Top Banner
Éanlaith agus Ainmhithe Feirme agus Clóis Téarmaíocht Shioncrónach agus Dhiacrónach na Gaeilge Kevin Conroy M.A. sa Nua-Ghaeilge Ollscoil na hÉireann, Gaillimh Roinn na Gaeilge Lúnasa 2010 An Dr. Graham Isaac Ceann Roinne An tOll. Nollaig Mac Congáil Stiúrthóir
190

Éanlaith agus Ainmhithe Feirme agus Clóis — Téarmaíocht …fm · 2012-05-29 · 1 1. Réamhrá 1.1 Ábhar an tráchtais Is éard is ábhar don tráchtas seo ná téarmaíocht

Jun 24, 2020

Download

Documents

dariahiddleston
Welcome message from author
This document is posted to help you gain knowledge. Please leave a comment to let me know what you think about it! Share it to your friends and learn new things together.
Transcript
  • Éanlaith agus Ainmhithe Feirme agus Clóis — Téarmaíocht

    Shioncrónach agus Dhiacrónach na Gaeilge

    Kevin Conroy

    M.A. sa Nua-Ghaeilge

    Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

    Roinn na Gaeilge

    Lúnasa 2010

    An Dr. Graham Isaac – Ceann Roinne

    An tOll. Nollaig Mac Congáil – Stiúrthóir

  • ii

    Clár an Tráchtais

    Achoimre ....................................................................................................................iv

    Buíochas ..................................................................................................................... .v

    Caibidil 1: Réamhrá .................................................................................................1

    1.1 Ábhar ..................................................................................................................1

    1.2 Príomhfhoinsí .................................................................................................... .7

    1.2.1 LASID ...................................................................................................... 8

    1.2.2 Comharthaí foghraíochta ........................................................................11

    1.3 Leagan amach an tráchtais ............................................................................... 12

    1.4 Giorrúcháin .......................................................................................................14

    Caibidil 2: An Mhuc ...............................................................................................15

    2.1 An t-ainm ginearálta – muc ............................................................................. 16

    2.2 An ceann fireann – collach ...............................................................................22

    2.3 An ceann baineann – cráin ...............................................................................26

    2.3.1 An ceann (baineann) óg – céis .............................................................. .30

    2.4 Na cinn óga – bainbh, banbháin, pigíní .......................................................... 33

    2.4.1 “Smallest pigling of the litter” ................................................................ 38

    Caibidil 3: An Chaora ............................................................................................49

    3.1 An t-ainm ginearálta – caora ........................................................................... 50

    3.2 An ceann fireann – reithe ................................................................................ .58

    3.2.1 An ceann fireann coillte – molt, moltachán ........................................... 62

    3.3 An ceann baineann (óg) – uascán, fóisc, caora ............................................... 70

    3.4 Ainmneacha eile ar aoiseanna éagsúla na gcaorach .........................................77

    3.5 Na cinn óga – uain ........................................................................................... 79

    3.6 Ainmneacha caorach ar chineálacha daoine .................................................... 82

    Caibidil 4: An Madra ............................................................................................ 84

    4.1 An t-ainm ginearálta – madra, madadh, gadhar ..............................................85

    4.1.1 Malartacht chéille ...................................................................................92

    4.1.2 Athrú céille diacrónach: mad(r)a(dh) vs. gadhar vs. cú ........................ 96

    4.2 An ceann fireann – fearchú ............................................................................ 103

    4.3 An ceann baineann – soith, bitseach, gadhairseach ...................................... 104

    4.4 Na cinn óga – coileáin ....................................................................................109

  • iii

    Caibidil 5: An Lacha ...................................................................... ......................115

    5.1 An t-ainm ginearálta – lach(a), tonóg ............................................................ 116

    5.1.1 Lacha ....................................................................................................124

    5.1.2 Tonóg/tunnag ........................................................................................ 125

    5.1.3 hwyad ................................................................................................... 129

    5.2 An ceann fireann – bardal ............................................................................. 132

    5.3 An ceann baineann – lacha ............................................................................ 138

    5.4 Na cinn óga – lachíní, lachain óga/bheaga, éanacha lachan, ál lachan ...... .140

    Caibidil 6: Conclúid ...................................................................................... ........147

    Aguisíní

    I Pointí LASID ............................................................................................ ..149

    II An mhuc ...................................................................................................... 152

    III An chaora .................................................................................................... 159

    IV An madra .................................................................................................... .168

    V An lacha ...................................................................................................... 172

    Leabharliosta ......................................................................................................... 176

  • iv

    Achoimre

    Is í téarmaíocht shioncrónach agus dhiacrónach na Gaeilge ar éanlaith agus ainmhithe

    feirme agus clóis príomhábhar an tráchtais seo. Pléifear ainmneacha roinnt ainmhithe,

    mar atá, an mhuc, an chaora, an madra agus an lacha, sa Nua-Ghaeilge “Oifigiúil”,

    i gcanúintí na Gaeilge, i nGaeilge na hAlban, sa tSean-Ghaeilge agus sa Bhreatnais.

    Maidir le canúintí na Gaeilge, bainfear a lán úsáide as an eolas canúnach atá le fáil in The

    linguistic atlas and survey of Irish dialects le Heinrich Wagner maille le foinsí eile agus

    déanfar iarracht ilfhoirmeacha na bhfocal éagsúil sna canúintí a léiriú chomh maith lena

    ndáileadh.

  • v

    Buíochas

    Táim ag iarraidh mo bhuíochas a ghlacadh leis an Ollamh Nollaig Mac Congáil as ucht a

    chúnaimh agus a stiúrtha leis an tráchtas agus i rith na bliana freisin. B’eisean a spreag

    mé le tabhairt faoin ábhar spéisiúil seo agus a threoraigh mé i gcúrsaí gramadaí.

    Ina theannta sin, gabhaim buíochas leis na hollúna eile i Roinn na Gaeilge a thug

    tacaíocht agus cuidiú dom i gcaitheamh an chúrsa. Glacaim buíochas freisin le duine ar

    bith a d’éist liom ag labhairt faoi ainmneacha éagsúla na n-ainmhithe i gcanúintí na

    Gaeilge nó sa tSean-Ghaeilge. Agus táim buíoch d’Anne Corbett as léamh profaí a

    dhéanamh ar an réamhrá.

    Ní bheinn in ann an mháistreacht seo a dhéanamh gan tacaíocht ón gCoimisiún Fulbright

    ná ó na hollúna ó Choláiste Bhostúin.

    Faoi dheireadh, táim buíoch de mo thuismitheoirí agus den teaghlach go léir a lig dom

    teacht go hÉirinn don bhliain seo agus do chuile dhuine a chuidigh liom mo chuid

    Gaeilge a fhoghlaim.

    Is amhlaidh gur ormsa féin amháin atá an locht má rinneadh aon bhotún sa tráchtas seo.

  • 1

    1. Réamhrá

    1.1 Ábhar an tráchtais

    Is éard is ábhar don tráchtas seo ná téarmaíocht shioncrónach agus dhiacrónach na Gaeilge

    ar éanlaith agus ainmhithe feirme agus clóis i gcanúintí na Nua-Ghaeilge agus a

    bhforbairt ón tSean-Ghaeilge i leith. Beidh mé ag díriú ar chuid de na hainmhithe is

    coitianta agus is tábhachtaí a bhí agus atá in Éirinn trí na haoiseanna. Tá éagsúlacht

    shaibhir d’ainmneacha ar ainmhithe sa Ghaeilge ó aimsir na Sean-Ghaeilge go dtí an

    nuatheanga, mar bhí an-tábhacht le hainmhithe sa tsochaí go traidisiúnta. Ina chín lae,

    rinne Amhlaoibh Ó Súilleabháin cur síos ar an rud a dúirt bean a díshealbhaíodh óna

    fearann beag leis agus í ag caoineadh agus ag cuimhneamh ar na rudaí nach mbeidh aici

    arís choíche, ina measc, ainmhithe na feirme. Seo a leanas an chuid a bhaineas leis na

    hainmhithe feirme, ina luaitear cuid mhaith de na focail a bheas idir chamáin anseo agus

    a léireos éifeacht ainmneacha na n-ainmhithe:

    D’fhág sé [Pádraig Deibhriús, an fear a thóg a cuid talún agus a bothán uaithi]….cró

    na muc gan cráin gan céis gan banbh gan collach gan muc, mór ná mion, méith ná

    trua. Ní chloisfead go brách arís búirthe mo bhó ar a lao ná ar a gamhain, na (sic)

    siotrach mo láir ar a searrach ná ar a bromach ná méileach mo chaora ar a huan,

    ná meigeall mo ghabhair ar a mionnán, ná grógadáil mo chirce dá heireoga ná dá

    gearrcacha, ná glao mo choiligh. Ní fheicfead mo lacha bhán ná mo bhardal

    bhreac ná mo ghé goir ná mo ghandal gléigeal. (de Bhaldraithe 1970, 44)

    Is iad seo a leanas na hainmhithe a bheas san áireamh anseo: an chaora, an mhuc, an

    madra, agus an lacha. Ar ainmneacha Nua-Ghaeilge na n-ainmhithe seo a dhíreofar go

    príomha sa tráchtas seo. Pléifear na focail “oifigiúla” (má tá a leithéidí ann) agus na

    leaganacha canúnacha go háirithe. Tá mé ag iarraidh malairtí na bhfocal éagsúil sna

    canúintí a léiriú chomh maith lena ndáileadh. Lena chois sin, cuirfear roinnt samplaí

    d’fhocail choibhéiseacha i nGaeilge na hAlban (meascán de leaganacha ó na foclóirí

    agus leaganacha canúnacha) i gcruth go mbeifear in ann comparáid a dhéanamh eatarthu

    agus na leaganacha i nGaeilge na hÉireann. Ní bheidh an t-eolas Albanach chomh

    cuimsitheach is atá i gcás na gceann Éireannach, óir is iad na hainmneacha i nGaeilge na

    hÉireann an príomhchuspóir. Luafar samplaí Breatnaise mar chomparáid fhónta freisin.

    Sa chaoi is go mbeifear in ann forbairt dhiacrónach na téarmaíochta agus na bhfocal a

    leanúint, beidh ainmneacha na n-ainmhithe sa tSean-Ghaeilge á bplé chomh maith.

    Beidh na focail Sean-Ghaeilge choibhéiseacha agus na focail nach maireann sa Nua-

    Ghaeilge (agus mar sin focail atá sa teanga nua-aimseartha nach bhfuil fianaithe sa

    tSean-Ghaeilge) le sonrú, agus focail ar athraíodh a gciall le himeacht aimsire. Freisin,

  • 2

    cuideoidh an fhianaise ón tSean-Ghaeilge le ceangal a dhéanamh idir ainmneacha na n-

    ainmhithe agus ionad na n-ainmhithe i measc an phobail.

    Tá baint ag an méid téarmaíochta ainmhíche leis an tsochaí agus a tábhachtaí is atá aon

    ainmhí áirithe don tsochaí sin. Cinnte, bhí an fheirmeoireacht an-tábhachtach anallód.

    Sochaí thalmhaíochta a bhí ann in aimsir na Sean-Ghaeilge agus d’fhan sé mar seo go dtí

    le deireanas1. Bhí tábhacht ar leith leis na ba – ba í an bhólacht an mhaoin agus ceann de

    na haonaid airgeadra a bhí ann ag an am. Mar chruthúnas, cuimhnigh ar na táinte

    líonmhara i litríocht agus i stair na tíre. De thairbhe na tábhachta sin agus thimthriall

    bheatha na mbeithíoch, bhí go leor ranna agus ainmneacha dá réir ar chineálacha éagsúla

    na bó. Faightear cuntas orthu siúd i dtéacsanna dlí. Bhí ranna cosúil leo siúd agus trácht

    orthu agus a luach sna téacsanna dlí, ach gan a bheith chomh líonmhar sin, ag ainmhithe

    eile chomh maith. Léirítear tábhacht choibhneasta an ainmhí don tsochaí ar bhealach trí

    líon na n-ainmneacha ar aoiseanna éagsúla an ainmhí sin. Mar shampla, ní bheadh an

    méid céanna téarmaíochta ag baint le ‘lacha’ agus ‘cat’ agus ‘gé’ agus mar a bheadh le

    ‘caora’ agus ‘bó’ agus ‘muc’ agus ‘capall’. Níl an tábhacht chéanna ag baint leo agus níl

    tréimhsí na beatha mar an gcéanna acu ach oiread. Sa tSean-Ghaeilge agus sa Nua-

    Ghaeilge araon tá a lán focal ann a dhéanas cur síos ar an mbainbhín is lú nó is laige san

    ál, nó an ceann deireanach den ál: luch áil, arc, orcán, lúrcc, arc, arcán, arcalán, aircín,

    an bhalláin d(h)eiridh, íochtar (neidín), deireadh díne, síobhra, iarmhar, dreolán, agus

    fágálach agus ina measc. Is éard is cúis leis seo go mbíonn níos mó ceann óg ag an muc

    ná ag na beithígh eile, agus bíonn na bainbh i gcoitinne níos laige ná gnáthainmhí feirme

    óg agus is nós coitianta é an t-aircín a bhaint den chráin agus é a thógáil ar bhainne bó

    (cf. EIF 81). Dá thairbhe sin, tá feidhm le focail mar seo agus is suimiúil go bhfuil an

    oiread sin de leaganacha áitiúla ann.

    Bíonn an téarmaíocht a bhaineas le feirmeoireacht sách coimeádach de ghréas agus ní haon

    iontas é go maireann cuid mhór de théarmaíocht na Sean-Ghaeilge i nGaeilge an lae

    inniu. Cuid de na focail, níl siad le fáil sna canúintí go léir agus uaireanta maireann focal

    in Albain nach bhfuil coitianta in Éirinn a thuilleadh agus a mhalairt. Dá bhrí sin, bheifí

    ag súil le go gcoinnítí go leor de na focail Sean-Ghaeilge gan mórán iasachtaí. Sa

    1 Agus tá an fheirmeoireacht an-tábhachtach i gcónaí ar ndóigh, ach bíonn talmhaíocht nua-aoiseach ar siúl

    anois seachas an fheirmeoireacht thraidisiúnta. Leis seo, tháinig laghdú ar líon na ndaoine a bhíos ag

    feirmeoireacht, m.sh. 38% den lucht oibre ag obair ar fheirmeacha sna 1950idí luatha, ach 10% ag deireadh

    na 1990idí (Lafferty et al. 1999, 10).

  • 3

    mhullach air sin, tá focal gaolmhar ag go leor de na focail seo sna teangacha Briotainise

    freisin. Níor mhair na focail go léir ar ndóigh agus athraíodh ciall na bhfocal ar uairibh

    agus aistríodh téarmaí ó ainmhí amháin go hainmhí éigin eile freisin:

    The vocabulary of farming is normally conservative. So, for example, the Old Irish

    words for ‘cow’, ‘pig’, ‘sheep’, ‘hen’, ‘wheat’, and ‘oats’ – bó, mucc, cáera, cercc,

    cruitnecht, corcae – survive into Modern Irish with the same meanings. We are therefore

    generally justified in taking a particular farming term to have the same meaning in Old

    Irish as it has had in the modern language. However this approach must be used with

    caution. For example, in the spoken Irish of Baile Bhúirne the word fothacha (fathacha)

    is used of the disease of horses called ‘strangles’ in Engish. But we know from a

    reference in the Annals of Connacht that in the earlier language fothach was used

    primarly of nasal and pulmonary glanders, which is often fatal to horses and may be

    transmitted to humans (see p. 211). Glanders was eradicated in Ireland in the nineteenth

    century, so it seems that the word fothach was transferred to another equine desease with

    similar symptoms. (EIF 15-16)

    Ach bíodh is go mbíonn go leor focal ann i gcanúintí na Gaeilge agus sna teangacha

    Ceilteacha a bhfuil an chiall cheannann chéanna acu, ní hamhlaidh i gcónaí é:

    But here again it must be stressed that cognates occasionally have different meanings.

    This Welsh banw ‘young pig’ has precisely the same meaning as its Irish cognate banb,

    but the Breton cognate banv has acquired the meaning ‘sow with litter’. (EIF 16)

    Le deighilt na Gaeilge go canúintí éagsúla agus le meath na teanga sa tír, cailleadh cuid de

    na ranna agus cuid de stór na bhfocal. Uaireanta cailleadh focal amháin in áit éigin agus

    focal eile in áit éigin eile; cumadh focail nua freisin, ar ndóigh. Ach mar sin féin, ag tús

    na hathbheochana nuair a tosaíodh ag bailiú eolais ar na canúintí, bhí saibhreas na

    bhfocal fós ann i gcuid mhór de na ceantair Ghaeltachta, mar aon le saol traidisiúnta na

    tuaithe. Ach le teacht an dátheangachais agus chumhacht an Bhéarla agus athrú ó

    shochaí fheirmeoireachta, thosaigh an méid focal agus an téarmaíocht sin ag dul i léig.

    Tá sé seo le sonrú go soiléir in Linguistic atlas and survey of Irish dialects (LASID), a

    rinneadh sna caogaidí, i gcás na gceantar inar thug duine de na Gaeilgeoirí deireanacha

    san áit an t-eolas. Bhí laghdú ar stór na bhfocal agus ardú ar an méid focal truaillithe

    agus ar thionchar an Bhéarla i gcásanna mar seo. Is dócha go gcoinneofar na téarmaí

    ginearálta (m.sh. muc, bó, caora) níos fearr ná téarmaí a bhfuil ciall níos sonraí acu

    (m.sh. samhaisc, céis, soith, uascán).

    Ó aimsir na Sean-Ghaeilge go dtí an lá atá inniu ann, bíonn an teanga ag dul i dtreo na

    simplíochta ó thaobh na gramadaí de, mar a dhéanas teangacha, agus athraíonn foclóir na

    teanga freisin mar go gcumtar focal agus cialla nua agus cailltear cinn eile. Lena chois

  • 4

    sin tá foclóir agus réimse na Gaeilge ag éirí níos tanaí agus níos teoranta i leith ábhar

    áirithe – sna haoiseanna deireanacha seo go sonrach. Mar gheall ar an athrú ó shaol

    talmhaíochta agus na hainmneacha ar ainmhithe, cad chuige a mbeadh focail ag daoine

    do shlí bheatha nach bhfuil baint acu léi a thuilleadh? An é gur coinníodh níos mó focal

    ag cur síos ar ainmhí ar leith i gceantair a raibh tábhacht leis an ainmhí sin? Mar

    shampla, dá mbeadh na caoirigh níos coitianta ná na ba i gceantar amháin, an leanfadh

    “foclóir” na gcanúintí nósanna na feirmeoireachta áitiúla? Cé hiad na hainmneacha a

    mhair ón tSean-Ghaeilge agus cé hiad na cinn nua a tháinig chun cinn?

    Ansin mar fhianaise bhreise ar an scéal, is féidir na leaganacha agus forbairtí Éireannacha

    a chur i gcóimheas leis na focail ar comhbhrí leo i nGaeilge na hAlban le go bhfeicfear

    an chaoi ar athraíodh an córas Gaelach ansin. Ar fhorbair an dá chraobh mar an

    gcéanna? Chomh maith leis sin, ós rud é go mbeidh mé ag déanamh taighde ar thamhain

    na bhfocal seo – cuirfidh mé leaganacha Breatnaise san áireamh freisin, i gcaoi is go

    dtaispeántar na difríochtaí agus cosúlachtaí idir an dá chraobh de na teangacha

    Ceilteacha Inseacha.

    Léiríonn córas na n-ainmneacha dlúthbhaint na n-ainmhithe leis an tsochaí thalmhaíochta.

    Tá cur síos sna téacsanna dlí ar ainmneacha na n-ainmhithe ag aoiseanna áirithe, agus

    bhíodh luach ar leith ag ainmhí d’aois áirithe. Pléann Kelly luach an ghamhna bhaininn

    – ó Shamhain go Bealtaine:

    According to the commentary on animal-values, a female calf is worth 3 scruples from its first November i.e. after weaning, until the following May (Bealtaine) when it is

    approximately one year old. (EIF 59)

    In Gaelic names of beasts (mammalia), birds, fishes, insects, reptiles, etc., cuirtear síos

    ar thábhacht na ráithe agus ainmneacha na n-ainmhithe sa tsochaí chomh maith.

    D’athraítí na hainmneacha ag pointí áirithe (tábhachtacha) den bhliain:

    The first day of winter (old style) was held at the date on which animals had their names

    changed, thus the foal becoming a filly, loth or lothag, the calf a stirk, gamhainn, and the

    lamb a ewe, othaisg. (Forbes 1905, 87)

    Tá seanfhocail ann i nGaeilge na hAlban (atá le fáil ina lán foinsí san fhoirm chéanna), a

    fhógraíos go dtugtar gamhain ar an lao ar Oíche Shamhna. I nGaeilge Uibhist a Deas /

    Eilean Eirisgeidh (faoin gceannfhocal crodh):

    “Cattle pass into their several stages of nomenclature at certain festivals”:

  • 5

    Oidhche Shamhna – theirear2 gamhna ris na laoigh

    Oidhche ‘Éill-Sheaghain – theirear aighean riutha rithisd

    Oidhche ‘Éill-Brìghde – theirear trìbhliadhnaich ri aighean3

    (Campbell 1972, 85)

    Tá leagan de chuid den seanfhocal seo le fáil in LASID chomh maith – i bhfoclóirín pt C

    (Earra-Ghàidheal; sub laogh):

    /ənʹ'dʹʒe: ü.ixʹ ha. nə heru gaunə r nə .i/

    an dèidh oidhche Shamhna their thu gamhna ris na laoigh

    ‘after Hallowe’en, you call calves ‘gamhna’

    Is é dáileadh agus brí bheacht na n-ainmneacha sna canúintí agus leaganacha malartacha

    díobh príomhchuspóir an tráchtais, chomh maith le forbairt na bhfocal ón tSean-Ghaeilge

    agus ón gComh-Cheiltis. Ní bheidh mé ag díriú isteach go mion ar an gceist “cén fáth”,

    ach tá mé ag iarraidh líonmhaireacht na n-ainmneacha a léiriú agus tréithe canúnacha a

    thaispeáint. Is cinnte, gan frídín amhrais, nach féidir chuile rud ábhartha a chur san

    áireamh. Táthar ag brath ar an méid eolais atá le fáil mar gheall ar chanúint ar bith nó ar

    fhocal ar bith (agus an chuid den eolas sin a aimsíodh). Is féidir plé a dhéanamh ar na

    háiteanna ina bhfuarthas focal éigin (agus an chiall nó an úsáid áirithe atá aige), ach

    b’fhíordheacair a rá nach bhfuil nó nach raibh focal áirithe éigin i gcanúint éigin.

    Tugann an Raithileach an rabhadh seo:

    A word of caution is especially necessary when dealing with the geographical

    distribution of Irish words, though, mutatis mutandis, it should also be borne in mind in

    connection with many of the other dialect characteristics discussed in the preceding

    pages. It is easy enough to say that a particular word is in use to-day in a particular area;

    but to say that such and such a word is not in use in a particular district may well be

    risky, in view of the fact that the vocabulary of most districts has as yet been imperfectly

    explored. (O’Rahilly 1932, 244)

    Agus ós rud é go bpléifear foirmeacha stairiúla den teanga chomh maith, fiú cé nach

    bhfuil focal áirithe éigin in úsáid ag cainteoirí i gceantar éigin, ní hé sin le rá nach raibh

    sé ann roimhe sin. Bíonn focal in úsáid sa Ghaeilge faoi láthair nach bhfuil san fhoclóir

    nó ar pár ar chor ar bith agus is cinnte dearfa nach bhfuil fianaise againn ar a lán de na

    focail a bhí ann sa tSean-Ghaeilge agus sa Mheán-Ghaeilge. Bíodh go bhfuil fianaise

    againn ar go leor de na hainmneacha ar ainmhithe sna téacsanna dlí agus sna scéalta, ba

    dheacair a chreidiúint nach raibh cinn eile in úsáid i gcaint na ndaoine nach bhfuil

    2 theirear = deirtear/déarfar; abair ri ≈ tabhair (ainm) ar.

    3 Leaganacha Béarla de na hainmneacha seo a tugadh: “On Halloween the calves are called stirks. On St.

    John’s Eve they are called heifers again. On St. Bridget’s Eve heifers are called three-yr olds” (Campbell

    1972, 86).

  • 6

    fianaithe ón tréimhse sin. Ach níl aon dul as, toisc gurb in iad na cineálacha foinsí atá ar

    fáil. Is féidir a lán eolais a bhaint as ainmneacha na n-ainmhithe ar chanúintí na Gaeilge

    agus ar stair na teanga, ach caithfear teorainneacha an chineáil seo eolais a choinneáil i

    gcuimhne.

    Mar gheall ar chanúintí na Nua-Ghaeilge agus mheath na teanga, baineann cuid

    d’éagsúlacht na n-ainmneacha sna canúintí leis an gcaoi ar cailleadh focail éagsúla i

    gcanúintí áirithe a mhair i gcanúintí eile – agus leis an gcaoi ar athraíodh brí bheacht na

    n-ainmneacha in áiteanna:

    Another point to be noted is that, wherever Irish still survives, its vocabulary tends

    gradually to shrink, and its grammar break down mainly in consequence of the lowered

    vitality of the language brought about by the encroachment of English and the rapid

    elimination of monoglot Irish speakers. This narrowing of vocabulary is one of the

    factors which have caused the dialects to drift apart. (O’Rahilly 1932, 245)

    Mar shampla, idirdhealaíodh lóeg (.i. lao) agus gamain / gamuin (.i. gamhain) sa tSean-

    Ghaeilge. Chiallaigh siad ‘younger calf’ agus ‘older calf, yearling calf’ faoi seach (cf.

    EIF 58-60 agus DIL). Mar a luadh thuas, coinnítear an t-idirdhealú seo in áiteanna in

    Albain. De réir mar a léiríos léarscáil 7 de chuid LASID, feidhmíonn an focal lao mar

    fhocal coitianta ar óg na mbó in Oirthear na Mumhan (le corrshampla i gCiarraí) agus i

    ndeisceart Chonnacht agus is é gamhain a fheidhmíos mar an focal coitianta orthu i

    bhformhór Iarthar na Mumhan agus i gCúige Uladh. Is é laogh an focal is coitianta i

    dtromlach na hAlban, ach amháin Earra-Ghàidheal, mar a bhfuil gamhainn. Má

    bhreathnaítear sna himleabhair eile den suirbhé (Q 18 go háirithe), cé gurb é seo an

    patrún ginearálta, is léir nach bhfuil scéal dháileadh na bhfocal seo chomh glan soiléir ar

    chor ar bith. Amanna bíonn an focal neamhchoitianta fós i gcanúint mar fhocal a bhíodh

    ag an seandream nó tá brí ar leith aige (lao nuabheirthe, lao bliana, lao bliain go leith).

    Corruair bíonn malairt na brí ó cheart ann – gamhain ‘calf’ agus lao ‘one-year-old calf’

    ag pt 58. Ach maireann an seanchóras bunaidh nó iarsma de in áiteanna freisin, cuirim i

    gcás lao ‘calf immediately after birth’ agus gamhain ‘a stronger calf’ (pt 52).

    Cruthaíonn athrú céille agus éagsúlachtaí canúnacha, cosúil leis an gcás seo, gur fiú go

    mór mionstaidéar a dhéanamh ar ainmneacha na n-ainmhithe sa Ghaeilge.

  • 7

    1.2 Príomhfhoinsí

    Seo liosta gairid de na príomhfhoinsí a bheas in úsáid:

    •Foclóirí

    Nua-Ghaeilge

    -Foclóir Gaeilge–Béarla Uí Dhónaill (FGB)

    -Foclóir Gaedhilge–Béarla Uí Dhuinnín (Duin)

    -English–Irish dictionary de Bhaldraithe

    -Foclóir Talmhaíochta

    Gaeilge na hAlban

    -The illustrated Gaelic–English dictionary le Dwelly

    -Am Faclair Gàidhlig–Beurla le Colin Mark

    -An Stòr-Dàta Briathrachais Gàidhlig

    Sean-Ghaeilge

    - Dictionary of the Irish language based mainly on Old and Middle Irish

    materials agud eDIL (DIL)

    Breatnais

    -Geiriadur Prifysgol Cymru (GPC)

    -Geiriadur yr Academi

    -Y Geiriadur Mawr

    •Canúintí na Gaeilge

    - Linguistic atlas and survey of Irish dialects, ceithre imleabhar (LASID) (plé

    breise thíos mar gheall ar an bhfoinse seo)

    -monagraif chanúna

    -cnuasaigh focal canúnach ó cheantair éagsúla

    -bailiúcháin bhéaloidis

    •Sanasaíocht

    -An etymological dictionary of the Gaelic language (MacBain) (Caithfear a bheith cúramach le cuid de na díorthuithe anseo, ní ghlacann scoláirí le roinnt díobh, ach is fiú é a

    chur san áireamh. Tabharfar a chuid tuairimí ar mhaithe le comparáid ar a laghad.)

    -Lexique étymologique de l'irlandais ancien le Vendryes (LEIA) (níl sé

    críochnaithe go fóill—A, B, C, D, MNOP, RS, TU amháin atá clúdaithe go dtí seo)

    •Sean-Ghaeilge

    -Early Irish Farming le Fergus Kelly (EIF)

    •Gàidhlig

    -monagraif agus cnuasaigh focal canúnach

    •Breatnais

    -The linguistic geography of Wales: a contribution to Welsh dialectology

  • 8

    Agus ina dteannta siúd, tá eolas ar chuid de na focail le fáil in ailt ó irisí éagsúla (Éigse,

    Ériu, Études Celtiques, ZCP, srl.). Breathnaigh ar an leabharliosta le haghaidh na

    dtagairtí iomlána agus na bhfoinsí go léir.

    1.2.1 LASID

    Is é Linguistic atlas and survey of Irish dialects le Wagner an fhoinse is tábhachtaí ar

    fhoirmeacha canúnacha na bhfocal a bheas á bplé.

    Cúlra gairid an tsuirbhé:

    Thosaigh Heinrich Wagner agus a chomhghleacaithe ag bailiú eolais chanúnaigh don

    suirbhé sa bhliain 1950. Tá 1,175 “ceist” sa cheistiúchán iomlán (ach cuimsíonn sé breis

    agus 2,000 mír) agus baineann cuid mhór acu le saol na tuaithe:

    It consists of sections concerning farm animals, the house and the work in and around the

    house…terms of relationship…the parts of the body…farmwork…social functions and

    entertainment. (LASID I, ix)

    B’ar mhúnla atlas teangeolaíochta na Gearmáinise Eilvéisí a rinneadh an ceistiúchán don

    suirbhé seo. Rinneadh iarracht an t-eolas ar an nGaeilge a fháil ó dhaoine a raibh an

    Ghaeilge ab fhearr sa cheantar acu – gan mórán tionchair ón leagan scríofa ná ó

    chanúintí eile má b’fhéidir. Den chuid is mó, roghnaíodh daoine nach raibh léamh ná

    scríobh na Gaeilge acu i riocht is go léireofaí na tréithe canúnacha gan iad a bheith faoi

    thionchar an leagain scríofa (.i. faoi thionchar an leagain chaighdeánaigh / liteartha)

    (LASID I, ix). Ach ina lán cásanna, go háirithe sna ceantair a raibh an teanga imithe le

    fada iontu, ní hannamh nár labhair na daoine seo Gaeilge ó bhí siad ina n-óige – breis

    agus leathchéad bliain roimhe sin ar uairibh. Bhí meirg ar a gcuid Gaeilge mar sin ar

    ndóigh (agus iad idir 75-90 bliain d’aois go hiondúil). Is féidir nár tugadh freagraí

    “cearta”, go mór mór sna ceantair nach raibh cainteoir líofa ar bith le fáil iontu nó iad

    siúd nach raibh deis acu an teanga a labhairt le duine ar bith leis na cianta:

    If we have “corrupt” material en masse, i.e. sentences which are mere translations of our

    English questionnaire sentences, it is not due to inefficient methods of interrogation, but

    to the fact that most of our informants have not spoken Irish for many years (LASID I,

    x).

    Admhaíonn Wagner go bhfuarthas foirmeacha truaillithe ó chuid de na cainteoirí nach

    raibh Gaeilge líofa acu a thuilleadh - “Thus, our collection reflects the different degrees

    of decay of the language throughout the country” ( ASID I, x), ach sin a raibh fágtha de

    na canúintí sin agus is fearr i bhfad é a bheith bailithe óir tá eolas luachmhar le fáil sna

  • 9

    hiarsmaí seo ar aon chaoi. Bíodh is gur brónach an scéal é go raibh (agus go bhfuil) an

    teanga ag dul ar meath agus nach rabhthas in ann níos mó de na canúintí seo a

    thaifeadadh, ina dhiaidh sin féin, ar a laghad ar bith tá iarsmaí deireanacha na gcanúintí

    seo curtha ar pár agus an t-eolas sin ar fáil againn. Seo a leanas liosta de na pointí ar

    chuir Wagner síos orthu (in LASID I, xi-xxi) mar:

    -ba lúide a líofacht i nGaeilge ná i mBéarla

    pointí: 4, 7, 10, 12, 14, 47, 65, 66 (cainteoir amháin, ní raibh na cainteoirí eile líofa ar

    chor ar bith), 84

    -ní raibh líofacht na Gaeilge acu nó bhí Gaeilge lag acu (daoine nach raibh in ann

    comhrá a dhéanamh sa teanga a thuilleadh)

    pointí: 5, 6, 6a, 8, 9, 16, 26, 27, 29, 30, 31, 52, 59, 60, 61, 62, 63, 64, 66, 68, 704, 72,

    87

    Is féidir eolas luachmhar ar an gcanúint a bheith ag na cainteoirí seo nach raibh líofacht

    na teanga acu agus iad ag tabhairt eolais don cheistiúchán. Ach ag an am céanna,

    caithfear a bheith cúramach faoin eolas ó na cainteoirí seo, nó b’fhéidir gur chirte a rá

    gur chóir cuimhne a choinneáil ar na fadhbanna (féideartha) réamhráite seo. Caithfear

    cumas agus líofacht na bhfaisnéiseoirí teangeolaíocha a chur san áireamh nuair atáthar ag

    plé fhreagraí an tsuirbhé.

    Is féidir snaidhmeanna eile a bheith i gceist le suirbhé den chineál seo. Úsáideadh modh

    an aistriúcháin, is é sin tugadh focal nó abairt do na faisnéiseoirí i mBéarla agus bhíodar

    le Gaeilge a chur air/uirthi. Pléitear cuid de na fadhbanna féideartha a bhaineas leis an

    modh seo in alt a scríobh MacLennan: (a) freagraí míchearta (de bhrí nár tuigeadh an

    Béarla, nó gur tugadh freagra éigin seachas a rá nach raibh a fhios aige), (b) freagraí

    míchruinne (níor tuigeadh an Béarla go beacht, ní raibh an duine in ann smaoineamh ar

    an bhfreagra ceart ar an bpointe agus thug sé freagra garbh (“near enough”), (c) freagraí

    ‘aisteacha’ a bhaineas le duine amháin (an focal áirithe sin ag an gcainteoir sin amháin,

    an cainteoir ag iarraidh a chuid eolais ar “Ghaeilge na leabhar” nó ar an “gCrua-

    Ghaeilge” a thaispeáint). Is í an fhadhb is mó atá in LASID nach ndéantar tráchtaireacht

    ar thromlach na bhfreagraí agus nach dtugtar míniú nó comhthéacs i bhformhór na

    gcásanna sna himleabhair. An raibh an suirbhé ag lorg freagra amháin nó na

    bhféidearthachtaí go léir? (na hargóintí seo ó MacLennan 1972, 54-55). Ceist

    4 Ach NB nóta ASID IV, lch x “There is more Irish left in this area that I have indicated in vol. I, Introd.,

    page XIV”.

  • 10

    thábhachtach í an cheist deiridh domsa, agus mé ag lorg eolais ar dháileadh focal éagsúil

    sna canúintí. Ní bhaineann fadhbanna mar iad seo le suirbhéireacht teangeolaíochta

    amháin, áfach, mar níl ach méid áirithe eolais ar fáil sna foclóirí srl. mar gheall ar bhrí

    agus úsáid na bhfocal. Ní féidir eolas iomlán an chainteora a chur san áireamh i suirbhé

    canúineolaíochta.

    Chun cuid dá phointí a léiriú, pléann MacLennan cainteoir amháin (Seán Bán Mac

    Grianna as Rann na Feirste, pt 78) le sampla a thabhairt ar chuid de na deacrachtaí seo:

    Two other more important facts also not mentioned are his literacy in English and in

    Irish (which he reads fluently), and his justifiable pride in his command of a wider, older

    and richer vocabulary than the majority of his neighbours. Obviously this raised the

    question of how representative of the ordinary speech of the area is the material obtained

    from him. On ap 47, for instance, he is the only one to give [fo rəxi], which is

    uncommon, for ‘cute’ ie. ‘cunning’[…] The forms of the verb ‘to run’ which I interpret

    from the phonetic script as ‘reathfaidh’ (‘will run’) and ‘reathfann’ (‘runs’) are certainly

    not those commonly used in Seán Bán’s parish. Sometimes, too, we find an older or

    rarer word side by side with the common one but we are only occasionally told which is

    which. The point is that in this case the choice of informant was good but knowledge of

    the locality could have improved to some degree the processing of the excellent material

    obtained from him. (MacLennan 1972, 54)

    Beidh rudaí mar seo i gceist i gcónaí agus is annamh a thugtar eolas fairsing ar bhrí agus

    úsáid na bhfocal go léir i bhfoinse ar bith. Mar sin ní féidir a rá go dtaispeánann freagra

    ón suirbhé, ciall an fhocail ó chnuasach focal canúnach, leagan foghraíochta éigin ó

    mhonagraf srl. gnáthúsáid sa cheantar sin. Caithfear cuimhneamh nach féidir léargas

    canúineolochta a bheith uileghabhálach go hiomlán agus bíonn baol ann i dtólamh nach

    mbeadh sé ionadaíoch ach oiread. Nuair a luaim sna caibidlí ar ainmneacha na gceithre

    ainmhithe a bheas á bplé go mbaineann focal nó foirm fhocail ar leith le ceantar, is de

    réir an eolais atá sna foinsí atá sé bunaithe. Is féidir go bhfuil leaganacha eile ann san

    fhochanúint sin agus tig leis an bhfocal a bheith i bhfochanúintí eile freisin. Cé go bhfuil

    an t-eolas atá le fáil teoranta, measaim go bhfuil sé sách maith le léargas bunúsach (agus

    mionchuntas ar uairibh) a thabhairt ar fhoirmeacha, chialla agus dháileadh na bhfocal seo

    (.i. téarmaíocht na n-ainmhithe) i gcanúintí na Gaeilge.

    Tá leagan simplithe de na sonraí canúnacha á thaispeáint ar léarscáileanna de chuid

    LASID. Ní thaispeántar malairtí na leaganacha go léir atá laistigh den suirbhé féin fiú.

    Pléann Hughes an chaoi a n-áitíonn léarscáil 52 dáileadh róghlan de na focail ar an

    gcapall sna canúintí, i gContae Dhún na nGall go háirithe – “on voit que la ligne nette

    suggérée par la carte 52 de LASID i est, pour une part significative, une distorsion de la

    réalité linguistique pour l’emploi de gearrán “cheval” dans le Donegal” (Hughes 1992,

  • 11

    237). Taispeántar sa léarscáil go dtugtar beathach ar ‘horse’ i dTír Chonaill, ach tugann

    Hughes samplaí den fhocal gearrán (atá in úsáid in Íochtar Chonnacht agus Oirthear

    Uladh de réir na léarscáile) ó cheisteanna eile in LASID a bhaineas leis an gcapall agus ó

    fhoinsí eile a léiríos go n-úsáidtear gearrán le haghaidh focail choitianta ar an gcapall i

    dTír Chonaill freisin. Déanann Hughes tagairt do ráiteas Uí Dhochartaigh a mhaíos nach

    mbíonn teorainn ghlan idir fhoirmeacha canúnacha ná idir na canúintí féin:

    …dialects which shade gradually into each other in a much more dynamic picture of

    differentiation. The resulting dialect zones, if indeed they can be described as

    constituting distinctive zones, have to be regarded as fairly delicate linguistic constructs,

    with shifting and amorphous phonetic boundaries. (Ó Dochartaigh 1987, 202)

    Seo ceann de na spriocanna atá agam anseo, foinsí eile a chuardach i riocht is gur féidir cur

    leis an eolas atá in LASID agus léargas níos iomláine ar na focail seo sna canúintí a fháil.

    1.2.2 Comharthaí Foghraíochta

    Maidir leis na leaganacha foghraíochta, coinnítear iad mar atá sna bunfhoinsí éagsúla. Is

    minic nach gnáth-IPA a bhíos iontu. Baintear úsáid as Cʹ le consan caol a chur in iúl, ar

    ndóigh, mar a dhéanas lucht an léinn Cheiltigh de ghnáth. Ach ina mhullach sin, ní

    bhíonn na gutaí go léir mar atá san IPA (m.sh. /λ/ nó /ʎ/ le haghaidh /ɯ/). Breathnaigh ar

    na bunfhoinsí féin le haghaidh plé ar bhrí bheacht na gcomharthaí foghraíochta. Ní

    dhearnadh aon iarracht na córais éagsúla a tharraingt chun rialtachta. Tabhair faoi deara

    freisin nárbh fhéidir na comharthaí go léir ó LASID a chur i Microsoft Word díreach mar

    atá siad sa suirbhé. Den chuid is mó baineann na hathruithe seo leis na diaicriticí, bhí

    orm cuid acu a chur os cionn na litreach seachas faoina bun – ina measc seo: (ach ,

    le haghaidh na gconsan pléascach neamhghlórach análaithe), (ach , le haghaidh na

    gconsan pléascach díghlóraithe), (ach m , n , r le haghaidh leaganacha gutacha de na

    consain seo), (consan coguasach cuimilteach srónach idir agus ), l d, agus (fuaim

    atá i nGaeilge na hAlban, “strongly velarised or even uvularized” ) ( ASID IV, ix).

    Taobh amuigh díobh siúd, bíonn ceannlitreacha beaga (den chuid is mó) agus

    ceannlitreacha móra in LASID chun consain fortis a chur in iúl. Tá ceannlitreacha móra

    anseo, de bharr nár choinnigh Microsoft Excel na ceannlitreacha beaga i gceart. Tá

    tuilleadh eolais ar chóras foghraíochta LASID le fáil in LASID I (xvi-xviii) agus LASID

    IV (iv-x; comharthaí foghraíochta a bhaineas le Gaeilge na hAlban go háirithe). Níl a lán

    de na miondifríochtaí foghraíochta a dhéanas LASID an-tábhachtach don phlé seo (.i. an

    t-idirdhealú idir / / agus / / mar shampla), mar tá an tráchtas ag tabhairt airde ar an

  • 12

    bhfoclóir níos mó ná ar an bhfoghraíocht. Ní díol suntais anseo iad na gnáth-thréithe

    foghraíochta, m.sh. ó mar /ɔ/ i gCúige Uladh seachas /o/ sa chuid eile den tír nó an bhéim

    ar an dara nó tríú siolla i gCúige Mumhan.

    1.3 Leagan amach an tráchtais

    Níl patrún díreach agam le haghaidh an chineáil seo ábhair, ach beidh mé in ann cuid den

    chur chuige atá ag Wagner san alt ‘Studies in the History of Gaelic Dialects’ a leanúint ar

    bhealaí sa phlé a dhéanfas mé ar na hilfhoirmeacha. Beidh caibidil ann le haghaidh

    chuile ainmhí a phléifear – an mhuc, an chaora, an madra agus an lacha. Tosófar le tábla

    achomair de na focail sna teangacha Ceilteacha – foirmeacha an Chaighdeán Oifigiúil

    (bunaithe ar FGB, uaireanta in éineacht le foinsí eile cosúil leis an Foclóir Talmhaíochta

    nó Foclóir Uí Dhuinnín), leaganacha canúnacha (foirmeacha fianaithe in LASID nó sna

    foinsí canúnacha eile), Gaeilge na hAlban (leaganacha “oifigiúla” ó na foclóirí in éindí le

    leaganacha canúnacha), Sean-Ghaeilge5 (DIL agus EIF), agus Breatnais (foirmeacha ó na

    foclóirí, a bhfuil foirmeacha canúnacha agus foirmeacha ársa ina measc). Ina dhiaidh

    sin, roinnfear an plé i rannóga mar gheall ar ainm ginearálta an ainmhí, ainm an chinn

    fhireann, an chinn bhaineann agus na gceann óg. Beidh forannóga eile lena gcois más

    cuí, m.sh. ‘cráin bhaineann óg’ nó ‘reithe gearrtha’.

    Laistigh den phlé, beidh ainmneacha ó na foclóirí Nua-Ghaeilge agus tábla achomair den

    eolas atá in ASID ina dhiaidh sin. Roghnaíodh míreanna d’fhreagraí ASID le

    héagsúlacht na leaganacha go léir a thaispeáint chomh maith le léargas a thabhairt ar

    dháileadh na dtéarmaí. (Beidh táblaí ag a bhfuil an t-eolas ó na pointí LASID go léir in

    aguisíní ag deireadh an tráchtais.) Mura bhfuil sé soiléir, cuirim litriú Gaelach ar na

    foirmeacha foghraíochta (ní gá muc a scríobh le haghaidh chuile shampla de /mo k/,

    /muxk/, /m k/ m.sh.). Tugtar litriú agus gluais Wagner más ann dóibh. Rinneadh

    iarracht litriú “canúnach” a sholáthar le léargas a thabhairt ar na tréithe canúnacha. I

    5 Tá mé ag tabhairt brí sách leathan ag “Sean-Ghaeilge” – ó tharla go bhfuil Meán-Ghaeilge (agus Nua-

    Ghaeilge Mhoch) in DIL chomh maith, beidh cuid de na focail nach bhfuil fianaithe sa tSean-Ghaeilge san

    áireamh chomh maith. Má tá eolas ann ar an aois a bhaineas leis na focail, pléifear níos deireanaí é. Mar

    shampla, tá an focal bardal luaite in DIL (sub lachu), ach is cinnte nach focal Sean-Ghaeilge é bardal. Is ó

    A chorographical description of West or H-Iar Connaught le Ruaidhrí Ó Flaithbheartaigh é an sampla a

    luaitear. Ní raibh a fhios agam ar cheart go gcuirfí an focal seo agus focail eile cosúil leis isteach faoi

    “Shean-Ghaeilge”, ach ag an deireadh, b’fhearr iad a chur san áireamh agus aois an fhianaithe a thabhairt

    faoi deara.

  • 13

    gcás Ghaeilge na hAlban lean mé Dwelly agus foclóir Colin Mark, agus bunaíodh aon

    litriú Manainnise ar na foclóirí a luaitear sa leabharliosta. Á leanúint seo, beidh cur síos

    agam i bprós ar na focail ón suirbhé agus a ndáileadh, a n-infhilleadh, a n-inscne, srl.

    Cuirtear freagraí ó LASID i gcóimheas le foirmeacha ó fhoinsí eile má thugann sé cuidiú

    leis na focail ón suirbhé a thuiscint. Cruthaíodh léarscáil shimplí chun dáileadh na

    bhfreagraí (Éireannacha) ón LASID a léiriú má ba chuí. Mar shampla, tá cráin agus

    caora i ngach áit gan mórán difríochtaí idir chanúintí (ach amháin san infhilleadh nó san

    fhoghraíocht), ach tá a lán difríochtaí le sonrú i gcás focal cosúil le madra, molt, eireog.

    uascán/fóisc agus na n-iliomad leaganacha Gaeilge de ‘heifer’. Comharthaítear na

    treoirlínte canúnacha limistéar bunúsach na bhfocal éagsúil. Ní hiondúil go mbíonn

    “líne” ghlan idir foirmeacha canúnacha, ach “idirchrios” idir na foirmeacha éagsúla nó

    na leaganacha malartacha. Ach beidh léiriú radharcach bunúsach i gcás mar seo thar a

    bheith cúntach agus feiliúnach le go dtaispeántar bundáileadh na n-ainmneacha i

    gcanúintí na Gaeilge go soiléir. De bhrí nach bhfuil ach léarscáileanna simplí dubha

    agus bána i gceist, tá siad bunaithe ar fhreagraí an tsuirbhé agus ar léarscáileanna LASID

    go príomha.

    Tabharfaidh mé míniú, más ann dó, ar ilíocht na bhfoirmeacha, chomh maith le cur síos ar

    thábhacht an ainmhí don tsochaí agus ar thionchar na tábhachta sin ar théarmaíocht na

    gcanúintí má thagann sé i gceist. Ní bheidh chuile rud roinnte go glan soiléir cionn is

    nach ionann an méid eolais atá le fáil ar na focail éagsúla, ná an méid leaganacha

    malartacha atá ann, ná an riachtanas le haghaidh a bplé. Déanfar comparáid leis na focail

    eile atá le fáil i bhfoinsí eile, mar atá, na foclóirí agus cnuasaigh chanúnacha. Sa chaoi is

    go bhfeictear forbairt agus stair na n-ainmneacha seo sa Ghaeilge, leanfaidh mé

    foirmeacha na nuatheanga le córas téarmaíochta na Sean-Ghaeilge—na focail agus a

    gciall ó DIL agus ansin brí na bhfocal mar a luaitear í in Early Irish Farming (fianaise ó

    na téacsanna dlí) agus cur síos ar shanasaíocht na bhfocal seo. Tráchtfar ar na

    leaganacha Breatnaise agus ar an bhfréamh Chomh-Cheiltise nó Ind-Eorpaise. Déanfar

    iarracht míniú a thabhairt ar na difríochtaí idir ainmneacha na n-ainmhithe sa tSean-

    Ghaeilge agus sa Nua-Ghaeilge.

    Rinne mé iarracht nóta a chur ann má tháinig an t-eolas ó cheist eile sa suirbhé nó ón

    bhfoclóirín. Uaireanta tá an t-eolas le fáil i gceist díreach in aice leis an gceann eile agus

    beidh sé soiléir cén áit ar tháinig sé aisti. I gcás pointí 66 agus RC tháinig na foirmeacha

  • 14

    ó iris eile (in ord na haibítre i gcás pt 66 agus mar gheall ar uimhir na gceisteanna i gcás

    RD) agus cosúil le pt 66, níl freagraí ann de réir uimhreacha na gceisteanna i gcás cuid

    de na pointí eile (m.sh. pt 6, 6a, 26, 63, 64, 87, 88), ach tá foclóirín amháin tugtha.

    Cuireadh na foirmeacha sin san áit cheart ar na táblaí gan aon mharc a thabhairt.

    Leanfar ar aghaidh leis an gcur chuige seo le haghaidh na gceithre ainmhí. Bhí sé ar aigne

    agam tuilleadh ainmhithe a phlé anseo, ach de bharr easpa ama agus spáis ní bheidh ach

    na ceithre cinn a luadh cheana san áireamh anseo. Ach, de bhrí go bhfuil an buneolas

    cruinnithe agam cheana féin, beidh tagairtí d’ainmneacha na n-ainmhithe eile (go háirithe

    do na foirmeacha a fhaightear in LASID) anseo chomh maith má bhaineann na

    hainmneacha úd leis na cinn atá faoi chaibidil sa tráchtas seo. Beidh an bhaint atá idir

    ainmneacha ainmhithe éagsúla le hainmhithe eile le sonrú mar sin.

    1.4 Giorrúcháin

    FGB – Foclóir Gaeilge-Béarla Uí Dhónaill

    LASID – Linguistic Atlas and Survey of Irish Dialects le Wagner (na ceithre imleabhar

    mar aonad; luaitear uimhir an imleabhair (I, II, III, IV) ar uairibh nuair atá imleabhar

    ar leith i gceist)

    DIL – Dictionary of the Irish Language

    EIF – Early Irish Farming le Ferus Kelly

    GPC – Geiriadur Prifysgol Cymru

    LEIA – Lexique étymologique de l'irlandais ancien le Vendryes

    IEW – Indogermanisches etymologisches Wörterbuch le Pokorny

    Duin – Foclóir Gaedhilge agus Béarla Uí Dhuinnín

    OED – Oxford English Dictionary

    VGK – Vergleichende Grammatik der keltischen Sprachen le Pedersen

    SnaG – Stair na Gaeilge (McCone et al. eag.)

    MacBain – An etymological dictionary of the Gaelic language

    GOI – A grammar of Old Irish le Thurneysen

    FOCL – foclóiríní tar éis fhreagraí na gceistiúchán in LASID

    SG – Sean-Ghaeilge

    CO – an Caighdeán Oifigiúil

  • 15

    2. An Mhuc

    B’ainmhí tábhachtach ar fheirmeacha na hÉireann roimh theacht na Normannach (agus ina

    dhiaidh freisin) í an mhuc chlóis. Fuarthas cnámha na muice clóis ag suímh neoiliteacha

    agus cnámha muc ab ea timpeall trian de na cnámha a fuarthas ag luathshuímh

    Chríostaíochta (EIF 79). Anuas air sin, tá fianaise láidir ó théacsanna dlí agus ó

    théacsanna eile a léiríos tábhacht an ainmhí seo. Tá stádas réasúnta ard ag an muc sna

    téacsanna eagna (“wisdom-texts”) agus sna hannála (EIF 79). Faightear focal gaolmhar

    le muc na Gaeilge sna teangacha Briotainise: moch(yn)6 sa Bhreatnais agus moc’h sa

    Bhriotáinis. Tá clú agus cáil ar an scéal darb ainm Scéla Mucce Meic Dathó agus

    faightear ainm na muice i logainmneacha na tíre chomh maith (agus tá na muca le fáil i

    litríocht agus i logainmneacha na Breataine Bige freisin cf. an scéal Math fab Mathonwy

    sa Mhabinogi. Bhíodh fiamhuca ann in Éirinn agus go dtí le (réasúnta) deireanaí. Níor

    mhór an difríocht a bhí idir an mhuc chlóis agus an fhiamhuc, cé go bhfuil cuma sách

    difriúil ag an dá chineál muice anois: “The Irish domestic pig of this period was a small

    long-legged hairy animal… It would have been quite unlike its modern counterpart,

    which has been transformed over the last couple of centuries by crossing with quick-

    fattening oriental types” (EIF 80).

    Tábla achomair

    6 mochyn ‘muc’ agus moch ‘muca’

    ainm

    ginearálta

    an ceann fireann an ceann

    baineann

    na cinn óga

    CO

    (FGB)

    muc,

    mucra

    collach, torc cráin (mhuice),

    muc;

    céis (gilt, cráin

    óg)

    banbh, arc(án), céis, céasóg,

    crampánach, slip, sabhán

    Canúintí

    na

    hÉireann

    mu(i)c,

    orc

    collach, muc

    fhireann/fhearann,

    cionn fireann

    cráin

    (m(h)uice),

    mu(i)c

    b(h)aineann,

    collach (!),

    birid

    banbh, banbhán, pigín, pisín

    muice, arcán, slip(í)(n),

    /tʹigʹinʹəl .g/ ‘young pig’,

    /borə/ (‹borra›?) ‘superfluous

    banbh for which there is no

    teat left’, sabhán, uircín

    Albain muc cullach, torc muc, cràin, muc

    bhoireann,

    gius(aidh)

    oircean/uircean (muice),

    pigean, isean (na muice)

    Sean-

    Ghaeilge mucc,

    mát(a),

    ocrad

    torc, cullach, ner mucc, birit, cráin, céis

    (=cráin óg),

    feis, deil, aithech (i ngluaiseanna

    orc(án), banb(án), lupait,

    oircnín, orcín, céis,

    cumlachtaid, ruisne(?),

    deileng ‘suckling pig’

  • 16

    2.1 Ainm ginearálta: muc

    FGB muc ‘pig’ mucra ‘swine’ (cnuas.)

    Duin. muc ‘a pig (hog, sow, boar)’, mucradh ‘coll., swine, a herd or drove of swine’,

    orc ‘a pig, a young pig’, porc(a) ‘a pig, a hog, a pork’, banbh (go fileata mar

    ghnáthainm ar an muc), uircín ‘pig, a young pig’

    LASID – tábla achomair: muc, muca

    LASID pt ceist 105 ‘pig, pigs’ ainmneach iolra tuisil eile

    3 Sliabh gCua mʷ kʹ nə 'mukə

    4 Goatenbridge, Ard

    Fhíonáin muk mukə

    7 Baile Mhac Óda mʷ kʹ mukə

    8 Cloich na Coillte muk mukə

    14 Ceann Buí mo k mo kə

    19 Cill Orglan mo k mo kə

    20 Dún Chaoin muk mukə GAIR. ə vïkʹ

    amháin)

    Breatnais mochyn baedd, twrch

    “hog” (castr):

    twrch, hob (ársa)

    hwch, gw s

    (ársa),

    banwes ~hwch

    ifanc (cráin óg)

    ‘gilt’:

    hesbinwch,

    banwes, hwch

    fanwes

    porchell, mochyn sugno,

    banw (ársa?)

    “smallest piglet of the litter”

    CO

    (FGB)

    íochtar (neide) (=ceann is lú~laige den ál), crampánach (bainbh)

    “underdeveloped piglet”,

    Canúintí na

    hÉireann

    síobhra (cf. síofra), díl(th)eoch(?), alachán(?), luchán, íochtar (neide

    (/neidín)), peata, iarmhar, f(u)íolach(?), deireadh líne, sucaí, drachaidí

    beag, luch áil (locháil), /ro hə/, luchaín áil, arc, deoraí, aircín, arcán,

    / no:də/, farcán, fágálach, anbhán, dreolán, íochtarán, ránaí, dorbaí,

    arcalán an bhalláin deiridh, deireadh díne, crathadh an phocáin,

    cláiríneach, díorfach (=díthreabhach), cuain, luch áil na cránach

    Albain isean deiridh lìn, dìomatach(?) /dʹʒi:mə' əx /, seot(a)

    Sean-Ghaeilge

    Breatnais bach y nyth, tin y nyth, cwlyn, ratlin, ca(r)dodwyn, cardot(w)yn,

    credydwyn, crebitwyn, crebitwyn, cranc(yn), crencyn, crincyn…

  • 17

    24 Fánóir mo k mo kə

    30 Baile Uí

    Chlúmháin mo k mo ki (/ mo kə)

    31 An Droichead Nua m k mo ku

    37 An Carn Mór mo k

    m ki GIN. mʷ kʹə

    TABHR. də 'v kʹ

    40 An Lochán Beag mʷ kʹ

    41 Inis Oírr mʷ kʹ mukə

    51 Tuar Mhic

    Éadaigh mo k mo k

    54 Acaill mo k mo kə

    56 An Fód Dubh mo k mo k

    66 An Creagán

    mo K (G ), mo k (GE)

    ‘a pig’ ən 'wo k (GL)

    ə 'mʷiKʹ (A)

    an m(h)u(i)c

    67 Reachlainn

    nə mo k n FOCL.

    t : e bʹɛ:əx nə mïkən

    ‘he is feeding the pigs’

    tá sé a’ beathach na

    mucan

    68 Cluain Maine mo k mo ku.

    69 Baile Uí

    Fhuaruisce, Fánaid mo k mo kə GIN. mʷ kʹə

    71 Na Dúnaibh / Ros

    Goill

    Nə mo k.ə

    116 nə m kə

    76 Dún Lúiche 118 n 'wuk nə mo Kə GIN. mʷ kʹ

    86 Teileann Nə mo k.ə

    A Eilean Arainn muk

    'urbəł ən 'vuk (easpa

    GIN.)

    ‘the pig’s tail’

    earball an mhuc

    B Cinn Tìre muxk muχkən (-xk-)

    D Beinn nam Fadhla

    mux

    mux ən tabhr. igʹə 'vu xʹkʹ (nó

    vux ) aig a’ mhuic

    (/mhuc)

    F Taobh Siar Rois muχk mux ən GIN. nə 'muχ ʹə

    Is é muc an t-ainm ginearálta seo sna canúintí i gcoitinne (agus i gcanúintí na hAlban

    freisin). Tá an tuiseal tabharthach traidisiúnta (muic) i leaba an ainmnigh i gConamara

    go háirithe (pt 7, 40, 41, 46). Tá réamhanálú na bpléascach neamhghlórach7 le sonrú i

    dtromlach na bpointí Albanacha, seachas pt A Eilean Arainn. Mar gheall ar an uimhir

    iolra, bíonn leagan an Chaighdeáin Oifigiúil, .i. muca, i dtromlach na gcanúintí, ach is

    minic a bhíos mucaí le fáil i gConnachta (mar a tharlaíos lena lán ainmfhocal eile a

    chríochnaíos ar ghuta neodrach: /i/ in áit /ə/ cf. SnaG 571): pt 30 (mar mhalairt le muca),

    35, 37, 39, 45, 47, 49, 50, 51, 55(a), 56. Tá mucú in gcúpla áit freisin: pt 31, 32, 68 –

    7 cf. SnaG 664 le haghaidh plé ar réamhanálú na bpléascach neamhghlórach i nGaeilge na hAlban.

  • 18

    Oirthear na Gaillimhe (cf. SnaG 572 “/u:/ (

  • 19

    Tá Patricia Kelly den bharúil gurbh fhéidir go léiríonn an focal feis cúrsaí canúna sa tSean-

    Ghaeilge (seachas a bheith mar fhocal seanda nó fileata amháin). Dar léi, faightear an

    focal seo (agus roinnt focal eile ar ainmhithe freisin) i dtéacsanna a bhaineas le deisceart

    na hÉireann (Bretha Nemed agus Sanas Cormaic mar shampla) agus go léiríonn sé seo

    gurbh fhocail chanúna iad i nGaeilge an deiscirt. Ós rud é go bhfuil focail ghaolmhara

    Bhreatnaise ag a lán de ne focail seo, b’fhéidir go bhfuil iarsmaí de theanga Cheilteach

    eile ann, nó b’fhéidir gur iasachtaí ón mBriotainis9 atá iontu (Kelly 1982). Cibé scéal é

    ní mhaireann an focal seo i nGaeilge an lae inniu. Tá feis i bhfoclóir Gàidhlig-Beurla

    Dwelly (thóg sé ó Gaelic names of beasts (mammilia), birds, fish, insects, reptiles, etc. le

    hAlexander Forbes é) ach is cinnte nach raibh sé i gcaint na ndaoine. Tá focail eile aige

    – gius ‘cráin mhuice, muc’ (agus mar intriacht freisin ‘call to pig’) agus giusaidh ‘cráin

    mhuice, muc’ (agus mar scairt ar an muc freisin). Luaitear go bhfuil an focal giusaidh

    baininscneach, ach firinscneach in oirthear Pheairt (ach le forainm baininscneach) agus

    tugtar an sampla: an do bhiadh sibh an giusaidh? ‘have you fed the pig?’. Tá cuma

    cosúil leis na focail Bhriotainise sin orthu, agus níor aimsigh mé i bhfoinse Éireannach ar

    bith iad, agus ó tharla go bhfeidhmíonn na focail seo mar “ghair ar mhuc” freisin, ní

    dócha go mbaineann sé leis an bhfocal feis/ guis.

    Is é mát(a) focal fileata ársa eile a thugtaí ar an muc. Ní léir bunús an fhocail seo, ach

    pléann Vendryes gaol féideartha ag an bhfocal seo le math (‘mathúin’ (math+ghamhain))

    agus m i is na aidine (a chiallaíos ‘muc choillte, muc ramhar’):

    mát «porc»; .i. muc Corm.2 876; mata .i. muc O’Dav. 1223, et mait O’Dav. 1241 pl.

    mátai .i. mucci U 8887. Un monstre à plusieurs t tes porte le noms de máthae (v. à

    part) ou mátae; est-ce sous l’influence de math «our» (v. à part)? —En partant pour mát

    «porc» du sens de «porc à l’engrais» {=porcán} on peut songer à en rapprocher mess

    «glandée», paisson» (v. à part) mais la formation du mot s’explique malaisément. Un

    élément radical m - se retrouve dans lat. m i is «porc ch tré, porc gras», dont la

    formation est également énigmatique. Is s’agit là de termes populaires et archaïques qui

    ont servi à désigner le porc pour d’autres noms, voir sous mucc. Peut- tre faut-il

    rapprocher mátae ou máthae de l’énigmatique matikan de l’inscription de Sagnon en

    partant d’un mot soit à géminée soit à occlusive simple (v. sous máthae). (LEIA M-23)

    Ach cárbh as ar shíolraigh an focal “muc” é féin? Is é an focal gaolmhar moch(yn) a

    fheidhmíos mar ghnáthainm na muice sa Bhreatain Bheag chomh maith. Ní hé an

    gnáthfhocal Ind-Eorpach (*porko-s) atá ann, ach tá an fréamh seo le fáil i nGaeilge go

    fóill (orc, arc; breathnaigh thíos), ach ní fheidhmíonn sé mar ghnáthfhocal ar an

    9 NB Tá an Bhriotainis ‘Brythonic’ idirdhealaithe ón mBriotáinis ‘Breton’ agus ón mBreatnais.

  • 20

    speiceas. De réir dealraimh, baintear úsáid as an bhfréamh seo le tagairt a dhéanamh don

    mhuc sna teangacha Ceilteacha amháin. Ceanglaíonn MacBain don fhréamh ‘múcas’ é.

    muc, a pig, Ir. muc, O.Ir. mucc, W. moch, pigs, Br. moc’h, pigs: *mukku-; Lat. m cus,

    muccus, mucus; Gr. μύξα, phlegm, ἀπομύσσω, wipe the nose, μυκτήρ, nose Skr.

    mu cáti, let loose. (MacBain 255)

    Ach ní aontaíonn Vendryes leis an míniú seo, ach níl sé in ann sanasaíocht eile a

    mholadh. Is é guta na leaganacha Briotainise (/o/) is cúis leis an bhfadhb—ardaíodh an

    /o/ go /u/ roimh an nguta téamach /u/, cé gur infhilleadh an focal seo mar -thamhan sa

    tSean-Ghaeilge (Thurneysen 1946, 47-8, 195). Tabhair faoi deara an méid focal eile a

    bhíodh ann sa tSean-Ghaeilge a bhaineas leis an muc, cuid acu pléite cheana féin thuas.

    mucc, f. «porc» […] Wd. II faut partir de *mokku-, thème en -u- passé aux thèmes en - -

    (Thurn. Gramm. 48 et 195), gall. moch, singulat. mochyn; corn. m gh et mow «porcs»;

    bret. moc’h «pourceaux» {=mucra} singulat. penmoc’h. Cf. sans doute gaul moccos qui

    serait un dieu porc […]

    C’est en celtique le nom générique du porc ou du sanglier (car les deux à l’origine ne

    se distinguent pas), mais il y en a une variété d’autres, suivant l’ ge et le sexe, qui sont

    entregistrés à leur place: banb «porcelet», birit «truie», cráin «id.» , cribais, féis, mát et

    máta, orc et uircín, porc (empr. lat. comme gall. porchell, bret. porc’he ), suig, torc

    «verrat». e glossaire d’O’Davoren, 360, en mentionne encore huit autres:

    comhlachtaid, scuithid, foir, cro, cuindeol, lupait, ceis, deil (v. ACL II 254), auxquels il

    faut joindre athach ou aithech «truie» et fithend (Corm.2 662) Une m me abondance de

    noms caratérise le cheval (ech), le loup (fael), le saumon (eó), le corbeau (bran), etc.

    animaux qui pour divers motifs pr taient à des renouvellements de dénomination. En

    brittonique aussi, le porc ou le sanglier ont divers autres nom gall. baedd m., hwch m,

    carnan f., twrch m.

    On a depuis longtemps proposé d’éxpliquer le mot mucc en le rattachment à le famille

    de lat. m cus «morve» […] ais ces rapprochements, peu satisfaisants pour les sens, se

    heurtent à cette difficulté qu’on doit partir en celtique d’un mot à vocalisme radical o. Il

    s’agit visiblement ici, comme pour d’autres noms d’animaux, d’une formation expressive

    caractérisée par une géminée . C’est tout ce qu’on peut dire. ( EIA -68-69)

    Tá iléagsúlacht ar leith sa tSean-Ghaeilge ann in ainmneacha an ainmhí áirithe seo (agus

    cinn eile freisin). uann Vendryes “animaux qui pour divers motifs pr taient à des

    renouvellemnets de dénomination” agus luaitear go minic geasa mar chúis go seachnófaí

    agus go gcaillfí seanainm anmhithe áirithe agus go dtugtar ainm nua orthu. Cé go bhfuil

    an seanainm Ind-Eorpach ann go fóill, ar chúis éigin cuireadh mucc ina ionad sa

    ghnáthúsáid. Ní de bhunús Ind-Eorpaise é a focal seo dar le atasović de bharr nach

    bhfuil focail ghaolmhara dearfa i dteangacha Ind-Eorpacha eile ag na focail Cheiltise seo

    agus is dócha gur focal iasachta ó theanga neamh-Ind-Eorpach é ( atasović 2009, 275).

    Luann sé chomh maith gur bhfuil an focal seo i gcanúint na Gearmáinise (.i. Fränkisch)

    san fhoirm Mucke ‘Mutterschwein, cráin mhuice’, ach focal iasachta ón nGaillis atá ann

  • 21

    sa chás seo de réir dealraimh ( atasović 2009, 275 luann sé teagmháil le Stefan Zimmer

    mar fhoinse le haghaidh an fhocail seo).

    Faoi dheireadh, an gnáthfhocal Ind-Eorpach ar an muc, a mhaireas sa tSean-Ghaeilge mar

    orc ‘muc óg’, cé go bhfuil sé mar fhocal eile ar an muc i gcuid de na canúintí níos

    deireanaí:

    orc «porc eune» et quelquefois «petit d’animal quelconque», archaïque et poetique; .i.

    muc «porc» O’Dav. 1308, .i banb «cochon de lait» ACL III 310; orc muice traduisant

    cumlachtaid «cochon de lait» Corm.2 306 […] Remonte certainement à *[p]orko- et par

    suite doit tre rapproché de lat. porcus, porcellus, vha. farah, vangl. fearh «porc», lit.

    pàszas «verrat», vpruss. pras «petit cochon». C’est un mot du vocabulaire du Nord-

    Ouest. Peut- tre le nom des Orcades, irl. Innsi Orc, en est-il tiré. Pok. 841. (LEIA O-

    28)

    Luaitear freisin leaganacha gaolmhara eile sa phlé ar an bhfocal orc: leaganacha

    díspeagtha orcán, oircnín (gl. porcellus); agus ansin an focal in úsáid le haghaidh

    ainmhithe eile: oirce, oircne «chien bichon» (LEIA O-28). Is é seo an focal as a dtagann

    an focal porcus agus pork an Bhéarla (trí Fhraincis) freisin. Tá an focal fós in úsáid sa

    Nua-Ghaeilge (nó bhí go dtí le deireanas). Níl sé i bhfoclóir Uí Dhónaill, ach tá sé i

    bhfoclóir an Duinnínigh: orc ‘a pig, a young pig’. I bhfoclóir Béarla-Gaeilge de chuid

    Mhic Cionnaith, tá muc luaite mar an gnáthainm Gaeilge ar an muc ach luaitear orc mar

    “ ocosely” freisin. Tugtar sampla den fhocal i bhfoclóir ane chomh maith: orc ‘pig,

    swine, hog’ – ná déan cró roimh na hearcaibh ‘do not build a sty before you get the

    pigs’ dim. orcán. B’fhéidir nach bhfuil an focal orc i ngnáthúsáid an lae inniu (is dócha

    nach bhfuil), ach faightear é i roinnt cnuasach d’fhocail chanúnacha. ar shampla, bhí

    sé in úsáid i gcanúintí na umhan mar a léiríos an cuntas ar “Théarmaí agus Seanchas

    Feirmeoireachta” san iris Béaloideas – is “ainm eile ar mhuic” é orc i nGaeilge Mhúscraí

    (Ó Muimhneacháin 1944, 34). Agus tá leaganacha díspeagtha de (orcán, arcán, srl.) in

    úsáid go fairsing i nGaeilge Chonnacht agus i nGaeilge Uladh le haghaidh ainm ar an

    mbanbh—uaireanta feidhmíonn sé mar ghnáthfhocal ar an muc óg agus in áiteanna eile

    cuireann sé síos ar chineál áirithe bainbh (breathnaigh thíos le haghaidh plé ar

    ainmneacha na mbanbh). Bíonn leaganacha a thosaíos ar /a/ níos coitianta anois, ach ní

    haon iontas é malartacht /o/ agus /a/ faoi bhéim sa tSean-Ghaeilge ná i nGaeilge an lae

    inniu (cuirim i gcás cos ~ cas, boladh ~ baladh, folamh ~ falamh, focal ~ facal, mór ~

    már, fada ~ fota srl.).

  • 22

    2.2 An ceann fireann – collach (cullach, torc)

    FGB collach, torc

    Duin collach, torc, muc

    LASID – tábla achomair: collaigh, collach, torc, cullaich, cullach

    LASID pt ceist 111 'boars' léarscáil 31 'boar'

    1 An Rinn koŁigʹ (ko igʹ) kə'Ł x

    2 Cnoc Mheilearaí kułigʹ kl x

    7 Baile Mhac Óda ko l digʹ kə'l.d x

    8 Cloich na Coillte kəl xə k

    əl x

    18 An Coireán k ligʹ (k l- “strongly

    velarized”) kl x

    20 Dún Chaoin (GIN.U.) kʹʲeun k l gʹ

    ceann collaigh kl x

    23 Dúlainn k ligʹ kułəx

    25 Cinn Mhara kołəx : kołəx

    34

    Lisín na hEillte,

    Gleann na

    Madadh kol koləx

    37 An Carn Mór ko əx mʷ kʹə (UATHA) ko əx

    40 An Lochán Beag ko ə ko əx

    41 Inis Oírr mʷ kʹ fʹirʹən (UATHA) ko əx

    44 Ros Muc muk èrən / koləx (UATHA) kołəx

    48 Leitir Fraic muk ɛ ən ‘male pig’ muc

    fhearann (UATHA) koləx

    51 Tuar Mhic

    Éadaigh kol koləx

    53 Leithinis Curraun koləx mʷ kʹə (UATHA) ko x

    58 Béal Deirg k .lI k ləx

    59 Baile an Chaisil ,koləx 'mʷ kʹə (UATHA) kołəx

    65 Ó Méith kʹ N fʹirən ‘boar’ (UATHA) ko :

    67 Reachlainn kol: x

    68 Cluain Maine kɔ: :a

    72 An Craoslach ko : h

    77 Loch an Iúir mo 'kirʹən ‘male pig’

    muc fhireann (UATHA)

    ko :

    83 Dúbinn kɔ aχ (UATHA)

    86a Gleann Cholm

    Cille kɔ : :

    A Eilean Arainn ku .ɛ n IOL (cullaichean?) ku’

    B Cinn Tìre ku xʹ’ ku x

    C Earra-Ghàidheal to (UATHA) tor.h

    D Beinn nam

    Fadhla ku əx

    E Leòdhas ku əx

    F Taobh Siar Rois tɔrhk

    Níl scéal na muice firinne sa teanga chomhaimseartha an-chasta ar chor ar bith. Collach

    an focal atá ag beagnach chuile phointe in Éirinn (idir ceist 111 agus léarscáil 31), ach

    amháin na pointí nár thug freagra iontu. Is féidir collach muice a bheith ann chomh

  • 23

    maith (pt 37, 53, 59, faoi cheist 111) Tá an focal seo le fáil in Albain (litrithe agus

    fuaimnithe níos gaire don tSean-Ghaeilge, .i. cullach) (pt A, B, D, E) agus ar Mhanainn

    (/ɛ:δi/ leagan eile tugtha le haghaidh thuaisceart an oileáin ach ní raibh mé in ann aon

    eolas ar an bhfoirm seo a aimsiú). Ach is é torc an focal ag pt C agus F. Tá an focal seo

    le fáil i nGaeilge chomh maith ar ndóigh ach is dócha nach mbaintear feidhm as sa

    ghnáthchaint.

    Mar gheall ar an bhfocal Sean-Ghaeilge cullach, ní raibh a chiall teoranta don chollach

    muice amháin. D’úsáidtí an focal seo le ainmhithe fireanna eile tráth freisin – an stail go

    háirithe cf. DIL cullach (a) boar (b) stallion. Úsáidtear é le hainmhithe eile fós i

    nGaeilge an lae inniu san fhrása “collach phortáin” (ach ní thugtar ar an stail é níos mó)

    agus i nGaeilge na hAlban mar “cat fireann” freisin. Cúngaíodh sainbhrí an fhocail seo

    in Éirinn ar aon chaoi agus anois déanann sé tagairt don mhuc fhireann go príomha.

    Pléifear an focal seo a thuilleadh faoin bplé mar gheall ar an stail. Tá leaganacha eile sa

    suirbhé seo freisin – mar shampla, an leagan tuairisciúil leis an aidiacht fhireann. Níl

    aon leagan mar seo tugtha ar an léarscáil ach faightear cúpla sampla (mar mhalairt gan

    amhras) i bhfreagraí an cheistiúcháin: muic fireann (pt 41), muc fhireann (pt 44, 48, 77),

    agus cionn fireann (pt 65).

    Is léir ó shanasaíocht an fhocail seo go mbíodh ciall níos leithne aige (mar a chonaiceamar

    thuas le collach ‘stail capaill’) agus gur cúngaíodh an chiall tar éis tamaill agus anois

    déanann collach tagairt don mhuc fhireann go príomha. San alt ar fhocail Cheiltise le

    haghaidh na gcapall, luann Kelly an focal Sean-Ghaeilge muccullach leis an mbrí

    ‘collach muice, muc fhireann’ (á chur i gcóimheas leis an bhfocal echcullach ‘stail’ agus

    Breatnais march keillawc ‘stail’). Níl an focal seo mar cheannfhocal in DI , ach tá sé le

    fáil faoin gceannfhocal láth ‘rutting season’: “im muccullach for mucc(h)u .i. i n-aimsir

    laith, aws i 144.6 Comm”. De réir chuntas Kelly, aidiacht a bhíodh san fhocal

    c(a)ullach ‘an té ag a bhfuil magairlí, fireann’– mar sin echcullach agus muccullach, ach

    sa Mheán-Ghaeilge cruthaíodh ainmfhocal ón aidiacht seo (leis na cialla ‘muc fhireann,

    torc’ agus ‘stail’) ach anois sa Nua-Ghaeilge, déanann sé tagairt don mhuc fhireann

    amháin10

    (Kelly 1997, 53).

    Tuilleadh eolais ar shanasaíocht na bhfocal seo:

    10

    Tá collach (portáin) ‘male crab’ in FGB freisin, ar ndóigh, agus collach ‘the male of various animals a

    boar, a he-ass, a stallion, a male crab-fish; al. a fat heifer’ in Duin., ach is iondúil go ndéanann sé tagairt

    don chollach muice.

  • 24

    MacBain: cullach OI callach, cullach, caullach, Briotáinis ka oc’h, “entire,” qellecq, epithet for

    stallions and boars, *ka u ko-s >*kalljo- ‘testicle’ Breatnais caill ‘testiculus’, eán-

    Bhriotáinis quell root kal ‘hard’ as in clach, cf. Laidin culleus ‘bag, scrotum’, Sean-

    Fhraincis couillion, Sc. culls ‘testicles’ hence cullbhoch ‘wether-goat’ ( acBain 116-

    117)

    Vendryes: cullach m. th. en -o-, «sanglier, verrat, étalon» … gl. porcum Sg. 66 b 25 […] Stokes a

    proposé US 72 de rapprocher le nom brittonique du testicule, gall. caill, mbr. quell, cf.

    gaul. callio- (Calliomarcus, glosé equi ungula pour inguina, Do. 239, aussi epo-calium

    m me sens), cf. Pok. 924 (à rapprocher de colainn «chair»? v. à part). Le dérivé mbr.

    quellecq, quellocq serait «l’épithète des étalons et des verrats» Ernault RC VIII 36,

    Gloss. 532 s. ( ue c verrat ’A.). Synonyme, bret. ca oc’h, de *kallukko-. Le mot

    irlandais remonter à *kallu-ko- (Stokes). One a peut- tre le mot de bas dans la glose,

    losuill .i. caull testiculus, Goidelica 75 § 21 (Dúile Laithne), voir sous caull à part; voir

    aussi calad et cailech. (LEIA C-284-5)

    Níl an focal calloch ~ cailloch nó a leithéid aimsithe agam sa Bhreatnais. Breathnaigh ar

    choileach le haghaidh tuilleadh eolais ar shanasaíocht an fhocail sin ós rud é gur dócha

    gur shíolraigh an focal sin agus an focal Breatnaise ceillog ón bhfréamh chéanna ar

    shíolraigh collach aisti. Is iad magairle (macrall, magarla sa tSean- / Mheán-Ghaeilge)

    no uirí (SG uirge) gnáthfhocal an lae inniu (nó leasainm mar “chloch”), ach dar le

    Vendryes gurbh fhocal na sanasán é caull (cf. caill na Breatnaise) (LEIA C-50).

    Is léir go meascadh na focal collach agus coileach le chéile sa Mhanainnis11

    : collagh (.i.

    collach) ‘the male of an animal, stallion’, collagh muck /k l x 'mük, kɔlax 'mo k/ ‘boar’,

    collagh cabbyl /k l x 'kʹa:vəl, kɔlax 'kʹa:b əl/ ‘stallion’, collagh kayt /kɔlax 'kat/ ‘tomcat’,

    collagh kiark /kɔlax 'kʹa:rk/ ‘hencock’, agus collagh thunnag /kɔlax 'tɔnag/ ‘drake’

    (Broderick 1984, 89) ach kellagh (.i. coileach) chiark, kiark ‘cock’, kellagh guiy /kʹelʹax

    'gɛi, kʹalʹax ' ɛi, kal x gei/ ‘gander’, agus kellagh thunnag /kʹalʹax 'tun g/ ‘drake’

    (Broderick 1984, 247).

    Focal eile atá in úsáid i nGaeilge na hAlban agus a bhí sa tSean-Ghaeilge é torc (fós in

    FGB torc ‘boar’, torc allta ‘wild boar’). I bhfoclóir Ghaeilge na hAlban le Dwelly, torc

    = ‘collach coillte’ in Ìle (cóngarach do phointí A agus B mar a bhfuil cullach faoi

    choinne ‘boar’ in ASID b’fhéidir go bhfuil idirdhealú idir an dá fhocal seo sa chuid sin

    d’Albain). Is é twrch an focal gaolmhar atá sa Bhreatnais. Tá an cuma ar na focail seo

    go bhfuil baint acu leis an bhfocal orc. Luann MacBain an fhoirm *t-orko-s *orco mar

    atá in uircean cf. porkos. Ní cheanglaíonn Vendryes an focal torc go díreach le

    11

    Cuimhnigh nár coinníodh na difríochtaí idir na consain chaola agus leithne go han-mhaith i nGaeilge

    Mhanann, go háirithe i gcás /k/ agus /g/, cf. SnaG 712.

  • 25

    *porkos, áfach, ach is dócha go raibh an focal seo faoina thionchar. Arís, cosúil le muc,

    baineann an focal torc leis na teangacha Ceilteacha amháin.

    torc “verrat” particulièrement avec l’épithète allaid, «sanglier» […] torc allid “verrat

    sauvage” gl. aper Sg. 37 b 1 […] e correspondant gallois twrch ‘porc’ se dit aussi du

    sanglier, mais en gallois on emploie plut t baedd ou baedd coet pour sanglier, avec le

    fém. carnen “laie” {cráin allta} d’autre part twrch daear pour la taupe. Le mcorn. torch

    gl. magalis (Voc.) et en breton tourc’h…est le non du verrat. En irlandais m me, il y a

    pour le sanglier un autre nom, ner (v. à part), et on emploie au ourd’hui collach, nom

    généal du «m le».—Un celtique *torkos et isolé, on ne peut songer à lle rattacher à lat.

    porcus (v. sous orc); tout au plue pourrait-on admettre avec F. Sommer IF XI 91 une

    contamination de *porko- et d’un ancien *trogo- supposé pour expliquer bas lat. troia

    “truie” ZCP III 473, et WP II 642, Pok 1032. En tout cas le rapport établi entre

    *[p]orkos et *torkos et ancien, comme le prouve la célèbre légende du Twrch Trwyth

    gallois, auquel correspond Orc Tréith en irlandais, Corm.2 1018 et qui est le porcus

    Troynt de l’Historia Britonum…Autre explication par H. Wagner KZ XXV 70 n. 3l

    mot taboo, sur *to-org- “détruire”, d’ailleurs déformé sur le noms du “porc”.

    (LEIA T-115)

    Ach de réir Porkorny san Indogermanisches Etymologisches Wörterbuch faoi (s)terg-,

    (s)treg-:

    gr. στεργάμος χόπρων Hes. τάργαανον “Weinessig”…. vielleicht lat. troia ,Sau’

    (*troi g ‘die Dreckige’) das aber auch zu mir. trogaid ‘gebiert’ gohören könnte ob air.

    torc, cymr. twrch, acorn. torch, bret. tourc’h ‘Eber’ aus *trogos nach [porc]- ‘Schwein’

    umgebildet sei, ist unsicher, doch könnte es asl *torkos zur Gruppe aus Tenuis gohören.

    WPII 641 f., WH II 707, Vasmer 3,12. (IEW 1032)

    Cé nach bhfuil sanasaíocht an fhocail seo cinnte, is léir ó Vendryes, ón iontráil in DIL agus

    ó fhoclóir an Duinnínigh go mbaineann an focal torc leis an muc fhiáin, ach go háirithe.

    I nGaeilge (na hÉireann) an lae inniu, tá roinnt fianaise ann go bhfuil baint ag an bhfocal

    torc leis an torc allta go háirithe: de réir fhoclóir an Duinnínigh - torc “a boar or hog esp.

    wild… “boar” male of pig is collach”12

    agus i nGaeilge Mhúscraí tugtar torc nó fiadh-

    thorc nó fiadh-chollach “ar an bhfireannach allta” (Ó uimhneacháin 1944, 35). ar

    gheall ar an tSean-Ghaeilge, thugtaí an dá fhocal ar an dá chineál muice firinne, áfach,

    má chuirtí an aidiacht cheart leo—samplaí ó DIL: cullaigh allaigh, torc allaid ‘wild

    boar’, torc allid gl. aper, tuirc ḟorais ‘domestic boars’. Doiléire eile atá sa scéal, níl sé

    soiléir (domsa) an í an mhuc fhiáin fhireann amháin atá i gceist nó an é torc an t-ainm

    ginearálta a thugtaí orthu. Mar shampla, tugtar an focal Béarla boar ar an muc (chlóis)

    fhireann agus ar na muca fiáine, .i. “wild boars”. Tá an chiall ‘hog’13

    agus ‘(wild) boar’

    araon ag an bhfocal twrch sa Bhreatnais. Dar le GPC, tagann sé ón bhfréamh *tu erk-

    12

    Tugtar muc allta ~ muc allaidh ~ muc fhiadhain ~ fiadh-mhuc ‘wild pig or boar’ in Duin freisin. 13

    Níl chiall chruinn ag an bhfocal hog i mBéarla ach an oiread: OED ‘hog’: I.1a A swine reared for

    slaughter; spec. a castrated male swine, a barrow-pig or barrow-hog; hence, a domestic swine generally; 2a

    used as the name of the species, and so including the wild boar and sow: = SWINE. Is ainm ar na muca i

    gcoitinne i mBéarla Mheiriceá é hog.

  • 26

    ‘torri’, is é sin ‘bris, gearr, réab’. Ní féidir liom breithiúnas a thabhairt ar na hiarrachtaí

    éagsúla le sanasaíocht na bhfocal seo a mhíniú. Agus mar a dúradh ag tús an phlé seo ar

    na muca, caithfear coinneáil i gcuimhne nach raibh mórán difríochtaí idir an mhuc chlóis

    agus na muca fiáine in aimsir na Sean-Ghaeilge mar atá anois (EIF 80).

    I dtaca leis an bhfocal Sean-Ghaeilge ner, míníonn DIL é mar fhocal eile (fileata) ar an

    gcollach muice; bíonn sé i ngluaiseanna mar ner .i. torc (allaid) (cf. Sanas Cormaic 968,

    eyer 1905). Dar le Vendryes, ciallaíonn an focal seo ‘torc allta’ (sanglier) agus

    baineann sé leis an bhfocal neart:

    ner «sanglier», vieux mot poétique conservé par les glossateurs […] Sans doute

    spécialisation d’un ancien nom du «m le», voir sous nert. Cf. gall. ner «chef, seigneur»

    (LEIA N-11)

    Mar gheall ar nert, luann sé “un radical *ner- désignant la force, particulièrement la

    virilité: skr. nár- «homme, m le»…gr. ἀνήρ «homme»” ( EIA N-11).

    Tá an focal baedd ‘collach muice’ sa Bhreatnais maille le focal atá gaolta le torc na

    Gaeilge, mar atá, twrch ‘borra, torc (fiáin), collach muice’. Níor aimsigh mé eolas ar

    shanasaíocht an fhocail seo, ach spéisiúil go leor tá an focal baedh ag faclair.com (ó

    Dwelly, de réir dealraimh, ach ní raibh mé in ann é a aimsiú san fhoclóir féin – ó

    Appendix to Dwelly's Gaelic English Dictionary (eag. Douglas Clyne) mar sin is dócha).

    Tá sé marcáilte mar “seanchaite” agus le AF (=Gae ic names of beasts… srl.. le

    hAlexander Forbes). Ní thugtar aon eolas sa bhreis ar bhfocal baedd ‘boar’ sa leabhar

    sin. Ní dóigh liom gur fíorfhocal Gaeilge atá ann, ach b’fhéidir leagan Gaeilge den

    fhocal Breatnaise beadd? (Níl sé in DIL ná luaite in GPC).

    2.3 An ceann baineann – cráin

    FGB cráin (mhuice), muc

    Duin cráin (muice), muc, muc ainidhe ‘sow with young’, muc bheireatais ‘a breeding

    sow’

    LASID – tábla achomair: cráin (m(h)uice), muc b(h)aineann, muc (bhoireann)

    LASID pt ceist 110 ‘sow, sows’ iolra tuisil eile

    1 An Rinn krɑ:nʹ ; kʹe:ʃ ‘sow’ krɑ:ntə 2 Cnoc Mheilearaí krɑ:nʹ krɑ:nəxə

    5 Cill tSíoláin,

    Gleann Phádraig krɑ:nʹ

    krɑ:nə GIN. nə 'krɑ:nəx

    TABHR igʹən 'xrɑ:nʹ

    aig a’chráin 10 An Sciobairín krɑ nʹ ikʹə’ krɑ:ntə

  • 27

    18 An Coireán krɑ :nʹ ʷɪkʹə

    GIN.IOL. nə

    grɑ:ntə

    19 Cill Orglan krɑ :nʹ ɪkʹ krɑ :nʹtʹ 23 Dúlainn krɑ:nʹ krɑ:ntəxə

    30 Baile Uí

    Chlúmháin krɑ :nʹ 'krɑ :nʹ 'wɪkʹĕ

    31 An Droichead

    Nua krɑ:nʹ kr :nʹ ' ɪkʹə

    36 Béal Átha Glúinín krɑ :nʹ krɑ:ntï ʹ 40 An Lochán Beag krɑ:nʹ krɑ:ntəxi: 41 Inis Oírr mʷɪkʹ bïnʹən 42 Inis Meáin krɑ:nʹ krɑ:Ntrəxi:

    46 Carna pra:nʹɪkʹ

    “sow with piglings”

    52 Cluain Cearbán krɑ:nʹ mʷɪkʹə 53 Leithinis Curraun mo k wïnʹən krɑ:ntɑxə 54 Acaill krɑ:nʹ krɑ:nʹtʹaxə 57 Port an Chlóidh krɑ:nʹ krɑ:ntəxɪ 60 Áth an Chláir krɑ:nʹ mʷɪkʹə

    61 Tobar an Choire

    & An Choraigh kra:n 'wɪkʹə GIN. nə krɑ:nəx

    74 Gort an Choirce kr :nʹ iol. kr :nəNi 78 Rann na Feirste ə xr :nʹ kra:nʹəNi 114 GIN. kr :n x 83 Na Cruacha kr :Nʹ 'wɪkʹə 86 Teileann kr :nʹ B Cinn Tìre muxk C Earra-Ghàidheal m x orən

    D Beinn nam Fadhla (nótáilte nach bhfuil

    muca ar an oileán)

    Is é cráin an focal is coitianta ar an muc bhaineann de réir an tsuirbhé – uaireanta sa leagan

    cráin mhuice (cráin muice gan séimhiú corruair). Is féidir cráin a thabhairt ar ainmnithe

    baineanna (pórúcháin) eile, ach baineann an focal seo níos dlúithe le muc ná le hainmhí

    ar bith eile.14

    I gcás na n-ainmhithe eile, is iondúil go mbíonn ainm an ainmhí áirithe ann

    i ndiaidh “cráin”: cráin róin, cráin ghé, cráin eala, cráin phortáin (samplaí ó FGB). I

    nGaeilge an Chláir, thugtaí cráin ar ghé “ar a tarna hál” agus ath-chráin a bhí uirthi “an

    bhliadhain ina dhiaidh sin” (Mac Clúin 1940 I, 260). Tá éagsúlacht i bhfoirm iolra an

    fhocail seo. Is é cránacha an leagan sa Chaighdeán Oifigiúil agus tá na foirmeacha

    cránacha, cránta, crántacha, crána i gCúige Mumhan; crántaibh (seanfhoirm an tuisil

    thabharthaigh iolra in úsáid mar bhunfhoirm iolra in Oirthear na Gaillimhe, cf. SnaG

    573), crántachaí, cráinteacha(í), crántrachaí i gCúige Chonnacht; cráintí, cránannaí,

    cráineannaí i gCúige Uladh de réir na bhfreagraí in LASID, ach is dócha go bhfuil

    leaganacha eile ann lena gcois. Ní fhaightear leagan iolra an Chaighdeáin Oifigiúil,

    14

    Is é cráin (mhuice) ‘sow’ an chéad chiall a fhaightear in FGB i gcás na n-ainmhithe eile níl ainm an

    chineáil ainmhithe idir lúibíbí – cráin róin, cráin ghé, cráin eala, cráin phortáin, agus cráin dhubh.

  • 28

    cránacha, sa suirbhé ach ag pt 2. Níor tugadh mórán freagraí le haghaidh uimhir iolra an

    fhocail seo i gCúige Uladh (trí cinn amháin).

    Is féidir an t-ainm coitianta (muc) a úsáid leis an gceann baineann a chur in iúl chomh

    maith (sa tSean-Ghaeilge, cf. DIL) agus tá fianaise ar an úsáid seo in LASID leis an

    aidiacht baineann: muic baineann /mʷ kʹ bïnʹən/ in Inis Oírr (pt 41), muc bhaineann (pt

    53), muc baineann (pt 65). Tá muc léi féin ag pt A agus B in Albain agus ceann leis an

    aidiacht boireann (= baineann tugann de Bhaldraithe an fuaimniú /birʹəN/ in Gaeilge

    Chois Fhairrge – díshamhlú/díshrónaí nó faoi thionchar fireann?), muc bhoireann /mux

    vorən/ ag pt C. Tá nótaí ag pt D agus E ag míniú nach bhfuil muca coitianta (nó le fáil ar

    chor ar bith) ar na h-Eileanan Siar agus ní thugtar freagra le haghaidh “sow”. Pléifear an

    focal seo a thuilleadh thíos, ach tá cúpla sampla den fhocal céis in úsáid mar sow: pt1

    /kʹe: / ‘sow,’ pt 2 /kʹe: ə/ ‘young sow,’ agus pt 18 /kʹe: v ikʹə/ céis mhuice ‘young sow’.

    Tá an focal /pra:nʹ kʹ/ “prainic (?)” ‘sow with piglings’ le haghaidh pt 46 (Carna), ach

    níor éirigh liom tásc ná tuairisc an fhocail seo a aimsiú. I gcuid de na foinsí canúnacha

    eile, tá focail ann a chuireas síos ar chineáil áirithe de chráin, mar shampla an dá fhocal

    seo ó Mhúscraí:

    Muc bheireatais [birid] ‘cráin torrach’

    Muc ainidhe ‘cráin go mbeadh ál aici’ (Ó uimhneacháin 1944, 34-35)

    Tá an birid ‘breeding sow’ i bhfoclóir Uí Dhuinnín freisin. An focal seo atá fós in úsáid

    sa chanúint seo (mar mhalairt leis an leagan eile), nó an é sin míniú ar an leagan eile?

    (Níl feidhm na lúibíní cearnacha róshoiléir san alt seo, bíonn cúpla úsáid ann de réir

    cosúlachta - leagan eile sa chanúint, seanleagan, míniú, cúrsaí foghraíochta?)

    Bhí an focal cráin ann sa tSean-Ghaeilge, maille le focail eile freisin. Pléadh feis thuas

    (cráin mhuice nó muc an chiall. Seo a leanas focail a thugtaí ar mhuca baineanna sna

    téacsanna dlí le sainiú ó EIF (lch 79-88):

    cráin ‘sow’

    birit ‘breeding sow’ (ó bhunús “one which bears”, cf. an briathar beirid15), brú birite

    ‘uterus of a sow’

    deiling cráin le dhá ál ~ dhá bhliain d’aois

    trichem cráin le trí ál ~ trí bliana d’aois

    feis cen lacht ‘milkless sow’ (feis: focal seanda le faoi choinne na cránach [DIL: a

    sow (an old word, used in poetry and archaizing lit.)])

    15

    Ina phlé gairid ar an bhfocal luann arstrander gluais O’Clery birid .i. cr in .i. muc bheiriotais (díreach

    mar atá ag Ó Muimhneacháin) agus gur cheangail Cormac é don bhriathar cheana ina shanas (Marstrander

    1910, 386).

  • 29

    Níl brí bheacht na bhfocal deiling agus trichem soiléir ar chor ar bith. Tugtar na mínithe

    seo a leanas in DIL:

    deil ‘female pig two years old’ deileng ‘sucking pig’ ach samplaí a léiríos bríonna éagsúla “.i. deleng muice fríth

    and. no deil muice .i. muc da bliadan” agus “o deiling .i. o muic da hal .i. da

    bliadain”

    trechem ‘three-year-old pig’ samplaí: deling .i. mucc dá bliadain ... o deling co

    trichem