhuíoch de gach aon duine a
chabhraighlinn chun an leabhar seo a ullmhú, leis na
múinteoiríluathbhlianta agus na páistí ar a bhfuil an taithí atá
léirithesa leabhar bunaithe, leis an naíonra a thug cead dúinn
nagrianghraif a úsáid agus le foireann Gaeloideachas athionscain an
leabhar agus a d’eagraigh próiseas nafoilsitheoireachta. Táimid
buíoch chomh maith dendearthóir as a cabhair ghairmiúil shnasta
chun an leabhara chur amach.
NÓTA Ó NA hÚDAIR
Ger Cussen, Máire Mhic Mhathúnaagus Ciara Ní Bhroin, Meán
Fómhair 2018
TUMOIDEACHAS SA NAÍONRA A4_2.qxp_Layout 1 18/10/2018 08:30 Page
4
-
5
CAIBIDIL 1: TUMOIDEACHAS SA NAÍONRA
RéamhráPléifear scéal na naíonraí sa chaibidil seo, ag dul siar
go dtí bunú na naíonraí in 1968, faoi thionchar na
gluaiseachtanaíonraí Breatnaise sa Bhreatain Bheag. Cur chuige de
shaghas áirithe atá i bhfeidhm sna naíonraí in Éirinn agustabharfar
gearrchuntas ar na saintréithe a bhaineann leis an tumoideachas go
hidirnáisiúnta. Pléifear conasbunphrionsabail an tumoideachais a
chur i bhfeidhm sa naíonra agus an tábhacht a bhaineann le
timpeallacht spreagúilteanga agus le tacaíocht ón teaghlach agus ón
bpobal.
Fás na naíonraí Dar le suirbhé Phobal 2017-2018 (Pobal 2017:
42), bhí 6% de réamhscoileanna sa 26 contae, 200 naíonra, ag
feidhmiúmar naíonraí Gaelacha lasmuigh den Ghaeltacht (Pobal.ie) in
2018. Bunaíodh an chéad naíonra in Éirinn in 1968, debharr
tionchair ghluaiseachta den chineál céanna sa Bhreatain Bheag (Mhic
Mhathúna agus Mac Con Iomaire 2013).Bhí daoine a bhí gníomhach i
ngluaiseacht na Gaeilge buartha faoi staid na Gaeilge sa chóras
oideachais agus chuirsiad an-spéis sa ghluaiseacht nua seo a
chothaigh sealbhú teanga i measc páistí óga. Bhunaigh muintir na
BreataineBige grúpaí súgartha a bhí ag feidhmiú trí Bhreatnais i
lár na 1960idí chun deis a thabhairt do pháistí óga an Bhreatnaisa
shealbhú. Ghlac ceannródaithe na naíonraí in Éirinn leis an
bunsmaoineamh seo agus rinne siad a gcuid taighde arna bealaí ab
fhearr le sealbhú na Gaeilge a chur chun cinn ar bhealach a bhí
oiriúnach do pháistí óga. Ghlac siad curchuige an
luath-thumoideachais chucu agus an fhoghlaim trí shúgradh. Thuig
siad go mbíonn páistí óga ag foghlaimtrí ghníomhaíocht, trí rudaí a
roghnú agus a dhéanamh iad féin agus trí thuiscint a fháil ar an
gcaint a bhaineann leisna gníomhaíochtaí seo. Thar aon ní eile,
thuig siad an tábhacht a bhain le caidreamh tacúil, spreagúil agus
grámhar abheith idir na daoine fásta agus na páistí sa suíomh
réamhscoile.
Tumoideachas ar fud an domhainTá córais éagsúla tumoideachais i
bhfeidhm i dtíortha éagsúla ar fud an domhain, an Bhreatain Bheag,
an Chatalóin,an Nua-Shéalainn, Ceanada, Éire agus Tír na mBascach
ina measc (Hickey, 2013).
Baineann tréithe comónta lena bhformhór, dar le Swain agus
Johnson (1997):
1. Teanga: Déantar gnó iomlán an naíonra nó na scoile, idir an
obair le páistí, agus an caidreamhle múinteoirí luathbhlianta nó
leis na múinteoirí eile trí sprioctheanga amháin.
2. Curaclam: Bíonn an curaclam céanna i bhfeidhm sa naíonra nó
sa scoil agus a bhíonn iréamhscoileanna/scoileanna eile sa tír.
3. Timpeallacht teanga: Bíonn an teagmháil leis an sprioctheanga
ag brath roinnt mhaith ar annaíonra nó ar an scoil is é sin go
mbíonn baint theoranta go maith ag na páistí leis an teangalasmuigh
den naíonra nó den scoil.
4. Leibhéal teanga:De ghnáth is glantosaitheoirí ar an
sprioctheanga iad na páistí, cé go mbíonnlíon áirithe páistí atá á
dtógáil leis an teanga sin ag freastal ar an naíonra nó ar an
scoil.
5. Dátheangachas: Tuigeann an múinteoir luathbhlianta teanga
dhúchais fhormhór na bpáistí,an Béarla i gcás na naíonraí.
TUMOIDEACHAS SA NAÍONRA A4_2.qxp_Layout 1 18/10/2018 08:30 Page
5
-
6
Cad is brí le luath-thumoideachas sa naíonra?Ag féachaint ar na
pointí thuas, is féidir linn iad a chur in oiriúint don
naíonra:
1. Teanga: Labhraíonn na múinteoirí luathbhlianta as Gaeilge
leis na páistí agus eatarthu féinchomh maith an t-am ar fad.
Déantar iarracht chomh maith an oiread agus is féidir denchaidreamh
le tuismitheoirí a dhéanamh trí Ghaeilge. Bíonn an naíonra mar
ionad le Gaeilge,áit a labhraíonn gach aon duine le chéile as
Gaeilge.
2. Curaclam: Beidh prionsabail Aistear, creatchuraclam na
Luath-Óige agus Síolta, AnChreatlach Náisiúnta Cáilíochta d’
Oideachas na Luath-Óige i gceist sa naíonra ach le béim
3. Timpeallacht teanga: Beidh an phríomhtheagmháil leis an
nGaeilge laistigh den naíonra agformhór na bpáistí ach tá sé
an-tábhachtach labhairt na Gaeilge sa bhaile a chothú agusdeiseanna
a aimsiú chun teagmháil a bheith ann leis an nGaeilge ar bhealaí
eile, mar shampla,bualadh le príomhoide agus múinteoirí sa
Ghaelscoil áitiúil más ann dó, le daoine eile leGaeilge sa
cheantar, le ceoltóirí agus le hamhránaithe.
4. Leibhéal teanga: Is gá freastal ar riachtanais teanga gach
páiste, páistí ata ag tosú ar annGaeilge agus páistí a bhfuil
Gaeilge acu cheana féin.
5. Dátheangachas: Tuigfidh na múinteoirí luathbhlianta na páistí
nuair a labhraíonn siad asBéarla. Mar sin, tuigfidh siad cad atá na
páistí ag iarraidh a rá agus aistreoidh siad na habairtísin go
Gaeilge, ag labhairt ó bhéal an pháiste:
Páiste: I want to play with the water.
Múinteoir luathbhlianta: Ba mhaith liom imirt leis an uisce.
Mar shuimiú, cuirtear saghas áirithe tumoideachais,
luath-thumoideachas iomlán trí Ghaeilge, i bhfeidhm sa naíonra,agus
béim ar chumarsáid ar iliomad bealaí trí Ghaeilge.
Pobal an naíonraTá ról an-tábhachtach ag gach aon duine a
bhaineann leis an naíonra:
• Na múinteoirí luathbhlianta • Na páistí atá ag tosú ar an
nGaeilge • Na páistí a bhfuil Gaeilge acu cheana féin • Na
tuismitheoirí4 • An pobal Gaelach áitiúil agus lasmuigh
Na múinteoirí luathbhliantaDar le Síolta (LFOLÓ 2006, 8), tá
rí-thábhacht ag baint le cumais, cáilíochtaí, meon agus taithí
daoine fásta atá ag obairi suíomh luath-óige agus lena gcumas
machnamh a dhéanamh ar a ról. Ba chóir go mbeadh scileanna, eolas,
luachanaagus meon ag múinteoirí luathbhlianta atá in oiriúint dá
ról (Caighdeán 11, Síolta LFOLÓ 2006: 83). Is gá cuimhneamhgurb í
an múinteoir luathbhlianta an phríomhfhoinse Ghaeilge d’fhormhór na
bpáistí. Beidh na páistí ag brath uirthisiúd chun eispéireas maith
réamhscoile a chur ar fáil trí mheán an Gaeilge. Beidh sí freagrach
as gach rud a bhaineannleis an naíonra, an clár teanga agus
luath-oideachais agus riar iomlán an naíonra. Is í an múinteoir
luathbhlianta aeagraíonn gníomhaíochtaí atá suimiúil, spreagúil,
taitneamhach agus oiriúnach d’aois agus do chumas na bpáistí
sanaíonra (Hickey, 1999: 97). Teastaíonn bainistíocht agus pleanáil
éifeachtach chun deiseanna fiúntacha a chur ar fáildo na páistí
leis an sprioctheanga a úsáid le páistí eile agus leis an múinteoir
luathbhlianta féin (Hickey & de Mejia,2014).
4 Úsáidtear an téarma ‘tuismitheoir’ sa treoirleabhar seo le
tagairt a dhéanamh do thuismitheoirí, caomhnóirí agus gach aon
duine a fheidhmíonn‘in loco parentis’.
TUMOIDEACHAS SA NAÍONRA A4_2.qxp_Layout 1 18/10/2018 08:30 Page
6
-
7
Maidir leis an nGaeilge, caithfidh caighdeán ard Gaeilge a
bheith ag an múinteoir luathbhlianta, idir líofacht, chruinneasagus
fhoghraíocht. Ba chóir go dtuigfeadh sí conas mar a shealbhaíonn
páistí an dara teanga agus a cuid oibre aphleanáil dá réir. Tá gá
le teanga nádúrtha a oireann do shuíomh an naíonra agus don
pháiste. Molann agus spreagannan múinteoir luathbhlianta iarrachtaí
an pháiste atá ag sealbhú na dara teanga. Ba chóir di cur lena
cumas sa Ghaeilgetrí theagmháil le pobal na Gaeilge agus Gaeltachta
agus trí bheith ag cur lena cruinneas sa teanga, idir
Ghaeilgelabhartha agus scríofa. Ba chóir di Leibhéal B2 a bhaint
amach ar chóras Teastas Eorpach na Gaeilge (TEG). Is féidireolas a
fháil faoin gcóras TEG ó Gaeloideachas nó ag www.teg.ie.
Tá cúrsaí Gaeilge ar líne ar fáil a oireann don réim teanga atá
oiriúnach don naíonra ar www.gaeilgedonnaionra.ie.
Na páistí atá ag tosú ar an nGaeilgeIs deis iontach é do pháistí
seans a bheith acu an Ghaeilge a shealbhú sa naíonra ach is gá a
choimeád in aigne i gcónaígur gá dóibh iarracht mhór a dhéanamh
chun an Ghaeilge a thuiscint agus a labhairt. D’fhormhór na bpáistí
atá agfreastal ar naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht, is í seo an
chéad teagmháil fhoirmiúil a bhíonn acu leis an teanga agusleis an
gcóras oideachais agus cúram lasmuigh den teaghlach. Cuireann sé
seo tábhacht bhreise leis an gcaidreamhidir an múinteoir
luathbhlianta, na páistí agus na tuismitheoirí. Má thuigeann na
páistí go bhfuil na daoine seo agiarraidh cabhrú leo an Ghaeilge a
shealbhú agus má mholtar iad as an hiarrachtaí a dhéanann siad,
beidh rath ar anobair.
Na páistí a bhfuil Gaeilge acu cheana féinBeidh líon beag páistí
a bhfuil roinnt Ghaeilge acu cheana féin nó páistí atá á dtógáil le
Gaeilge ag freastal ar naíonraílasmuigh den Ghaeltacht. Tugann an
córas tumoideachais deis do chainteoirí dúchais tógáil ar an stór
Gaeilge atá acucheana féin agus í a shaibhriú. Tugann an
timpeallacht lán-Ghaeilge sa seomra ranga agus taobh amuigh de
tacaíochtlaethúil d'úsáid na Gaeilge sa bhaile. Cabhraíonn sé seo
le páistí a thuiscint go labhraítear an Ghaeilge níos forleithnená
ina dteaghlaigh féin amháin. Tá sé tábhachtach cabhrú leis na
páistí seo a gcuid Gaeilge féin a fhorbairt trí chaintníos saibhre
agus níos dúshlánaí a dhéanamh leo agus gan iad a úsáid mar
shamplaí do na foghlaimeoirí amháin.
Na tuismitheoiríIs iad na tuismitheoirí na daoine is tábhachtaí
i saol an pháiste (Aistear CNCM 2009: 9). “Tá sé riachtanach go
mbeadhcaidreamh macánta, ionraic, urramach ann leis na
tuismitheoirí má táthar chun leas an pháiste a chur chun cinn”,
darle prionsabail Síolta (LFOLÓ 2006: 6) agus go mbeadh cur chuige
gníomhach comhpháirtíochta ann (LFOLÓ 2006:31). Tá ról
an-tábhachtach ag tuismitheoirí maidir le tacaíocht ghníomhach a
thabhairt don phróiseas sealbhaitheteanga, do luathoideachas an
pháiste, agus d’fhorbairt an mhúnla tumoideachais i gcoitinne
(Hickey, 1999: 96; Stephenet al., 2016: 111). Ní mór don naíonra
deiseanna comhoibrithe a thapú leo ar bhonn rialta. Roghnaíonn
tuismitheoirínaíonra dá bpáistí thar saghsanna eile réamhscoile
agus léiríonn sé seo an dearcadh dearfach atá acu i leith na
Gaeilgeagus an tumoideachais.
Cuireann an múinteoir luathbhlianta tacaíocht ar fáil do na
tuismitheoirí ionas gur féidir leo siúd tacú leis an bpáiste.Mar
shampla, is nós é le roinnt naíonraí bileog leis na focail agus
frásaí atá in úsáid sa naíonra ag am faoi leith a churabhaile, nó
na focail ó na rainn agus amhráin. Tugann naíonraí eile na leabhair
atá á léamh sa naíonra ar iasacht letabhairt abhaile. Cabhróidh
siad seo leis na tuismitheoirí a thuiscint cad atá ar siúl sa
naíonra agus cad atá á rá ag napáistí.
Eagraíonn roinnt naíonraí cruinniú eolais roimh thús na bliana,
ina míníonn siad an cur chuige atá i gceist maidir leis
antumoideachas, na polasaithe teanga agus oideachais luath-óige atá
in úsáid acu agus an saghas tacaíochta atá ag teastáiluathu. Tugann
siad leabhrán eolais do na tuismitheoirí agus míníonn siad an
próiseas sealbhaithe teanga a bhfuiltearag súil leis. Bíonn siad in
ann na ceisteanna ag na tuismitheoirí a phlé.
B’fhiú go mór don naíonra na tuismitheoirí a threorú chuig na
hacmhainní éagsúla atá ar fáil (aipeanna, cláir
theilifíse,dlúthdhioscaí, físeáin, leabhair, suíomhanna idirlín)
agus an bealach is fearr le leas a bhaint astu sa bhaile a
mhíniú
TUMOIDEACHAS SA NAÍONRA A4_2.qxp_Layout 1 18/10/2018 08:30 Page
7
-
8
(Hickey, 1999: 105). Má tá an Ghaeilge in úsáid sa bhaile, ar an
teilifís, an raidió, i leabhair, tuigeann an páiste go bhfuilúsáid
fhorleathan ann don teanga agus go bhfuil stádas ard aici.
Is é seo a leanas cúpla rud eile a chabhraíonn leis an bpróiseas
tacaíochta:
• Úsáid Gaeilge leis na tuismitheoirí chomh fada agus is féidir
sa naíonra gach lá, mar shamplaag beannú dóibh, ag fágáil slán,
srl.
• B’fhiú na tuismitheoirí a spreagadh le pé Gaeilge atá acu a
úsáid lena bpáistí i dtimpeallachtan naíonra.
• Is féidir leis na tuismitheoirí deiseanna a chur ar fáil don
pháiste an dara teanga a úsáid taobhamuigh den naíonra, mar shampla
trí chuireadh a thabhairt do pháistí ón naíonra teacht arcuairt sa
teach.
• Tá leabhair, cláir theilifíse agus áiseanna eile ar fáil a
thabharfadh tacaíocht don phróiseassealbhaithe sa bhaile. Féach
www.litriocht.com, www.cic.ie agus An Siopa Leabhar, Sr.Fhearchair
(Harcourt St.), Baile Átha Cliath 2 agus siopaí eile.
• Eolas a scaipeadh faoi ranganna Ghaeilge agus ciorcail chomhrá
sa cheantair.
An pobal Gaelach áitiúil B’fhiú teagmháil a dhéanamh leis an
nGaelscoil áitiúil, más ann dó, chun leanúnachas idir an dá shuíomh
a chothú(Caighdeán 14, Síolta: 93) agus chun an próiseas aistrithe
ón naíonra go dtí an Ghaelscoil a éascú do na páistí. FéachAn
Traein (Mhic Mhathúna 2011) chun an t-aistriú seo a phlé níos
mine.
Is minic go mbíonn áthas ar dhaoine le Gaeilge sa cheantar
teacht ar cuairt chuig an naíonra agus labhairt leis na páistíagus
iad ag imirt. Ní gá go mbeidís ag labhairt leis an ngrúpa ar fad le
chéile ach b’fhéidir go mbeadh spéis ag daoineáirithe a bhfuil scil
faoi leith acu amhrán a chanadh, rann a aithris, ceol a sheinm nó
scéal a insint. Is gá go mbeadhimréiteach (grinnfhiosrúchán) na
nGardaí (Garda vetting) ag gach cuairteoir den chineál seo.
Buntáistí an dátheangachais do pháistí naíonraBaineann buntáistí
áirithe leis an dátheangachas, le dhá theanga a shealbhú ag aois
óg, dar le Baker agus Wright,(2017). Braitheann na buntáistí seo ar
leibhéal chumais na bpáistí sa dá theanga ach mar sin féin is
féidir a rá:
• Go dtuigeann páistí naíonra go bhfuil dhá theanga ann agus gur
féidir cumarsáid a dhéanamhsa dá theanga. Deir siad “What’s the
Irish for X?” uaireanta, rud a léiríonn an tuiscint gobhfuil an dá
theanga ann.
• Go n-éiríonn le páistí a fhoghlaimíonn dhá theanga agus iad óg
fuaimniú na dteangacha ashealbhú go paiteanta má chloiseann siad
cainteoirí líofa, foirfe.
• Go dtugtar tosach maith dóibh i sealbhú na Gaeilge, rud a
chabhraíonn leo nuair a thosaíonnsiad ar an mbunscoil nó ar an
nGaelscoil.
• Go gcuirtear deiseanna ar fáil do chainteoirí dúchais an raon
teanga a leathnú agus anleibhéal cainte atá acu a shaibhriú.
• Go dtugtar blaiseadh domhain dóibh i gceol, in amhránaíocht
agus i gcultúr na Gaeilge sanaíonra.
Nuair a bheidh inniúlacht níos forbartha acu sa teanga, beidh
buntáistí breise cognaíocha agus acadúla á bhforbairt,mar seo a
leanas:
• Beidh sé níos éasca don pháiste teangacha eile a fhoghlaim,
mar shampla Fraincis, Spáinnisnó Gearmáinis.
• Aithneoidh agus tuigfidh an páiste go ngabhann cultúr leis an
teanga agus cabhraíonn séseo le féiniúlacht an pháiste a
fhorbairt.
TUMOIDEACHAS SA NAÍONRA A4_2.qxp_Layout 1 18/10/2018 08:30 Page
8
-
9
• Is féidir le páistí dátheangacha an teanga chuí a labhairt le
daoine a labhraíonn ceann amháinden dá theanga, i.e. tuigeann siad
gur fearr leis an múinteoir luathbhlianta go labhrófaíGaeilge
léi.
• Is féidir le páistí áirithe dátheangacha machnamh a dhéanamh
ar bhonn níos leithne ná páistíaonteangacha, is é sin gur féidir
leo smaoineamh iltreoch a dhéanamh.
• Tugann siad an teanga féin faoi deara, is é sin go dtugann
siad struchtúr, brí agus foclóir nadteangacha faoi deara.
• Amach anseo, tá seans ann gur cabhair dóibh Gaeilge líofa a
bheith acu i gcomhar post.
SuimiúTá fás leanúnach ar líon na naíonraí ó bunaíodh iad siar
sna 1960idí. Tá saghas áirithe tumoideachais i bhfeidhm
snanaíonraí, luath-thumoideachas iomlán trí Ghaeilge. Tugann an
tumoideachas deis don pháiste an Ghaeilge a shealbhúmar mheán
cumarsáide go nádúrtha sa naíonra. Tá ról an-tábhachtach ag na
múinteoirí luathbhlianta, na páistí, natuismitheoirí/caomhnóirí
agus an pobal Gaelach i gcothú na Gaeilge do na páistí. Tá
buntáistí áirithe ag baint leis andátheangachas do pháistí naíonra
agus iad ag tosú ar a n-aistear teanga.
TUMOIDEACHAS SA NAÍONRA A4_2.qxp_Layout 1 18/10/2018 08:30 Page
9
-
10
CAIBIDIL 2:SEALBHÚ AGUS FOGHLAIM TEANGA
RéamhráBeidh an caibidil seo ag trácht ar chumarsáid sa naíonra,
trí Ghaeilge, mar theanga dhúchais do roinnt páistí agus maran dara
teanga d’fhormhór na bpáistí taobh amuigh den Ghaeltacht. Tá
straitéisí áirithe a chuideoidh le sealbhú agusle saibhriú teanga,
cinn a spreagfaidh cumarsáid leis na páistí le forbairt éagsúil sa
Ghaeilge.
Cumarsáid sa naíonra - conas a shealbhaíonn páiste an dara
teanga Foghlaimíonn gach páiste teanga ar a bhealach féin ach mar
sin féin tá patrún aitheanta ann nuair a bhíonn páistí agsealbhú na
dara teanga i suíomh luath-oideachais (Tabors 2008, Mhic Mhathúna
2012).
Éisteacht agus Tuiscint Tógann sé tamall ar an bpáiste dul i
dtaithí ar an suíomh nua teanga i dtosach, suíomh ina mbeidh an
múinteoirluathbhlianta ag labhairt as Gaeilge leis féin agus leis
na páistí eile agus suíomh nua ó thaobh na nósanna imeachtaagus
gníomhaíochtaí. Leanann formhór na bpáistí ag labhairt as Béarla
ach tugann siad teanga an mhúnteoraluathbhlianta faoi deara agus
bíonn siad ag iarraidh ciall a bhaint as.
Focail aonair in abairt BhéarlaTugann na páistí focail agus
frásaí a úsáidtear go minic faoi deara go háirithe, cinn a
bhaineann le gnásanna ar nós amlóin, nó gníomhaíochtaí nua cosúil
le péinteáil nó imirt le huisce. Tá idir an teanga agus an
ghníomhaíocht nua dóibhagus úsáideann siad focail an mhúinteora
luathbhlianta chun labhairt mar gheall orthu: When will it be am
lóin? I wantto do péinteáil. Are we going to the halla today?
Fásann líon na bhfocal agus na bhfrásaí den chineál seo de réir
mara théann siad i dtaithí ar an naíonra. Uaireanta éiríonn daoine
buartha go bhfuil an dá theanga á meascadh acu, ach iscuid de
phróiseas nádúrtha é seo agus tiocfaidh fás agus forbairt ar
struchtúir na habairte de réir mar a chloiseann siadníos mó
Gaeilge.
Frásaí rialtaCabhraíonn imeachtaí rialta cosúil le teacht
isteach ar maidin, am lóin, cluichí boird agus cluichí eile a
imrítear ar anmbealach céanna gach uair ionas go dtuigfidh an
páiste cad atá a rá ag an múinteoir luathbhlianta, cad atá le rá
acuféin agus cad atá le déanamh acu. Mar shampla, is deis iontach
teanga é am lóin toisc go dtarlaíonn sé gach lá. Nuaira bheidh na
málaí scoile leis an lón á dtabhairt amach, is féidir abairt a
mhúineadh do na páistí agus seans a thabhairtdóibh na málaí a
thabhairt amach:
Páiste 1: Cé leis é seo? (ag ardú mála scoile)
Páiste 2: Liomsa é. (Ag tógáil a mhála féin)
Nuair atá na páistí i dtaithí ar an méid seo, is féidir forbairt
a dhéanamh ar na habairtí.
Páiste 1: Cé leis an mála seo?/ Cé leis an mála dearg seo?
Páiste 2: Liomsa é. /Tabhair dom é, le do thoil./Go raibh maith
agat.
TUMOIDEACHAS SA NAÍONRA A4_2.qxp_Layout 1 18/10/2018 08:30 Page
10
-
11
Is minic a fhoghlaimíonn siad frásaí ó rann nó amhrán agus
cuireann siad iad le chéile in abairt nua: “Can I spraoi leisan
uisce before we glanaimid an seomra”? Tuigfidh siad go mbíonn an
múinteoir luathbhlianta an-sásta nuair aúsáideann siad focail,
frásaí agus abairtí as Gaeilge agus go molann sí iad. Leanfaidh
siad ar aghaidh toisc go mbaineannsiad féin sásamh as a gcumas nua
teanga, toisc go bhfaigheann siad pé rud atá ag teastáil uathu agus
go dtugtar moladhdóibh.
Caint níos cruthaithí Faoi dheireadh na chéad bhliana, ba chóir
go bhféadfadh formhór na bpáistí na príomhabairtí agus frásaí a
úsáideannan múinteoir luathbhlianta i gcomhar na n-imeachtaí, na
ngnásanna agus na ngníomhaíochtaí a thuiscint agus a úsáidiad féin
agus beidh roinnt díobh in ann abairtí eile a chumadh iad féin.
Labhraíonn an páiste as Gaeilge as a stuaimféin agus bíonn
míchruinneas ann ar dtús ach tagann cruinneas le cleachtadh.
Leanfaidh an fhorbairt ar aghaidh sadara bliain sa naíonra agus
beifear ag súil le leathnú ar na príomhabairtí agus le níos mó
cainte as a stuaim féin asGaeilge.
Is duine ar leith é gach páisteIs duine ar leith é gach páiste
agus is foghlaimeoir gníomhach é an páiste sin (Aistear CNCM 2009,
7). Déanfaidh gachpáiste a c(h)uid foghlama teanga ar a nós agus ar
a ráta féin mar bíonn a láidreachtaí, a c(h)earta agus a
riachtanaisféin acu (Síolta LFOLÓ, 2006). Bíonn roinnt páistí níos
muiníní ná páistí eile agus bainfidh siad triail as rudaí nua
cosúille focail agus frásaí nua. Bíonn páistí eile níos ciúine agus
b’fhearr leo gan dul sa tseans. Is fearr déileáil le gach páistear
a bhealach féin, tacaíocht agus spreagadh a thabhairt dóibh agus
deiseanna cainte a chur ar fáil ach gan iad a bhrú.
Éisteacht agus Tuiscint
Meascadh Cóid
Frásaí Rialta
Saorchaint
Bíonn an páiste ag éisteacht leis an gcaint timpeall air agus
léiríonn sé antuiscint trí ghníomh oiriúnach a dhéanamh nó trí
fhreagra oiriúnach athabhairt sa mháthairtheanga.
Úsáideann an páiste focal Gaeilge in abairt Bhéarla.
Úsáideann an páiste frása nó abairt a cuireadh ar fáil dó do
ghníomhaíochtnó do ghnás ar leith.
Labhraíonn an páiste as a stuaim féin. B’fhéidir go mbíonn sé
míchruinn idtosach, beidh sé ag baint triail as foirmeacha éagsúla
de na focail agus dechomhréir na habairte.
1 DUL CHUN CINN TEANGEOLAÍOCH
Éisteacht agus
Tuiscint
Múinteoir:
Ar mhaith leatimirt leis anngaineamh?
Páiste:
No, I want topaint.
Meascadh Cóid
Múinteoir:
Cad atá déantaagat?
Páiste:
I did it, the bláth.
Frásaí Rialta
Múinteoir:
Cé leis an málaseo?
Páiste:
Is liomsa é!
Saorchaint
Páiste:
Bhí mé sa sorcasagus feiceáil méleon!
TUMOIDEACHAS SA NAÍONRA A4_2.qxp_Layout 1 18/10/2018 08:30 Page
11
-
12
2 SAMPLAÍ ÓN DUL CHUN CINN TEANGEOLAÍOCH
Cur chuige agus straitéisíDar le Síolta (LFOLÓ 2009: 7), “tá sé
riachtanach go mbeadh comhchaidreamh tuisceanach, cómhalartach ann
mátáthar chun folláine, foghlaim agus forbairt an pháiste a chur
chun cinn”. Tá na straitéisí chun teanga a fhoghlaimbunaithe ar
dhea-chaidreamh idir na daoine atá i gceist, idir an múinteoir
luathbhlianta, na páistí agus na tuismitheoiríi gcás an naíonra,
agus ar thuiscint ar an bpróiseas sealbhaithe teanga. Tá
an-tábhacht ag baint le tuiscint ar chumarsáidsa phróiseas seo.
Conas a dhéanann daoine cumarsáid lena chéileAithníonn Aistear
(CNCM 2009: 12) go bhfuil tionchar ag dhá phríomhghné ar fhoghlaim
conas cumarsáid a dhéanamhle linn na luath-óige: cumas an pháiste
agus timpeallacht an pháiste. Déanann daoine cumarsáid lena chéile
ar iliomadbealaí éagsúla, is cuma cén teanga atá i gceist. Bíonn
teanga/teangacha i gceist ar ndóigh ach bíonn an-tábhacht agbaint
le cumarsáid neamh-bhriathartha mar tá brí á cur in iúl trí
ghluaiseachtaí coirp, tríd an aghaidh, trí na súile, trífhuaimeanna
agus trí gheáitsí (French 2013). Is féidir le páistí agus le daoine
fásta úsáid a bhaint as na bealaí cumarsáideseo fiú nuair nach
bhfuil an teanga chéanna in úsáid acu. De réir a chéile, cabhróidh
tuiscint agus forbairt na darateanga le beachtú a dhéanamh ar cad
atá á chur in iúl ag an bpáiste.
Ag tús na bliana, beidh úsáid an-mhór á baint ag an múinteoir
luathbhlianta as geáitsí agus gníomhaíochtaí in éineachtle caint
chun labhairt le páistí. Mar shampla:
Múinteoir luathbhlianta: Ar mhaith leat imirt leis an ngaineamh,
a Rónáin? (ag féachaint i súile an pháiste, agglaoch air agus úsáid
á baint as a ainm agus ag taispeáint an ghainimh dó.)
Páiste: Yes. (Croitheann sé a cheann.)
Múinteoir luathbhlianta: Ba mhaith. Ar aghaidh leat mar sin.
(Croitheann sí a ceann, ag déanamh aithrise aran bpáiste agus
aistríonn sí cad atá á rá aici.)
Níos déanaí sa bhliain
Múinteoir luathbhlianta: Ar mhaith leat imirt leis an ngaineamh
ar maidin, a Rónáin? (ag féachaint ar anngaineamh.)
Páiste: (Croitheann sé a cheann.)
Múinteoir luathbhlianta: ….. (Fanann sí tamall chun seans a
thabhairt don pháiste freagairt. Mura dtagannfreagra labhartha,
tugann sí nod don pháiste)
Múinteoir luathbhlianta: Ba …... Ba mha….Páiste: Ba mhaith.
Múinteoir luathbhlianta: Maith thú. Ar aghaidh leat.
Ag deireadh na bliana
Múinteoir luathbhlianta: Ar mhaith leat imirt leis an ngaineamh
ar maidin, a Rónáin?
Páiste: Ba mhaith.
Múinteoir luathbhlianta: Cad eile a bheidh agat? Ar mhaith leat
imirt leis an mbuicéad, nó leis an gcarr, nó cadfaoin leoraí?
Páiste: Carr agus leoraí.
Múinteoir luathbhlianta: Ba mhaith liom an carr agus an leoraí.
Seo duit an carr agus an leoraí.
TUMOIDEACHAS SA NAÍONRA A4_2.qxp_Layout 1 18/10/2018 08:30 Page
12
-
13
Thar aon ní eile, ba chóir don mhúinteoir luathbhlianta a léiriú
go bhfuil spéis aici sna páistí, gur mhaith léi a bheith inéineacht
leo agus gur bhreá léi éisteacht leo agus labhairt leo. Is iarracht
atá i gcomhrá mar seo le seans a thabhairt dopháistí an Ghaeilge a
shealbhú go nádúrtha agus iad ag imirt le gnáth-threalamh sa
naíonra. Tá an bhéim ar an ngníomh,imirt le gaineamh sa chás thuas,
agus ar chumarsáid idirghníomhach. Tugann an múinteoir
luathbhlianta an méidcabhrach atá oiriúnach don staid fhorbartha
atá ag an bpáiste. Ag an tús, taispeánann sí na bréagáin, srl. don
pháisteagus cuireann sí focail leis an méid a chuireann sé in iúl.
Úsáideann sí foclóir atá oiriúnach agus simplí. Ansin spreagannsí é
chun píosa beag cainte a dhéanamh agus tugann sí nod dó más gá.
Úsáideann sí comharthaí aghaidhe agus láimhe,aisteoireacht agus
bealaí eile chun aird an pháiste a fháil agus a dhíriú. Ag deireadh
na bliana, cuireann sí fad leis angcomhrá trí bhréagáin eile a lua.
Sa mhéid seo, tá tacaíocht agus spás chun cainte á thabhairt don
pháiste. Glaoitearscafall foghlama ar an modh seo, tugtar tacaíocht
de réir mar atá sé ag teastáil agus laghdaítear an tacaíocht nuair
atáan méid sin foghlamtha ag an bpáiste (Aistear CNCM 2009, 10).
Ansin bogtar an tacaíocht go dtí an chéad rud eileatá le foghlaim
(McNaughton and Williams 2009).
Deir Weitzman & Greenberg (2002) agus Mhic Mhathúna (2012)
go gcabhraíonn comhrá agus caidreamh mar seo lepáistí teanga a
shealbhú, (bíodh sé mar an chéad nó an dara teanga):
• Féachaint go ceanúil ar an bpáiste agus tú ag labhairt
leis/léi • Labhairt go réasúnta mall agus gan an iomarca ceisteanna
a chur as a chéile • Béim a chur ar na focail thábhachtacha agus
iad a athrá cúpla uair • Cabhraíonn ceisteanna cuí leis na bpáiste
a aird a dhíriú agus tugtar seans dó freagra a
thabhairt. • Ceisteanna a chur ar féidir leis na
glantosaitheoirí a fhreagairt agus ceisteanna níos oscailte
a chur ar na páistí le Gaeilge • Spás a fhágáil do na páistí le
páirt a ghlacadh sa chomhrá (ina rogha teanga) • Leanúint leis an
gcomhrá agus éisteacht leis an méid atá á rá ag an bpáiste, bíodh
sé as Béarla
nó as Gaeilge, agus leanúint ar aghaidh leis an gcomhrá as
Gaeilge.
Is deis iontach iad na comhráite dátheangacha seo chun caidreamh
measúil, spreagúil a bhunú leo, chun spéis aguscion an mhúinteora
luathbhlianta a léiriú agus chun deis foghlama Gaeilge a chur ar
fáil. De réir a chéile tosóidh siadag freagairt an mhúinteora
luathbhlianta as Gaeilge cé go n-úsáideann siad an chéad teanga i
measc na bpáistí eile sanaíonra. Cabhróidh na deiseanna seo go mór
le páistí chun leanúint ar aghaidh leis an bhforbairt teanga agus
le forbairttuiscintí eile luath-óige.
Timpeallacht teanga an naíonraTá an-tábhacht ag baint le
timpeallacht teanga Ghaelach agus dea-fhoghlama a chothú sa
naíonra, idir an obair leis anpáistí agus riar agus bainistiú an
naíonra. Aithníonn Aistear (CNCM 2009: 13) agus Caighdeán 2, Síolta
(LFOLÓ 2006:19) go dtéann an timpeallacht foghlama i bhfeidhm ar na
nithe a fhoghlaimíonn leanaí agus ar an gcaoi a fhoghlaimíonnsiad
iad. I gcás na naíonraí, táthar ag iarraidh gur ionad le Gaeilge í
an naíonra an oiread agus is féidir.
Aithnítear i measc na gcleachtas is éifeachtaí chun an
timpeallacht teanga a threisiú sa naíonra ná go mbeadh:
Polasaí Gaeilge an naíonra:Ag cothú an chaighdeáin Ghaeilge is
airde i measc na foirne, go mbeadh gníomhaíochtaí uile sa naíonra á
gcur ar fáiltrí Ghaeilge agus go mbeadh turais, cuairteoirí agus
ócáidí sa naíonra trí Ghaeilge. Tá gá le comhaontú foirne maidirle
cur chuige an tumoideachais agus na polasaithe agus nósanna
imeachta a leanann é chun cleachtas a threorú agusa mhúnlú
(Caighdeán 10, Síolta LFOLÓ 2006: 77). Labhrófar leis na
tuismitheoirí as Gaeilge an oiread agus is féidiragus cuirfear
bileoga abhaile leis na páistí le focail agus frásaí iomchuí, mar
shampla focail na n-amhrán.
Riar agus bainistiú an naíonra: Go mbeadh an obair riaracháin
agus bainistiú á déanamh trí Ghaeilge agus go mbeadh an leagan
Gaeilge de na cáipéisícuí in úsáid. Mura bhfuil leagan Gaeilge ar
fáil, ba chóir é sin a chur in iúl don roinn rialtais chuí nó do
Gaeloideachas.
TUMOIDEACHAS SA NAÍONRA A4_2.qxp_Layout 1 18/10/2018 08:30 Page
13
-
14
Coiste an naíonra: Ba chóir na cruinnithe coiste a reáchtáil trí
Ghaeilge chomh fada agus is féidir.
Ábhair as Gaeilge le feiceáil: Tá neart póstaer agus áiseanna
teanga ar fáil le crochadh sa seomra agus an-chuid leabhar
tharraingteacha Ghaeilgefoilsithe do pháistí. Tá dlúthdhioscaí de
cheol agus amhráin atá oiriúnach do pháistí chomh maith.
Pleanáil: Go mbeadh plean cuí forbartha ag an naíonra maidir
leis na spriocanna teanga agus oideachas luath-óige do na
páistí.
Nasc leis an mbunscoil áitiúil lán-Ghaeilge: Má tá an naíonra
suite gar do bhunscoil lán-Ghaeilge, tá sé inmholta go mbeadh nasc
idir an dá áit le leanúnachas idiran dá shuíomh a chur chun cinn
agus an clár aistrithe a éascú do na páistí.
Measúnú: Ní mór don mhúinteoir luathbhlianta measúnú a dhéanamh
ar dhul chun cinn na bpáistí sa Ghaeilge ar bhonn rialtaagus
athbhreithniú a dhéanamh ar a cuid pleananna ansin de réir
chuspóirí an naíonra.
SuimiúLeanann an páiste céimeanna sealbhaithe áirithe ar a
bhealach féin chun an dara teanga a shealbhú. Tá cur chuigeagus
straitéisí áirithe an-tábhachtach maidir leis an
luath-thumoideachas chun cabhrú leis na páistí an Ghaeilge
ashealbhú i dtimpeallacht uilíoch, spreagúil. Tá an-chuid gnéithe
ag imoibriú ar a chéile sa phróiseas seo, ról anmhúinteora
luathbhlianta, ról na dtuismitheoirí, ionchur ó na páistí, pleanáil
teanga agus caidreamh idir na daoine goléir i gcomhluadar an
naíonra.
TUMOIDEACHAS SA NAÍONRA A4_2.qxp_Layout 1 18/10/2018 08:30 Page
14
-
15
CAIBIDIL 3:SÚGRADH
Naisc le hAistear agus le SíoltaTéamaí AistearFolláine agus
Leas, Féiniúlacht agus Muintearas, Cumarsáid a Dhéanamh,
Taiscéalaíocht agus Smaointeoireacht
Treoirlínte don Dea-ChleachtasFoghlaim agus forbairt trí mheán
an tSúgartha (lgh 52-70)
Caighdeáin Síolta1: Cearta an Linbh, C1.1, 1.2, 1.36: Súgradh,
C6.1, 6.2, 6.3, 6.4, 6.5 6.6, 6.7
Achoimrí Taighde atá nasctha leis na Caighdeáin thuas
Réamhrá Is breá le páistí a bheith ag súgradh agus tugann
súgradh an-chuid deiseanna do pháistí spraoi a bhaint as an
tsaoil,caidreamh a chothú le páistí eile agus leis an múinteoir
luathbhlianta agus foghlaim faoi ghnéithe éagsúla den saol.Pléifear
moltaí Aistear (CNCM 2009) agus Síolta, (LFOLÓ 2006) faoi shúgradh
sa chaibidil seo agus rianófar nasaghsanna éagsúla súgartha atá
ann. Pléifear ról an mhúinteora luathbhlianta agus ról an pháiste
agus tabharfar treoirghinearálta faoi conas súgradh a phleanáil
agus tacaíocht a thabhairt dó. Críochnóidh an chaibidil le dhá
shampla densúgradh.
Súgradh: Aistear agus SíoltaMolann Aistear, creatchuraclam na
luath-óige (CNCM 2009) go mbeadh an-chuid deiseanna ag páistí rogha
adhéanamh faoi na rudaí/imeachtaí gur mhaith leo a dhéanamh agus
cothaíonn an cumas roghnaithe seoneamhspleáchas agus féinmhuinín sa
pháiste.
Deir Aistear (Prionsabail agus téamaí, CNCM 2009: 11)
Tarlaíonn roinnt mhaith de luathfhoghlaim agus d’fhorbairt an
linbh trí mheán an tsúgartha agus trí eispéirisphraiticiúla. Ar na
bealaí seo, déanann leanaí iniúchadh ar dhomhain shóisialta,
fhisiceacha agus shamhlaíocha.Cuidíonn na heispéiris seo leo
bainistiú a dhéanamh ar a gcuid mothúchán, forbairt mar
smaointeoirí agus marúsáideoirí teanga, forbairt go sóisialta, a
bheith cruthaitheach samhlaíoch, agus bunchloch a leagan ionas
gombeidh siad ina gcumarsáidithe agus ina bhfoghlaimeoirí
éifeachtacha.
Tugann Síolta (LFOLÓ 2006: 9) cur síos ar shúgradh:
Is meán tábhachtach é an súgradh trína mbíonn an páiste ag
idirghníomhú leis an saol mórthimpeall uirthi/airféin agus á
thriall chun ciall a bhaint as. Tá na hidirghníomhaíochtaí seo, le
páistí eile, daoine fásta, ábhair,eispéiris, agus smaointe, mar
shampla, ina mbunús ar fholláine, ar fhorbairt agus ar fhoghlaim an
pháiste. Isfoinse lúcháire agus sásaimh é an súgradh don pháiste.
Soláthraíonn sé comhthéacs agus deis thábhachtachchun eispéiris
luath-óige ar ardchaighdeán a fheabhsú agus a shaibhriú. Dá réir
sin, beidh an súgradh inaphríomhfhócas i suíomhanna luath-óige atá
ar ardchaighdeán (LFOLÓ 2006, lch 9). Molann Caighdeán 6 de
TUMOIDEACHAS SA NAÍONRA A4_2.qxp_Layout 1 18/10/2018 08:30 Page
15
-
16
chuid Síolta (LFOLÓ 2006, lch 52) go gcuirtear go leor deiseanna
súgartha ar fail do na páistí, go mbíonndóthain trealaimh ar fail
go héasca, go mbíonn tacaíocht chuí ar fáil ón múinteoir
luathbhlianta is go dtugtardeiseanna do na páistí fás agus forbairt
a dhéanamh ar a gcuid foghlama agus forbartha, forbairt teanga
sanáireamh.
Faoi mar a dúirt Treasa Ní Ailpín agus Déirdre Uí Ghrádaigh
(2015:25)
Tá na gníomhaíochtaí ar fad sa naíonra ann chun leanaí a
spreagadh chun súgartha. Is é an súgradh an rud isnádúrtha do
leanaí sa naíonra agus is tríd an súgradh a fhoghlaimíonn agus a
fhorbraíonn siad. Is tríghníomhaíochtaí agus na rainn, amhráin,
frásaí agus caint a bhíonn in úsáid leo a thagann siad ar go leor
dádtuiscint ar an nGaeilge. Cothaíonn na gníomhaíochtaí súgartha
iliomad deiseanna chun scileanna agusdea-nósanna sóisialta a
fhorbairt.
Ciallaíonn na tagairtí thuas go dtuigtear gur meán tábhachtach
foghlama agus idirghníomhaíochta é an súgradh inagcuireann an
páiste eolas ar an saol agus ar na daoine a bhíonn i gcomhpháirt
leis/léi. Cabhróidh súgradh leis na páistíforbairt a dhéanamh ar a
gcuid scileanna, a gcumas machnaimh agus réasúnaíocht, a gcuid
mothúchán agus sealbhúteanga, i measc rudaí eile. Moltar go leor
deiseanna súgartha a chur ar fáil chun cabhrú leis an bhforbairt
iomlán. Bachóir go mbeadh na gníomhaíochtaí sa naíonra leagtha
amach chun an súgradh a spreagadh agus a chur chun cinnagus ba
chóir a aithint gur deiseanna teanga iad na deiseanna súgartha go
léir.
Cineálacha Súgartha Ta an-chuid cineálacha éagsúla súgartha ann,
idir chinn chruthaitheacha, fhisiceacha agus shamhlaíocha (Aistear
2009:55, Hayes, 2010: 174 - 6) agus is deiseanna foghlama teanga
agus úsáid teanga iad ar fad:
Súgradh cruthaitheach Bíonn páistí ag damhsa, ag péinteáil, ag
imirt le hábhair éagsúla agus ag baint úsáide as an
tsamhlaíocht.
Cluichí le rialacha De réir a chéile téann páistí i dtuiscint ar
chluichí le rialacha. I dtosach bíonn na rialacha solúbtha, ach
téann siad idtaithí ar ghnáthrialacha chluichí agus is deis iontach
teanga é na rialacha a mhíniú agus na frásaí a ghabhann leis
angcluiche a úsáid i gcomhthéacs an chluiche. Mar shampla: “Leatsa
imirt”. “Is liomsa é”. “Cad a fuair tú?”
Súgradh le teanga Is éard atá i gceist leis seo ná leanaí ag
súgradh le fuaimeanna agus le focail. Is féidir le páistí a bhfuil
an Ghaeilge ar adtoil acu spraoi le focail nua, rímeanna a dhéanamh
agus focail raiméise a chumadh. Go minic is maith le páistí atá
agsealbhú na Gaeilge mar an dara teanga spraoi le fuaimeanna na
teanga, as na siollaí a bhaineann le “madra” marshampla, agus
codarsnacht a dhéanamh idir focail ata ar eolas acu as Béarla. Is
minic a thugann siad patrúin na teangafaoi deara:
Páiste: I know the Irish for “mat”. It’s mata.
Múinteoir luathbhlianta: An-mhaith. An bhfuil aon cheann eile ar
eolas agat?
Páiste: The Irish for “hat” is hata.
Múinteoir luathbhlianta: Maith thú. Aon cheann eile?
Páiste: The Irish for “cat” is cata and the Irish for fridge is
fridga.
Súgradh fisiceach Is breá le páistí a bheith ag bogadh, ag imirt
le liathróidí agus ag forbairt gluaiseachtaí ar nós léimneach,
preabadh,cothromú agus rothaíocht. Is minic gur fearr na
gluaiseachtaí seo a dhéanamh amuigh faoin aer chun go mbeidhdóthain
spáis acu.
TUMOIDEACHAS SA NAÍONRA A4_2.qxp_Layout 1 18/10/2018 08:30 Page
16
-
17
Súgradh tógála Is breá le páistí struchtúir a thógáil le brící,
le boscaí agus ábhair eile. Baineann siad an-taitneamh as imirt le
©Lego,©Mobilo, ©K’Nex agus bloic mhóra.
Súgradh drámataBíonn páistí ag glacadh páirte i ndrámaí beaga dá
gcuid féin, ag glacadh ról mhamaí agus dhaidí, ag dul chuig
andochtúir nó ag dul ar saoire. Is deis iontach teanga atá anseo,
chun éisteacht le caint na bpáistí agus an chaint sin athabhairt
dóibh as Gaeilge ar bhealach oiriúnach. Is minic go mbíonn
idirbheartaíocht i gceist le páistí eile, rud achuidíonn leo
scileanna sóisialta a chothú.
Uaireanta bíonn páistí ag súgradh ina n-aonar, uaireanta eile
bíonn siad ag féachaint agus ag faire ar pháistí eile (Aistear2009:
57)
• Súgradh aonair – Bíonn an leanbh ag súgradh ina (h)aonar •
Súgradh breathnóra – Breathnaíonn an páiste ar dhaoine eile agus
iad ag súgradh gan páirt
a ghlacadh sa súgradh sin. • Súgradh i gcomhthráth – Bíonn an
páiste ag súgradh taobh le taobh le páiste eile, go minic
leis na hábhair chéanna, ach gan idirghníomhaíocht a dhéanamh
leis an bpáiste eile. • Súgradh comhluadair/comhpháirtíochta –
Tosaíonn páistí ag súgradh le chéile, ag forbairt
idirghníomhaíochtaí trí na gníomhaíochtaí céanna a dhéanamh i
bpáirt lena chéile. • Súgradh comhoibritheach – Bíonn an páistí ag
comhoibriú lena chéile chun an cluiche a
fhorbairt agus is minic gur cluiche fada casta a bhíonn ann mar
thoradh ar an gcomhoibriúsin.
Ról an Mhúinteora Luathbhlianta agus an Pháiste Molann
Treoirchleachtas Aistear/Síolta (2015: 2) do mhúinteoirí
luathbhlianta machnamh a dhéanamh ar na deiseannaspraoi agus
foghlama a bhaineann le súgradh. Cabhraíonn dóthain ama, acmhainní
agus tacaíocht na múinteoiríluathbhlianta chun buntáistí a bhaint
as an súgradh. Bíonn ar an múinteoir luathbhlianta breithiúnas a
thabhairt arcathain gur chóir scaoileadh leis na páistí agus
cathain gur chóir teacht isteach san imirt. Beidh sí ag breathnú
níhamháin ar an bhfoghlaim atá ar siúl ag na páistí ach ar na
deiseanna eile chun scileanna eile a fhorbairt, mar
shampla,comhoibriú, caidreamh a bhunú leis na páistí eile agus
fadhbanna a réiteach. Beidh gá le pleanáil, cumasú agus
réiteachionas go dtarlóidh sé seo (Aistear 2009: Treoirlínte le
haghaidh an dea-chleachtais: 58).
Pleanáil le haghaidh súgartha agus fhorbairt na Gaeilge (Aistear
2009: Foghlaim agus forbairt trí mheán an tsúgartha: 59)
Cruthóidh an múinteoir luathbhlianta timpeallacht laistigh agus
lasmuigh chun réimse leathan deiseanna súgartha asholáthar:
• Ullmhóidh, pleanálfaidh agus eagróidh sí gníomhaíochtaí
bunaithe ar cheithre théamaAistear:
o Folláine agus Leas o Féiniúlacht agus Muintearas o Cumarsáid o
Taiscéalaíocht agus Smaointeoireacht • Deimhneoidh sí go bhfuil na
deiseanna súgartha slán sábháilte, spéisiúil agus taitneamhach •
Deimhneoidh sí go n-oireann an timpeallacht do gach páiste, a
c(h)uid láidreachtaí, cumais
agus riachtanais • Déanfar pleanáil ar na focail agus frásaí a
ghabhann leis na gníomhaíochtaí agus gnásanna • Éistfidh an
múinteoir luathbhlianta leis na páistí agus aistreoidh sí na
habairtí a bhíonn á rá
acu as Béarla go Gaeilge
TUMOIDEACHAS SA NAÍONRA A4_2.qxp_Layout 1 18/10/2018 08:30 Page
17
-
18
• Éistfidh an múinteoir luathbhlianta leis na páistí a bhfuil
Gaeilge acu agus cabhróidh sí leosaibhriú a dhéanamh ar a gcuid
cainte trí cheisteanna agus samplaí d’fhoclóir níos forleithne
• Tabharfar deiseanna fáis agus forbartha ó thaobh scileanna
agus tuiscintí do na páistí agusdúshlán chomh maith
• Beidh rogha ag na páistí go minic faoi cad a dhéanfaidh siad
agus cathain a dhéanfaidh siadé
Tacú le súgradh • Labhróidh an múinteoir luathbhlianta leis na
páistí faoina gcuid súgartha agus a gcuid
roghanna • Tabharfaidh sí tacaíocht do na páistí ach gan cur
isteach orthu agus glacfaidh sí páirt san
imirt nuair a thugtar cuireadh di. • Beidh sí in ann leanúint
leis an imirt trí Ghaeilge ach ag leanúint threo an imeartha atá ag
na
páistí • Beidh meas aici ar mhothúcháin, ar theanga, ar chumas,
ar chúlra agus ar chultúr na bpáistí • Cabhróidh sí leis na páistí
scileanna sóisialta a fhorbairt, mar shampla conas a bheith ina
n-imreoirí agus conas déileáil le páistí eile • Cosnóidh sí na
páistí ó aon dochar sa súgradh agus déanfaidh sí idirghabháil i
suíomhanna
a d’fhéadfadh a bheith míchompordach nó dochrach dóibh (go
fisiceach nó gomothúchánach)
Athbhreithniú ar shúgradhIs ga athbhreithniú a dhéanamh ar
shúgradh na bpáistí chun a chinntiú go bhfuil siad ag baint an leas
is fearr as.
• Breathnóidh an múinteoir luathbhlianta go struchtúrtha (féach
Súil, Súil Eile) ar shúgradhgach páiste chun a bheith ar an eolas
faoin saghas imeartha a bhíonn ar bun acu
• Breathnóidh sí ar an úsáid a bhaineann na páistí as an spás
laistigh agus lasmuigh chun afháil amach an bhfuil an timpeallacht
sin ag tacú leis an súgradh nó an bhfuil bac á chur leis
• Bainfidh sí úsáid as nótaí, grianghraif agus fístéip chun
taifead a dhéanamh ar an súgradh • Labhróidh sí leis na páistí
faoina gcuid súgartha chun a gcuid tuisceana féin a fháil amach •
Roinnfidh sí an t-eolas seo faoin súgradh leis na páistí agus a
dtuismitheoirí • Úsáidfidh sí an t-eolas faoin súgradh chun
deiseanna foghlama eile a phleanáil
Samplaí den súgradh Tugann Aistear (Treoirchleachtas: Foghlaim
agus forbairt trí mheán an tsúgartha: 63-73) samplaí den tslí gur
féidir leisan múinteoir luathbhlianta tacaíocht a thabhairt do na
páistí ar bhonn a léiríonn an ceangal le téamaí Aistear.
(Le caoinchead CNCM agus Early Childhood Ireland)
Eispéireas foghlama 51 (Aistear 2009: 69): An cluiche a
athchruthú
Téama: Cumarsáid, Aidhm 3 agus Sprioc foghlama 1
Aoisghrúpa: Leanaí
Suíomh: Seisiún naíonra
Bhí an Bhrasaíl agus Éire le cluiche cairdeachais sacair a
imirt. Bhí roinnt leanaí sa ghrúpa súgartha arb as an mBrasaíldóibh
agus bhí an-sceitimíní orthu. Bhí a lán de na leanaí ag caitheamh a
ngeansaithe foirne. Maidin an chluiche rinnesiad meirgí agus
bratacha. Bhí roinnt de na leanaí le dul chuig an gcluiche an
tráthnóna sin lena dtuismitheoirí i mBaileÁtha Cliath. Labhair na
leanaí agus Liz, stiúrthóir an naíonra, faoi seo ag an gciorcal
comhrá. Baineann roinnt leanaíúsáid as Portaingéilis, teanga
oifigiúil na Brasaíle, agus spreag sé seo plé breise agus fiosracht
i measc na leanaí eile.D’éist Liz leis na scéalta faoi cé a bhí
chun an cluiche a bhuachan agus cérbh iad na himreoirí ab fhearr.
Tar éis an phlé
TUMOIDEACHAS SA NAÍONRA A4_2.qxp_Layout 1 18/10/2018 08:30 Page
18
-
19
tharraing na leanaí pictiúir a bhain leis an téama ‘Peil’. De
réir mar a tharraing siad d’éist Liz le scéalta faoina
líníochtaíagus scríobh sí abairt in aice gach pictiúir bunaithe ar
a raibh á rá ag na leanaí. Léigh sí seo le haghaidh na
leanaí.Chuidigh roinnt de na leanaí léi a ‘scéalta’ a léamh.
Amuigh sa chlós theastaigh ó roinnt de na leanaí a bheith ina
n-imreoirí sacair ar fhoirne na hÉireann agus na Brasaíle.Rinne
siad cuaillí as a gcótaí. D’iarr Liz ar na leanaí eile teacht agus
tacú leis na foirne. Mhol sí dóibh táille a ghearradhar chead
isteach chuig an gcluiche. Bhain siad úsáid as clocha mar airgead
agus as duilleoga mar thicéid agus d’imighSeán agus Rianna isteach
chun meirgí agus bratacha a fháil. Thug roinnt leanaí eile
cathaoireacha amach agusd’eagraigh siad seastáin don lucht
féachana. Bheartaigh Olivia uachtar reoite a dhíol ag an gcluiche
agus bhain úsáidas píosaí páipéir mar uachtar reoite. Baineadh
úsáid arís as clocha mar airgead chun na nithe seo a cheannach!
Roghnaíodh foirne agus aontaíodh ar rialacha an chluiche. Thug
Liz a feadóg ar iasacht do réiteoir an chluiche, Ciara.Shéid sí an
fheadóg go láidir agus thosaigh an cluiche. Scread an lucht
féachana nuair a d’éirigh leis na foirne cúl afháil agus thug siad
tacaíocht do na himreoirí le linn an chluiche. Chroith siad na
meirgí go spreagúil. Shéid an réiteoiran fheadóg ag deireadh an
chluiche agus baineadh amach comhscór. Chroith an dá thaobh lámha
lena chéile agusthacaigh an lucht féachana leo arís. Ar fhilleadh
ar an seomra istigh dóibh, d’eagraigh Liz micreafón samhlaíoch
aguschuir sí agallamh ar an dá fhoireann. Chuir sí síneadh leis an
gcomhrá seo trína tuairimí féin a chur in iúl agus trícheisteanna a
chur.
Ábhar Machnaimh: Conas a chuirfeá féin le forbairt an tsúgartha
agus leis an bhforbairt teanga i gcás mar seo?
Eispéireas foghlama 54 (Aistear 2009: 71): Is breá linn capaill,
mar sin bíodh cairdeas eadrainn
Téama:Taiscéalaíocht agus Smaointeoireacht, Aidhm 2 agus Sprioc
foghlama 5
Aoisghrúpa:Mamailínigh
Suíomh: Seisiún naíonra
Thosaigh Bernadette, leanbh ón Lucht Siúil (2 bhliain agus 10 mí
d’aois) sa ghrúpa súgartha i lár na bliana. Tá capaillag a
teaghlach agus téann siad chuig aonaigh ar fud na tíre. Mar chuid
den chruinniú foirne coicísiúil phléigh anfhoireann conas a
d’fhéadfaí cuidiú le Bernadette an t-aistriú a dhéanamh chuig an
ngrúpa súgartha. D’aontaigh siadpóstaeir de chapaill agus d’aonaigh
a fháil agus iad a chur ar taispeáint ar na ballaí. Chomh maith
leis sin d’iarr siad aran ionad oiliúna áitiúil leantóir beag a
dhéanamh agus samhail de láithreán stad chun cur sa spás don
súgradhsamhlaíoch. Chuir siad tuilleadh capall leis an bhfeirm
bheag bhréige.
Is breá le Michael (3 bliana d’aois) a bhfuil cónaí air ar
fheirm, gach ní a bhaineann le feirmeoireacht –
ainmhithe,tarracóirí agus leabhair i dtaobh feirmeoireachta.
Caitheann Michael seisiúin fhada gach lá ag cur na feirme in
eagaragus ag súgradh léi. Socraíonn sé na geataí leis na ba a
choinneáil istigh agus cinntíonn sé go bhfuil uisce ag
nahainmhithe. Is léiriú an súgradh seo ar nithe san fhíorshaol is
breá leis a dhéanamh lena Mhamaí agus a Dhaidí aoibríonn ar an
bhfeirm. Thaitin sé le Michael go raibh capaill sa bhreis anois san
fheirm bhréige. Thaitin sé le Bernadetteseasamh ina chóngar agus
breathnú ar Michael agus é ag súgradh. Go minic shuigh sí in aice
leis, agus páirt á glacadhaici sa súgradh mar bhreathnóir. Chonaic
an fhoireann a raibh ag tarlú. Tar éis cúpla lá agus le spreagadh ó
Nóra,stiúrthóir an ghrúpa shúgartha, chinn Bernadette páirt a
ghlacadh le Michael agus súgradh leis na capaill. Thosaighcaidreamh
eatarthu. Thacaigh Nóra leis seo agus d’iarr sí orthu nithe a
dhéanamh cosúil le glanadh suas lena chéileagus súgradh lasmuigh
lena chéile.
Is breá leo cluichí a imirt a bhaineann le capaill. Is breá le
Bernadette é seo agus go minic téann sí chun a Daid a fheiceáili
rásaí ar a gcapaill féin. Uaireanta ligeann Michael air gurb é siúd
an capall agus gurb í Bernadette a hathair agus í agmarcaíocht ar
an gcapall. Deir Bernadette giddy-up leis an gcapall. Ó am go
chéile úsáideann Bernadette focail‘Caintise’ fad is atá sí ag
súgradh. Tá suim ag Nóra tuilleadh a fháil amach faoi seo ó
thuismitheoirí Bernadette. Ag angcéad chruinniú foirne eile
molfaidh sí dá comhghleacaithe go bhfoghlaimeoidís agus go
n-úsáidfidís roinnt focalCaintise chun cuidiú le Bernadette bheith
níos sona compordaí sa ghrúpa súgartha. Chuideodh sé seo leis na
leanaíeile tuilleadh a fhoghlaim faoi shaol an Lucht Siúil.
TUMOIDEACHAS SA NAÍONRA A4_2.qxp_Layout 1 18/10/2018 08:30 Page
19
-
20
Ábhar Machnaimh: An léiriú maith na frapaí súgartha i do shuíomh
ar chultúir agus ar chúlraí na leanaí?
Ábhar Machnaimh: Conas a bhféadfá cur le tuiscintí na bpáistí ar
chultúir éagsúla?
Suimiú Pléadh moltaí Aistear (CNCM 2009) agus Síolta, (LFOLÓ
2006) faoi shúgradh sa chaibidil seo, le béim ar na
deiseannafoghlama, caidrimh agus sealbhaithe teanga atá i gcuraclam
a chuireann béim ar spéiseanna na bpáistí. Rinneadh cursíos ar na
cineálacha éagsúla súgartha ata ann, súgradh le teanga san áireamh
agus pléadh ról an mhúinteoraluathbhlianta agus ról an pháiste.
Moladh bealaí chun an súgradh a phleanáil chun forbairt iomlán an
pháiste a churchun cinn, forbairt teanga san áireamh, agus tugadh
samplaí den tslí inar féidir smaointe na bpáistí a fhorbairt ar
bhonngníomhach cruthaitheach.
TUMOIDEACHAS SA NAÍONRA A4_2.qxp_Layout 1 18/10/2018 08:30 Page
20
-
21
CAIBIDIL 4:PLEANÁIL LE HAGHAIDH FOGHLAIM AGUS
FORBAIRT TEANGANaisc le hAistear agus le Síolta Téamaí Aistear
Folláine agus Leas, Féiniúlacht agus Muintearas, Cumarsáid a
Dhéanamh, Taiscéalaíocht agus Smaointeoireacht
Treoirlínte le haghaidh an Dea-ChleachtaisTacú leis an
bhfoghlaim agus leis an bhforbairt tríd an measúnú (lgh 72-102);
Treoir d’Úsáideoirí (lgh 12-22)
Caighdeáin Síolta 1: Cearta an Linbh, C1.1, 1.2, 1.3
6: Súgradh, C6.3, 6.5, 6.7
7: Curaclam, C7.1, 7.5, 7.6
Achoimrí Taighde nasctha leis na Caighdeáin thuas
Réamhrá Bíonn túsphointí éagsúla i bpleanáil curaclaim agus
teanga, idir chinn a eascraíonn as spéis na bpáistí agus chinn
aeascraíonn as curaclam pleanáilte roimh ré ag na múinteoirí
luathbhlianta (Treoir Chleachtais Aistear Síolta: Pleanáilagus
measúnú le haghaidh foghlaim agus forbairt leanaí. (Breith – 6
bliana d’aois): 2).
Glaoitear curaclam éiritheach (emergent curriculum) ar an gcaoi
go dtugann na múinteoirí luathbhlianta aird arspéiseanna agus
fiosracht na bpáistí agus go mbunaíonn siad gníomhaíochtaí ar an
spéiseanna sin thar tréimhse ama.Mar shampla, má tá spéis leanúnach
ag páistí áirithe i ndineasáir, cuireann na múinteoirí
luathbhlianta lena gcuid eolaisféin faoi dhineasáir trí léamh fúthu
ar an idirlíon nó trí Ieabhair eolais do pháistí a chur ar fáil sa
naíonra agus eagraíonnsí gníomhaíochtaí foghlama bunaithe ar
dhineasáir i gcaitheamh seachtaine nó níos faide. Cuirfear san
áireamh chomhmaith cúrsaí teaghlaigh, imeachtaí sa cheantar agus
ócáidí ceiliúrtha na bliana. Beidh fás agus forbairt na bpáistí
thartréimhse bliana san áireamh anuas air sin.
Saghsanna pleanála Beidh cineálacha éagsúla pleanála i gceist
dar le hAistear (Aistear Síolta Treoir Chleachtais. Leabhrán
eolais: Pleanáilagus measúnú le haghaidh foghlaim agus forbairt
leanaí (Breith – 6 bliana d’aois): 2):
• Pleanáil fhadtréimhseach don bhliain • Pleanáil
mheántréimhseach/ don téarma • Pleanáil ghearrthréimhseach/don
tseachtain • Pleanáil ar an toirt/spéis nua a éiríonn gan
coinne
Pleanáil fhadtréimhseach don bhliainBreac-chuntas ar aidhmeanna
an naíonra maidir le fás agus forbairt na bpáistí atá i gceist
anseo, agus forbairt iomlánan pháiste á lua, ach le béim faoi leith
ar shealbhú agus ar shaibhriú na Gaeilge i rith na bliana. Beidh
cur síos ann arconas a chuirfear polasaí an tumoideachas i bhfeidhm
sa naíonra agus na straitéisí teagaisc agus foghlama, súgradhgo
háirithe, a mbainfear úsáid astu. Déanfar cur síos ar leagan amach
an tseomra agus ar an háiseanna lasmuigh faoin
TUMOIDEACHAS SA NAÍONRA A4_2.qxp_Layout 1 18/10/2018 08:30 Page
21
-
22
aer. Léireofar chomh maith an saghas caidrimh a bheidh á bheartú
leis na tuismitheoirí. Tabharfar cuntas ar na meonta(dispositions),
luachana agus dearcthaí, mar aon leis na scileanna, leis an eolas
agus leis na tuiscintí a bhfuil i gceist afhorbairt go
fadtréimhseach. Déanfar tagairt don fhorbairt seo faoi cheannteidil
na bpríomhthéamaí in Aistear aguscinn eile a oireann d’aidhmeanna
an naíonra. (Aistear SíoltaTreoir Chleachtais. Leabhrán eolais:
Pleanáil agus measúnúle haghaidh foghlaim agus forbairt leanaí
(Breith – 6 bliana d’aois): 4; Ó hAdhmaill 2015: 33).
Pleanáil mheántréimhseach/ don téarmaTabharfar cuntas ar
thopaicí leathana anseo a mbíonn spéis ag páistí iontu de ghnáth,
mar shampla Mé Féin, Motheaghlach, Báibín Nua nó Cuairt ar an
Dochtúir. Déanfar ócáidí ceiliúrtha an téarma a bhreacadh, mar
shampla OícheShamhna, An Nollaig nó Lá ‘le Pádraig. Tabharfar
cuntas gearr ar na gníomhaíochtaí agus eispéiris a chuirfear ar
fáil.Luafar an foclóir, na frásaí agus na rainn, na hamhráin agus
na scéalta a bheadh oiriúnach. Beidh ábhar agusgníomhaíochtaí
ullamh le húsáid de réir mar a thagann siad chun cinn nó nuair a
léireoidh na páistí spéis iontu. Beidhmoltaí ag na páistí freisin
chun cur leis an bhfoghlaim agus leis an spraoi. Féach an teimpléad
in Aguisín 1.
Pleanáil ghearrthréimhseach/don tseachtain Beidh go leor den
phleanáil seo bunaithe ar spéiseanna na bpáistí agus cuirfear raon
leathan gníomhaíochtaí ar bunchun freastal ar na spéiseanna sin. Ag
an am gcéanna, feicfear le hiomlánú a dhéanamh ar réimsí nár
ardaigh na páistíionas go mbeidh forbairt iomlán an pháiste i
gceist. Féach an teimpléad in Aguisín 2.
Pleanáil ar an toirt/spéis nua a thagann aníos gan
choinneTiocfaidh ábhar suime chun cinn gan choinne mar a léirítear
san fhíseán Bláthanna deasa buí le Máire Uí
Mhurchú(https://player.vimeo.com/video/224450382).
Chuir na páistí spéis i mbláthanna lusa an chrom cinn a thug an
múinteoir luathbhlianta isteach sa naíonra. Bhí caintagus comhrá
ann maidir leis na bláthanna agus tugadh deis ansin do na páistí a
gcuid bláthanna féin a phéinteáil.
Tugann an dara físeán (https://player.vimeo.com/video/224450150
) cur síos ar shuim na bpáistí ina gcuid gruaigeféin agus gruaig a
muintire agus bunaíodh gníomhaíochtaí ealaíne air sin leis. Is
féidir leanúint leis an spéis sa ghruaigtrí shiopa gruagaire nó
siopa bearbóra a eagrú sa naíonra níos déanaí agus athrá agus
forbairt teanga a bheith mardhlúthchuid den súgradh drámata sin.
Beidh plean oscailte ann ar conas tabhairt faoi fhiosrú a dhéanamh
ar an ábharnua seo agus conas cur leis an bhfoghlaim, mar shampla
leabhair nó eolas ar an idirlíon a aimsiú faoi nithe a tháinigchun
cinn gan choinne agus saibhriú a dhéanamh ar shúgradh na bpáistí.
Is féidir leis an múinteoir luathbhlianta moltaíbreise a dhéanamh
faoi spéis na bpáistí tríd an seomra a atheagrú nó trí rólimirt a
mholadh.
Taifead agus forleathnúBa chóir taifead a dhéanamh ar an
bhfoghlaim a dhéanann an páiste go tráthrialta. Is minic a
chabhraíonn grianghraifden pháiste agus é/í i mbun gnímh maille le
cuntas gearr ar a bhfuil ar siúl aige/aici. Ansin, is féidir
tráchtaireachtghearr a dhéanamh ar an bhfoghlaim faoi théamaí
Aistear agus moltaí a dhéanamh faoin bhfoghlaim a leathnú. Moltaran
taifead a chur abhaile chuig na tuismitheoirí mar léiriú ar a
bhfuil á dhéanamh ag an bpáiste. Féach an teimpléad inAguisín
3.
Samplaí de ghníomhaíochtaí sa naíonra
Gnásanna a tharlaíonn gach láBíonn imeachtaí áirithe a
tharlaíonn gach lá ar an mbealach céanna roinnt mhaith den am.
Tugtar ‘gnás’ ar imeacht maram lóin nó réiteach le dul abhaile
toisc go dtiteann siad amach beagnach ar an mbealach céanna gach
uair. Cruthaíonnsé seo deis iontach chun an teanga a ghabhann leis
an ngnás a thuiscint, a shealbhú, a úsáid agus a leathnú.Is iad seo
a leanas cuid de na himeachtaí atá ina ngnásanna laethúla:
TUMOIDEACHAS SA NAÍONRA A4_2.qxp_Layout 1 18/10/2018 08:30 Page
22
-
23
• Teacht an pháiste chuig an naíonra • Glanadh an tseomra • Ag
glaoch an rolla • Am lóin • Am ciorcail • Am dul abhaileAithníonn
an múinteoir luathbhlianta gur gá an t-eagrúchán agus an chaint a
ghabhann leis an ngnás a dhéanamh mara gcéanna gach uair agus
cumann sí focail agus frásaí cinnte do gach gnás. Tuigeann na
páistí cad a bhíonn á rá aicitoisc go mbaineann sé leis an ngnó
idir lámha, sealbhaíonn an páiste na habairtí agus na focail seo
toisc go ndeirteargo minic iad thar tréimhse ama agus de réir a
chéile tosaíonn sé/sí á rá. Is fearr na habairtí seo a bheith
simplí agusgearr i dtosach ach is féidir iad a leathnú tar éis
tamaill nuair ata siad ar eolas ag na páistí. Is minic gur féidir
na gnásannaseo a cheangal le rainn nó le hamhráin nó le scéal sa
naíonra.
Am lóin Tugann am lóin sa naíonra deis iontach do na páistí an
Ghaeilge a shealbhú gach lá agus cur le stór focal faoi
leith.Baineann rialtacht leis an lón sa mhéid agus go leanann sé an
patrún céanna eagrúcháin agus cainte, idir chaint anmhúinteora
luathbhlianta agus na frásaí rialta a bhíonn in úsáid ag na páistí
gach lá. Tá an-tábhacht ag baint le rialtachtmaidir le sealbhú na
dara teanga. Cabhraíonn an rialtacht a bhaineann le heagrú agus le
cur i láthair an lóin leis napáistí chun a thuiscint cad a bhíonn
ar siúl agus cad atá le rá agus le déanamh acu féin.
Bíonn a bhealach féin ag gach naíonra chun an lón a eagrú ach,
mar shampla, más nós leis an naíonra na boscaí lóin abhaint amach
as an gcuisneoir agus ceist a chur faoi cé leis an lón seo,
tuigfidh na páistí cad atá ar siúl agus beidh fonnorthu páirt a
ghlacadh sa ghnás. Úsáidfidh an múinteoir luathbhlianta an
fhoclaíocht chéanna gach uair: “Cé leis anlón seo?” Cabhróidh an
múinteoir luathbhlianta leis an bpáiste chun í a fhreagairt: “Is
liomsa é”, tríd an abairt a rá inéineacht leis/léi. De réir a
chéile beidh na páistí in ann an abairt a rá iad féin. Nuair atá
máistreacht faighte ag na páistíar na habairtí seo, beidh siad in
ann iad a leathnú, mar shampla:
Múinteoir luathbhlianta: Cé leis an bosca lóin buí?
Páiste: Is liomsa é, go raibh maith agat.
Tarlóidh timpistí beaga go minic, deoch á dhoirteadh, bia ag
titim ar an urlár, easpa sceanra, srl. Is deiseanna teangaiad seo
chomh maith chun na habairtí cuí a thabhairt do na páistí, iad a rá
in éineacht leo ag an tosach agus iad aspreagadh chun iad a rá go
neamhspleách de réir a chéile.
Páiste: I spilled my milk.Múinteoir luathbhlianta: Dhoirt mé mo
bhainne.Páiste: Dhoirt ….Múinteoir luathbhlianta agus páiste:
Dhoirt mé mo bhainne.Múinteoir luathbhlianta: Glanfaimid suas anois
é. Ná bí buartha. Seo duit deoch eile.
Páiste: My ceapaire fell on the floor.Múinteoir luathbhlianta:
Thit mo cheapaire ar an urlár. Páiste: Thit mo cheapaire
….Múinteoir luathbhlianta agus páiste: Thit mo cheapaire ar an
urlár.Múinteoir luathbhlianta: Tá an ceann sin salach. Ná bac leis.
Is féidir leat an ceann eile a ithe.
Páiste: I’ve no spúnóg.Múinteoir luathbhlianta: Níl spúnóg
agam.Páiste: Níl spúnóg agam.Múinteoir luathbhlianta: Maith thú.
Seo duit spúnóg. … Go raibh maith agat.Páiste: Go raibh maith
agat.
TUMOIDEACHAS SA NAÍONRA A4_2.qxp_Layout 1 18/10/2018 08:30 Page
23
-
24
Cén phleanáil atá le déanamh anseo?Bíonn a ghnás féin ag gach
naíonra ach cuireann siad rudaí áirithe san áireamh agus iad á
phleanáil d’am lóin:
• Níochán na lámh a eagrú • Réiteach an bhoird: an féidir leis
na páistí a bheith páirteach ann? Beidh deiseanna teanga
agus matamaitice i gceist le leagan an bhoird agus le dáileadh
na bplátaí agus na gcupán. Isminic go n-ainmnítear ‘cuiditheoir’
amháin gach lá ar róta, chun na plátaí srl. a leagan amachnó duine
amháin chun na málaí lóin a scaipeadh agus iad ag úsáid abairtí
faoi leith, "Cé leisé seo?" mar shampla.
• An mbeidh na múinteoirí luathbhlianta ina suí in éineacht leis
na páistí faoi mar a mholannWeitzman & Greenberg (2002)?
• An féidir leis na páistí páirt a ghlacadh i réiteach agus riar
an lóin, mar shampla, an scaipeannsiad plátaí, málaí, boscaí lóin,
srl.?
• Conas a léiríonn an páiste gur leis nó léi an mála nó an bosca
lóin? • Conas a cuirtear tús leis an lón agus cad a bheidh le rá ag
an múinteoir luathbhlianta? • Cad a déarfaidh na páistí? Cad iad na
habairtí rialta a bheidh le rá acu? • Conas is féidir na nathanna
cainte a leathnú thar tréimhse ama? • Má tá cabhair ó pháiste,
conas a chuirfidh sé/sí é sin iúl don mhúinteoir luathbhlianta? •
An gcuireann an múinteoir luathbhlianta béim ar bhéasa anseo ar nós
“go raibh maith agat”
agus “le do thoil”? • Conas is féidir ócáid shóisialta a
dhéanamh den lón? • Conas a chuirfear críoch leis an lón? • An
féidir amhráin nó rainn a cheangal leis an lón? Tá amhráin ar fáil
ar dhlúthdhioscaí agus
leabhair atá oiriúnach d’am lóin. San áireamh tá na cinn seo a
leanas ó Maidin sa Naíonra(FNT 2005):
Tá tart ormTá tart orm x 2Tá tart orm sa Naíonra.Ba mhaith liom,
deoch x 2Ba mhaith liom deoch sa Naíonra.
Tá ocras orm x 2Tá ocras orm sa Naíonra;Ba mhaith liom lón x 2Ba
mhaith liom lón sa Naíonra
Tá tart is ocras orm anoisTá tart is ocras orm anois, Orm anois,
orm anois;Tá tart is ocras orm anois;Ba mhaith liom suí chun boird
don lón.
Tá rann oiriúnach eile ar fáil sa leabhar agus dlúthdhiosca
Bróga Nua (Ní Shuilleabháin 2016:69)
‘Bhfuil se in am lóin?‘Bhfuil se in am lóin,in am lóin, in am
lóin?Bhfuil sé in am lóin?Níl go fóill.
‘Bhfuil se in am lóin,in am lóin, in am lóin?Bhfuil sé in am
lóin?Tá a stór.
TUMOIDEACHAS SA NAÍONRA A4_2.qxp_Layout 1 18/10/2018 08:30 Page
24
-
25
Moltaí breise Le linn am lóin, is féidir leis an múinteoir
luathbhlianta:
• Ceisteanna a chur ar na páistí faoi cad atá acu don lón, cé a
réitigh an lón an lá sin, cárcheannaigh pé duine an bia, srl.?
• Úsáid a bhaint as frásaí ar nós “Is maith liom; Ní maith liom;
Ba mhaith liom; Níor mhaithliom”.
• Cabhrú leis na páistí ceisteanna faoin lón a chur ar a chéile:
“Cad atá agatsa don lón”. “Anmaith leat ceapairí?” “Cén deoch atá
agat inniu?”
• Má tá polasaí sa naíonra maidir le bia folláin a chur chun
cinn, is féidir é seo a phlé ag amlóin agus ceisteanna a chur ar na
páistí mar gheall air.
Leathnú ar úsáid na n-abairtí Is féidir na nathanna cainte thuas
a úsáid i gcomhthéacs eile ina dhiaidh sin, mar shampla nuair atá
na cótaí á dtabhairtar ais do na páistí ag deireadh na maidine:
Múinteoir luathbhlianta: Cé leis an cóta seo?Páiste: Is liomsa
é.Tar éis tamaill is féidir leathnú a dhéanamh ar an
habairtí:Múinteoir luathbhlianta: Cé leis an cóta deas te
seo?Páiste: Is liomsa é. Tá sé deas te.
Níl teorainn leis an sealbhú teanga ag am lóin agus le linn
gnásanna eile sa naíonra ach smaoineamh ar na deiseanna,abairtí
simplí a chumadh a oireann don ghnás agus na habairtí céanna a
úsáid go rialta. Cabhraíonn sé go mór leis napáistí má úsáideann na
múinteoirí luathbhlianta go léir sa naíonra na habairtí céanna sa
tslí céanna. Mar sin, is gá gombeadh na habairtí sin pléite agus
aontaithe acu eatarthu féin roimh ré.
Am Ciorcail Is cuid an-tábhachtach den mhaidin é Am Ciorcail
nuair a bhailíonn na páistí go léir le chéile agus eagraíonn
anmúinteoir luathbhlianta pointe suime dóibh. Uaireanta roghnaíonn
an múinteoir luathbhlianta an pointe suime seoagus uaireanta eile
eascraíonn sé as spéiseanna na bpáistí.
Is deis iontach é seo chun téamaí nua a léiriú agus músclaíonn
sé spéis na bpáistí i réimse leathan ábhar timpeall orthu.Anuas air
sin, tugann am ciorcal taithí dóibh ar a bheith ag éisteacht lena
chéile agus leis an múinteoir luathbhliantaagus ar a bheith ag
feidhmiú mar ghrúpa. Ócáid chaidrimh agus ócáid teanga atá ann mar
cuirtear ábhar nua ina láthairagus an teanga a ghabhann leis, agus
bíonn forbairt á déanamh ar a gcuid eolais agus ar a gcuid
tuisceana.
Cén phleanáil atá le déanamh anseo? • Cuir ceist ar na páistí
faoi na hábhair ar mhaith leo a phlé agus roghnaigh ábhar nó
gníomhaíocht don am ciorcail roimh ré • Smaoinigh ar conas is
féidir an téama a nascadh le téamaí eile atá pléite cheana •
Réitigh aon fhearas/frapaí/bréagáin a bheidh ag teastáil chun an
téama a phlé go
héifeachtach leis na páistí • Ullmhaigh na téarmaí agus foclóir
a bheidh in úsáid don ábhar. Tá sé tábhachtach an bhéim
a chur ar chúpla focal seachas dul thar fóir leis an iomarca
focal nua don pháiste ag aon amamháin. Roghnaigh téarmaí agus
réimse focal atá oiriúnach don téama. Smaoinigh ar fhoclóiratá acu
cheana féin agus déan iarracht é a athúsáid i gcomhthéacs nua.
Beidh tú in ann tógáilar an bhfoclóir nua seo nuair a bheidh sé
sealbhaithe ag na páistí.
• Inis do na páistí roimh ré cad go díreach a bheidh ag tarlú
agus má tá siad ag iarraidh rud athabhairt isteach ón mbaile a
bhaineann leis an téama, beidh seans acu é a phlé leis
antuismitheoir/caomhnóir.
TUMOIDEACHAS SA NAÍONRA A4_2.qxp_Layout 1 18/10/2018 08:30 Page
25
-
26
• Is fiú cuireadh chuig an naíonra a thabhairt do dhaoine le
Gaeilge sa cheantar, altra nó gardamar shampla, agus is féidir
cabhrú leo labhairt go simplí as Gaeilge leis na páistí. Ba chóir
gombeadh imréiteach na nGardaí ag aon chuairteoir.
Sampla Is é seo sampla amháin a léiríonn an bealach ar féidir a
leithéid a dhéanamh:
Téama na seachtaine sa naíonra: daoine a chabhraíonn liom i mo
cheantar.
Roghnaigh na páistí an t-otharcharr. Bhailigh an stiúrthóir
cúpla leabhar le scéalta iontu faoi dhaoine san ospidéal.Fuaireamar
an bosca dochtúra sa naíonra agus thógamar aníos creatlach le
taispeáint do na páistí agus le díriú ar nacnámha agus baill an
choirp. Shocraíomar cuairt ón otharcharr áitiúil.
Thug cúpla páiste pictiúir d’altraí agus de dhochtúirí gearrtha
amach as irisleabhair isteach. Shuíomar síos i gciorcalagus fuair
gach páiste seans a scéal a insint mar gheall ar ócáid éigin a
bhain leis an téama. Thaispeáin siad na pictiúirdá chéile. Rinne
siad cur síos ar a bpictiúir agus go minic is é an rud céanna a
bhíodh le rá acu. Thug sé sin seans donstiúrthóir an-úsáid a bhaint
as athrá anseo chun cabhrú leo an Ghaeilge a shealbhú agus
sainfhoclóir nua a chloisteáilagus a fhoghlaim.
An lá dar gcionn bhíomar réidh chun dul amach chuig an
otharcharr féin, faoi mar atá léirithe sa ghrianghraf
thíos.D’fháiltigh foireann an otharchairr roimh na páistí agus
labhair siad leo ar feadh cúpla nóiméad mar gheall ar an
bhfearasann. Fuair na páistí seans triail a bhaint as sínteán agus
siúl tríd an otharcharr. Chuir an tiománaí an bonnán ar
siúldóibh.
Ag am ciorcail an lá dar gcionn sa naíonra, rinneamar achoimre
ar an ócáid agus ar an bhfoclóir nua. Thuig na páistí gogcabhraíonn
an t-otharcharr agus an fhoireann leo agus nach raibh gá bheith
eaglach faoi.
Tar éis sin, rinneamar aithris ar chuairt chuig an dochtúir agus
fuair gach páiste seans gléasadh suas, bindealán achaitheamh agus
féachaint isteach sa bhosca dochtúra.
An chéad uair eile a chuireamar bileog eolais abhaile, bhí
liosta ann den fhoclóir nua agus na téarmaí a bhain leis
andtéama.
Chabhraigh an phleanáil chuí roimh ré chun a chinntiú gur éirigh
leis an gcuairt agus gur bhain na páistí taitneamhagus tairbhe mór
aisti. Chuir sé go mór lena gcuid eolais agus taithí agus thug sé
deiseanna dóibh foclóir agus frásaínua a thuiscint sa chomhthéacs
cuí.
TUMOIDEACHAS SA NAÍONRA A4_2.qxp_Layout 1 18/10/2018 08:30 Page
26
-
27
3: CUAIRT ÓN OTHARCHARR
An ScéalaíochtLéiríonn taighde go bhfuil an-tábhacht ag baint
leis an scéalaíocht mar áis shealbhaithe teanga (Mourão 2015,
French2012, An Roinn Oideachais agus Scileanna 2011, Mhic Mhathúna
2010) ach é a chur faoi bhráid na bpáistí ar bhealachoiriúnach.
Moltar an foclóir a chur i láthair na bpáistí ar bhealach gníomhach
trí gheáitsí agus trí rudaí a thaispeáintdóibh chun brí a chur in
iúl. Aithníonn Tabors (2008) go bhfuil dúshlán faoi leith ag baint
le scéalta sa dara teanga agusmolann sí iad a insint do ghrúpaí
beaga páistí chun seans a thabhairt don mhúinteoir luathbhlianta
iad a chur in oiriúintdo spéis agus leibhéal tuisceana na bpáistí
sin. Dar ndóigh, beidh deiseanna eile na scéalta a insint don
ghrúpa ar fadnuair a bheidh buntuiscint acu ar na scéalta céanna.
Moltar scéalta a chur i láthair na bpáistí go minic, gach lá
másféidir, nuair nach mbeidh brú ama ann chun an scéal a chríochnú
go tapa.
Cén phleanáil atá le déanamh anseo? Tá roinnt pleanála le
déanamh sula dtugtar faoin scéalaíocht lena chinntiú go mbeidh
eispéireas fiúntach taitneamhachagus spraíúil ag na páistí. Is é
seo a leanas roinnt ceisteanna a d’fhéadfaí a chur roimh thosú ar
scéal a dhéanamh:
• Cén scéal a bheidh á léamh nó á insint? An dtagann sé leis an
téama reatha atá idir lámha nóan bhfuil cúis eile leis an rogha? An
léiríonn sé éagsúlacht na bpáistí atá sa naíonra (cúlraí,cultúir,
cumais, inscní agus struchtúir teaghlaigh na leanaí)?
• Cén bealach nó modh scéalaíochta ar mhaith leat a úsáid? Mar
shampla: léamh, insint,rólimirt, puipéid, éisteacht le
dlúthdhiosca, srl.
• Cén foclóir a bheidh in úsáid chun an scéal a insint? An
mbeidh focail nua á bhfoghlaim nóan mbeidh dul siar ar fhoclóir atá
cloiste cheana ar bun? Smaoinigh ar an bhfoclóir ata areolas acu
cheana agus an foclóir nua a bheidh ag teastáil.
• Úsáid tuin chainte speisialta, gothaí gnúise, comharthaí
láimhe, aisteoireacht agus bealaí eilechun aird an pháiste a fháil
agus chun cabhrú leo an scéal a thuiscint.
• Ná bíodh eagla ort dul thar fóir leis an ngeáitsíocht mar is
aoibhinn leis na páistí an duinefásta a fheiceáil i mbun aithrise
drámata. Tuigeann an páiste níos mó ón méid a fheiceannsiad os a
gcomhair.
• Cén fearas nó cad iad na frapaí a bheidh ag teastáil chun an
scéal a chur i láthair? Smaoinighar bhealaí chun an leas is fearr a
bhaint as an trealamh sa naíonra chun cabhrú leat.
• Conas a thagann an scéal le téamaí agus prionsabail Aistear?
An mbeidh deis iad a chur chuncinn leis an scéal?
• An mbeidh deis ag na páistí smaoineamh agus labhairt faoi na
carachtair, na mothúcháinagus eachtraí an scéil?
• Conas is féidir na páistí a mhealladh le bheith rannpháirteach
san insint? An mbeidh tú agcur ceisteanna oiriúnacha orthu? Is
minic gur fearr ceist a chur a bhfuil an freagra ar eolasacu: Cad
atá sa phictiúr? An bhfuil Teidí áthasach nó brónach? Níos déanaí
is féidir ceisteannaoscailte a chur orthu: Cad atá ar siúl aige?
Cén fáth? Ansin beidh seans ann glacadh le freagraan pháiste, athrá
a dhéanamh ar a c(h)uid cainte agus é a leathnú.
• An mbeidh grúpa beag nó an grúpa iomlán ag éisteacht leis an
scéal? Más grúpa beag é,cad a bheidh ar siúl ag na páistí eile?
• Cén áit a mbeidh an scéalaíocht ar bun? An bhfuil an spás
compordach agus mealltach? • An bhfuil aon amhráin nó rainn ag
teacht le hábhar an scéil a d’fhéadfaí a dhéanamh leis na
páistí?
Mála scéalaíochtaBealach amháin chun scéalta a chur i láthair go
gníomhach ná trí mhála scéalaíochta a chruthú agus a úsáid.
Leabharagus bailiúchán d’ábhar a bhaineann leis an scéal atá i
gceist. Sa bhailiúchán bheadh leabhar, Bran Amuigh ag Siúl(Hill,
1982) mar shampla, bréagán nó puipéad de mhadra, na rudaí atá
luaite sa scéal (cat, cearc, éan, bláthanna,cairéad agus cnámh)
agus leabhar eolais faoi mhadraí (Coileán ó Futa Fata). Bheadh rann
nó amhrán faoi mhadraaimsithe ag an múinte