An Sionnach agus an Chorr Bhán Bhí sionnach glic ann tráth. Thug sé cuireadh chun béile do chorr bhán ocrach. 'Lig thusa do scíth. Gheobhaidh mise an bia,' arsa an sionnach. Shuigh an chorr bhán síos. Bhí boladh álainn ag teacht ón gcistin. 'Seo,' arsa an sionnach agus leag sé dhá bhabhla bhreátha anraith ar an mbord. D'alp an sionnach siar a chuid. Ansin leag sé súil ar an mbabhla eile. Bhí an chorr bhán i bponc. Bhí a gob ró-fhada agus ní raibh an babhla domhain go leor. D'eitil an chorr bhán abhaile. Bhí sí ar buile agus bhí ocras fós uirthi. 'D'imir an sionnach gránna cleas orm is d'ith sé mo dhinnéar.' Smaoinigh sí ar sheift. Seachtain ina dhiaidh sin, thug an chorr bhán cuireadh don sionnach. 'Bhí an t-anraith sin chomh blasta,' ar sise, 'go ndearna mé roinnt mé féin.' Dhoirt sí an t-anraith in dhá phróca mhóra arda. D'ith sí a cuid go sásta. Ach ní raibh seans ag an sionnach. Bhí a shrón ró-ghearr. 'Mo chleas féin a imríodh orm,' arsa an sionnach agus bhailigh sé leis. Agus an ceacht...