-
T A O B H I S T I G H : B E A L T A I N E - M E I T H E A M H 2
0 1 7 I M L E A B H A R 4 E A G R Á N 3
L E A T H A N A C H 1
AN TAOBH Ó THUAIDH agus ar fud na cathrach
Ná labhair faoi ach déan é
L U A C H € 1 . 5 0
[email protected] A N T A O B H Ó T H U A I D H
BAIN AOIBHNEAS AGUS SULT AS BHUR SAOIRE!
Ceacht beag 2
An Bus Dearg 2
Scéal grinn 3
Filleadh na gCimí,
Meitheamh 1917
4
Turas go dtí an
tSeapáin - III
5
An Caisearbhán 6
Trí Dhán um
Cháisc
7
Caisleán Sord
Cholmcille
8
An Tigín Bán 9
Crosfhocal & Cuardach focal
10
Fáilte don Tetrapód
11
An Gooch 12
AN RAIBH TÚ AR AN LÉIRSIÚ? Bhí Lá Mór Dearg ag Gaeilgeoirí na Sé
Chontae an 20 Bealtaine chun Acht na Gaeilge a lorg. Bhí a lán
cainte faoi chomhionannas (equality) aimsir Chomhaontú Aoine an
Chéasta sna nóchadaí. Maítear i gComhaontú Chill Rìmhinn (2006):
“Tabharfaidh an Rialtas [Ríocht Aontaithe] isteach Acht na Gaeilge
ina léireofar taithí na Breataine Bige agus na hÉireann agus
oibreoidh siad i bpáirt leis an Fheidhmeannas (Executive) atá le
toghadh le forbairt na Gaeilge a fheabhsú agus a chosaint.” Níor
comhlíonadh an gealltanas sin go fóill. D’fhoilsigh An Roinn
Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta sa Tuaisceart Tograí (proposals)
faoi chinne Bille Gaeilge i 2015. Tá na Gaeilgeoirí ag feitheamh
leis an tAcht fós. Bhí na mílte duine ar an léirsiú i mBéal
Feirste, iad gléasta i ndath dearg, iad glórmhar ach síochánta, ag
lorg a gcearta teanga. Bhí daoine óga bríomhara chun tosaigh ar an
lá, san eagraíocht, sa ghríosú ar an tsiúlóid agus sna hóráidí ag a
dheireadh os comhair Halla na Cathrach. Bhí Gaeilgeoirí ón
Phoblacht i measc an tslua (thíos) ach, i mo thuairim ní raibh
mórán acu ann. Mura bhfuil Gaeilgeoirí uile na tíre in ann
tacaíocht a thabhairt dá chéile ní bhogfaidh na polaiteoirí. Má tá
an Páirtí Coimeádach i Westminster ag brath ar An Páirtí
Aontachtach Daonlathach le fanacht i gcumhacht beidh sé riachtanach
dúinn, Gaeilgeoirí, seasamh le chéile chun Acht na Gaeilge a
fháil.
-
CEACHT BEAG GAEILGE: AN RÉIMÍR (PREFIX) “RÓ” (TOO)
AN BUS DEARG Pádraig Mac Éil
L E A T H A N A C H 2
[email protected] A N T A O B H Ó T H U A I D H
I M L E A B H A R 4, E A G R ÁN 3
Nuair a chuirtear an réimír “ró-” roimh aidiacht tá an chiall
“too” leis. Séimhítear an consan tar éis “ró-” AGUS NÍ CHUIRTEAR
FLEISCÍN (hyphen) idir an “ró” agus an aidiacht. Bíonn fleiscín i
gcónaí idir “ró-”, agus aidiacht dar tús guta, mar shampla:
ró-álainn - too beautiful; róbheag - too small; róchúng - too
narrow; ródhaor - too dear; ródhian - too hard; ró-éasca - too
easy;
rófhairsing - too wide; róghlan - too clean; ró-íseal - too low;
róláidir - too strong; rómhór - too big; róshaibhir - too rich;
róshean - too old; róthrom - too heavy; ró-uaigneach - too
lonely;
Comhghairdeas le Conradh na Gaeilge as bus saor a chur ar fáil
do Ghaeilgeoirí Bhaile Átha Cliath chun taisteal go dtí an Lá Dearg
i mBéal Feirste 20 Bealtaine. Agus mé ag druidim cóngarach do
Shráid Fhearchair roimh 9.00am bhí mé chomh soineanta (naïve) sin
gur chuir sé iontas orm nach raibh an tsráid plódaithe le
Gaeilgeoirí. Tháinig scata díreach roimh theacht an bhus. Faraor,
ní raibh an méid sin acu ann chun an bus a líonadh. An bhfuil an
táimhe (inertia) chomh tréan sin i nGaeilgeoirí na
Príomhchathrach?
Thug na daoine a bhí ar an mbus ardú meanman dom. Tá taithí agam
freastal ar mhaidineacha caife agus ar chiorcail comhrá. Buailim le
daoine suimiúla agus cairdiúla ach, leis an fhírinne a admháil,
bíonn siad, de ghnáth, mar atáim féin, aosta. Ar an mbus bhí daoine
óga, fuinniúla, dathúla le togha na Gaeilge acu agus iad ag caint
sa teanga go tapa agus go líofa. Ó Domhan cróga nua, ina bhfuil
Gaeilgeoirí mar seo!
Cosúil leis An Chabhail Dochreidte (Incredible Hulk) tháinig
athrú crutha ar dhaoine ar an turas ó thuaidh ach go dath dearg in
ionad dath uaine!
Ar shroicheadh Cultúrlann McAdam Ó Fiaich linn ar Bhóthar na
bhFál shiúlamar i bpáirt leis na mílte (idir 5,000 agus 12,000 de
réir na meán) eile go
Halla na Cathrach ag béiceadh “Acht Gaeilge anois!”, “Cearta
Daonna, Cearta Teanga!” agus “Tír gan teanga, tír gan anam”. Bhí
piachán (hoarseness) inár nglór ag an deireadh. Chonaic mé a lán
tuismitheoirí lena bpáistí agus a linbh i naíchóistí (prams).
Tháinig mé ar ais go BÁC agus íomhá dhíograis agus líofacht na
hóige im intinn. Go n-éirí leo!
-
L E A T H A N A C H 3
A N T A O B H Ó T H U A I D H [email protected]
SCÉAL GRINN NA MÍOSA
I M L E A B H A R 4, E A G R ÁN 3
Tráthnóna Gheimhridh a bhí ann, aimsir ghruama dhorcha agus é ag
dul in olcas nuair a bhí rang na naíonán ag ullmhú chun dul
abhaile. Bhí deacrachtaí ag buachaill óg amháin, Jimín, a bhuataisí
a chur air agus d’iarr sé cabhair óna mhúinteoir, Éilís. Bhí uirthi
dianiarracht a dhéanamh, í ag tarraingt agus ag brú, an bhuatais a
chur ar chos an bhuachalla. Bhí sí ag cur allais sular éirigh léi
an dara buatais a chuir air. “A mhúinteoir Éilís, tá na buataisí ar
na cosa míchearta”, arsa Jimín. Chonaic sí go raibh an ceart aige.
Rinne sí gáire Sheáin Dóite. Ní raibh sé aon phioc ní ba éasca di
na buataisí a thógáil de ná iad a chur air. D’éirigh léi guaim a
choinneáil uirthi féin agus í ag brú agus ag tarraingt arís. Faoi
dheireadh, le cuid mhór dua, bhí na buataisí ar na cosa cearta. “Ní
hiad seo mo bhuataisí,” arsa Jimín i gcogar. Is beag nár lig
Múinteoir Éilís mallacht aisti le teann frustrachais. Le paidir
chiúin agus ag streachailt go tréan thóg sí na buataisí cúnga
uaidh. Agus í ag iarraidh a h-anáil a fháil léi chuala sí an guth
íseal ciapach ag rá “Is buataisí mo dhearthár iad. Thug mo mhamaí
dom iad le caitheamh ar maidin.” Bhí an Múinteoir bailithe bréan
leis an mbuachaillín faoi seo. Rinne sí a seacht ndícheall srian a
chur lena cuid feirge agus idir a cuid análaithe troma agus a cuid
smeachanna chuir sí na buataisí ar chosa Jimín arís. Lig sí osna
fhada aisti agus chuir sí ceist ar Jimín, “Anois cá bhfuil do
mhitíní?” D’fhreagair an gasúr beag “chuir mé iad isteach i mo
bhuataisí ar maidin”!
Tá an múinteoir bocht fós ar saoire bhreoiteachta agus í ag
smaoineamh ar athoiliúint a dhéanamh chun bheith ina ceansaitheoir
leon!
Foclóirín
tráthnóna Gheimhridh - Winter’s afternoon; gruama - dull; dorcha
- dark; ag dul in olcas - getting worse; rang na naíonán - infants’
class;
ag ullmhú - preparing; deacrachtaí - difficulties; buataisí -
boots; d’iarr sé - he asked; cabhair - help; bhí uirthi - she had
to; dianiarracht - earnest effort; ag tarraingt - pulling;
ag brú - shoving; fós - still; deacair di - hard for her; cos -
foot; ag cur allais - perspiring; sular - before; éirigh léi - she
succeeded; dara - second; mí-cheart - wrong;
chonaic sí - she saw; go raibh an ceart aige - that he was
correct; rinne sí gáire Sheáin Dóite - she smiled through gritted
teeth; aon phioc - one bit;
ní ba éasca - easier; a thógáil de - to remove from him; guaim a
choinneáil uirthi féin - in controlling her temper; arís - again;
faoi dheireadh - at last;
cuid mhór dua - much difficulty; ní hiad seo - these are not; i
gcogar - in a whisper; is beag nár - nearly; lig mallacht aisti -
swore; teann frustrachais - sheer frustration;
paidir - prayer; ciúin - quiet; ag streachailt - struggling; go
tréan - mightily; thóg sí - she took; cúng - tight-fitting; uaidh -
from him; ag iarraidh - trying;
a h-anáil a fháil léi - to catch her breath; chuala sí - she
heard; guth - voice; íseal - low; ciapach - annoying; ag rá -
saying; deartháir - brother; thug - gave; le caitheamh - to
wear;
ar maidin - this morning; bailithe bréan - sick to the teeth;
buachaillín - little boy; faoi seo - by now; rinne sí - she made; a
seacht ndícheall - her very best endeavour; srian a chur lena cuid
feirge - to control her temper; idir - between; trom - heavy;
a cuid smeachanna - her sobs; lig sí - she let; osna - sigh;
fada - long; chuir sí ceist ar - she asked; mitíní - mittens;
d’fhreagair - answered; gasúr - boy;
-
L E A T H A N A C H 4
[email protected] A N T A O B H Ó T H U A I D H
I M L E A B H A R 4, E A G R ÁN 3 FILLEADH NA gCIMÍ, MEITHEAMH
1917 Pádraig Mac Éil
Sna seachtainí i ndiaidh Éirí Amach na Cásca 1916 ghabh na
Sasanaigh 3,430 fear agus 79 mbean a bhí ina náisiúnaithe. Seoladh
1,862 fhear agus 5 ban acu go dtí ionaid choinneála (detention
centres), Knutsford, Stafford, Wakefield, Wandsworth, Woking,
Lewes, Príosún Barlinnie agus Perth, i Sasana agus in Albain.
D’fhan cuid acu i bpríosúin i Sasana ach bogadh an chuid is mó acu
go dtí Campa Géibhinn (Internment Camp) in Frongoch i dtuaisceart
na Breataine Bige. Tar éis tamaill bhig, tosaíodh, ag ligean na
gcimí saor, diaidh ar ndiaidh. Scaoileadh dhá thrian de na
himtheorannaithe ó Frongoch in Iúil 1916 agus an trian eile
(Míchéal Ó Coileáin ina measc) i Nollaig 1916. Ní raibh sluaite
móra ann chun fáiltiú a chur rompu nuair a shroich siad Éire arís.
De bharr mheon athraithe mhuintir na hÉireann faoin Éirí Amach agus
thionchar “cheist na gcimí” ar thoghcháin sa tír shocraigh
Príomh-Aire na Breataine, Lloyd George, maithiúnas ginearálta
(general amnesty) a fhógairt agus ar 15 Meitheamh 1917. Rinne
Bonnar Law, Ceannaire Theach na dTeachtaí (House of Commons), é
sin.
Tháinig na cimí deireanacha, os cionn 120 acu, Éamonn de Valera,
Eoin Mac Néill agus an Chuntaois Markievicz ina measc, ar ais don
tír ó Hollyhead go Dún Laoghaire. Daoradh an chuid is mó acu chun
báis i 1916 ach iomalartaíodh (commuted) an bhreith go fad saoil i
bpríosún ansin. Nuair a shroich an traein ó Dhún Laoghaire Stáisiún
Rae an Iarann (Stáisiún na bPiarsach anois), Luan 18 Meitheamh, bhí
na sluaite ann chun fáiltiú mór a chur rompu. Bhí baill Bhardas na
Cathrach i measc an tslua. Thaispeáin sin an t-athrú mór a bhí tar
éis teacht ar mheon an phobail faoi na hÓglaigh ón Nollaig roimhe
sin. D’iompar na daoine na cimí ón stáisiún go capaill agus cairt
agus
chuaigh siad trí na sráideanna agus na gártha molta á scairteadh
go lúchaireacht ag an slua mór. Is dócha go raibh ionadh mór orthu
leis an bhfáiltiú seo. Ba iad maslaí na mban céile cogaidh a bhí le
cloisteáil acu nuair a bhí na Sasanaigh á ngabhadh i 1916. Tógadh
ghrianghraif de na cimí (mo sheanathair, Liam Ó Deagha ina measc) a
d’fhill i 1917 os comhair Theach an Ardmhéara agus cúpla buachaill
óg leo. Seo cuid den glúin chróga a thug ár neamhspleáchas
dúinn.
-
L E A T H A N A C H 5
[email protected] A N T A O B H Ó T H U A I D H
I M L E A B H A R 4, E A G R ÁN 3 TURAS GO DTÍ AN tSEAPÁIN - III
Raymond Taylor
I ndiaidh mo chuairte ar Kyoto chuaigh mé ar (boarded) an
shinkansen (traein philéir) agus ar aghaidh liom go hullamh agus go
héasca (promptly and speedily) go Tóiceo, an áit inar chaith mé an
choicís ina dhiaidh sin. Is cathair an-mhór agus sár-nua-aimseartha
í agus tá dúlíonach (vast number) daoine inti. Luaitear “The
Scramble Crossing” i Shibuya mar shampla de cé chomh gnóthach agus
atá Tóiceo. Meastar go mbaineann ½ milliún duine feidhm as an
trasrian coisithe (pedestrian -crossing) seo thar thréimhse 24
huaire. Níl siúlaí ainrialta (jaywalker) le fáil i measc na
Seapánach; géilleann gach aon duine
do na rialacha agus tá siad an-mhúinte lena chéile agus le
heachtrannaigh. Má chuireann tú fios an bhealaigh go dtí áit éigin
ar Sheapánach bíonn sé i gcónaí ag iarraidh tú a thionlacan
(accompany) ansin, fiú má bhíonn sé díreach tar éis teacht ón áit.
Ina theannta sin, tá Tóiceo ar
cheann de na cathracha is glaine in aon áit. Tá na sráideanna
gan smál. Cé gur cathair nua-aimseartha ardteicneolaíochta í Tóiceo
tá rian den traidisiúnachas Seapánach le feiceáil inti fós –
teampaill, scrínte, tithe tae agus féilte. Feictear an cimeonó
(kimono) sna sráideanna uaireanta (ar fhir agus ar mhná) ach níl sé
chomh coitianta sa chathair agus atá sé i Kyoto nó faoin tuath.
Tá pobal mór le cothú i dTóiceo agus mar sin tá líon an-mhór
bialanna ann ó ghnólachtaí bídeacha cúlsráide inar féidir leat
babhla (bowl) mór de núdail ramen blasta a fháil ar €6/€7 go
bialanna “kaiseki” (ard-chócaireacht/haute cuisine), bia beadaí
(gourmet) Seapánach, ina mbeifeá ag íoc €150-€200 nó níos mó ar
dhinnéar. Tá sé riachtanach bheith in ann cipíní itheacháin
(chopsticks) a úsáid. De ghnáth, is cathair dhaor í Tóiceo, go
háirithe agus tú ag siopadóireacht i gceantar cosúil le Ginza
(cosúil le Sráid Grafton i mBÁC, ach amháin go bhfuil sé i bhfad
níos mó), ach má bhíonn tú cúramach éireoidh níos fearr leat.
Cosúil le Kyoto tá córas iompair poiblí leitheadach (widespread)
ag Tóiceo. Agus é sin ráite tá i bhfad níos mó línte agus crosairí
ag meitreo Tóiceo ná ag ceann Kyoto. Is crá croí ceart do bhealach
a dhéanamh thart air i dtús sula dtéann tú i dtaithí air; is
smaoineamh maith é léarscáil mheitreo a iompar leat i gcónaí.
Moladh eile dom don chuairteoir ná “Pasmo” a cheannach. Is cárta
cliste in-athluchtaithe éadadhaill (rechargeable contactless smart
card) é seo agus má bhíonn sé agat ní gá duit dul i scuaine chun
ticéid a cheannach ar gach turas.
Tá Ryogoku Kokugikan (Halla na Súmó Ryogoku), lonnaithe i
Sumida, ceann den 23 bharda cathrach. Ciallaíonn “kokugi” “spórt
náisiúnta”. Eagraítear trí ilchomórtais (big tournaments) mór súmó
gach bliain sa láthair seo, i mí Eanáir (Hatsu honbasho,
ilchomórtas na Bliana Nua), i mí na Bealtaine (Hatsu, Samhradh),
agus i mí Mheán Fómhair (Aki, Fómhar). Is é Súmó spórt náisiúnta na
Seapáine. Tá sé ar siúl le dhá mhíle bliain nó níos mó, cé nach
bhfuil tóir air mar spórt féachana (spectator sport) ach ó
thimpeall ceithre chead bliain ó shin. Tá sé líon lán (steeped) den
traidisiún agus de dheasghnátha agus tá dlúthchaidreamh aige leis
an reiligiún Sinteochas. Is deacair do dhuine ticéid a fháil don
chomórtas. Chuir mé isteach le haghaidh mo cheannsa míonna roimh
ré. Go minic éiríonn na Seapánaigh, idir fhír agus mhná, idir óg
agus aosta, an-sceidealach (excited) ag comórtais súmó, iad ag
scairteadh ar son an iomrascálaí (wrestler) is ansa (favourite)
leo; ach, ag an am céanna, tá dea-chaidreamh eatarthu uile. Sa
grhianghraf tá Harumafuji (yokozuna - an chéim is airde sa spórt
súmó) ag déanamh a dheasghnáth roimh thosú an troid. Tugtar tsuna
ar an téad bhán atá á caitheamh aige.
-
L E A T H A N A C H 6 I M L E A B H A R 4, E A G R ÁN 3
A N T A O B H Ó T H U A I D H [email protected]
Tá na laethanta ag dul i bhfaide agus an aimsir ag dul i
bhfeabhas, diaidh ar ndiaidh. Ní garraíodóir (gardener) mé. Bím ag
freastal ar an iomarca maidineacha caife agus ciorcail chomhrá agus
ag obair ar an iris seo agus níl an t-am agam obair a dhéanamh sa
ghairdín. Sin an leithscéal atá agam do mo leisciúlacht ar aon nós!
Bhí mé sona sásta i rith an gheimhridh toisc nach raibh an féar sa
ghairdín ag fás. Ach le teacht an Mhárta tháinig borradh san fhás
agus ceann de na comharthaí inléite (tell-tale signs) de seo ná go
raibh mo ghairdín breactha (dotted) le caisearbháin (Taraxacum
officinale, dandelions). Tá na bláthanna
buí seo ag fógairt do mo chomharsana cé chomh leisciúil is atá
mé!
Tagann “officinalis” ó “officina”, focal do “saotharlann” nó
“cógaslann”. Tugadh “dent de lion” (fiacail leoin) ar na duilleoga
fiaclach i bhFhraincis agus is ó seo a thagann ainmneacha an
phlanda i mBreatnais (dant-y-llew), i mBéarla (dandelion), sa
Ghearmáinis (Löwenzahn) agus sa Spáinnis (diente de león). Tagann
na hainmneacha (“bláth na hime”) i bhFionlainnis agus san Eastóinis
ó dhath na mbláthanna. Tugtar “piene” (báinneach/milky) air sa
Liotuáinis ó dhath an sú (sap) a thagann as an gas (stem) nuair a
ghearrtar í. B’fhéidir go dtagann an t-ainm i nGaeilge ón mblas
(“searbh”) agus ó dhath an sú (“bán”). An bhfuil eolas ag aon duine
faoi seo?Tugtar “bainne cíche na n-éan” nó “bainne clog” ar an sú
agus gathán gabhainn ar an cheann nó an clog nuair a bhíon sé bán
agus lán le síolta.
Deirtear gur tháinig an caisearbhán ar an saol san Eoráise 30
milliún bliain ó shin - fad saoil cinnte! Bhaintí feidhm as mar
bhia agus mar lus (herb) leis na mílte bliain anuas. Tá tagairtí dó
ag na hÉigiptigh, ag na Rómhánaigh agus ag na Sínigh. Deirtear gur
tógadh é go Meiriceá ar bord na loinge Mayflower d’aon ghnó
(intentionally) mar lus leighis (medicinal herb).
Is féidir duilleoga an chaisearbháin a ithe. De ghnáth bíonn
siad níos blasta má bhíonn siad bánaithe (blanched) nó sótáilte
(sautéed) i dtús. Itear iad mar chuid de shailéad (salad). Baintear
feidhm as na peitil (petals), in éineacht le citreas (citrus) agus
le comhábhair (ingredients) eile chun fíon caisearbháin a dhéanamh.
Baintear feidhm as na bláthanna freisin (sa Pholainn) chun subh a
dhéanamh nó mar shíoróip mheala ionaid (honey substitute syrup -
“mil na Bealtaine”). Baineadh feidhm as na fréamhacha (roots) chun
“caife caisearbháin/caife ionaid (coffee substitute)” a dhéanamh le
linn Chogadh Domhanda II (dúirt duine liom go raibh an “caife” seo
le fáil in Éirinn aimsir na hÉigeandála). Tá sé i leann gealbhuí
(Saison - pale ale) ar a dtugtar Pissenlit (ainm Francaise an
chaisearbháin -“fliuch an leaba”). Tá na vitimíní A, C agus K iontu
agus tá cailciam, potaisiam, agus mangainéis iontu freisin, níos mó
cailciam agus iarann ná mar atá i spionáiste (spinach). Bhaintí
feidhm as an gcaisearbhán i gcomhair fadhbanna domlais (bile) agus
ae (liver), mar phurgóid (laxative), chun an ghoile a mhéadú agus
an díleá (digestion) a fheabhsú agus mar fualbhrostach (diuretic).
Deirtear go bhfuil laitéis bhainniúil (milky latex) an phlanda go
maith mar chóir leighis (treatment) in aghaidh faithní (warts) agus
mar éarthach mhuiscíte (mosquito repellent).
Tálann (secretes) an caisearbhán laitéis (latex) agus tá
saothróg (cultivar) speisialta forbartha (developed) ag eolaithe sa
Ghearmáin atá oiriúnach, deirtear, do tháirgeadh (production)
tráchtála rubar nádúrtha (natural rubber). Sna blianta romhainn
beidh siad ag déanamh trialacha le gluaisteáin le boinn ina bhfuil
rubar caisearbháin ar na bóithre poiblí.
AN CAISEARBHÁN Pádraig Mac Éil
-
L E A T H A N A C H 7
A N T A O B H Ó T H U A I D H [email protected]
I M L E A B H A R 4, E A G R ÁN 3
Aoine an Chéasta 2017
Tá an lá folamh An domhan ag rothlú
Ar a dhroim
Chuile rud amuigh Níos ciúine Ná ba chóir.
Níl na héin Ag casadh fiú
Nóta ceoil.
Tá an crann suite Beagnach díreach
Trí bhearna sna cuirtíní.
Níl madra ag tafann Ná duine ag caint
Ná carr ag gluaiseacht.
Tá imeachtaí ar siúl In áiteanna eile I bhfad uaim
Ach tá orm fanacht Ag bun an chrainn
Suite i stair.
Na Clocha Liatha, Co Chill Mhantáin, Déardaoin, an tSeactain
Naofa.
Mar mhílte éin, An ghrian ag déanamh An fharraige lonrach
Lapadaíl an uisce Isteach is amach Bhéal chrogaill
Mar charraig san fharraige, Ar tí snámh isteach
Ón trá go dtí’n mhuir.
Ballaí clocha neamhrialta Ag deighilt cosán Ón trá álainn
seo
Sna Clocha Liatha Maidin seachtaine naofa
Ciúnas roimh bhás
Is bás roimh aiséirí Nuair a bhéas slua anseo Ag fáiltiú roimh
Lá na Cásca.
Aibreán 2017
Suím cois farraige Chomh síochánta Maidin Dé Máirt
In Aibreán
Ag smaoineamh ar theacht na Cásca Is an eachtra Is mó a
tharla
Don duine daonna
Mac Dé ag teacht don domhan Is ag fáil bháis
Dúinne, peacaigh bochta, Ar an gcros
Cruinneoimid anseo Domhnach Cásca Le buíochas a thabhairt
Cois farraige D’Íosa ár Slánaitheoir.
TRÍ DHÁN UM CHÁISC Rita Ní Ghóilín
-
L E A T H A N A C H 8
A N T A O B H Ó T H U A I D H [email protected]
I M L E A B H A R 4, E A G R ÁN 3 CAISLEÁN SORD CHOLMCILLE An Br
Dan Healy
Timpeall na bliana 1200 thóg Ardeaspag Átha Cliath, John Comyn,
Normannach agus comharba Naomh Lorcán Ó Tuathail, áit chónaithe dó
féin, ar a dtugtar anois Caisleán Shord Cholmcille. Cén fáth go
dtógfadh deisceabal Íosa, nach raibh áit aige a cheann a leagan,
áit chomh galánta dó féin? Bhuel, b’ionad riaracháin é an caisleán
freisin mar ag an am sin chomhlíonadh an Eaglais an-chuid de na
dualgais a chomhlíonann an Stát nó an Chomhairle Contae san am atá
anois ann, rud nach ndeachaigh chun shochair na hEaglaise toisc an
claonadh chun na sainte agus na saoltachta. Ar aon nós is
séadchomhartha náisiúnta é Caisleán Shord Colmcille anois agus
maítear nach bhfuil sampla níos fearr de Phálás Ardeaspaig le
feiceáil in Éirinn. Cheannaigh an t-údarás poiblí an caisleán sa
bhliain 1976. Ba le muintir Cobbe é, teaghlach ar leo Newbridge
House freisin. Tá sé oscailte don phobal anois, a bhuíochas sin don
tsárobair atá déanta ann le beagnach 40 bliain anuas. Deisíodh na
ballaí mórthimpeall i dtús báire agus díreach ina dhiaidh sin Túr
an Chonstábla – an fear a bhíodh i bhfeighil cúrsaí nuair a bhíodh
an tArdeaspag as láthair. Ba ghá díon úrnua a chur ar an Túr.
Tógadh é uair éigin i dara leath an cúigiú haois déag. Toisc
míshuaimhneas polaitiúil timpeall an ama sin ba ghá ballaí agus túr
chun an tArdeaspag agus an riarachán i gcoitinne a chosaint. É sin
ráite, ní daingean a d’fhéadfadh seasamh i gcoinne ionsaí míleata
nó i gcoinne léigir a bhí ann riamh ach áit chónaithe agus lárionad
riaracháin. Bhí an séipéal an-fhairsing, fiú amháin ó thaobh
séipéal ardeaspaig de. Tá athchóiriú iomlán déanta air: díon nua,
leacáin cosúil leis na cinn a fuarthas le linn na tochailte,
fuinneoga nua, srl .
Níl rúndiamhra go léir an chaisleáin nochta go fóill. Leanann an
tochailt agus táthar ag teacht fós ar iarsmaí an tsaoil a bhí ann
fadó. Tá súil agam go mbeidh meas ag muintir Shord Cholmcille agus
ag iliomad turasóirí ar an tseoid seo a fuasclaíodh ó droch-shíon
ár dtíre . Ceist: An mbeadh an caisleán oiriúnach dídeanaithe a
lonnú ann? Rinneadh sin sa bhliain 1583. Protastúnaigh a theith ón
ngéarleanúint san Ísiltír a bhi i gceist an t-am sin.
-
L E A T H A N A C H 9
[email protected] A N T A O B H Ó T H U A I D H
I M L E A B H A R 4, E A G R ÁN 3 AN TIGÍN BÁN Séamas Ó
Murchú
AN BHUAFCHLOCH Pádraig Mac Éil
Ar shleasa Bhinn Éadair atá an tigín seo, i.e. ar bharr an
chúrsa gailf. Is féidir é a fheiceáil ó Bhóthar an Chósta. Tá eolas
maith ag siúlóirí air, mar téann siad thairis agus iad ag dul
trasna na faiche. Murach é ní dócha go mbeadh cead siúil tríd an
bhfaiche ghailf in aon chor.
Níl sa tigín bán anois ach stóras ag an gClub Gailf. Ach tógadh
ar dtús é, timpeall 1890, mar theach cónaithe do gharraíodóir an
Chaisleáin. Ní raibh aon chúrsa gailf ann an uair sin, ar ndóigh.
Is deacair a thuiscint cad ina thaobh gur tógadh é in áit chomh
hiargúlta sin i bhfad ón mbóthar agus ó thithe eile.
Liam Harford ab ainm don gharraíodóir an tráth úd. Bhí sé pósta
le Máire de Faoite. Bhí triúr clainne acu, Molly, Freddy agus
Fanny. Phós Molly fear de mhuintir Mhic Lochlainn sa sráidbhaile.
D’imigh Freddy go Sasana. Phós Fanny fear de mhuintir Chuanaigh,
Joe, agus tháinig seisean chun cónaí sa tigín.
Aon pháiste amháin a bhí ag Fanny agus Joe, Bernie, a rugadh i
1931. Bhí Fanny gníomhach i nGluaiseacht na Gaeilge agus labhair sí
Gaeilge le Bernie nuair a bhí sí beag. Fuair Joe bás go hóg i 1942.
An bhliain chéanna sin fuair máthair Fanny bás, agus bhí uirthi
féin agus Bernie imeacht as an tigín. Fuaireadar áit chónaithe sa
sráidbhaile.
Phós Bernie fear de mhuintir Nestorn i mBinn Éadair. Tamall
roimh a báis i 1999 scríobh sí cuntas ar a muintir agus ar a hóige
féin. D’fhoilsigh Cumann Seanchais Bhinn Éadair é faoin teideal
“Murdock, The story of a Howth Cottage (2015).” Leabhar beag is ea
é. Tá cur síos ann ar shaol atá imithe go deo.
Nóta: Murdock Cottage a thugadh muintir na háite ar an tigín
bán. Toisc é a bheith cóngarach do Murdock Rock (Carraig
Madóg?)
Má bhíonn tú ag baint feidhm as na foclóirí go minic tagann tú
ar fhocail nua agus sean. Tháinig mé ar cheann le déanaí,
“buafchloch”. Bhí na focail “buaf” (toad) agus “cloch” (stone) agam
cheana ach bhí orm taighde a dhéanamh faoi “toadstone”. Cérbh í in
aon chorr? Is mór an chabhair duit an t-idirlíon a bheith in aice
do lámh. Seoid mhiotasach (mythical) a bhí sa bhuafchloch agus de
réir an tseanchais fuarthas í i gceann na buaife! Tá faireoga
nimhneacha (poisonous glands) i gcraiceann na buaife agus cheap
daoine go raibh an fhrithnimh (antidote) aici freisin mar chloch
draíochta istigh san ainmhí beag. B’í fírinne an scéil ná gur
fiacla iontaisithe (fossilized) d’éisc ón Tréimhse Iúrasach
(Jurassic) agus ón Tréimhse Chailceach (Cretaceous) iad. Chuir na
seodóirí na buafchlocha i bhfáinní agus i mbriochtaí (amulets) agus
ceannaíodh iad seo idir an 13ú agus an 18ú hAois chun cosaint a
thabhairt i gcoinne nimhe (agus i gcoinne titimis/epilepsy
freisin). Bhí siad i mbarr a gcumhachta, de réir na “saineolaithe”
at aon nós, nuair a bhí siad i dteagmháil leis an gcraiceann, áit
ar théigh siad, ar chur siad allas (perspired) agus ar athraigh
siad a dhath. An gceapann tú go mbeadh margadh do buafchlocha sa lá
atá inniu ann?
-
L E A T H A N A C H 1 0
CROSFHOCAL BÉARLA-GAEILGE XBG-27
CUARDACH FOCAL 27
báid/longa 1 / boats/ships 1
SÍOS TRASNA
A N T A O B H Ó T H U A I D H [email protected]
I M L E A B H A R 4, E A G R ÁN 3
1 wedding-feast (6)
5 dirty (6) 9 nephew (3) 11 tormented (7)
13 strap (4)
14 fiddle (5) 16 bread (4) 18 sixth (3) 20 dog (6) 22 desires
(6) 24 command (7)
25 six (2)
27 calf (3)
31 the (2) 32 foam (3) 34 yesterday (4) 36 hammer (5) 37 stain
(4) 40 plucked (7) 41 malevolence (7)
43 wonderful (7) 44 corporation (6)
42 hard (3)
12 hurler (7)
28 inspector (6)
2 of yore (7) 3 expression (4)
4 snuff (6)
5 definition (6) 6 hand (4) 7 crank (7) 8 crag (6) 10 network
(6) 15 manufacture (7) 17 soccer (5)
19 vomit (5) 21 freze (3) 22 son (3) 23 bush (3) 25 drop (5) 26
bird (3) 29 excess (7) 30 scientist (5) 32 twist (6)
33 rhubarb (6)
35 washes (5)
38 arch (4)
39 separate (4)
báidín (dingy)
galtán (steamship)
báirse (barge)
gandala (gondola)
clipéar (clipper)
lastlong (freighter)
curach (currach)
luasbhád (speedboat)
dreidire (dredger)
scriostóir (destroyer)
duillárthach (hydrofoil)
trálaer (trawler)
eathar (ferry)
tríréim (trireme)
faeiléar (whaler)
tuga (tug)
-
L E A T H A N A C H 1 1
A N T A O B H Ó T H U A I D H [email protected]
CROSFHOCAL BG XBG-26: RÉITEACH CUARDACH FOCAL 26: RÉITEACH
SEANFHOCAL Níl cuimhne ar arán a itheadh inné
Eaten bread is soon forgotten
I M L E A B H A R 4, E A G R ÁN 3
FÁILTE DON TETRAPÓD Derick Moicléir Cuairt a thugas ar Oileán
Dairbhre chonacas coischéimeanna ainmhí greanta go domhain sa
charraig ar imeall na mara. Baineann na coiscéimeanna sin le
créatúr a dtugann na heolaithe “tetrapod” air. Deirtear gurbh é sin
an chéad ainmhí a d’fhág an mhuir na mílte míle bliain ó shin chun
chónaí ar an tír. Más fíor nó bréagach an méid sin, seo thíos an
fháilte a chuireas roimh an ceannrodaí úd!
FÁILTE DON TETRAPÓD
Tháinig go faitíosach i dtír I bhfad roimh thús na staire An
phéist ó thír na mbeo fo thuinn Ar phroto-oileán Dairbhre.
Níor thuig an radharc a fuair sé ann Dob’ ait leis solas gréine
“Na plandaí úd ag luascadh thall An bhagairt iad nó béile?” Ach
chorraigh smaointe ina cheann Is las a phroto-shúil
Dob’fhearr leis proto-dhul-ar-aghaidh Ná proto-dhul-ar-gcúl.
Bhain sé an domhan nua amach Go cróga seas-an-fódach Ba shinsear é
do laochra Gael An péistín tetrapódach!
-
L E A T H A N A C H 1 2
A N T A O B H Ó T H U A I D H
I M L E A B H A R 4, E A G R ÁN 3 AN “GOOCH” Antóin Ó
Seaghdha
[email protected]
Mar is eol do gach duine sa domhan agus i gCorcaigh freisin,
d’éirigh an peileadóir is fearr a bhí ag imirt caide riamh, as
foireann Chiarraí cúpla mí ó shin. Bhí sé cosúil le bás sa
teaghlach nuair a bhris an scéal amach. Tháinig díocas ceart ar na
nuachtáin go léir (the newspapers
moved into overdrive), iad ag scríobh faoi na scileanna a bhí ag
an bhfear leis an ghruaig dhearg ó Chill Áirne, Colm Ó Cúipéir
(Colm Cooper). Mar is gnáth, bhí duine nó beirt nár aontaigh leis
na smaointe sin go léir, daoine cosúil le Joe Brolly ó Dhoire Cholm
Cille. Anois, is maith liom Joe anois is arís ach i bpíosaí beaga.
De ghnáth, nuair a bhíonn an bua ag foireann peile ón tuaisceart i
gCluiche Ceannais na hÉireann, agus ní hé
dhá nó trí huaire as a chéile ach uair amháin, tosaíonn siad ag
scríobh leabhar faoi bhainisteoireacht agus ag dul ó áit go háit ag
“múineadh” na contaetha eile an tslí cheart chun caid a imirt.
Deirtear, má mholann peileadóir nó bainisteoir ón tuaisceart, “ba
cheart damhsa cuaille (pole dancing) a dhéanamh mar cleachtadh don
chaid’, tosaíonn na bainisteoirí sna contaetha eile ag
smaoineamh,”b’fhéidir go bhfuil fiúntas (merit) sa tslí seo”.
Buíochas le Dia, ní fhanann na smaointe sin rófhada. Cuimhnigh ar
an gcosaint bhlaincéad (blanket defence). Ach ar ais don Gooch,
chuala mé scéal greannmhar cúpla lá ó shin. Bhí foireann Chiarraí
ag fanacht in óstán an oíche roimh Chluiche Cheannais na hÉireann,
agus bhíodar ag ithe an dinnéir. Stéig tartare, prátaí, agus fáinní
oinniúin a bhí ar an mbiachlár. Ach ní raibh Gooch ná Johnny
Crowley (peileadóir iontach eile as Ciarraí) ag an mbéile. Bhí
orthu bheith ag cruinniú faoi bheartaíocht (tactics) don chluiche.
Ar aon nós, tar éis tamall fada, thángadar ar ais agus iad stiúgtha
leis an ocras. Dúirt bainisteoir na foirne, Seán Ó Conchubhair
(Jack O’Connor) le bainisteoir na cistine, go raibh an bheirt ann
ansin agus réidh don dinnéar. Faraor, dúirt bainisteoir na cistine
(fear as tír iasachta nach raibh aithne aige ar aon pheileadóir as
Ciarraí) go raibh
an chistin dúnta ansin agus nach raibh le fáil ach sceallóga
agus bapa (chips and a bap). Is beag nár dheachaigh Jack as a
mheabhair, dúirt sé le fear na cistine, “níl mé a rá le Johnny
Crowley agus an Gooch nach bhfuil ach sceallóga agus bapa le fáil
dá ndinnéar. Beidh ort rud níos fearr a dhéanamh dóibh”. Bhí fear
na cistine ag machnamh ar an staid agus sa deireadh, dúirt sé le
Jack, “déanfaidh mé mo dhícheall rud a ullmhú don Uasal Johnny, ach
is é polasaí an óstáin gan bia a thabhairt do pheataí (I will do my
best to get something cooked for Mr. Johnny, but it is hotel policy
not to feed pets)”. Nuair a chuala an cócaire (chef) na focail “The
Gooch”, cheap sé go raibh Jack O’Connor ag déanamh tagairt do
(referring to) pheata madra!